Drochobair Lastuas

Caibideal a haondéag

Drochobair Lastuas

Bhí an cleasaí ag féacaint ’na thímpall ar na daoine agus iad go léir ag féachaint air sin agus ar an mála agus iúnadh acu á dhéanamh den mhála. Bhíodar ag cogarnaigh; dhá fhiafraí dhá chéile conas ’ fhéad an mála ’ bheith ag féachaint chómh folamh, chómh titithe ar a chéile agus na rudaí beó úd go léir istigh ann.

“Nách ana-shocair, a chleasaí,” arsa Tadhg Ó Ceallaigh, “atá an gadhar agus an coinín, agus an cat agus an luichín agat anois istigh sa mhála san.”

“Táid siad ana-shocair, a rí,” arsan cleasaí.

“Ba dhó’ le duine,” arsan rí, “go bhfuil an mála folamh. Níor dhó’ le duine ’ dh’fhéachfadh air go bhfuil aon rud istigh ann. Mura mbeadh go bhfeacaigh mo dhá shúil iad ag teacht amach as agus ag dul isteach arís ann ní chreidfinn go bhfuilid siad istigh ann in aon chor.”

“Táid siad istigh ann, a rí,” arsan cleasaí, “agus tá mórán rudaí nách iad istigh ann, agus dá dtugadh do shoílse dhómhsa chúig marga eile do thaispeánfainn díbh tuilleadh dá bhfuil istigh ann.”

“Tabharfad go deimhin,” arsan rí, “agus fáilte. Ní bhfuaras riamh oiread suilt a chúig marga agus ’ thugais dúinn as na chúig marga deirineacha san a thugas duit. Seo dhuit chúig marga eile agus scaoil chúinn tuilleadh dá bhfuil sa mhála agat. Mheasas ar dtúis gur mhála bacaigh é agus bhíos dhá cháineadh toisc gan é ’ bheith níos téagartha agus níos truime agat. Is beag dá chuímhneamh a bhí agam cad é an saghas rudaí a bhí istigh ann agat. Seo dhuit na chúig marga agus scaoil chúinn tuilleadh de sna hiúnaíbh.”

Do ghlac an cleasaí an t-airgead agus chuir sé chuige é. Ansan chuir sé a lámh isteach sa mhála agus thug sé leis amach ceirthlín snátha. Do rug sé ’na láimh chlé ar cheann an tsnátha agus bhí an ceirthlín ’na láimh dheis aige. D’fhéach sé suas sa spéir. D’fhéach an rí suas. D’fhéach gach éinne suas. Chonacadar, i bhfad suas uathu, mar ’ bheadh scamall dubh. Do chas an cleasaí a lámh dheas agus chaith sé an ceirthlín, i ruchar, uaidh suas, i dtreó an scamaill. Do ghluais an ceirthlín suas. Chimeád an cleasaí ceann an tsnátha ’na láimh chlé. Bhí an ceirthlín ag imeacht suas, agus an snáth ag teacht de, go dtí go ndeigh sé isteach sa scamall a radharc na ndaoine. Bhí an ceirthlín thuas istigh sa scamall ansan agus an snáth sínte ón scamall anuas agus greim ag an gcleasaí ’na láimh chlé ar an snáth. Ansan do chuir an cleasaí a lámh dheas isteach sa mhála agus ní luch ná cat ná gadhar ná coinín a thug sé leis amach as ach giorrae.

“Imigh leat suas!” ar seisean leis an ngiorrae. Siúd suas fan an tsnátha an giorrae, agus é, ba dhó’ le duine, i riocht titim anuas de, in aghaidh gach truslóige reatha dá dtugadh sé.

