Scéalaíocht 5

5. AN RUATHAIRE MIC

Uair éigint do bhí feirmeóir ann. Do ráinig go raibh ruathaire mic aige chómh mí-ámharach is ’ bhí sé sa dúthaigh. Do bhí sé ólthach, imearthach, díomhaoin. Níorbh fhonn leis aon rud a bhainfeadh le gnó a dhéanamh, agus do bhí an t-athair cortha dhe. Níor thaithn leis an saghas slí go raibh a shaol aige á chaitheamh in ao’ chor. Ar aon tslí, bhí sé chómh cortha dhe is go nduairt sé leis lá éigint:

“Tá sé chómh maith agat”, aduairt sé, “bheith ag imeacht, pé rud a dhéanfaidh mé it éaghmais, mar n’ fheicim go bhfuil aon fhonn ort so ná súd a dhéanamh, ach gach éinní níos mí-ámharaí ná a chéile”.

“Bíodh sé mar in”, arsan mac. “Imeód, agus ní fhíllfead!”

“Mara bhfillir féin”, aduairt an t-athair, “ní haon díobháil é, ar a’ bhfuadar athá fút!”

D’imigh sé agus do thriail sé an saol. Bhíodh tamall anso agus tamall ansúd aige, agus bhíodh sé ar aonach agus ar mhargadh agus is gach aon áit dá mhí-ámharaí. Lá éigint do bhí sé a’ cuir de agus do casadh air bacach. Chuaigh sé fein agus an bacach chun cainnte le chéile, agus bhí sé a’ fiafraí don bhacach conas a bhí sé a’ déanamh ar a’ gcéird, nú arbh fhiú do dhuine tosnú uirthi.

“Á, mhuise, uaireanta”, aduairt an bacach, “dhéanfá go maith, agus uaireanta eile bheadh an scéal ar do dhícheall agat agus gan puínn le fáil agat”.

Bhíodar a’ cuir díobh an bóthar agus a’ cainnt. Chonaiceadar tigh ana-bhreá ann, agus de réir dheallraimh an tí ní raibh éinne chun cónaigh ann. Leis sin do casadh orthu fear eile. Bhíodar stopaithe, a’ féachaint ar a’ dtigh, agus d’fhiafraigh sé dhíobh:

“Cad í an fhéachaint athá agaibh ar a’ dtigh seo?”

“A leithéid seo”, aduairt mac an fheirmeóra. “Tigh ana-bhreá is ea é, agus deallraím ná fuil éinne chun cónaigh ann. Sid é athá a’ cuir iúnadh orainn”.

“Níl”, aduairt sé, “aon duine chun cónaigh sa tigh sin agus b’fhéidir nárbh fhearra dhóibh a bheith, agus an fear gur leis an tigh sin b’éigint dò bualadh amach as le neart púcaí, agus ’sé an áit ’na bhfuil sé chun cónaigh anois, sa tigh úd thall”, —a’ tispeáint tí eile dhóibh ná raibh rófhada in ao’ chor uathu.

“Ó mhuise”, arsan ruathaire mic feirmeóra so, “dá bhfágadh sé sinn-ne istigh ansan is beag a’ speic a chuirfeadh púcaí orainn”.

“Airiú, is amhl’ a bheadh áthas air”, aduairt a’ fear so, “dá n-iarradh sibh air é, agus gheallfainn díbh go bhfágfadh sé istigh sibh go tugtha”.

Do chuaigh sé féin agus an bacach fé dhéin an tí seo agus chuadar chun cainnte leis a’ bhfear a bhí ann. Ar ndóin, mac duine uasail ab ea é.

“’Sea”, aduairt sé. “Do thabharfainnse lóistín na hoíche sa tigh díbh ach ní maith liom a leithéid a dhéanamh oraibh. Níl éinne a théann sa tigh sin ná go gcaitheann rith amach as le neart púcaí i gcaitheamh na hoíche”.

“Airiú, díth céille!” aduairt an ruathaire seo; “ní chuirfidís aon speic orainn. Agus má fhágann tú ann sinn i gcómhair na hoíche is sinn a bheidh go baoch díot”.

