Scéalaíocht Amhlaoibh 4

4. GABHA NA GCLEAS

Scéal Ghabha na gCleas: I Luimne ab ea ’ chónaigh an gabha so. Ar aon tslí, do bhíodh sé ag obair leis, agus ní oibríodh sé ar gach aon saghas gaibhníocht: ní fhéadadh sé éinní ’ dhéanamh ach céachtaí báin. Is minic a thagadh capaill a’ triall air, ach má thigidís ní chuireadh sé aon chruite fúthu, ná ní fhéadadh sé é. Ní raibh éinne sa tigh in aonacht leis ach seanabhean do mháthair dò. Bhíodh sí a’ tathant air i gcónaí gurbh fhearr dhò pósadh, agus i ndeireadh bára do ghéill sé chun a dhéanta. Do fuair sé bean, bean gan aon spré. B’é ar thug sí a’ triall air ná a máthair féin do thabhairt isteach in aonacht le máthair an ghabha, agus níorbh aon abhar réitigh í, is dó’ liom!

Bhíodh sé ag obair leis ar na céachtaí, agus fuíollach oibre aige le déanamh. Maidean éigint dá raibh sé ’na sheasamh i ndoras na ceártan chonaic sé a’ déanamh air garsún: c’luith bheag bhréide air agus é coslomnochta, in áirde ar sheanachapall. Do stad sé ag doras na ceártan, tháinig anuas don chapall, agus d’fhiafraigh don ghabha a’ gcuirfeadh sé cruite fúithi.

“Do dhéanfainn is fáilthe”, arsan gabha, “ach sin rud ná deinim. Ní mór go ndeinim aon saghas ruda ach céachtaí báin”.

“Dá bhfaighinn iasacht a’ teallaigh uait”, aduairt a’ garsún, “ní bheinn féin i bhfad a’ cuir cruite fúithi”.

“Ó, ’se, go deimhin geóbhair”, arsan gabha.

Do thairrig sé an capall isteach sa cheártain agus shéid an seanaghabha builg dò. Nuair a bhí na cruite déanta ag an ngarsún thairrig sé tua bheag amach as a phóca, buail sé buille don tuaigh ar gach chois acu agus chuir orthu na cruite. Do chuir sé fén gcapall arís iad, agus bhí an capall chómh maith is bhí sí riamh! Ghoibh sé baochas leis a’ ngabha, agus do tháinig sé in áirde ar a chapall. As go brách leis. D’fhan a’ gabha a’ féachaint ’na dhiaidh.

“Aililiú!” ar seisean; “más mar seo a chuirfí cruite fé chapaillibh níl aon bhaol ná gur mó airgead maith caillthe agamsa, agus féadfad iad a chuir fúthu as so amach”. Bhí seanachapall aige féin. Thug sé leis isteach sa cheártain é. Fuair sé tua. Thosnaigh sé ar bheith a’ d’iarraidh na gcos a bhaint de, agus bhí buille is gach ao’ bhall aige air—an capall comáinte ar buile. I ndeireadh bára d’fhéad sé é ’ leagadh, agus é bogmharbh aige. Bhain sé na ceithre cosa dhe. Thosnaigh sé a’ d’iarraidh cruite ’ chuir fúthu; agus ní raibh aon mhoíll ar a’ ngarsún ’na chuid féin ach na cosa a dhridiúint isteach in aice na tine nuair a bhí cruite orthu. Do rop an gabha cosa a sheanachapaill féin isteach sa tine ar fad, ach má dhein is amhl’ a thosnaíodar a’ dó—ní raibh aon chrú a’ teacht orthu! B’éigint dò stop, agus ’na theannta san bhí an capall marbh aige. Chaith na cómharsain bailiú chuige chun é ’ tharrac amach as a’ gceártain agus é ’ chur.

Bhí sé go mór trí chéile mar gheall ar an obair seo, agus i gcionn seachtaine nú mar sin ’na dhia’ san, maidean eile bhí sé i ndoras na ceártan nuair a chonaic sé chuige an garsún céanna arís in áirde ar a’ gcapall céanna: beirt sheanabhan aige, duine acu ar a chúlaibh agus an bhean eile ar a bhéalaibh. Do stop sé ag an gceártain. Bhí an gabha a’ féachaint air.

“Ní fheadar”, ar seisean, “a’ bhféadfá bean óg a dhéanamh don bheirt sin dom?”

