An Mála Cleasaíochta

Caibideal a naoi.

An Mála Cleasaíochta.

Díreach nuair a bhí muíntir Uí Chonchúir Sligigh ag rith anso agus ansúd trí sheómraibh an dúna, agus trí phóirsíbh agus trí pháirceannaibh lasmu’ den dún, ag lorg an Ghiolla Dé, bhí Tadhg Ó Ceallaigh agus muíntir a thíre cruinnithe ar an bpáirc ar aghaidh a dhúna féin amach aige, in aonach lánoireachtais. Bhí Tadhg ag féachaint ar an aonach agus é ag cainnt le beirt nú triúr uaisle. Chonacadar ag déanamh orthu tríd an aonach stracaire fir agus mála ar a leathghualainn aige, díreach mar a bheadh bacach a bheadh a d’iarraidh déarca. Níor stad sé go dtáinig sé i láthair Thaidhg.

“Go mbeannaídh Dia dhíbh, a Thaidhg Uí Cheallaigh!” ar seisean.

D’fhéachadar go léir air. Ansan do fhreagair an rí é. “Go mbeannaídh Dia ’s Muire dhuit, a fhir mhaith,” ar seisean, agus d’fhéach sé ar an stracaire ó mhullach talamh. Níor róchneasta an fhéachaint í agus níor ródheas an radharc a chonaic sé. Níor mhiste stracaire ’ thabhairt ar an bhfear. Bhí an uile bhalcais dá chuid éadaigh go stollta agus go stracaithe. Ach má bhí mála air ní gan arm a bhí sé. Bhí claíomh ceangailte fan chuím air, ach bhí leath na truaille imithe agus bhí leath an chlaímh nochtaithe laistiar de.

“Cár ghabhais-se chúinn, a fhir mhaith?” arsa Tadhg Ó Ceallaigh.

“Ó thig Uí Chonchúir Sligigh do thánag anso anois,” arsan stracaire, “agus ó thig Mhic Eochaidh, i Logán Laighean, a thánag go tigh Uí Chonchúir. Ó thig Sheáin mhic an Iarla a chuas go tigh Mhic Eochaidh, ó thigh Uí Dhónaill i mBéal Átha Seannaigh a chuas go tigh Sheáin mhic an Iarla, agus ó bhaile Rí Alban a thánag go tigh Uí Dhónaill. In Aileach na rí do rugadh me. Bím lá in Íle agus lá i gCeann Tíre, lá i Manainn agus lá i Reachlainn, agus lá ar Fionncharn na Faraire i Sliabh Fuaid.”

“Is iúntach an fánaí thu!” arsa Tadhg.

“Is fíor san, a rí,” arsan stracaire, “ní féidir liom fanúint i bhfad in aon áit amháin choíche. Táim ró-aerach. Do shiúlaíos na háiteanna úd go léir, mar aduart, agus is agatsa anso atáim anois, a Thaidhg Uí Cheallaigh,” ar seisean.

“De réir mar a labhrann tú tá aon mhaith amháin ionat pé’r domhan é,” arsa Tadhg.

“Cad é an t-aon mhaith amháin é sin led thoil, a rí?” arsan stracaire.

“Ná beidh tú agam i bhfad,” arsa Tadhg.

Do gháir a raibh láithreach agus do gháir an stracaire leó go bínn. “Ní fear doichill aduairt riamh é, a rí,” ar seisean.

“Cad is ealaí dhuit? Ní dó’ liom gur bacachas is gairm beatha dhuit. Más ea níl eólas ceart ar do cheird agat,” arsa Tadhg.

“Cá bhfios duit led thoil, a rí, ná fuil eólas ar bhacachas agam?”

“Már níl do mhála chómh teann agus ba dhó’ liom a bheadh sé dá mbeadh an t-eólas agat. Cad ’tá agat sa mhála?” arsa Tadhg.

“Cleasaí maith is ea me, a rí,” arsan stracaire, “agus sid é mo mhála cleasaíochta.”

“An bhfuil a lán cleas agat?” arsa Tadhg.

“Tá, a rí,” arsan stracaire, “ar mhaith leat go ndéanfainn cleas acu dhíbh?”

“Dein,” arsa Tadhg.

Bhí na daoine a bhí ’na gcóngar ag druidim chúthu ag faire orthu agus ag éisteacht leó. Do staith an cleasaí trí brobhnacha beaga féir as an dtalamh agus chuir sé ar a bhais chuige iad, brobh acu i lár baíll agus an dá bhrobh eile mar adéarfá órlach amach uaidh ar gach taobh.