“Ó ’se, go deimhin fágfad”, aduairt sé, “agus ní fhágfaidh mé aon easnamh oraibh ann, agus ’na theannta san, má bhíonn sibh rómham ’núr mbeathaidh ar maidin ann tabharfaidh mé síntiús maith airgid díbh. Fanaídh anso”, aduairt sé, “chun go dtiocfaidh titim oíche”.

D’fhan an bheirt, agus fuaradar fuíollach le n-ithe agus le n-ól uaidh. Le titim oiche:

“’Sea anois”, aduairt sé, “téanaídh oraibh agus osclódsa an tigh díbh. Tá leabaidh istigh ann, agus is féidir libh dul chun codlata pé uair is maith libh”.

D’imíodar orthu fé dhéin a’ tí. D’oscail sé an doras dóibh, agus do scaoil isteach uaidh an bheirt. Do bhí leisce ar a’ mbacach dul isteach mar do bhíodh eagla púcaí air, ach duairt an ruathaire eile seo leis:

“Airiú, a bhithiúnaigh”, ar seisean, “ar ndóin, ní dhéanfá a leithéid anois t’réis a bhfuil ite agus óltha againn? Tá’s agat go gcaithfeam dul isteach”.

’Sea. Nuair a bhíodar istigh shiúlaíodar an tigh go léir a’ féachaint ar gach éinne ’ bhí ann, agus t’réis tamaill don oíche: “Is dócha”, aduairt sé leis a’ mbacach, “go mbeadh sé chómh maith againn dul a chodladh. Tá leabaidh bhreá anso againn, agus b’fhéidir nách i gcónaí a gheóimís í. Ragham araon a chodladh”, aduairt sé, “agus níl aon bhaol go gcuirfidh púca ná sprid aon speic orainn”.

Do chuadar araon a chodladh, agus ní rabhadar rófhada in ao’ chor sa leabaidh nuair a thit a’ bacach ’na chodladh agus níor thit aon chodladh ar an bhfear eile. Amach tímpall lár na hoíche amach, d’airigh sé an fothram ar fuaid an tí, agus níorbh fhada in ao’ chor chun gur hoscladh isteach an doras sa tseómra ’na rabhadar chun codlata. Do bhailigh isteach chuige an slua mór daoine, ’dir fhear agus bean, agus nuair a bhíodar bailithe isteach—radharc breá aige orthu agus ana-sholas acu—do bhí veidhleadóir ’na measc: veidhlín aige. Thosnaigh sé ar cheól a sheinnt agus thosnaigh an chuid eile go léir ar bheith a’ rínce ar fuaid an tseómra.

Airiú, do bhuail an ruathaire seo poc dá uillinn ar a’ mbacach a bhí ’na chodladh agus do dhúisigh é.

“Airiú, a dhiail”, aduairt sé, “conas a fhéadann tú fanúint id chodladh agus an ceól chómh breá! Cad ’na thaobh ná dúisíonn tú agus bheith ag éisteach leis?”

Chuir a’ bacach a cheann amach ón éadach agus nuair a chonaic sé cad a bhí ar siúl amu’ chuir sé a cheann fén éadach arís go deitheansach, agus duairt go ciúin leis a’ bhfear eile: “Eist réidh, is ná hairídís tu!”

Do lean an rínce ar aon tslí, agus do thosnaigh an ruathaire seo ar bheith á iarraidh ar a’ mbacach éirí amach agus go ndéanfaidís rínce ’na measc.

“Ó, leog dom!” adeireach sé; “leog dom! Má leogann siad duinn tá an scéal go maith againn, agus táim á fholáramh ort leogaint dóibh”.

“An dial mhuise”, aduairt sé, amach san aimsir, “ní leogfad dóibh, agus nuair is go bhfuil a leithéid do phléisiúr agus do shulth acu á fháil san oíche beidh mo chion de agamsa chómh maith leó, mar raghaidh me a’ rínce”. Amach leis as a’ leabaidh, agus d’fhág mo pháinteach bacaigh istigh ’na dhiaidh—a cheann fén éadach aige.

