An Teagasc Críostaí 12

Ceacht a dódhéag.

C. Cad a thuigeann tú le sacraimínt?
F. Cómhartha sofheicse a cheap Críost chun grásta ’ thabhairt dúinn.
C. Cad as go bhfuil cómhachta ag na sacraimíntí chun grásta ’ thabhairt dúinn?
F. As mórluacht bheatha Chríost agus a bháis, a chuirid chun sochair dár n-anamnachaibh.
C. Cá mhéid Sacraimínt ann?
F. Seacht Sacraimíntí.

  1. Baisteadh.
  2. Dul fé láimh easpaig.
  3. Corp Críost.
  4. Aithrí.
  5. Ola dhéanach.
  6. Órd beannaithe.
  7. Pósadh.

C. Cad é an ní Baisteadh?
F. Sacraimínt a ghlanann sinn ó pheaca an tsínsir, agus a dheineann Críostaithe agus clann Dé dhínn.
C. Conas is cóir d’fhear nú do mhnaoi baisteadh ’ thabhairt do leanbh in am riachtanais?
F. Bas uisce do dhortadh ar cheann an linbh, agus a rá lena línn sin, “Baistim thu in ainm an Athar agus an Mhic agus an Sprid Naoimh.”
C. Cad é an ní dul fé láimh easpaig?
F. Sacraimínt do neartaíonn sinn ’nár gCreideamh.
C. Conas is cóir bheith ollamh chun sacraimínt dul-fé-láimh-easpaig do ghlacadh?
F. Fios aitheanta ár gCreideamh do bheith againn agus bheith ar staid na ngrást.
C. Cad é an deifríocht atá idir shacraimínt dul fé láimh easpaig agus sacraimínt an bhaistí?
F. Tá, go ndeineann an baisteadh Críostaithe agus clann Dé dhínn, agus go ndeineann dul fé láimh easpaig Críostaithe níos iomláine dhínn, agus saighdiúirí cróga dár Slánaitheóir Íosa Críost.
C. An bhfuil dul fé láimh easpaig riachtanach?
F. Ar a shon gur féidir duine do shábháil in’ éaghmais, bheadh duine ciontach i bpeaca rómhór a thabharfadh faillí ann.
C. Cad é an pionós a chuireadh an Eaglais i dtosach aimsire ar na haithreacha nú ar na máithreacha a leogfadh dá gclaínn bás d’fháil gan an sacraimínt sin?
F. Aithrí trí mblian. Agus taispeánann san dúinn gur mór an peaca faillí do thabhairt sa tsacraimínt sin an uair is féidir é ’ fháil.
C. Cad é an tairbhe a dheineann an sacraimínt sin dúinn?
F. Neartaíonn sé ’nár gcreideamh sinn, tugann sé misneach dúinn chun ár gcreideamh d’admháil ós árd agus do chosnamh in aghaidh namhad, agus chun ár ndualgas do chómhlíonadh gan náire ar bith.
C. An dtugann sé aon tairbhe eile dhúinn?
F. Tugann, de bhrí gur leis a ghlacaimíd an Sprid Naomh mar aon lena thíolaicí, agus séala beannaithe an Tiarna ’nár n-anam, chun go mbeimís ’nár saighdiúirí chróga ag ár Slánaitheóir Íosa Críost.
C. Ná tugann an Baisteadh an Sprid Naomh agus a thíolaicí dhúinn?
F. Tugann, ach ní chómh hiomlán leis an sacraimínt seo é.
C. An féidir do dhuine an sacraimínt dul fé láimh easpaig do ghlacadh thar aon uair amháin?
F. Ní féidir, agus is peaca rómhór é ’ ghlacadh go fiosach an dara huair.
C. Cad fá go mbuaileann an t-easpag buille ’ bhais sa leacain ar an té a curtar fé láimh easpaig?
F. Chun a chur i dtuiscint do gur cóir do bheith ollamh chun gach masla agus tarcaisne d’fhulag ar son an chreidimh.

Foclóirín

ar a shon (go): “even though”.
baisteadh: “baptism”. The genitive, baiste in the CO (baistidh in the older spelling), is consistently given with a long vowel here, baistí.
bas: “palm”, or bos in the CO. Bas uisce, “a palmful of water”.
Corp Críost: in section 4 of the catechism, we had corp Chríost, the physical body of Christ that lay in the tomb, whereas here we have Corp Críost, with no lenition—the Eucharist. Ó Dónaill’s dictionary has Corp Chríost for the Eucharist, but the Leitiriú Shímplí version of An Teagasc Críostaí concurs that in the meaning of Eucharist, this phrase has no lenition on the word Críost.
deifríocht: “difference”, or difríocht in the CO. The Leitiriú Shímplí transcription points to a pronunciation /dʹefʹi’rʹi:xt/, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has a broad r, /dʹefʹə’ri:xt/.
órd beannaithe: “the sacrament of holy orders; ordination”. It is worth noting that this is not plural in Irish.
ós árd: “in public, out loud”. I had expected os árd, but the Leitiriú Shímplí transcription showed a long o here; more research required.
tíolacadh: “bestowal, gift (especially from God)”. This word and its cognates are often spelt with an n instead of an l in PUL’s works, but IWM, Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne and the Leitiriú Shímplí transcription here all show the pronunciation to be /tʹəiləkə/, with tíolaicí in the plural, /tʹəilikʹi:/, where the CO has tíolacthaí.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Teagasc Críostaí, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s