“Do dhéanfainn dá bhféadfainn”, aduairt an gabha, “ach sin cleas nár thairrigeas orm riamh”.

“Dá bhfaighinn iasacht a’ teallaigh uait”, aduairt sé, “ar feadh tamaill, ní bheinn féin i bhfad á dhéanamh”.

“Geóbhair is fáilthe”, arsan gabha.

Thóg sé anuas an bheirt sheanabhan go deas aireach, agus isteach sa cheártain. Shocraigh an gabha tine dhò agus thosnaigh ar bheith ag séideadh na mbolg. Do rop a’ garsún an bheirt sheanabhan isteach sa tine. Ba ghairid a bhíodar ann aige nuair a thairrig sé amach an bhean bhreá óg; bhuail sé chuige ar a chúlaibh í, agus chuir sé a bhóthar de arís. D’fhan an gabha a’ féachaint ’na dhiaidh, agus a’ machnamh.

“A Dhia Mhóir!” ar seisean, “cad é an cor athá ormsa ageam bheirt sheanabhan féin, agus b’fhearra dhómhsa aon bhean amháin ná an bheirt”. Do bhí a bhean féin curtha aige an uair sin—ní hamhl’ a mhair sí rófhada in ao’ chor aige, is dó’ liom. “Tá mo bheirt sheanabhan”, aduairt sé, “agus pé tráth don lá a raghad isteach abhaile tá ‘Bog dom cheann!’ acu le chéile”.

Dhein sé tine mhór go léir, agus nuair a bhí an tine ar lasadh aige, isteach leis. Ghlaoigh sé ar a’ mbeirt sheanabhan:

“Caithfidh sibh dul liom amach sa cheártain go fóill”, aduairt sé.

Amach leis a’ mbeirt, agus nuair a fuair sé istigh sa cheártain iad dhaingnigh sé an doras. Do rug sé orthu agus do sháigh isteach sa tine iad; thosnaigh ar shéideadh, agus nuair ba mhithid leis bean óg a tharrac amach b’é a raibh le tarrac amach aige, geall leis, cnámha: bhíodar féin agus pé dorn giobal a bhí orthu loiscithe aige. D’fhág sé ansan iad. Amach leis; dhún doras na ceártan ’na dhiaidh, agus thug aghaidh ar na cnucaibh. “Tá an donas déanta agam”, ar seisean, “is crochfar me!”

Bhí sé a’ cuir de trí sna cnucaibh, agus d’airigh sé an fhead bheag a’ teacht ’na dhiaidh. B’eo mar ba mhó a dhein sé dithneas—shíl sé gur duine éigint a bhí ar a thí é, ach níorbh fhada chun gur tháinig an garsún in’ aice.

“Airiú, cad é seo ort?” aduairt sé leis a’ ngabha, “nú cad ’na thaobh ná fanann tú liom?”

“Á, ’se, ní fheadar”, arsan gabha; “tá iarracht dithnis orm”.

“Tá gnó agamsa dhíot”, arsan garsún.

“Cad é an gnó é?” aduairt a’ gabha.

“A leithéid seo”, aduairt sé. “Tá gabha i mBleá Cliath go bhfuil buachaill aige—príntíseach—agus tá céad púnt gíll aige á chur ar son an bhuachalla san, go mbuafaidh sé ar aon phríntíseach eile a’ déanamh cleas. Bhíos á chuímhneamh”, aduairt sé, “gurbh fhearra dhuit tabhairt fé”.

“Á, an dial ab iúnadh dhom”, arsan seanaghabha, “dá mbeadh ’ fhios agat an cleas déanach a dheineas!”

“Is cuma dhuit”, aduairt sé. “Raghadsa leat. Leog ort gur me do phríntíseach, agus déanfadsa na clis duit”.

Thoiligh sé chuige. D’imíodar araon agus níor stad cos díobh chun gur chuadar a’ triall ar a’ ngabha—

“Ó, tá”, aduairt sé “céad púnt gíll agam á chuir ar shon an bhuachalla so”.

“Cuirfeadsa anois céad”, aduairt an gabha, “ar son an gharsúin seo agam féin”. (Do bhí an céad púnt fáltha ag an ngabha ón ngarsún.) Do daingníodh síos an geall, agus do thosnaíodar ar na clis. Do chuaigh ar gharsún Bhleá Cliath an chéad chleas a dhéanamh. Shéid sé na builg, agus ’sé an rud a shéid sé amach astu ná cith cruithneachtan ar fuaid na ceártan.