Thosnaigh an rínce amu’ aige in aonacht leó, agus ní raibh puínn don rínce déanta aige in ao’ chor nuair a thugadar fé ndeara é ’ bheith ’na measc. Do stop an rínce agus d’imigh an eile dhuine acu. Bhí sé féin agus an bacach ansan arís gan éinne acu. Chuaigh sé sa leabaidh, agus é féin agus an bacach a’ cainnt mar gheall ar a raibh feicithe acu. Do bhí an bacach a’ crith ’na chroiceann le heagla go dtiocfadh aon tóir eile orthu, agus más ea ní raibh aon eagla ar a’ bhfear eile.

T’réis tamaill, ba ghairid gur airíodar an fothram a’ teacht arís, agus ní raibh an bacach ’na chodladh nuair a airigh sé an fothram a’ teacht. Thosnaigh sé ar chrith le heagla. “Airiú”, aduairt a’ fear eile, “cad é an dial san ort, nú cé roimis go bhfuil a’ t-eagla agat?” Ar ndóin, ní dhéanfaid siad pioc leat”.

Níorbh fhada in ao’ chor gur bhuail chúthu isteach ceathrar fear agus cómhra ar a nguaille acu. Do bhí an bacach i gcónaí—ní fhéadadh sé féachaint amach ar éinní ’ bheadh ar siúl, ach i bhfuirm an t-éadach casta air féin le heagla go bhfeiceadh sé iad. Do bhuail sé poc ar a’ mbacach arís:

“Airiú, anois athá an rud greannúr tagaithe”, aduairt sé. “Dúisigh aniar ansan, agus éirigh aniar ar do chabhail chúm chun go bhfeicidh tú an rud go léir. Tá ceathrar fear tagaithe isteach le cómhra, an chómhra is breátha a chonac riamh”.

“Éist!” adeireach a’ bacach, agus é geall leis a’ gol, le heagla go bhfeiceadh éinne é féin. Ba chuma leis i ndeireadh bára, is dó’ liom, dá mbéarfaidís leó an ruathaire eile! Ar aon tslí, bhí sé a’ tathant ar a’ mbacach dúiseacht chun go bhfeiceadh sé an chómhra, nú a cheann a thógaint ón éadach. Níorbh aon chabhair é, agus i ndeireadh bára do léim sé féin amach as a’ leabaidh. Thosnaigh sé ar fhéachaint ar a’ gcómhrainn, agus á moladh.

“An deamhan”, ar seisean, “ní fheadar a’ bhfuil éinní istigh inti?” Do bhí an ceathrar fear imithe agus an chómhra fágtha ’na ndiaidh acu. I gcionn tamaill thosnaigh sé agus do bhain sé an clúdach di. Cad a bheadh ná fear istigh inti—marbh, mar a shíl sé.

“Tá fear marbh istigh inti”, aduairt sé leis a’ mbacach, “agus nách mór a’ trua ná féadaimíd rud éigint a dhéanamh dò. Éirigh amach as san chun go dtógam as a’ gcómhrainn é; agus b’fhéidir nách marbh ar fad athá sé. Cuirfeam sa leabaidh é ar feadh tamaill. Ca bhfios ná gurb amhl’ a raghadh feabhas air?”

“Ó, éist!” adeireadh a’ bacach, agus an t-eagla go léir air. Ní thiocfadh sé amach, ach dridiúint isteach sa leabaidh. Leis sin do thóg an fear eile amach as a’ gcómhrainn an té ’ bhí inti agus do rug leis é fé dhéin na leapa. ‘Drid isteach’, aduairt sé, leis a’ mbacach, ‘chun go gcuirfidh mé é seo ansan eadrainn”.

“Tá fuadar greannúr fút”, aduairt a’ bacach, “agus ba mhór a’ mí-ádh a bhí orm nuair a casadh orm tu iniubh!”