“Féach, a rí,” ar seisean, “an dó’ leat an bhféadfadh duine an brobh láir sin do chur as san le séid dá anáil agus an dá bhrobh eile d’fhágaint ann?”

“Measaim,” arsan rí, “go mbéarfadh an anál na trí cínn léi dá ainneóin.

“Déanfadsa an cleas san duitse, a rí,” arsan cleasaí, “má thugann tú chúig marga dhom.”

“Tabharfad,” arsa Tadhg.

Do chuir an cleasaí dhá mhéar leis ar an dá bhrobh imeallacha agus ansan do chuir sé puth dá anáil fén mbrobh láir agus shéid sé dá bhais é. Do sceart a raibh ag féachaint air ar gháirí.

“Ná bac iad féin, a chleasaí,” arsa Tadhg.

“Cleas maith is ea é. Is fiú é díol as. Seo,” ar seisean, agus shín sé chuige an t-airgead. “Ní bheidh orm díol arís as an gcleas san,” ar seisean.

Bhí fear de mhuíntir Thaidhg ag féachaint ar an gcleas agus tháinig fearg air.

“Preit! a dhuine,” ar seisean, “ar nóin ní cleas é sin! Más é sin saghas cleas atá sa mhála agat ní cleasaí in aon chor tu. Le feall a fuarais an t-airgead san ón rí. Ní ceart duit é ’ chimeád. Cheapamair go léir go ndéanfá an cleas gan aon mhéar do chur ar an dá bhrobh imeallacha. Bhuailis do dhá mhéar ar an dá bhrobh. Conas ’ fhéadfadh t’anál iad a bhreith chun siúil nuair a bhí an dá mhéar agat anuas orthu go daingean. Ní cleas a dheinis, ach is amhlaidh a bhuailis bob orainn. Is breá bog a thuilleann tú do bheatha má gheibheann tú chúig marga as gach aon bhrobh a shéideann tú ded bhais ar an gcuma san! B’fheárr liom go dtabharfadh an rí chúig marga dhómhsa gach aon uair a dhéanfainn é.”

“Tabharfadsa leath an airgid seo dhuit má dheineann tú é, ach é ’ dhéanamh díreach mar a dheineas féin é,” arsan cleasaí.

“Tabharfair amás!” arsan fear.

“Cuirfead anso ar láimh an rí é,” arsan cleasaí, “agus tugadh an rí dhuitse é má dheineann tú an cleas, ach go ndéanfair é díreach mar a dheineas féin é. An bhfuilir sásta leis sin?”

“An daighe ach táim,” arsan fear.

Chuir an cleasaí leath an airgid ar láimh an rí, os cómhair a raibh láithreach, chun go dtabharfadh an rí don fhear é dá ndeineadh sé an cleas.

“An ndéanfair an cleas?” arsan cleasaí.

“Amaí ach déanfad!” arsan fear, “ní fheicim, áfach, go bhfuil aon chleas in aon chor ann.”

“Ach féach,” arsan cleasaí, “mura ndéanfair é díreach mar a dheineas-sa é níl an t-airgead le fáil agat.”

“Ná bí am bodhradh, a dhuine! ar nóin níl aon chuma eile chun a dhéanta ach an chuma ’nar dheinis-se é. Cad a dheinis ach do dhá mhéar a chur ar an dá bhrobh imeallacha agus ansan an brobh láir do shéideadh le t’anál! Ná déanfadh aon amadán an méid sin!” arsan fear.

“Comáin leat más ea agus dein é,” arsan cleasaí.

Do chrom an fear agus do staith sé trí brobhnacha féir as an bhfód a bhí féna chois. Chuir sé na trí brobhnacha ar a bhais chuige. Ansan do bhuail sé a dá mhéar go daingean ar an dá bhrobh a bhí imeallach. Ansan do chrom sé a cheann agus shéid sé puth dá anáil féin mbrobh a bhí i lár baíll. Chómh luath agus do luigh an anál ar an láimh siúd síos an dá mhéar tríd an láimh agus amach trína drom! Do scread an fear bocht agus do bhéic sé.