“Samhlaím”, arsa gabha Luimne lena gharsún féin, “gur thispeánas cleas éigint mar é sin duit”.

“Do dheinis, leis”, arsan garsún. Do shéid sé na builg, agus ’sé rud a shéid sé amach astu ná scata c’lúr. Thosnaíodar ar a’ gcruithneacht a phiocadh ar fuaid na ceártan chun go raibh deireadh piocaithe acu.

“Caithfir séideadh arís”, arsa fear Bhleá Cliath lena gharsúin féin. Do dhein. B’é an rud a shéid sé amach ná bradán. Do bhí abha a’ rith in aice na ceártan. Amach leis a’ mbradán agus isteach san abhainn.

“Thispeánas rud éigint mar é dhuit”, aduairt gabha Luimne lena gharsúin féin.

“Á, dheinis, leis”, ar seisean. Do shéid sé na builg, agus madar uisce a shéid sé amach astu. Amach leis agus isteach san abhainn. Níorbh fhada in ao’ chor chun gur fhíll sé thar n-ais chúthu arís agus an bradán tabhartha aige leis.

“Caithe cleas éigint eile a dhéanamh”, aduairt gabha Bhleá Cliath lena gharsún féin. Do dhein. Shéid sé na builg, agus cad a shéidfeadh sé amach ná ceithineach seanamhná. Bhain sí crothadh aisti féin, ’na seasamh i lár na ceártan istigh acu.

“Thispeánas rud mar é sin, leis, duit”, arsa gabha Luimne.

“Dheinis”, arsan garsún. Shéid sé na builg agus do tháinig amach ana-chnaist seanduine. Do rug sé greim ar a’ seanamhnaoi agus do ghluais an rínce ag an mbeirt ar fuaid na ceártan chun gur coireadh iad.

“Níl a theilleadh le déanamh agamsa”, arsan garsún Bhleá Cliath. “Ní fhéadfainn dul níos sia anois ar aon chleas”.

“Tá buaite agamsa mar sin”, arsa gabha Luimne.

“Tá”, adúradh. “Ní mór linn an geall duit anois”.

Do cómhairíodh chúthu, nú do thógadar leó, an céad púnt, agus thugadar a n-aghaidh ar a’ mbaile nuair a bhí an t-airgead acu. Nuair a dhrideadar tamall amach ón gcathair:

“Roinnfeam an t-airgead”, arsan garsún leis a’ ngabha.

“Ní roinnfeam”, aduairt a’ gabha. “Coineódsa an t-airgead!”

“Coinnibh, más ea”, arsan garsún, “agus b’fhéidir go mbainfeadh an fear san anoir díot é”. D’fhéách an gabha féachaint cé ’ bhí a’ teacht, agus nuair ’ fhéach sé thar n-ais ní raibh garsún ná airgead aige. “Táim chómh hainnis le riamh anois”, ar seisean.

’Sea. Bhí sé a’ teacht abhaile in’ aonar, agus eagla air go mbéarfí air i dtaobh na seanabhan a mharú. Cé ’ chasfí air arís ar a’ slí ná an garsún.

“Tánn tú a’ dul abhaile”, aduairt sé leis an seanaghabha, “agus níl a bhac ort teilleadh airgid a bheith agat más maith leat é ’ thuilleamh. Tá duine uasal istigh sa chathair, é ana-bhreóite, agus tá míle púnt tarraicthe aige d’aon dochtúir a fhéadfaidh é ’ leigheas. B’fhearra dhuit dul isteach agus é ’ leigheas”, aduairt sé leis a’ ngabha.

“Conas ’ fhéadfainnsé é ’ leigheas?” aduairt sé.

“Raghada in aonacht leat”, aduairt an garsún.

D’fhilleadar isteach arís, agus níor stad cos díobh chun gur chuadar pé ait go raibh an duine uasal breóite. Bhí fear ar a’ ngeata ansan agus d’fhiafraigh sé dhíobh cad é an saghas iad.

“Dochtúir is ea mise”, arsan gabha.

“Más ea”, ar seisean, “níl puínn dá dheallramh ort. Ach mar sin féin, caithfar sibh a leogaint isteach”. Leogadh isteach iad. D’iarradar cead d’fháil chun an fhir bhreóite ’ fheiscint. Fuaradar. Do rug an seanagabha ar chuislinn air. “Is dó’ liom”, aduairt sé, “go bhféadfar é ’ leigheas”.

