An Leathchuma

Caibideal a hocht.

An Leathchuma

Nuair a bhí na Muímhnigh tar éis iompáil ó dheas abhaile ní raibh ag Giolla Dé le déanamh ach aire ’ thabhairt do sna creachaibh agus iad a chimeád le chéile agus iad a chomáint. Chimeád sé le chéile iad agus chomáin sé iad go breá, réidh, cneasta, agus Ó Conchúir agus a shlóite, an méid nár mhairbh na Muímhnigh díobh, ag teacht ’na dhiaidh ar a suaimhneas agus ar a socracht go dtí gur thánadar go bruach na Sionainne ar an dtaobh thiar, san áit ’na raibh dún Uí Chonchúir ar a n-aghaidh soir ar an dtaobh eile den abhainn. Bhí an chailleach Chonnachtach rómpu as san ag feitheamh leó. Do tugadh di na trí ba breaca agus an tarbh maol agus bhí sí sásta.

Do rugadh na creacha treasna na habhann go dún Uí Chonchúir. Tháinig Ó Conchúir isteach ’na dhún. Bhí sé traochta le tuirse agus dá loscadh le tart. Do tugadh árthach fíona ’na láimh do. Chuir sé an t-árthach chun a bhéil. Bhí sé ag ól an fhíona agus bhí an t-árthach ag éirí agus ceann Uí Chonchúir ag dul siar go dtí go raibh tón an árthaigh in áirde agus an braon deirineach den fhíon imithe siar i scórnaigh Uí Chonchúir. Do leog sé anuas an t-árthach agus thairrig sé anál mhaith; agus cé ’ chífeadh sé ’na sheasamh ar a aghaidh amach ach Giolla Dé.

“Tá leathchuma déanta agat orm, a Uí Chonchúir!” arsa Giolla Dé. “D’ólais do dheoch agus níor thugais aon deoch dómhsa. Gheallais ná déanfá leathchuma orm agus tá do gheallúint briste agat. Chuas leat chómh fada siar ó dheas le Trá Lí. Do choisceas an tóir agus chomáineas na creacha dhuit. Gheallais ná déanfí leathchuma orm. Sin ar iarras de thuarastal ort. Do thuilleas an tuarastal san go maith agus níor tugadh dom é. D’ólais-se féin do dheoch anois gan aon deoch a thabhairt dómhsa. Táim ag imeacht uait anois mar gheall air sin, a Uí Choncúir.”

“Ó, a Ghiolla Dé, ná himigh! Dearúd ab ea é! Ná himigh!” arsa Ó Conchúir. “Ná himigh uaim! Is tu an fear is feárr a bhí riamh agam! Ná himigh uaim anois!” Lena línn sin d’fhéach sé ’na thímpall féachaint an bhfeicfeadh sé duine éigin a thabharfadh deoch chun an Ghiolla Dé. Nuair ’ fhéach sé thar n-ais ar an áit ’na raibh an Giolla Dé ’na sheasamh ní raibh sé ann—bhí sé imithe mar a shloigfeadh an talamh é! Chomáin Ó Conchúir daoine anso agus ansúd ar fuid na háite ar a lorg. Ní raibh a thuairisc le fáil in aon bhall.

Do roinneadh na creacha. Do rug gach taoiseach a chion féin díobh abhaile leis agus do chimeád Ó Conchúir a chion féin díobh. Ansan do chuaigh Ó Conchúir agus muíntir a theaghlaigh a chodladh, mar bhí tuirse orthu. Chodladar an oíche agus cuid mhaith den mhaidean i ndiaidh na hoíche. Nuair ’ éiríodar ar maidin bhí scéal nua ar fuid na háite. Ní raibh aon tuairisc ar na creachaibh! Ní raibh bó caíora ná capall san áit ach an méid a bhí ann i gcónaí. Do cuardaíodh an dúthaigh mórthímpall. Ní raibh aon mhaith ann. Ní raibh oiread agus beithíoch cheithre gcos le fáil in aon bhall ach na beithígh a bhí i gcónaí ann.