“Ó foth foth, a dhuine,” arsan cleasaí, “ní mar sin a dheineas-sa an cleas! Cad ba ghá dhuit do mhéireanna do shá síos tríod láimh. Dúraís go ndéanfá an cleas díreach mar a dheineas-sa é. Níor dheinis; tá an t-airgead caillte agat.” Agus lena línn sin tháinig sé anall in aice an fhir agus thairrig sé luibh as a phóca agus do rug sé ar na lámha a bhí ceangailte dhá chéile agus chimil sé an luibh díobh. Thánadar ó chéile go breá. Do chrom an fear ar iad d’iniúchadh. Ní raibh poll ná rian poíll sa láimh ’na ndeigh na méireanna tríthi. D’fhéach sé ar na méireannaibh. Ní raibh aon rian fola orthu. Ní fheidir sé ó thalamh an domhain conas a chuaigh na méireanna tríd an láimh ná conas nár fhágadar aon pholl ’na ndiaidh inti, ná conas ná raibh fuil le feiscint orthu féin ná ar an láimh.

Ansan is ea ’ thuig Tadhg Ó Ceallaigh agus na daoine a bhí láithreach ná raibh an cleas chómh mór gan brí agus a mheasadar ar dtúis. Do ghlaeigh Tadhg chuige an fear agus d’iniúch sé an lámh go maith. Bhí a raibh ann ag iniúchadh na lámha agus ag iniúchadh na méar. Bhí iúnadh agus alltacht orthu. Thabharfadh gach éinne acu an leabhar go bhfeacaigh a dhá shúil na méireanna síos tríd an láimh agus amach trína drom agus b’in í ansúd anois í, os cómhair a súl, agus í chómh slán, chómh glan, chómh beag rian aon ní i bhfuirm poíll, le láimh aon fhir eile dá raibh san áit!

Bhíodar go léir ar feadh tamaill ag déanamh iúnaidh den chuma ’nar chuir an fear a dhá mhéar síos trína dheárnainn, agus ansan den chuma ’nar chneasaigh an cleasaí an lámh i dtreó nár fhan poll ná rian poíll inti; cuid acu dhá rá ná deigh na méireanna síos in aon chor tríd an láimh agus tuilleadh acu, agus an fear féin, dhá dheimhniú go ndeaghadar, agus go bhfeacthas barra gach méire dhíobh amach trí dhrom na lámha. Bhí asal ceangailte de charra beag trucaileach tamall anonn ón áit ’na raibh Tadhg ’na sheasamh. Bhíodh na cuileanna ag teacht ar chluasaibh an asail agus ar a cheann, agus chroitheadh sé a cheann anois agus arís. Uaireanta, nuair a thagaidís ar chluais leis, gan teacht ar an gcluais eile, do chroitheadh sé an chluas san gan aon chor a chur den chluais eile.

“Féach, a rí,” arsan cleasaí, “mar a chorraíonn an t-asal san cluas leis gan an chluas eile do chorraí.”

“Chím é,” arsa Tadhg Ó Ceallaigh, “cad ’tá iúntach ansan?”

“Nách iúntach an rud, a rí,” arsan cleasaí, “go bhféadann an t-asal san rud a dhéanamh ná féadfadh rí a dhéanamh.”

“Ní fhéadfadh aon duine eile é a dhéanamh ach chómh beag le rí,” arsa Tadhg.

“Dá dtugthása chúig marga eile dhómhsa, a rí,” arsan cleasaí, “do dhéanfainn an cleas san.”

“Cad é an cleas?” arsa Tadhg, agus chuir gach éinne cluas air féin.

“Cluas liom do chorraí ar mo cheann gan an ceann ná an chluas eile do chorraí,” arsan cleasaí.

“Dá ndeintá é sin déarfainn gur cleas dáiríribh é murabh ionann is an cleas a dheinis leis an mbrobh!” arsan fear céanna úd.

“Déanfad é má gheibhim na chúig marga ón rí,” arsan cleasaí.

“Gheóbhair na chúig marga,” arsan rí, “má chorraíonn tú cluas leat gan do cheann ná an chluas eile do chorraí.”

Tháinig an cleasaí agus sheasaimh sé ar aghaidh an fhir eile amach.

“Fair ar mo chluasaibh go géar anois,” ar seisean.

“Táim ag faire orthu,” arsan fear eile.

“Ceoca cluas ba mhaith leat do chorróinn?” arsan cleasaí.

“Corraigh an chluas chlé,” arsan fear eile.

Níor dhein an cleasaí ach a lámh chlé do chur suas agus breith ar an gcluais agus í ’ chorraí leis an láimh.

“Greadadh chút, a chladhaire,” arsan fear, “ar nóin do chuiris do lámh chúithi! Is led láimh a chorraís í!”

