Appendix 2

C. Cad chuige gur ghlac Mac Dé colann daonna?
F. Chun báis d’fhulag ar ár son.
C. Cathain a fuair sé bás?
F. Aoine an Chéasta.
C. An mó nádúr in Íosa Críost?
F. Dhá nádúr, nádúr Dé agus nádúr duine.
C. Nuair a fuair sé bás ar scar a anam lena chorp?
F. Do scar.
C. Ar scar nádúr Dé lena anam?
F. Níor scar.
C. Ar scar nádúr Dé lena Chorp?
F. Níor scar.
C. Conas d’aiséirigh sé ón mbás?
F. Thug sé a chorp agus a anam chun a chéile arís, lena chómhacht féin, agus ansan bhí sé glórmhar domharaitheach, ag éirí dho as an uaigh.
C. Cad a tuigtear le deasgabháil ár Slánaitheóra?
F. A ghabháil ar deasláimh Dé.
C. Cad é brí na bhfocal san, “ar deasláimh Dé.”
F. Go bhfuil ag Íosa Críost, sa mhéid gur Dia é, na cómhachta céanna atá ag an Athair Síoraí, agus sa mhéid gur duine é gurb é is giorra do Dhia in sna flaithis.
C. Cad chuige gur fhuilig Críost bás ar ár son-ne?
F. Chun sinn do shaoradh ó ifreann agus ó chómhachtaibh an diabhail.
C. Cad do bheir sinn i gcómhachtaibh an diabhail?
F. Peaca an tsínsir.
C. Conas a thárla sinne ’ bheith ciontach i bpeaca an tsínsir?
F. Óir, an easúmhlaíocht a dhein ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair, do chuir sé an peaca orthu féin agus ar a sliocht, agus mar gheall air sin do gineadh agus do rugadh sinn i bpeaca.
C. Ar chuaigh éinne de shliocht Adam agus Ébha saor ón bpeaca san?
F. Do cimeádadh an Mhaighdean Mhuire saor uaidh, óir bhí sí le bheith ’na máthair ag Mac Dé.
C. Ar rugadh aon duine eile saor uaidh?
F. Do rugadh, Naomh Eóin Baiste. Do glanadh é ó pheaca an tsínsir agus é i mbroínn a mháthar.

———

C. Cé ’ chuir an eaglais ar bun?
F. Íosa Críost.
C. Conas ’ aithnítear an eaglais a chuir Críost ar bun ó gach eaglais eile?
F. Táid cheithre cómharthaí sofheicse ar eaglais Chríost.
C. Cad iad na cheithre cómharthaí iad san?
F. Aondacht, naofact, caitliceacht agus aspalaitheacht.
C. Cad a chiallaíonn aondacht na heaglaise?
F. Nár chuir Críost ar bun ach aon eaglais amháin, gur thug di aon chreideamh amháin, agus gur chuir sé os a cionn ar an saol so aon cheann sofheicse amháin.
C. Cé hé ceann sofheicse na heaglaise?
F. An Pápa.
C. Cad a chiallaíonn naofact na heaglaise?
F. Gur naofa an tÉ ’ chuir ar bun í, gur naofa a teagasc, gur naofa iad a sacraimíntí, agus go bhfuilid daoine naofa le fáil i gcónaí inti.
C. Cad a chiallaíonn caitliceacht na heaglaise?
F. Gur sheasaimh sí gan chlaochló ó chuir Críost ar bun í go dtí inniu, agus go seasóidh sí go deireadh an tsaeil, agus go leathfar í ar fuid an domhain uile.
C. Cad a chiallaíonn aspalaitheacht na heaglaise?
F. Gurb í an eaglais chéanna inniu í a chraobhscaoileadar na haspail ar dtúis, agus gurbh í an eaglais chéanna í an uile lá i gcaitheamh na haimsire sin.
C. An mhuíntir a rugadh agus do tógadh i gcreideamh eile, agus go dtuigid ’na n-aigne, i láthair Dé, gurb é an creideamh fírinneach atá acu, an bhfuilid na daoine sin geárrtha amach ón eaglais?
F. Nílid. Bainid na daoine sin le hanam na heaglaise, agus táid siad páirteach i gcomaoine na naomh, ar shlí, agus ’na lán de shaibhreas spriodálta na heaglaise, bíodh gan ’ fhios san do bheith acu féin.