Nuair a fuair an chailleach na trí ba agus an tarbh bhí sí lán d’áthas. Chuaigh sí a chodladh agus chodail sí go sámh. Nuair ’ éirigh sí ar maidin cad a chífeadh sí thall sa chúinne ach an cléibhín. “’Sea!” ar sise, “is maith a dhein Ó Conchúir é! Thug sé an croiceann ’s a lua chúm. Táid na ba agus an cléibhín agam anois!” D’imigh sí amach go bhfeicfeadh sí na ba arís. Ní raibh bó bhreac ná tarbh maol ann!

Níorbh fhada gur bhuail chúthu ó thuaidh, ’na dtriúraibh agus ’na ndeichniúraibh, na fir a measadh a fágadh marbh sa Mhúmhain! Bhíodar ag teacht go dtí go raibh gach aon fhear riamh acu sa bhaile slán.

Nuair a dh’iompaigh na Muímhnigh ón dtóir bhí brón agus tromchroí orthu. A lán dá ndaoine marbh agus iad ag teacht abhaile gan aon ní dá gcuid a thabhairt leó. Conas ’ fhéadfaidís aghaidh a thabhairt ar a mnáibh agus ar a gclaínn! Shroiseadar an baile. Is orthu ’ bhí an iúnadh agus an alltacht nuair a fuaradar na creacha go léir sa bhaile rómpu, agus na fir a maraíodh dar leó, an uile dhuine acu sa bhaile ’na shaol agus ’na shláinte!

Nuair a rugadh uaithi na trí ba agus an tarbh bhí an chailleach Mhuímhneach, thiar in aice Thrá Lí, go dúbhach agus go dobrónach. Do ghoil sí a dóthain. Nuair ’ bhí a dóthain guil déanta aici chuaigh sí a chodladh. Níor éirigh sí in aon chor ar feadh roinnt laethanta. Fé dheireadh d’éirigh sí agus bhuail sí amach. Cad a chífeadh sí amu’ sa chlós ach na trí ba breaca agus an tarbh maol! Bhí iúnadh uirthi. Fé dheireadh do thuig sí an scéal, dar léi.

“Mo ghraidhin croí sibh, a fheara Múmhan!” ar sise. “Is oraibh ba gheárr an mhoíll na creacha do theasargan agus do thabhairt libh abhaile! Is oraibh nách miste bheith ag brath! ’Sea! Bíodh an méid sin ag Ó Conchúir agus ag á shlua! Féachfaid siad rómpu sara dtiocfaid siad aduaidh arís. Is dócha gur maraíodh a bhformhór, agus is maith an scéal é!”

D’imigh sí agus do chrúigh sí na trí ba. Bhí bainne maith acu. Bhí sí sásta ’na haigne.

“’Sea!” ar sise, “tá an cléibhín agus na ba agam anois gan baochas!”

D’imigh sí chun na háite ’nar fhág sí an cléibhín go bhféachfadh sí arís air. Ní raibh sé ann! Bí iúnadh uirthi. Ní fheidir sí ’en domhan cad a bhí imithe air nú cad a bhéarfadh chun siúil é. Do chuardaigh sí gach aon áit sa tigh agus tímpall an tí do, le heagla go mb’fhéidir gurbh amhlaidh a dh’aistreódh sí é i ganfhios di féin nuair a bhí an bhuairt uirthi. Ní raibh aon mhaith sa chuardach. I bhfad ’na dhiaidh san do hínseadh di go raibh an cléibhín thuaidh sa bhaile ag an gcailligh thuaidh ach dob fhada gur chreid sí é; agus go dtí lá a báis do theip uirthi a dhéanamh amach conas a rugadh ó thuaidh é.

An mhuíntir a chas ón dtóir is orthu ’ bhí an iúnadh agus an alltacht nuair a fuaradar rómpu sa bhaile na creacha go léir agus na fir a mheasadar a maraíodh.

“Ó,” aduairt na mná agus na seandaoine, “do dheineabhair an gnó go hálainn! Níor leogabhair oiread agus uan caoireach leó ó thuaidh! Tá ana-ghníomh déanta agaibh!” Ní raibh i mbéal éinne ach cainnt den tsórd san. Do labhair duine den mhuíntir a chas ón dtóir le duine den mhuíntir a maraíodh, dar leis.