“Múinfeadsa rith níos feárr ná san duit, a bhioránaigh!” arsan cleasaí agus chuir sé a lámh isteach sa mhála agus thug sé leis amach cú agus greim ar chúl aige uirthi. Do scaoil sé an chú suas i ndiaidh an ghiorrae ar an snáth. D’fháisc an giorrae chun reatha dháiríribh nuair a chonaic sé an chú ar a thóir. Siúd suas fan an tsnátha iad go tréan, agus gach aon sceamh buile ag an gcoin, go dtí gur ritheadar araon isteach sa scamall. Tar éis iad do dhul isteach sa scamall do hairíodh an sceamhaíol ar siúl go géar agus go nímhneach agus do chonacthas an snáth á chrothadh go dian fé mar a bheadh ana-phlé ar siúl thuas. Is amhlaidh a mheasadh an rí agus na daoine go n-airídís an giorrae ag rith anonn ’s anall thuas, tríd an scamall, agus an chú ag baint chasadh anois is arís as, díreach mar a bhainfeadh cú casadh a giorrae dá mbeadh sí dhá fhiach ar an dtalamh. Bhí an rí agus na daoine ag féachaint suas go géar féachaint an bhféadfaidís aon radharc in aon chor a dh’fháil ar an bhfiach. Níor fhéadadar. Bhí an scamall ródhorcha, ródhlúite ’na chéile.

Bhí an rí agus na daoine go léir ag féachaint suas ar an scamall agus iad á dh’iniúchadh go géar, iad ag éisteacht le hamhastrach na con agus iad a d’iarraidh radhairc éigin ’ fháil ar an gcluiche a bhí ag an ngiorrae dá fháil. Chonacadar an snáth i láimh an chleasaí agus greim daingean aige air, agus chonacadar, le déine an ghleó a bhí ar siúl thuas, an snáth ag crith agus é dá shuaitheadh anonn ’s anall, agus lámh an chleasaí dá shuaitheadh anonn ’s anall le tarrac agus le suaitheadh an tsnátha. Bhí gach éinne dhá rá nárbh fhada go mbrisfeadh an snáth; nárbh fhéidir do a leithéid de tharrac agus de shuaitheadh do sheasamh i bhfad.

Do labhair an cleasaí leis an mála. “An bhfuileann tú ansan, a Ruathaire?” ar seisean.

“Táim,” arsa guth as an mála.

“Tair chúm amach anso,” arsan cleasaí. Do léim tollaire garsúin amach as an mála. Do leath a súile ar an rí agus ar na daoine nuair a chonacadar an garsún!

“Imigh ansúd suas,” arsan cleasaí, “agus ná leog don choin an giorrae do mharú nuair a bhéarfaidh sí air.”

Do léim an garsún in áirde ar an snáth agus siúd suas é agus é a’ lámhacán ar a dhá dheárnainn agus ar a dhá ghlúin. Chonaic an rí agus na daoine é ag sleamhnú suas ar an snáth go dtí gur imigh sé as a radharc isteach sa scamall. Ansan do hairíodh a ghlór agus é ag cosc na con agus do mhéadaigh ar an amhastrach agus ar shuaitheadh an tsnátha agus ar an ngluaiseacht anonn ’s anall thuas, i dtreó gur mheas gach éinne gur ag géarú na con a bhí an garsún in inead bheith dhá cosc. B’éigean don chleasaí a dhá láimh do chur ar an snáth bhí an feidhm chómh láidir sin air. Bhí an chú ag amhastraigh ar buile agus an garsún ag liúirigh ar buile agus an snáth dá tharrac agus dá shuaitheadh ar buile agus an greim dúid ag an gcleasaí ar an snáth, agus na daoine go léir chómh ciúin sin gur dhó’ le duine ná feicfeadh iad ná rabhadar in aon chor ann. Fé dheireadh do stad an amhastrach agus do stad an suaitheadh agus an tarrac ar an snáth. Ansan do hairíodh an garsún ag cur an anama amach ag gáirí agus é ag liúirigh agus ag screadaigh, i dtreó gur dhó’ le duine ’ bheadh ag éisteacht leis nách aon gharsún amháin a bhí ann ach fiche garsún.

“Tá rud éigin bunoscionn ar siúl ansúd thuas is eagal liom,” arsan cleasaí.

“Ní deirim ná go bhfuil,” arsan rí.

