Aithris I:XVI

CAIBIDEAL A SÉDÉAG.

CUIR SUAS LE LOCHTAIBH DAOINE EILE.

1 Nithe nách féidir le duine a leigheas, ann féin nú i ndaoinibh eile, is ceart dò cur suas leó go foighneach go dtí go leighisidh Dia iad. Abair leat féin go mb’fhéidir gur feárr mar sin iad, i dtreó go dtrialfí thu agus go ndéanfá an fhoighne, mar gan san ní mór an gus a bheidh ’nár luacht saothair.

Ba cheart duit, áfach, i gcás den tsórd, bheith coitianta dhá iarraidh ar Dhia cabhrú leat i dtreó go bhféadfá an fulag a dhéanamh le deá-chroí.

2. Nuair a bheidh labhartha agat le duine uair nú dhó agus ná géillfidh sé dhuit, scaoil leis; ná dein aighneas leis. Fág an scéal go léir fé Dhia, ionas go ndéanfí a thoil, agus go bhfaigheadh Sé an onóir is dual óna sheirbhísigh go léir, ós dò is eól conas an t-olc d’iompáil chun maitheasa.

Ceap it aigne go gcuirfir suas leis na lochtaibh atá i ndaoinibh eile, pé saghas iad, mar bíodh ’ fhios agat go bhfuil mórán nithe ionat féin go gcaithid daoine eile cur suas leó.

Mura féidir leat tu féin a dhéanamh chómh maith agus ba mhaith leat é, conas is féidir duit duine eile ’ dhéanamh chómh maith agus ba mhaith leat é?

3. Is ana-mhaith linn daoine eile do chur ar a leas, agus fós ní fonn linn ár leas féin do dhéanamh!

Is mian linn smacht ana-dhian a chur ar an bhfear thall, agus ní maith linn féin aon smacht a dh’fhulag.

Bíonn diomá orainn iomad saoirse ’ bheith ag an bhfear thall, agus ba mhaith linn go bhfaighimís féin gach ní a dh’iarraimíd.

Is maith linn ceangal dlithe ’ bheith ar dhaoine eile, agus ní fhuiligimíd aon cheangal do chur orainn féin.

Is léir, as san, nách sa mhidh chéanna a mheáimíd ár gcómharsa agus sinn féin.

Dá mbeadh gach éinne gan aon locht, cad a bheadh againn le fulag ó dhaoinibh eile ar son Dé?

4. Ach anois, tá nithe riartha ag Dia i dtreó go bhfoghlamóimíd conas ualaí a chéile d’iompar, mar níl éinne gan locht; níl éinne gan ualach air; níl éinne ábalta ar sheasamh in’ aonar; níl eólas a dhóthain dò féin ag éinne. Ní foláir dúinn ualaí a chéile d’iompar, sólás a thabhairt dá chéile, cabhrú lena chéile, a chéile do theagasc agus do chómhairliú.

Nuair a bhíd nithe ag gabháil i gcoinnibh dhuine, áfach, is ea ’ chítear an fhíoraontacht atá ann.

Óir, ní duine do lagú a dheineann nithe den tsórd san, ach a thispeáint cad é an saghas é.

Foclóirín

dea-chroí: “a good heart, a good nature”. Le dea-chroí, “goodnaturedly”.
diomá: “disappointment”, or díomá in GCh.
dlí: “law”. The plural is dlithe; this would be dlíthe in GCh, but the WM pronunciation is /dlʹihi/.
foghlamaím, foghlaim: “to study”, or foghlaimím, foghlaim in GCh.
fulag: “endurance”, or fulaingt in GCh. This noun is masculine here, where the GCh equivalent is feminine.
gus: “force, vigour, spirit”. As gan ghus means “worthless, insubstantial”, ní mór an gus a bheidh nár luacht saothair in chapter 15 of book 1 means “our reward will be paltry”, although the English version of Imitatio Christi says here “our merits are but little worth”.
iompraím, iompar: “to carry, bear”. Pronounced /uːmpə’riːmʹ, uːmpər/.
leighisim, leigheas: “to remedy, cure”, or leigheasaim, leigheas in GCh. pronounced /lʹəiʃimʹ, lʹəis/. The past participle is leighiste, where GCh has leigheasta.
locht: “fault, flaw”.
mea: “balance, scales”, or meá in GCh. The dative is midh. Pronounced /mʹah, mʹigʹ/.
seirbhíseach: “servant”, pronounced /ʃerʹi’vʹiːʃəx/.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aithris ar Chríost, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s