“Leighisfar”, aduairt an garsún. “Caithfimíd anois”, aduairt a’ garsún, “an seómra so ’ fháil chúinn féin ar fad, gan éinne eile ’ bheith istigh ’nár dteannta; agus ’sé a bhfuil againn á iarraidh a chuir chúinn isteach ann ná corcán maith uisce”, aduairt sé, “agus tine mhaith. Sin a n-iarrfam”.

Do cuireadh tine chúthu, agus corcán uisce. Shocraigh an garsún an corcán uisce ar a’ dtine, agus nuair a bhí sé geall le bheith fiuchta aige—bhí an duine uasal istigh sa leabaidh a’ féachaint ar an obair—chuaigh sé a’ triall ar an nduine uasal:

“Drid chúm amach do cheann anois”, aduairt sé. Do dhrid. Tharraig sé an tua bheag amach as a phóca. Bhuail sé buille in sa mhineál air a chaith a’ ceann de. Chuir sé an ceann isteach sa chorcán a bhí ar a’ dtine. Thóg sé spiún bheag amach as a phóca agus bhain cúpla meascadh as a’ gceann istigh. I gcionn neómait tharraig sé amach chuige é as a’ gcorcán agus do bhuail ar an nduine uasal arís é, chómh maith is bhí sé riamh. Do léim an duine uasal amach as a’ leabaidh—ní fheadair sé cad a bhí imithe air, ná níor chuímhnigh sé cad a bhí imithe air. Amach leis as a’ leabaidh agus ar fuaid an tí chun a chuir in úil go raibh sé leighiste. Do bhí chómh maith. Ní leogfadh an duine uasal uaidh iad ar feadh mí. Choinnibh sé ansan iad ag ithe agus ag ól, agus b’fhéidir, le heagla go raghadh sé in olcas arís ná éinní, gur mhaith leis iad a bheith tímpall a’ bhaíll.

I gcionn mí thugadar a n-aghaidh ar a’ mbaile arís, agus nuair a dhrideadar amach san áit chéanna gur thiteadar amach le chéile i dtaobh an airgid shuíodar síos, agus bhí an t-airgead ag an seanaghabha.

“Tá sé chómh maith againn anois”, arsan garsún, “an t-airgead a roinnt le chéile, agus níl puínn agam le lorg ort in ao’ chor”.

“An mór a bheadh uait?” aduairt an gabha.

“Chíonn tú anois”, aduairt a’ garsún, “go bhfuilim coslomnochta ón gcéad lá a casadh ar a chéile sinn, agus ’sé a bhfuil agam le hiarraidh ort ná fiacha na mbróg”.

“Ní bhfaighir!” aduairt an gabha.

“Ó ’se, imeóidh sé níos measa uait”, arsan garsún; “fan go dtagaidh a’ fear aniar ort!”

D’fhéach an gabha, agus nuair a chas sé thar n-ais ní raibh garsún ná airgead aige arís. “Well, tá mí-ádh éigint im chómhair”, ar seisean, “agus ní fheadar cad ’tá le déanamh agam anois. Raghad abhaile féachaint conas atá an saol im dhiaidh”. As go brách leis, agus chuir sé roinnt mhílthí ’ bhóthair de. Coireadh é. Casadh air fear a bhí a’ briseadh cloch ann ar thaobh an bhóthair. Shuigh sé síos in aonacht leis chun cainnte. Bhíodar a’ cainnt leó, agus d’fhiafraigh sé don fhear a’ bhféadadh sé puínn páigh a thuilleamh ar bhriseadh na gcloch.

“Ní thuillim”, aduairt sé; “ar aon tslí, b’fhearra dhuit aon cheárd eile”, aduairt sé, “ná bheith a’ gabháil dóibh. Is fada go mbeadh oiread tuíllthe agam”, aduairt sé, “is fuair na dochtúirí úd a leighis an duine uasal i mBleá Cliath”.

“Agus cathain a leighiseadh é?” aduairt an gabha.