Do chrom an cleasaí ar an snáth do tharrac anuas. Bhí sé ag tarrac an tsnátha chuige ar feadh tamaill mhaith sara dtáinig cú ná giorrae ná garsún amach as an scamall. Fé dheireadh do chonacthas iad ag teacht amach agus is amhlaidh a bhíodar agus an chú agus an giorrae in achrann ’na chéile agus an garsún os a gcionn agus é ag cur an anama amach ag gáirí. Do tairrigeadh anuas tamall eile iad agus ansan is ea ’ chonaic an rí agus na daoine an radharc ba greannmhaire agus dob éagsamhlaí dá bhfeacadar riamh. Bhí greim ar scórnaigh ag an ngiorrae ar an gcoin agus é ag tachtadh na con! Bhí an garsún ag dul in sna céadéagaibh le neart gáirí. Bhí na daoine go léir, agus an rí chómh maith le cách, ag cur an anama amach ag gáirí an túisce ’na bhfeacadar an radharc san. Bhí an giorrae ag fáscadh go dian agus go dlúth ar scórnaigh na con agus an chú ag únthairt agus ag casadh agus ag croitheadh a cos a d’iarraidh í féin do réiteach ón ngreim maraitheach a bhí ag an ngiorrae ar scórnaigh uirthi. Do chimeád an giorrae a ghreim go dtí gur stad an únthairt agus gur shín an chú a cosa agus í marbh! Bhíodar ar an dtalamh ag an gcleasaí um an dtaca san.

Nuair a fuair an giorrae go raibh an chú marbh aige agus ná raibh aon sciotharnach den anam inti do bhog sé a ghreim di agus do dhruid sé uaithi amach. Ansan, fé mar a thabharfadh sé fé ndeara gur chuir an chú cor éigin di agus go mb’fhéidir ná raibh sí marbh i gceart, thug sé léim chúithi agus do rug sé ar an scórnaigh [ag tabhairt] fáscadh eile dhi. Nuair a bhí a aigne sásta go raibh sí marbh d’imigh sé anonn agus do luigh sé in aice an gharsúin, díreach mar a dhéanfadh gadhar, agus bhí gach aon tsúilfhéachaint aige ar an gcoin, le heagla go gcuirfeadh sí aon chor eile dhi.

Níor chuir. Bhí an cleasaí ag féachaint ar an gcoin agus dob fhuiriste a dh’aithint do raibh fearg air. Bhí sé ag féachaint ón gcoin go dtí an giorrae agus ón ngiorrae go dtí an garsún, agus ón ngarsún go dtí an chú arís. Fé dheireadh do labhair sé.

“Greadadh chút, a thollaire,” ar seisean, “cad ’na thaobh nár dheinis an rud aduart leat!”

“Do dheineas an rud adúraís liom,” arsan garsún.

“Thugais d’éitheach!” arsan cleasaí, “níor dheinis. Duart leat gan leogaint dóibh a chéile do ghortú agus do leogais don ghiorrae an chú bhreá san do mharú orm.”

“Ní dúraís aon ní dhá shórd san,” arsan garsún. “Dúraís liom gan leogaint don choin an giorrae do mharú agus níor leogas.”

“Duart leat gan leogaint dóibh a chéile ’ mharú ná do ghortú,” arsan cleasaí.

“Ní dúraís a leithéid,” arsan garsún. “Fágaim fén rí é! Bhí an rí ag éisteacht leat,” arsan garsún.

“Tá an ceart ag an ngarsún, a chleasaí,” arsan rí. “Dúraís leis gan leogaint don choin an giorrae do mharú.”

“Is fíor san!” arsa fear na leathchluaise, “d’airigh mo dhá chluais tu dhá rá leis an ngarsún imeacht suas agus gan leogaint don choin an giorrae do mharú!”

“Is fíor! Is fíor! Is fíor!” arsa gach éinne. Níor dhein an cleasaí aon bhlúire amháin ach a chlaíomh do tharrac as a leath-thruaill agus déanamh anonn ar an ngarsún agus an ceann do chaitheamh de le scuab-bhuille den chlaíomh! Bhí an bhuille chómh láidir sin gur léim an ceann in áirde sa spéir agus gur thit sé chun tailimh tamall maith ón áit ’nar thit an corp.

D’éirigh an rí ar buile. Thairrig sé a chlaíomh. “Is olc an gníomh é sin atá déánta agat!” ar seisean. “Níor cheadaíos-sa riamh gníomh den tsórd im láthair!” agus bhí sé ag druidim i dtreó an chleasaí.