———

C. An mó sórd peaca ann?
F. Dhá shórd; peaca an tsínsir, agus peaca gnímh.
C. An mó sórd peaca gnímh ann?
F. Dhá shórd; peaca maraitheach agus peaca solathach.
C. An mó cuma ’na ndeintear peaca?
F. Cheithre chuma; le smaoineamh le briathar le gníomh agus le faillí.
C. An peaca gach drochsmaoineamh?
F. Ní hea muna dtugtar toil do.
C. Cad iad na coinníll atá riachtanach chun gnímh do bheith ’na pheaca?
F. Ní foláir é ’ bheith toiltiúil agus é ’ bheith in aghaidh dlí Dé.
C. Conas a deintear peaca le briathar?
F. Le focal peacúil nú le cainnt pheacúil.
C. Cad a thuigeann tú le dlí Dé?
F. Aitheanta Dé agus na heaglaise.
C. Cad í an aithne a bristear le smaoineamh drúisiúil?
F. An naoú aithne d’aitheantaibh Dé.
C. Cad í an aithne a bristear le gníomh drúise, nú le focal drúisiúil?
F. An séú aithne d’aitheantaibh Dé.
C. Cad í an aithne a bristear le leabhar éithigh do thabhairt?
F. An dara haithne agus an t-ochtú aithne.
C. Conas a bhriseann leabhar éithigh an dara haithne?
F. Mar nuair a thugann duine an leabhar tugann sé Dia mar urra leis, go bhfuil an fhírinne aige dá ínsint, agus más éitheach atá aige dá ínsint in inead na fírinne, cuireann sé an t-éitheach san i leith Dé, agus sin diamhasla.
C. Conas a bhriseann sé an t-ochtú aithne?
F. Leis an mbréig féin.
C. Cad í an aithne ’ bhrisfeadh duine a shéanfadh a chreideamh?
F. An chéad aithne, agus an dara haithne. Agus briseann sé an t-ochtú aithne leis, mar séanann sé os cómhair daoine an ní a chreideann sé ’na chroí agus sin bréag.
C. Cad í an aithne ’ bhrisfeadh duine d’íosfadh feóil Dé hAoine?
F. An dara haithne d’aitheantaibh na heaglaise.
C. Cad í an aithne a bhrisfeadh duine d’fhanfadh breis agus bliain gan dul chun faoistine?
F. An tríú aithne d’aitheantaibh na heaglaise, agus bheadh an aithne briste aige chómh luath agus ’ bheadh an bhliain iomlán caite aige.
C. Cad í an aithne a bhrisfeadh an té ’ dhéanfadh díobháil dá chómharsain ’na chuid?
F. An seachtú aithne.
C. Cad í an aithne a bhrisfeadh duine ’ dhéanfadh díobháil dá chómharsain ’na phearsain?
F. An cúigiú aithne.
C. Cad í an aithne a bhrisfeadh duine a chuirfeadh é féin ar meisce?
F. An cúigiú aithne.
C. Conas san?
F. Deineann sé díobháil dá phearsain féin, mar baineann sé dhe féin an mheabhair agus an chiall a thug Dia dho, agus sin peaca trom in aghaidh Dé.
C. Cad a tuigtear le col?
F. Gaol nú cóngas a dheineann cosc ar phósadh.
C. Cad é an gaol a dheineann cosc ar phósadh?