“Ná feacaigh mo dhá shúil ar lár tu,” ar seisean, “agus saighead tríod chliabh, isteach trí chléithín t’uchta agus amach tríod dhrom!”

“Chonac féin an saighead ag teacht,” arsan fear, “agus mheasas gur ghoibh sé tríom chliabh agus thiteas, ach nuair a bhíobhair go léir imithe thorm do dhúisíos fé mar a dhúiseóinn as mo chodladh. D’éiríos im sheasamh. Níor mhothaíos teinneas ná lagachar a bheith orm agus níor dheineas ach iompáil aduaidh abhaile. Agus féach,” ar seisean, “níl poll im chliabh ná im dhrom!”

“Is uathásach an scéal é!” arsan fear a chuir an cheist.

D’fhan an scéal ar an gcuma san. Ní áiteódh an saol ar an muíntir a bhí sa bhaile ná gurbh iad na Muímhnigh a bhí ar an dtóir do sháraigh agus do thug abhaile na creacha agus ní áiteódh an saol orthu san ná gur rugadh na creacha ó thuaidh ar fad go dún Uí Chonchúir dá n-ainneóin! Ach ba chuma é ó bhí na creacha sa bhaile agus gan éinne de sna fearaibh in easnamh orthu.

Má bhí iúnadh ar na Muímhneachaibh gan éinne de sna fearaibh a bheith in easnamh orthu bhí iúnadh chómh mór leis ar na Connachtaibh agus ar Ó Conchúir féin. Chonaic a dhá shúil fir Connacht ag titim ’na sraitheannaibh nuair a scread sé ar Ghiolla Dé dul siar agus an tóir do chosc nú ná raghadh Connachtach abhaile beó, agus b’in iad na fir go léir sa bhaile slán folláin anois aige, gan oiread agus aon fhear amháin in easnamh orthu! B’uathásach an scéal é!

Nóta

Den mhaidean: note the lack of the dative, maidin, here.

Foclóirín

abha: “river”. The genitive is abhann and the dative abhainn, but the dative has replaced the nominative in the CO. Pronounced /au/, /aun/ and /auŋʹ/.
ag: “at”. The combination ag á, corresponding to ag a in the CO, is pronounced /i’gʹɑ:/.
anál: “breath”, or anáil in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
baochas: “thanks”, pronounced /be:xəs/; buíochas in the CO. Buidheachas stood in the original. Gan baochas (do dhuine), “in spite (of him)”.
cléithín: normally “surgical splint”, but cléithín uchta is “breastbone” here (cnámh an uchta in the CO).
croiceann: “skin”, craiceann in the CO. Pronounced /krekʹən/ or /krokʹən/ in traditional WM Irish.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin.
iúnadh: “wonder, surprise”, or ionadh in the CO. Pronounced /u:nə/. It is worth pointing out that this word is feminine in PUL’s works (an iúnadh), but masculine in the CO.
leathchuma: “an injustice; unfair advantage (over someone)”.
lua: “value”, or luach in the CO. This is normally luach or luacht in WM Irish, but was spelt luagh in the original here. An croiceann is a lua(ch) a bheith agat, “to have it both ways”.
maraím, marú: “to kill, slay”. Note the preterite is do mhairbh sé, /vɑrʹivʹ/, where mharaigh sé would be found in the CO.
sroisim, sroisiúint: “to reach”, or sroichim, sroicheadh in the CO.
tar/thar: “through, across, past”. Thorm, “past me”, spelt tharam in the CO; pronounced /horəm/.
tón: “bottom”, or tóin in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
treasna: “across” or trasna in the CO. Pronounced /trʹasnə/.
tromchroí: “melancholy, heaviness of heart”, pronounced /tromə-xri:/.
ucht: “breast”. Cléithín uchta, “breastbone”. The genitive is spelt ochta in the original here; further research on the WM pronunciation in the genitive required.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Cleasaidhe, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s