“Lem láimh gan amhras. Ar nóin ní lem chois a mheasais do chorróinn í!” arsan cleasaí.

“Tá go breá! Dúraís go gcorrófá í fé mar a chorraíonn an t-asal a chluas, gan a cheann ná an chluas eile do chorraí in aon chor. Mheasamair go gcorrófá í gan aon lámh a chur ’na gaire,” arsan fear.

“Cad é sin dómhsa cad a mheasais ná cad nár measais!” arsan cleasaí. “Duairt go gcorróinn cluas liom gan mo cheann ná an chluas eile do chorraí. Níor thráchtas in aon chor ar an asal nuair aduart an méid sin. Do dheineas an rud aduart a dhéanfainn. Fágaim fén rí féin é, ceoca ’ dheineas é nú nár dheineas.”

“Is fíor,” arsa Tadhg, “gur dheinis an rud adúraís a dhéanfá. Seo dhuit an t-airgead.”

“Ó faire, a rí,” arsan fear, “ná tabhair an t-airgead do. Ní cleasaí ceart in aon chor é. Mheasas, agus mheasais-se, a rí, agus mheas gach éinne atá láithreach, go gcorródh sé an chluas fé mar a chorraíonn an t-asal a chluas, gan aon lámh a chur chúithi. Níor dhein. Níor thuíll sé an t-airgead, a rí. Ní ceart an t-airgead a thabhairt do.”

“Nách greannmhar an duine thu!” arsan cleasaí. “Conas ’ fhéadfadh asal lámh do chur chun a chluaise agus gan an lámh aige!” Do gháir a raibh láithreach.

“Cad chuige dhuit trácht ar an asal in aon chor, más ea?” arsan fear. “Chuiris ag cuímhneamh ar an asal sinn,” ar seisean. “Is ar an asal a bhíos-sa ag cuímhneamh nuair a bhíos ag faire ar do chluais.”

“Is mairg dhuit ná raibh ag cuímhneamh ar rud éigin in inead an asail,” arsan cleasaí.

“Is fíor,” arsan fear. “Bhí sé ceart agam ’ fhios a bheith agam nár bhaol go ndéanfása an cleas adúraís a dhéanfá.”

“Dheineas an cleas aduart a dhéanfainn,” arsan cleasaí, “cleas ná déanfása dá mhéid cainnt agat.”

“An amhlaidh a mheasfá a rá go bhfuil aon fhear anso ná déanfadh an rud a dheinis-se! A chluas do chorraí lena láimh!”

“Cuirfead aon gheall is maith leat, leat féin nú le haon fear anso, ná déanfairse do chluas féin do chorraí led láimh.”

“Éist do bhéal, a dhuine!” arsan fear.

“Féach!” ar seisean, agus chuir sé suas a lámh agus chrom sé ar a chluais chlé do shuaitheadh lena láimh. Ní raibh ach cúpla suaitheadh bainte aige aisti nuair a tháinig sí leis ’na láimh óna cheann ar fad, agus do ghluais an fhuil ’na sruthán anuas fan na gualann air! Do leath a súile ar a raibh láithreach. “Ó,” ar siad, “tá an duine marbh!”

“Ó foth, foth, a dhuine,” arsan cleasaí, “cad ba ghá dhuit an chluas do stathadh dhíot féin ar an gcuma san! Ná féadfá í ’ bhogadh go breá réidh mar ’ bhogas-sa mo chluas!”

Bhí an fear ag féachaint ar an gcluais agus í ’na láimh aige, agus é, ba dhó’ le duine, as a mheabhair le huathás agus ná feidir sé ’en domhan cad a bhí imithe air.

“Leighis an chluas, a chleasaí, fé mar a leighisis an lámh,” arsan rí.

Do dhruid an cleasaí anonn in’ aice agus bhuail sé clabhtóg mhaith throm fan a leathchínn air san áit ’nar cheart an chluas a bheith agus do leag sé é. D’éirigh sé chómh luath agus d’fhéad sé é. D’fhéach sé arís ar an gcluais a bhí ’na láimh aige, dar leis. Ní raibh ’na láimh aige ach blúire de sheanacheairt! Chuir sé a lámh in áirde chun a leathchínn. Bhí an chluas slán folláin ar a leathchínn san áit ’nar cheart í ’ bheith.

“Ó seachain!” arsan cleasaí, “ná staith anuas arís í!”