“Á, is cuma dhuit”, aduairt sé. Do chuir sé istigh i lár na leapa é, agus do luigh sé féin ar a’ dtaobh amu’ dhe, agus an bacach go heaglach ar a’ dtaobh istigh de. T’réis tamaill do tháinig an ceathrar fear arís. Chuireadar an chómhra ar a nguaillibh, agus as go brách leó. Níor fhéachadar peoca ’ bhí duine istigh inti nú ná raibh.

Amach i ndeireadh na hoíche amach, is amhlaidh a bhí an fear so a bhí sa chómhrainn a’ dul i bhfeabhas agus á chorraí féin, mar a bheadh éinne; agus le teacht a’ lae do bhí sé in’ fhear bheó láidir acu arís, chómh maith is ’ bhí éinne acu féin!

Airiú, do thosnaigh sé ar ínsint dóibh:

“Ní rabhas-sa marbh in ao’ chor”, aduairt sé, “ach do chuireadar draíocht orm, tamall mór ó shin, agus táim sa chómhrainn sin acu a’ teacht agus ag imeacht anso gach aon oíche riamh ó shin”, aduairt sé. “Agus níorbh fhéidir an draíocht san a thógaint díomsa, nú ní rabhadar chun é ’ thógaint díom, chun go bhfaighfí fear nú daoine éigint a fhanfadh anso sa tigh agus a fhéadfadh mise a thógaint amach as a’ gcómhrainn nuair a thabharfí ann me. Agus is mac dómhsa”, aduairt sé, “an fear a thug lóistín sa tigh seo dhíbhse anocht”.

Nuair a tháinig an mhaidean d’fhág an triúr acu in aonacht—mac an fheirmeóra agus an fear so a thógadar as a’ gcómhrainn agus an bacach—cé go raibh an bacach ana-chortha don oíche: níor mhaith leis na nithe a bhí feicithe aige in ao’ chor. D’imíodar orthu fé dhéin mac an duine uasail. Is air a bhí an iúnadh nuair a chonaic sé cé ’ bhí in aonacht leis a’ bhfear eile agus leis a’ mbacach, nuair a chonaic sé gurbh é a athair féin é, agus é curtha aige le fada roimis sin. Ach d’inis a’ t-athair dò ná raibh sé curtha ná éinní dhá shaghas, ach curtha fé dhraíocht, aduairt sé—agus gurb é ’ bhíodh gach aon oíche a’ teacht ag an ndream so a rug leó é, istigh i gcómhrainn, agus é fén ndraíocht; agus ná féadfadh sé teacht ón ndraíocht chun go bhfaighfí fear éigint ’ fhanfadh sa tigh, ’ osclódh an chómhra agus do thógfadh amach é, agus ní raibh an fear san le fáil, ach iad go léir a’ rith, nú a’ titim i bhfanntais nú rud éigint, nuair a chídís na nithe ’ bhíodh ar siúl acu—chun gur tháinig an fear so. “Sin fear”, aduairt sé, “go bhfuil misneach aige; agus ní dhéanfad an iomarca moladh ar a’ mbacach”, aduairt sé, “’dtaobh is gur chabhraigh sé leis chun me ’ thé’ sa leabaidh nuair a tógadh as a’ gcómhrainn me! Anois, is ceart duit”, aduairt sé, “fuíollach airgid a thabhairt don bheirt, agus deallraím nách aon bhacach duine acu; agus an té ’thá ’na bhacach, tabhair oiread dò is ’ chuirfidh buiniscionn le bacachas é, pé faid a mhairfidh sé”.

I gcionn lae nú dhó bhíodar ag imeacht, agus do thug mac an duine uasail cáirne airgid don bheirt. Thug sé níos mó don ruathaire seo ná don bhacach. Thugadar a n-aghaidh ar a’ mbaile, nú thug so aghaidh ar a’ mbaile, agus is dócha ná feadar cá raibh baile ag an mbacach; agus nuair a tháinig sé a’ triall ar an athair mar a chéile a bhí sé: níor fhéach aon fheabhas air, ach go raibh a chuid éadaigh b’fhéidir rud éigint níos measa ná mar a bhíodar nuair a fhág sé é. Agus ba mhó ná riamh an drochmheas a bhí ag an athair air nuair a chonaic sé é.