“Ó airiú, tímpall mí ó shin”, aduairt fear na gcloch a bhriseadh. “Fuaradar míle púnt”, aduairt sé. “beirt dochtúirí éigint a dhein é ’ leigheas, agus gheóbhaid agus mílthe go tiubh anois”, aduairt sé, “mar tá duine uasal eile i mBleá Cliath go bhfuil an gearán céanna air, agus tabharfaidh sé chuig mhíle púnt d’aon dochtúír a dhéanfaidh é ’ leigheas, agus tá teipithe air an dochtúir seo a leighis an duine uasal eile a fháil”, aduairt sé.

Do phrioc an gabha é féin. “Raghaidh mé thar n-ais”, aduairt sé, “agus leighisfead é. Ní bheidh a theilleadh baint agam
leis a’ ngarsún. Féadfad féin é ’ leigheas, agus beidh mo chuid airgid agam gan aon roinnt le héinne”. Thar n-ais leis arís isteach sa chathair, agus bhí sé a’ cuir tuairisc riamh is choíche féachaint cá raibh an duine uasal breóite, agus do stiúraíodh féna dhéin é. Tháinig sé go geata. Bhí fear ann roimis.

“Cad é an saghas duine tusa?” aduairt sé. “Ní féidir tu ’ leogaint isteach”.

“Ó, is mise an dochtúir a leighis an duine uasal eile”, aduairt sé.

“Ó, más tu”, aduairt fear an gheata, “ní bheidh aon siar ná aniar againn ar tu ’ leogaint isteach”.

Isteach leis, agus d’fhiafraigh sé cá raibh an duine uasal breóite. Do hínseadh dò agus do tispeánadh dò cá raibh sé. Bhí cúpla dochtúir eile istigh i dteannta an duine uasail. B’é an chéad rud a dhein an gabha ná iad so a chuir amach. D’inis sé gurb é a leighis an duine uasal eile.

“’Sé a bhfuil agam le n-iarraidh anois”, aduairt sé, “chun é ’ leigheas: caithfar tine mhaith a chuir anso sa tseómra so chúm mar a bhfuil sé, agus corcán uisce. Sin a n-iarrfam oraibh. Ní gá d’éinne fanúint in aonacht liom. Níl aon ghnó agam díobh. Déanfad féin an gnó”.

Do cuireadh an tine chuige sa tseómra agus do fuaradh an corcán uisce dhò. Bhí stracshúil aige á thabhairt abhus is thall ar fuaid a’ tí féachaint cá bhficfeadh sé aon arm faoir a bhainfeadh a’ ceann don duine uasal, agus chonaic sé seanathua a bhíodh a’ briseadh guail nú rud éigint fé staighre ann, agus bhailigh sé chuige í féna chasóig—á cuir i bhfolach le heagla go dtabharfí fé ndeara é; agus d’aimsigh sé seanaspiún mhór éigint a bhíodh acu a’ gabháil d’anaithre nú rud éigint. Isteach leis sa tseómra, agus chuir sé an glas air fein. Do dhein sé tine bhreá mhaith a shocrú agus an t-uisce a bheiriú—gheall leis, ar aon tslí: bhí sé ana-the aige. Nuair a bhí san déanta, duairt sé leis an nduine uasal a cheann a dhridiúint chuige amach.

“Ní fhéadfainn é”, arsan duine uasal; “táim rólag”.

B’éigint don ghabha breith air agus é ’dhridhiúint amach chuige. Chuir sé a cheann amach thar cnaiste na leapa, agus a mhineál anuas ar a’ gcnaiste aige. D’éirigh sé ar a leathchois agus do bhuail buille don tseanathuaigh anuas in sa mhineál air. Níor gheárr sé an ceann de, áfaigh, agus marar dhein do bhuail a’ tarna buille agus do strac sé dhe ar chuma éigint é, t’réis roinnt bhuillí; chuir isteach sa chorcán é, agus nuair oir dò é ’ thógaint amach bhain sé roinnt mheascaíocha as leis an spiúin mhóir seo. Ní fhéadfadh sé é ’ thógaint amach—bhí an t-uisce róthe, agus níor mhaith leis a mhéireanta a dhó leis. Bhí sé a’ faire amach tríd a’ bhfinneóig féachaint a’ raibh an áit ró-árd dò chun é féin a chaitheamh amach. D’fhíll sé isteach arís chun an chorcáin, agus bhí an corcán ar fiuchaidh. D’airigh sé an duine a’ buala na finneóige.

“Ó”, ar seisean, “ní féidir dom éinne a leogaint isteach: níl mo ghnó críochnaithe agam”.

“A’ leogfá isteach do gharsún féin?” arsan guth.