“Ó, a rí,” arsan cleasaí, “ós olc leatsa an gníomh leighisfeadsa é!” D’imigh sé anonn chun na háite ’nar thit an ceann. Do rug sé ar ghruaig an chínn agus chaith sé an ceann i ruchar, i dtreó an chuirp. Chuaigh an ceann chun a áite féin, ar mhuineál an chuirp, agus cheangail sé ann agus d’éirigh an garsún ’na sheasamh! Do stad Tadhg Ó Ceallaigh agus é ag féachaint ar an ngarsún, agus a chlaíomh nochtaithe ’na láimh aige agus a bhéal agus a dhá shúil ar dianleathadh! Bhí an garsún ’na sheasamh, ach má bhí is amhlaidh a bhí a aghaidh i leith a dhroma agus a chúl i leith a uchta! Chrom sé ar siúl ach is amhlaidh a bhí sé ag gabháil tímpall mar ’ bheadh bó ’na mbeadh an galar cam uirthi!

“Ach! a chleasaí,” arsa Tadhg, “tá an donas ar fad déanta anois agat air! B’fhearra dho bheith marbh ná bheith beó agus é ar an gcuma san!”

“Tá go maith, a rí,” arsan cleasaí, “leighisfar an méid sin, leis.” D’imigh sé anonn agus do rug sé ar dhá chluais ar an gceann agus bhain sé croitheadh as agus casadh agus chuir sé an cúl i leith an droma agus an aghaidh i leith an uchta.

Chonaic na daoine go léir an snáth dá tharrac anuas. Conacadar an giorrae ag tachtadh na con agus an garsún ag cur an anama amach ag gáirí úmpu. Ba mhór an iúnadh an radharc san agus ba mhór an sult agus an spórt é, agus bhíodar féin ag dul in sna trithíbh dúbha ag gáirí nuair a chonacadar an radharc, an giorrae ag tachtadh na con, in inead é ’ bheith dá thachtadh ag an gcoin, mar ba cheart de réir nádúra an ghiorrae agus na con. Ba mhór go léir an spórt bheith ag féachaint ar an radharc san agus a bheith ar chumas duine bheith dhá mhaíomh i gcaitheamh a shaeil ’na dhiaidh san go bhfeacaigh sé an radharc san, radharc ná feacaigh éinne beó a leithéid riamh roimis sin agus ná feicfeadh go deó. Ach nuair a chonacadar an ceann bainte den gharsún tháinig fearg orthu, díreach mar a tháinig ar an rí. Chonacadar an rí, agus a chlaíomh ar tarrac aige, ag druidim i dtreó an chleasaí. Bhíodar féin ag druidim ’na threó chun díoltais a dhéanamh air. Do stracfaidís as a chéile é mar gheall ar an ngníomh a bhí déanta aige. Sara raibh sé dh’uain acu teacht chun na háite ’na raibh sé chonacadar conas mar a chaith sé an ceann i dtreó an chuirp agus gur éirigh an garsún ’na sheasamh! Chonacadar an cor a bhí air agus a aghaidh i leith a dhroma agus é ag gabháil tímpall mar ’ bheadh beithíoch ’na mbeadh an galar cam air. Ansan do chonacadar an cleasaí ag cur an chínn ’na cheart, agus ansan an garsún ag siúl díreach, chómh díreach agus d’fhéadfadh aon duine acu féin siúl. Nuair a chonacadar an méid sin do thosnaigh scannradh ar theacht orthu. Bhí cuid acu ag sleamhnú as an áit agus ag imeacht leó féin.

“Cuir an chú san agus an giorrae sin isteach sa mhála agus éirigh féin isteach ’na dhiaidh,” arsan cleasaí leis an ngarsún.

Dhein an garsún mar adúradh leis. D’oscail sé an mála agus chaith sé isteach an chú mharbh. Do léim an giorrae isteach uaidh féin agus do lean an garsún isteach é. Nuair a bhíodar istigh do thit an mála ar a chéile arís fé mar ’ bheadh sé folamh.

Bhí na daoine ag bailiú leó go tiubh. Bhí an scannradh ag méadú orthu. Do dhruid an cleasaí anonn chun an rí.

“Is tusa an rí is féile dár theangmhaigh liomsa fós, a Thaidhg Uí Cheallaigh!” arsan cleasaí. “Ar mhiste leat, a rí,” ar seisean, “beann do bhrait do leathadh amach dom go gcómhairead air an t-airgead atá fálta agam uait?”

Do leath Tadhg amach ar an dtalamh íochtar an bhrait agus do chrom an cleasaí ar an airgead do tharrac as a phóca agus do chómhaireamh anuas ar an mbrat. Nuair a bhí an t-airgead go léir curtha ar an mbrat aige d’fhéach sé suas i dtreó an scamaill.