F. Trí ghlúine gaoil, ag cómhaireamh ón bpréimh.
C. Cá bhfuil an phréamh?
F. An lánú ór shíolraigh na trí ghlúine gaoil.
C. Ainmnigh na trí ghlúine?
F. Clann na lánún an chéad ghlúin;
Clann na clainne sin, an dara glúin;
A gclann san, an tríú glúin.
C. Cad é an deifríocht atá idir ghaol agus cóngas?
F. Sa ghaol sroiseann gach glúin ar thaobh na trí ghlúine ar an dtaobh eile. Sa chóngas sroisid dhá ghlúin ar thaobh éinne amháin ar an dtaobh eile. Tá cóngas idir fhear agus gaolta a mhná, nú idir mhnaoi agus gaolta a fir, ach tá gaol idir aon bheirt atá laistigh de na trí ghlúinibh.
C. An bhfuil cóngas spriodálta ann?
F. Tá. An té ’ sheasaíonn chun baistí le leanbh, tá cóngas spriodálta idir é agus an leanbh; agus tá cóngas spriodálta idir an mháthair baistí agus an leanbh.
C. Cad a thuigeann tú le pósadh fé cheilt?
F. Pósadh ná deintear os cómhair na heaglaise.
C. Cad iad na paidreacha áirithe is gnáth le daoinibh do rá ar maidin agus istoíche?
F. “Ár nAthair atá ar neamh,” agus “Go mbeannaíthear duit, a Mhuire,” agus Cré na nAspal, agus “Admhaím do Dhia.” Agus ba mhaith an rud an Choróinn Mhuire do rá leis.
C. Cé ’ chúm an phaidir sin, “Ár nAthair atá ar neamh?”
F. Íosa Críost féin, moladh go deó leis!
C. Cad chuige gur chúm sé an phaidir sin?
F. Chun a mhúineadh dhúinne conas is ceart dúinn ár n-achainí do chur chun Dé.
C. Cá mhéid achainí sa phaidir sin?
F. Seacht n-achainí.
C. Abair iad?
F. Iarraimíd ar Dhia, ar dtúis, go gcuirfeadh sé ’nár gcroíthibh uile a ainm do naomhú, ’sé sin glóire agus onóir do thabhairt dá ainm rónaofa.
Sa dara hachainí iarraimíd ar Dhia go dtiocfadh a ríocht, ’sé sin le rá, go mbeadh ríocht agus bua ar an bpeaca ag grásta Dé ’nár gcroí go hiomlán ar an saol so, ionas go bhfaighimís ríocht na bhflaitheas ar an saol eile.
Sa tríú hachainí iarraimíd ar Dhia grásta ’ thabhairt don chine daonna uile ionas go ndéanfí a thoil naofa ar an saol so go hiomlán, fé mar a dheinid na naoimh agus na haingil a thoil ar neamh.
Sa cheathrú achainí iarraimíd ar Dhia gach ní atá in easnamh orainn i dtaobh anama agus chuirp.
Sa chúigiú achainí iarraimíd ar Dhia ár bpeacaí do mhaitheamh dúinn, agus geallaimíd do go maithfimíd féin don uile dhuine gach gníomh a déantar ’nár n-aghaidh.
Sa séú achainí iarraimíd ar Dhia sinn do chimeád lena ghrástaibh ó gach cúntúirt peaca.
Sa seachtú achainí iarraimíd ar Dhia sinn do shaoradh ón uile olc agus go mór mór ón bpeaca.