“Leogfad is fáilthe, mhuise”, ar seisean. Do leog. Thairrig an garsún a spiúinín féin amach as a phóca.

“Dhóbair duit”, aduairt sé leis a’ ngabha, “an port a bheith loitithe agat”. Bhain sé cúpla meascadh as a’ gceann agus thóg amach é; bhuail ar a’ nduine uasal arís é, agus dáltha an duine uasail [eile], do léim sé amach as a’ leabaidh, ’na shaol agus ’na shláinte chómh maith is ’ bhí sé riamh!

Ní leogfadh so uaidh in ao’ chor iad. B’éigint dóibh fanúint aige ar feadh cúpla mí, agus i ndeireadh bára, nuair a ghéill sé chun leogaint dóibh dul abhaile, chuireadar díobh riamh is choíche fé dhéin an bhaile chun gur thánadar san áit chéanna gur thiteadar amach lena cheile i dtaobh an airgid cheana. Bhí an t-airgead go léir ag an ngabha—é i mála ar a dhrom aige.

“Suífeam síos anois”, arsan garsún. Shuíodar. “Is dócha go roinnfeam an t-airgead?” aduairt sé leis a’ ngabha.

“Ní roinnfeam”, aduairt an gabha. “Ní bheidh aon roinnt anois againn air”, aduairt sé, “mar ní thógfadsa pioc de. Bhíodh an leathphinge dhéanach de agatsa. Bhí deireadh liom”, aduairt sé, “mara mbeadh tu ’ chasadh orm i sa chleas dhéanach a bhí ar siúl agam”.

“Ragham abhaile anois”, aduairt an garsún. “Téirse abhaile”, aduairt sé leis a’ ngabha, “agus raghadsa go dtíom bhaile féin”.

“Cad a dhéanfaidh mé i dtaobh na seanabhan?” aduairt an gabha, “nú conas a thabharfad aghaidh ar a’ mbaile?”

“Ná deinidís a theilleadh buartha dhuit”, aduairt a’ garsún: “tá do bheirt sheanabhan ’na mbeathaidh chómh maith is ’ bhíodar aon lá riamh, chómh beóghlórach, agus iad a’ troid a chéile”, aduairt sé, “ar chuma go n-aireóir iad sara raghaidh tú in aice an tí in ao’ chor. Agus i dtaobh an tseanachapaill úd a mharaís, aduairt sé, “tá sé ansúd in aice an chlaí rómhat ’na bheathaidh, chómh maith is ’ bhí sé riamh. Imigh ort anois”, aduairt sé. “Ná triail aon chleas eile mar nílimse chun a theilleadh cúnaimh a thabhairt duit: ní fhéadfainn a thabhairt”.

Do scaradar le chéile air sin, agus do thug an gabha aghaidh ar a’ mbaile lena mhála airgid. Bhí a bheirt sheanabhan roimis go beóghlórach, agus nuair a bhí an saol rite leis chómh maith do chuir sé ’ fhéachaint ar a’ mbeirt pósadh. Thug sé spré mhór do gach duine acu, agus ní gá dhom a rá gur phós sé féin arís, agus ní raibh máthair a chéile, ná a mháthair, a’ déanamh a theilleadh trioblóide dhò as san amach.