“Sea anois”, aduairt sé leis an athair, “ní gá dhuit an drochmheas go léir ormsa in ao’ chor. Táim chómh maith le héinne clainne a bhí agat”, aduairt sé, “agus nílimse a’ brath in ao’ chor ort. Dá ghiorracht atháimse amu’ tá mo mhaireachtaint déanta agam. Tá fuíollach airgid agam”. Do thispeáin sé dhò an cnuba óir a bhí fáltha aige.

D’athraigh so an t-athair, agus ní raibh duine don chlaínn ba mheasa leis ná é as san amach nuair a chonaic sé go raibh an t-airgead aige. Do luigh sé chun oibre agus chun críche, agus do bhí ciall aige chómh maith is ’ bhí ag aon fhear nú buachaill ar a’ mbaile. Agus is é a fuair an áit ón athair, agus thug sé leis isteach rábaire mná ná raibh eagla aici roime phúca ná sprid. Agus níl aon bhaol go raibh aon eagla aige seo rómpu, mar do bhí a chuid airgid déanta aige go breá dána dáiríribh.

Nótaí

Bhíodh tamall anso agus tamall ansúd aige: note the lack of the pronoun and the idiom with ag. This sentence is similar to the idiomatic mar a raibh aige.

Ruathaire mic feirmeóra: note concatenation of genitives here.

A’ féachaint ar gach éinne ’ bhí ann: an interesting way of saying “to see if anyone was there”.

Má leogann siad: AÓL fails to decline the verb here for the third-person plural.