Nótaí

A chraobhscaoileadar na haspail: another example of the governance of a past-tense verb conjugated in the plural by a plural noun subject. See also chuadar na fir in PUL’s Séadna.
Ar thaobh na trí ghlúine: in addition to the unexpected lenition of glúine after trí, this phrase here does not give the expected eclipsis in the genitive, or the historic genitive plural (glún). Ar thaobh na dtrí nglún could have been used.

Foclóirín

achainí: “entreaty, supplication”. The original text here uses athchuinge in the singular and athchuingí in the plural. However, achainí is pronounced /ɑxi’nʹi:/ in the singular, as indicated in the Leitiriú Shímplí edition, thus obscuring the distinction with the plural, which, in consequence, is generally found as achainíocha.
Adam: Adam, father of the human race.
An Choróinn Mhuire: the Rosary.
Aoine an Chéasta: Good Friday.
aondacht: “oneness, unity”, or aontacht in the CO.
aspalaitheacht: “apostolicity”, a word not found in dictionaries, unless this corresponds to aspalacht, “aspostleship”, in the CO. It seems to me that “apostolicity” and “apostleship” are not identical. Possibly derived from apstaldacht.
baisteadh: “baptism”. The genitive, baiste in the CO (baistidh in the older spelling), is consistently given with a long vowel here, baistí. Seasamh chun baistí le duine, “to support someone at his baptism in the role of godparent”, or maybe only “to attend someone’s baptism”? Máthair baistí, “godmother”. Note that Ó Dónaill’s dictionary has máthair bhaistí, with lenition. Lenition would make sense after a feminine noun, but the Leitiriú Shímplí edition concurs in accepting the form without lenition. More research required here. Baistí is an adjective in the CO, rather than the genitive singular of baisteadh, which may explain why the lenition is used, as lenition of nouns in the genitive after feminine nouns was not universally adhered to.
beirim, breith: “to seize, to bring”. Cad do bheir sinn i gcómhachtaibh an diabhail? “how did we come to be in the power of the Devil?” The entries under beirim and do-bheirim (the absolute form of tugaim) in Dinneen’s dictionary [p93, under beirim: cad do bheir ann tú? how came you to be there? cad do bheir chómh fliuch soin tú? what caused you to be so wet?; p349, under do-bheirim: cad do thug tú? why did you come?] would support the view that do bheir is a conjugated form of either of these verbs, which are etymologically related and liable to be confused. However, do-bheir (better spelt with a hyphen) is a present-tense form of do-bheirim/tugaim, whereas do bheir is a variant past-tense form of beirim, equivalent to do rug.
caitliceacht: “catholicity, the universality of the church”.
claochló: “deterioration, corruption”.
col: “impediment”.
cóngas: “affinity”, a broader relationship than gaol, “consanguinity”, as it includes relationships by marriage, by adoption and by the spiritual link with godparents.
cúigiú: “fifth”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
cúntúirt: “danger”, or contúirt in the CO.
drúisiúil: “lascivious, lustful”.
Eóin Baiste: St. John the Baptist.
lánú: “couple”, or lánúin in the CO. Note the genitive here, lánún, where the CO has lánúine.
naoú: “ninth”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
nú: “or”, or in the CO.
ó: “from”. Note the combined form with relative pronoun and the perfective particle here, ór, where ónar would be more common.
ochtú: “eighth”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
peaca gnímh: “actual sin”, as opposed to original sin.
préamh: “root”, or fréamh in the CO.
seachtú: “seventh”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
seasaím, seasamh: “to stand”, or seasaim, seasamh in the CO. Note the preterite do sheasaimh sé, where the CO has sheas sé, reflecting a general tendency for -mh to appear in the third-person singular preterite (and imperative) where the verbal noun ends in -mh in WM Irish.
séú: “sixth”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
sórd: “sort”, or sórt in the CO.
trí: “three”. Usually used without lenition before a plural noun or with lenition before a singular noun, but here we have trí ghlúine, with lenition and a plural noun.
tríú: “third”. Note that this ordinal number does not occasion h-prefixation of a vowel here, although elsewhere in this work instances of h-prefixation are found. In general, PUL’s works show patchy h-prefixation after ordinal numbers from tríú through to naoú (the examples I have of dara/tarna and deichiú all have h-prefixation before a vowel).
urra: “warranty, security”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Teagasc Críostaí, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s