Foclóirín

abhus: “on this side”, pronounced /ə’vus/. Abhus is thall, “here and there”, a phrase more normally found as thall is abhus.
ainnis: “wretched”. Pronounced /aŋʹiʃ/.
aireach: “careful, heedful”, pronounced /i’rʹɑx/.
anaithre: “soup, broth”, or anraith in GCh. Pronounced /ɑnirʹhi/.
arm: “army” or “weapon”.Pronounced /ɑrəm/. Arm also means “weapons” in a collective sense.
bac: “hindering”. Níl a bhac ort, “there is nothing stopping you”.
bán: “pastureland”.
béal: “mouth”. Ar a bhéalaibh, “in front of him”.
beóghlórach: “with a lively, loud voice”.
Bleá Cliath: Dublin, a truncation of Baile Átha Cliath, reflecting the pronunciation, /blʹa: ‘klʹiəh/.
bogaim, bogadh: “to move”. Bog dom cheann, “let go of my head!”, where dom stands for dem.
bogmharbh: “half-dead”, pronounced /bog-vɑrəv/.
bolg: “stomach”, with builg in the plural meaning “bellows”. Pronounced /boləg, bilʹigʹ/.
bréid: “frieze, cloth”.
breóite: “sick.” Note that the traditional distinction between breóite, “sick”, and teinn, “sore”, is maintained in Cork Irish. GCh only has the latter, spelt as tinn.
clúr: “pigeon, dove”, or colúr in GCh, pronounced /klu:r/.
capall: “horse”, with a slender l in the dative plural, capaillibh.
céachta: “plough”.
ceárd: “trade”.
ceithineach: “foot-soldier”, or ceithearnach in GCh. By extension, refers to a strong, big-boned person, particularly an ungainly female. See PSD under ceatharnóg.
cheithre/ceithre: “four”. Pronounced /xʹerʹhi/, but found unlenited in chapter 4 here.
chun: “to”. Seómra chúinn féin, “a room to ourselves, under our control, monopolised by us”, where chúinn féin is equivalent to fúinn féin.
cith: “shower”.
cleas: “trick”, with clis in the plural here. PUL had cleasa in the plural, which form is used in GCh too.
cnaist: “a large and strong lump”, found in phrases like cnaist fir, “big and stout man”. GCh has cnaiste.
cnaiste: “side-rail”, of a bed.
cnámh: “bone” with cnámha in the plural, pronounced /knɑːv, knɑː/.
coirim, cor: “to exhaust, tire”. Cad é an cor athá ormsa ageam bheirt sheanabhan: it seems to me that this is not the noun cor meaning “circumstances, state” here, but the noun cor meaning “exhaustion”: “how exhausted I am by my two old women”.
comáinim, comáint: “to drive, drive forward”, or tiomáinim, tiomáint in GCh. Comáinte ar buile, “drive mad”.
cómharsa: “neighbour”, with the plural here cómharsain where GCh has comharsana.
coslomnochta: “barefoot”, or cosnochta in GCh. Coslomrachta and cosnochtaithe are also found. Pronounced /kos’lomənəxtə/.
croithim, crothadh: “to shake”, or croithim, croitheadh in GCh. Crothadh a bhaint asat féin, “to shake yourself, give yourself a shake”.
crú: “horseshoe”, with cruite in the plural where GCh has crúite. Horseshoes are put , or “under”, a horse, rather than on a horse, in Irish.
daingním, daingniú: “to make fast, to fasten”. Pronounced /daiŋʹi’nʹi:mʹ, daiŋʹi’nʹu:/. Geall a dhaingniú síos, “to put down a bet” (see PSD under daingnighim).
dial: “devil”, or diabhal in GCh, pronounced /dʹiəl/. Often used in negative phrases. An dial blúire do Sheán ná gur dhein sé féna géin, “I’ll be damned if Seán did not go up to it” (see under deamhan for discussion of such constructions). An dial gnó agamsa a’ dul ann, “I have no reason at all to go there”. An dial ab iúnadh dhom, “it wouldn’t come as a surprise to me”.
dithneas: “haste, urgency”, pronounced /dʹihinʹəs/. This was spelt deithneas in the original.
dó’: “hope, expectation; source of expectation”, or dóigh in GCh. Is dó’ liom, “I think, I suppose”.
dóbair: “it nearly happened”, originally the preterite of the verb fóbraim. Dhóbair duit, “you almost (did something)”, a truncation of ba dhóbhair dhuit.
dóim, dó: “to burn”.
dorn: “fist; fistful, small quantity”, pronounced /dorən/.
éinní: “anything”, or aon ní in GCh.
eo: a form of the demonstrative pronoun seo used after the copula (b’eo). Often incorrectly written sheo as it seems seo really contains the copula+eo.
faor: “sharp edge”, pronounced /fe:r/, or faobhar in GCh. Arm faoir, “bladed weapons”. Note that the genitive is pronounced /fiːrʹ/, which renders the spelling faobhair unsuitable.
fead: “whistle, a whistling sound”.
fiacha: “debts”, but also “cost, price”.