“Féach airiú!” ar seisean. “Tá an scamall úd ansúd fós!”

D’fhéach gach éinne ’n áirde, idir rí agus daoine. Bhíodar ag iniúchadh an scamaill. An fhaid a bhíodar ag féachaint in áirde duairt an cleasaí an chainnt seo:—

“Do-bheir beagán, do-bheir mórán,
Is do-bheir an fichid marg
Do-bheir beó fear gan anmain.
Mian gach rí ar talúin Tadhg.”

Nuair a bhí an méid sin ráite aige do stad sé. Nuair a stad sé d’iompaigh Tadhg agus na daoine a súile anuas ón scamall agus d’fhéachadar i dtreó an chleasaí. Ní raibh an cleasaí ná a mhála ann! Bhíodar imithe mar ’ shloigfeadh an talamh iad!

Bhí iúnadh ar gach éinne. Dúradar go léir nár dhuine saolta in aon chor é, gur dhuine éigin ón slua sí é. Duairt cuid acu gurbh é Aonghus an Bhrogha é. Duairt tuilleadh acu nárbh é ach gurbh é an Daghdha Dearg é. B’é crích an aighnis acu é gur shocraíodar ’na n-aigne gurbh é Manannán mac Lir é. D’fhan an t-airgead ar bhrat Thaidhg. Bhí a chuid agus a chlú ag Tadhg.

(Críoch.)

Nóta

[Ag tabhairt] fáscadh eile dhi: the words ag baint are inserted in a handwritten note in my edition, but it would be ag baint fáscadh aisti, but ag tabhairt fáscadh dhi, so I assume the missing words are ag tabhairt. I need to compare this passage with other editions or impressions of An Cleasaidhe.