Foclóirín

-ne: an emphatic suffix used with the first-personal plural pronoun and verbs. This would be pronounced with a broad n, regardless of what it is appended to, but this is not shown in DÓC’s transcription, e.g. sinn-ne, /ʃiŋʹ-nə/.
amach: “out”, but also “late” and “onwards” in time expressions. Amach tímpall lár na hoíche amach, “late on, around midnight or thereafter”. Amach san aimsir, “as time went on”.
ar: “on”, but also “judging by”. Ar a’ bhfuadar athá fút, “judging by all you’re up to”.
bacach: “beggar, cripple”. Pronounced /bə’kɑx/.
bacachas: “begging”, pronounced /bə’kɑxəs/.
buiniscionnn le: “at variance with, contrary to”, or bunoscionn le in GCh. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/. Buiniscionn le bacachas, “in a state opposite to having to beg for a living”.
cabhail: “body, torso”, pronounced /kaulʹ/. Éirigh aniar ar do chabhail chúm, “sit up and face me”.
carn: “cairn; heap, great amount”, with cáirne in the plural. Pronounced /kɑrən, kɑːrnʹi/.
cnuba: “knob, lump; hoard”, or cnoba in GCh. Pronounced /knubə/.
cómhra: “coffin”, or cónra in GCh. The dative is cómhrainn. Pronounced /koːrə, koːriŋʹ/.
crích: “end, purpose”, or críoch in GCh, where the historical nominative is used. Críche in the genitive: luí chun críche, “to get stuck into purposeful activity”.
croiceann: “skin”, craiceann in GCh. Pronounced /krekʹən/ or /krokʹən/ in traditional WM Irish.
dáiríribh:“in earnest; indeed, actually, really”, or dáiríre in GCh.
deallraím, deallramh: “to judge by appearances”, or dealraím, dealramh in GCh. Pronounced /dʹau’riːmʹ, dʹaurəv/.
deinim, déanamh: “to do, make”, or déanaim, déanamh in GCh. Intransitively, “to do, to get along”: conas a bhí sé a’ déanamh ar a’ gcéird, “how he was doing in the trade, how he was getting along in it”.
diaidh: “wake, rear”, pronounced /dʹiəgʹ/. The -dh- ending is not always pronounced, particularly before the article, which is shown in DÓC’s transcription here, i ndia’ na mbó. Istigh na dhiaidh, “remaining in there (in bed) after he got out”, in chapter 5 here.
drochmheas: “a poor opinion (of someone”, pronounced /dro-vʹas/.
dúisím, dúiseacht: “to wake up”. Dúisigh aniar, “wake up and sit up”.
éadach: “clothing”, but also “bed-clothes”.
éaghmais: “absence, lack”, or éagmais in GCh. It éaghmais, “in your absence”.
eaglach: “fearful, apprehensive”, pronounced /ɑgələx/.
éistim, éisteacht: “to listen; keep silent, hold your tongue”. Note that éist is normally /e:ʃtʹ/, but a byform eist /eʃtʹ/ may also be heard in the phrase eist do bhéal, “hold your tongue”, or as an imperative meaning “hush”.
fanaim, fanúint: “to wait, stay”, or fanaim, fanacht in GCh. AÓL has fanaídh in the second-person plural imperative, as if from a second-declension pattern.
fanntais: “faint”. Titim i bhfanntais, “to fall down in a faint”. Pronounced /fauntiʃ/.
féachaint: “look, appearance”. Cad í an fhéachaint athá agaibh ar a’ dtigh seo?, “how does this house look to you? what view do you have of it?”
fuadar: “rush, hurry”. Fuadar a bheith fút, “to be up to something, bent on something”.
giorracht: “shortness”, of a period of time. Dá ghiorracht é, “however briefly”.
guala: “shoulder”, or gualainn in GCh, where the historical dative is used for the nominative. The genitive here is gualann, and the plural is guaille where GCh has guaillí.
idir: “between”. Eadrainn, “between us”, pronounced /ɑdəriŋʹ/.
imearthach: “fond of playing or gambling”.
mar a chéile: “just the same”.
measa: “worse”, the irregular comparative of olc. Is measa liom, “I prefer” or “I am concerned about”.
misneach: “courage”, pronounced /mʹiʃ’nʹax/.
neart: “force”. Le neart, “by dint of”.
ní: “not”. Note that the vowel here is elided in n’ fheicim in chapter 5 here, /nʹikʹimʹ/.
nuair: “when”, but also “since”. Nuair go, or sometimes with a pleonastic is, nuair is go, “since, seeing as”.
ólthach: “addicted to drink”.
osclaim, oscailt: “to open”, or osclaím, oscailt in GCh. Pronounced /oskəlimʹ, oskiltʹ/.
poc: “poke, prod”.
púca: “hobgloblin, sprite”.
rábaire: “active or dashing person”. Rábaire mná, possibly “a healthy woman, always on the go”.
réidh: “smooth, even, quiet”. Pronounced /re:gʹ/. Eist réidh, “keep quiet!”
roim: “before”, or roimh in GCh. This is found as roime in chapter 5 here, implying insertion of a vowel before the following consonant: roime phúca, /rimʹi fuːkə/.
ruathaire: “gadabout”. Note: this word originally referred to a small, loose stone on the road, and hence to a small person always running about.
rud: “thing”. The genitive should be ruda, but is often found as rud, especially before a vowel, as in a’ fiach rud éigint here. You could also parse rud éigint as a phrase noun in the nominative absolute. Pronounced /rod/. A’ titim i bhfanntais nú rud éigint, “fainting or whatever”.
seinnim, seinnt: “to play (music)”, or seinnim, seinm in GCh.
síntiús: “donation”. Síntiús airgid, “a monetary contribution”.
so ’s súd: “this and that”, i.e., depending on context, “anything”.
sulth: “amusement”. Pronounced /suhl/.
téanam: “come on, come along, let’s be having you”, part of a defective verb usually found only in the imperative. Téanaídh oraibh in the second-person plural imperative is found here.
téim, téidh: “to heat”, or téim, téamh in GCh. Pronounced /tʹeːmʹ, tʹeː/. Téidh is given as in the original, and this is edited here as té’.
tóir: “pursuit; pursuing party”.
tugtha: “willing”. CFBB shows this is pronounced /tugəhə/. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna points to /tukə/.
uille: “elbow”, with uillinn in the dative, which form is used for the nominative in GCh.
veidhleadóir: “violinist”.
veidhlín: “violin”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Scéalaíocht Amhlaoibh. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s