finneóg: “window”, with finneóig in the dative, or fuinneog in GCh. Pronounced /fʹi’ŋʹoːg/.
fiuchaim, fiuchadh: “to boil”, with fiuchta the past participle. Note ar fiuchaidh, “boiling”, /erʹ fʹuxigʹ/.
fóill: “quiet, slow”. Go fóill, “yet”, but also “for a while, for a moment”.
folach: “act of hiding”, pronounced /fə’lɑx/. Rud do chuir i bhfolach, “to hide something”.
geall: “wager”, with gíll in the genitive. Céad púnt gíll, “a £100 bet”.
giobal: “rag”, pronounced /gʹubəl/. Dorn giobal, “handful of rags/tattered clothing”.
go dtí: “to”, combined with the possessive adjective in go dtíom in chapter 4 here, “to my”.
i: “in”. Becomes ins or is before gach: is gach ao’ bhall, “everywhere”. Similarly ins an is also found, as in chapter 4 here, as i sa.
iasacht: “loan”. Iasacht ruda dh’fháil ó dhuine, “to borrow something from someone, to get a loan of it from him”.
iúnadh: “wonder, surprise”, with iúnaí in the plural, or ionadh, ionaí in GCh. Pronounced /u:nə, uː’niː/ and spelt úna, unaí in the original text here. This word is feminine here, but masculine in GCh. Is iúnadh dhom, “it comes as a surprise to me” (compare is iúnadh liom, “I wonder, I am surprised”).
leathchos: “one leg”, with leathchois in the dative. Pronounced /lʹaxos/.
leathphinge: “ha’penny”, or leathphingin in GCh. Pronounced /lʹafʹiŋʹi/.
leis: “also, too”. Do dheinis, leis, “so you did”.
loiscim, loscadh: “to burn”. The past participle, loiscthe in GCh, is found here as loiscithe, which shows the pronunciation more clearly.
loitim, lot: “to spoil”, with loitithe for the past participle, where GCh has loite. Pronounced /lotʹimʹ, lot, lotʹihi/.
Luimne: Limerick, or Luimneach in GCh. Pronounced /limʹinʹi/.
madar uisce: “otter”, or madra uisce in GCh. PSD shows that madar is a variant of madra, and so this spelling is adopted here (the original had madaruisce as one word) to avoid mispronunciation. Pronounced /mɑdər iʃkʹi/.
meascadh: “mix, stir”, as a noun, with meascaíocha in the plural. Meascadh bhaint as rud, “to give something a stir”.
míle: “mile”, with mílthí in the plural where GCh has mílte. There is thus a contrast between mílthí, “miles”, and mílthe, “thousands”.
mór: “large”, pronounced /muər/, and spelt muar in the original text. Ní mór go, “hardly”. Ní mór linn an geall duit, “we don’t begrudge you the wager”.
pá: “pay”. With páidh in the genitive. Pronounced /pɑː, pɑːgʹ/.
port: “tune”. Tá do phort loitithe agat, “you are done for”, a variant of tá do phort seinnte.
príntíseach: “apprentice”.
priocaim, priocadh: “to prick”, pronounced /prʹukimʹ, prʹukə/.
ropaim, ropadh: “to stab”.
scata: “group; flock”, referring to a flock of pigeons in chapter 4 here.
siar is aniar: “back and forth, beating about the bush”.
spiúinín: “little spoon”.
spiún: “spoon”, with spiúin in the dative, or spúnóg in GCh.
stracshúil: “cursory glance”, or sracshúil in GCh.
tagaim/tigim, teacht: “to come”. This verb, originally tigim has generally become tagaim in Cork Irish, but occasional instances of the older forms are found, as with má thigidís in chapter 4 here.
teallach: “blacksmith’s hearth or forge”. PUL’s novel Séadna has tulach, but teallach is the form listed in FGB and DÓC shows this word with a slender t. There are a number of such words where there is a certain amount of confusion over the quality of the t in written WM Irish, including tubaist vs. tiubaist and tonóisc vs. tionóisc, probably reflecting weak palatalisation of t in the dialect. Pronounced /tʹə’lɑx/.
teannta: “prop, support”. Na theannta san, “in addition to that; moreover”.
téim, dul: “to go”. With ar, “have to, must”: do chuaigh ar gharsún Bhleá Cliath an chéad chleas a dhéanamh, “it fell to the Dublin boy to do the first trick”.
tua: “axe”, with tuaigh in the dative.

Nótaí

Chun go raibh deireadh piocaithe acu: note the lack of the definite article here with deireadh, a typical stylistic feature of AÓL’s Irish. See also go geata later in this chapter.
Le n-iarraidh: n-prefixation is noteworthy here, as PUL has le hiarraidh.
Bhí deireadh liom: bhí here is emphatic with conditional meaning.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Scéalaíocht Amhlaoibh. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s