Foclóirín

airiú!: arú!, “why! really! indeed!” Pronounced /i’rʹu:~e’rʹu:/.
amhastraím, amhastrach: “to bark”. Pronounced /austə’ri:mʹ, austərəx/. As a feminine verbal noun, amhastrach becomes ag amhastraigh in the dative, although this usage appears more common when used with ag as a verbal noun. We have le hamhastrach here, used as an ordinary noun, without the historic dative.
anam: “soul”. The dative is generally anam, but occasionally found as anmain, which was the traditional form.
aondéag: “eleven”. Pronounced /e:ŋʹiag/ in WM Irish. The pronunciation could justify a spelling of éinnéag, although this would diverge greatly from the established orthography.
Aonghus an Bhroga: an Irish god and the son of the Dagda in Irish mythology. His name comes from the megalithic fort, Brú na Bóinne, in County Meath, which he is said to have dispossessed the Dagda of when he came of age. Brú (“residence”) is a variant of the rare word brugh, which is generally pronounced /brog/ in WM Irish. The name was spelt Aonghus an Bhrogha in the original here, but the genitive has been edited as bhroga in line with the presumed pronunciation. I am unclea as to the pronuncation of Aonghus (/e:nəs/ or /e:ŋəs/?).
beann: “peak”, but also “edge/skirt of a garment”.
brat: “cloak, robe”.
bunoscionn: “wrong, awry, not right”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
céadéaga: “eleven hundreds” (derived from céad+déag), and by extension, a “a high figure, or extreme of something; often used for death-throes”. Ag dul in sna céadéagaibh le neart gáirí, “to be dying with laughter”. Dinneen notes this word is only used in the dative plural.
ceirthlín: “a ball of thread; a round ball”, or ceirtlín in the CO. Pronounced /kʹar’hlʹi:nʹ/.
cluiche: “game”, but also “worrying/chasing/pursuit of an animal”.
cogarnach: “whispering”, a feminine verbal noun that becomes ag cogarnaigh in the dative; this distinction is not observed in the CO.
crích: “end”, or críoch in the CO. Críoch was also the spelling used in the original, but it has been edited here as crích in line with WM usage, where the historic dative has replaced the nominative. Most of PUL’s books have crích. The closing word críoch is, however, retained as given in the original, reflecting use of the classical spelling as a scribal device in noting the end of a book.
cú: “dog”, with con in the genitive singular and plural, coin in the dative singular, and coin in the nominative plural (where the CO has cúnna). is feminine in WM Irish, but masculine in the CO.
Daghdha Dearg (An Daghdha Dearg): the Dagda, a powerful god in Irish mythology. Daghdha is probably pronounced /dəi/.
dáiríribh: “indeed, actually, really”, or dáiríre in the CO. The form dháiríribh is found here after a vowel.
dúid: “stump”. Greim dúid, “an iron grip, a vicelike grip”, or greim dúide in the CO. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows that some speakers of WM Irish did use the genitive here, as in the CO (greim dúide), but as Dinneen’s dictionary shows both dúd and dúid as nominative forms, dúid may be a genitive here. CFBB shows that some speakers had dúid and some had diúid, although Brian Ó Cuív gave the transcription as /du:dʹ/. The original text here has diúid, with diúd in the notes, but PUL’s Séadna has greim dúid, which accords well with CFBB.
éagsamhlach: “extraordinary, uncommon”, or éagsúlach in the CO. Pronounced /iag’sauləx/.
éitheach: “falsehood”. Thugais d’éitheach, “that was a lie; you are lying”, where the slender s of thugais appears to de aspirate the follow t’éitheach, producing d’éitheach.
fáiscim, fáscadh: “to squeeze, tighten”. Fáscadh chun reatha, “to set off on a run”.
feidhm: “force, strain”.
gheibhim: “to get, find”. This is the absolute form of the verb faighim; the distinction is not observed in the Standard, which has faighim alone. The past participle used here is fálta, /fɑ:lhə/ corresponding to faighte in the Standard. Fachta is sometimes found in WM Irish with the same meaning.
giorrae: “hare”, or giorria in the CO. Pronounced /gʹi’re:/.
lámhacán: “creeping, crawling, on your hands and knees”.
Manannán mac Lir: the sea-god in Irish mythology, where lear means “sea”, referring to his father, an older sea-god, Lir or Ler, whose role Manannán later took over in Irish mythology.
mian: “desire”. Mian gach rí ar talúin, “the envy of all kings on earth; the ideal king; the greatest king on earth”.
nách: “isn’t it?”, nach in the CO, pronounced /nɑ:x/.
nádúr: “nature”, with nádúra in the genitive here, where the CO has nádúir.
Ruathaire: the name of a boy here, and a noun meaning “rover, gadabout, something that runs fast”.
sceamh: “yelp”. This is listed in the foclóirín of the early edition of An Cleasaidhe as masculine (see sceamh buile), but feminine in Ó Dónaill’s dictionary, and also in Dinneen’s. Dinneen does not list genitives and plurals, and the plural in Ó Dónaill’s dictionary (sceamhanna) seems to be generically formed, implying this word is rarely found in the plural.
sceamhaíol: “yelping, barking”, or sceamhaíl in the CO. As with all such verbal nouns, the WM form has a broad l. Pronounced /ʃkʹa’vi:l/.
sciotharnach: “gasping; the last faint gasp that precedes death”. This word is glossed in the foclóirín to the early edition of An Cleasaidhe, but is not found in dictionaries.
talamh: “land”. The dative is generally talamh, but talúin is found in the poem here (derived from the old genitive, talún).
teangmhaím, teangmháil: teagmhaím, teagmháil in the CO. With le, “to come into contact with something/someone”. Pronounced /tʹaŋə’vi:mʹ, tʹaŋə’vɑ:lʹ/.
tollaire: “a big, strong person”, or stollaire in the CO. Tollaire garsúin, “a strapping lad”.
truslóg: “hop, leap”.
tugaim, tabhairt: “to give”. The form do bheir is interesting, as this is used as a preterite of beirim in place of do rug in some of PUL’s works. However, there is a close relationship between the verbs beirim and tugaim, as the seldom-used absolute form of the verb tugaim is bheirim (originally do-bheirim). Dinneen’s dictionary shows that the third person singular of the present tense of do-bheirim is do-bheir, which generally occurs nowadays as tugann. The translation of do-bheir mórán, do-bheir beagán in Silva Gadelica is “he gives little or he gives much”, showing that this is a present-tense form here, a conjugated form of do-bheirim/tugaim and not of beirim. As the do here is not the perfective particle, the prefix should be followed by a hyphen.
únthairt: “rolling, tossing about”, or únfairt in the CO. Pronounced /u:nhirtʹ/.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Cleasaidhe, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s