D’fhéach an fear air go diomách. Níor thug sé aon fhreagra air áfach. Níor dhein sé ach imeacht leis féin i measc na ndaoine. Ní bhfuair sé aon tsuaimhneas go ceann i bhfad ach na daoine go léir ag brú isteach ’na thímpall ag iniúchadh na fola agus ag féachaint ar an seanacheairt.

“Ó, féach,” arsa cuid acu, “níor scaradh an chluas san riamh le ceann an duine! Níor briseadh an croiceann san riamh! Agus féach! Ní fuil a tháinig in aon chor ón gceann!”

“Thabharfainn an leabhar,” adeireadh duine, “go bhfeaca an chluas ag teacht ón gceann amach! Is uathásach an scéal é!”

“Thabharfainn féin an leabhar,” arsan fear, “gur airíos préamhacha mo chluaise dá mbriseadh nuair a bhí sí ag teacht liom amach óm cheann, agus ansan thabharfainn an leabhar go raibh sí im láimh agam agus gur mhothaíos a croiceann agus a féithleóg, go dtí gur bhuail sé buille dhá bhais sa leathcheann orm. Do leagadh me. Ansan nuair ’ éiríos, ní raibh im láimh agam ach an tseanacheairt sin. Chuireas suas mo lámh chun mo leathchínn agus fuaras an chluas ’na háit féin.”

Lena línn sin chuir sé a lámh suas arís chun na cluaise, fé mar ba mhaith leis deimhin a dhéanamh de go raibh sí ann. Bhíodh an lámh in áirde go minic aige ar an gcuma san agus níorbh fhada gur thug na daoine fé ndeara é agus go mbíodh ana-shult acu á bhaint as. Ar ball ní bhíodh d’ainm acu ar an bhfear san ach, “fear na leathchluaise.”

Nuair a chonaic na daoine an dá chleas san ón gcleasaí, cleas na mbrobh agus cleas na cluaise, dhá chleas a ceapadh ar dtúis a bhí leanbaí go leór agus go bhfeacthas ’na dhiaidh san go raibh cómhacht iontu nárbh fhéidir a thuiscint, bhí iarracht d’eagla ag teacht acu roimis an gcleasaí. Ní raibh aon fhonn as san amach ar éinne aon chur isteach a dhéanamh air.

Nótaí

Dhá mhéar: “two fingers”. Note the lack of the dative dual here, dhá mhéir.
Am bodhradh: “bothering me”. Note the delenition of the verbal noun across the labial boundary.
Le t’anál: “with your breath”. Not the lack of the native, anáil, here.

Foclóirín

ag: “at”. Am: the combination of ag, the particle governing the verbal noun, with a first-person singular pronoun object. This would be do mo in the CO (an extremely inauthentic form).
amás: an interjection of incredulity; “surely, indeed”. Ó Dónaill’s dictionary shows this is a variant of ambaiste (ambasa in WM Irish).
amaí: “indeed”.
an daighe: “the Dagda, a powerful god in Irish mythology; by extension, really, indeed!” Pronounced /ən dəi/. An daighe is given as don daighe in Foclóir Gaeilge-Béarla, but the etymology is unclear and the first syllable may just be the definite article. Spelt andaigh in the original here.
ar nóin: “of course, no doubht”, dar ndóigh in the CO. Ar nóin is derived from dóin, given in PSD1927 as a corruption of dóigh (transcribed where found here as dó’).
bacachas: “begging”.
brobh: “blade (e.g., of grass)”, with the plural here brobhnacha, where the CO has broibh. Possibly pronounced /brov, brounəxə/.
ceairt: “rag”, or ceirt in the CO.
deárna: “palm of the hand”, with the dative here deárnainn, where deárnain is also found.
deirim, rá: “to say”. Mar adéarfá, “roughly, approximately”.
diomách: “disappointed, dejected”, or díomách in the CO.
ealaí: “art, skill”, or ealaín in the CO, where the dative has replaced the nominative. Cad is ealaí dhuit?, “what is your profession/trade in life?”
fágaim: “to leave”, with the verbal noun fágaint/fágáilt, i.e. fágáil in the CO.
féithleóg: “sinew, muscle (especially small ones); gristle”, or féitheog in the CO.
iarracht: “attempt”, but also “a bit, a certain amount of something”. Iarracht d’eagla, “a certain amount of fear”.
iniúchaim, iniúchadh: “to scrutinise”.
lámh: “hand”. Note that the nominative singular (and genitive plural) is pronounced /lɑ:v/ with the genitive singular (lámha) and the nominative plural (lámha) both pronounced /lɑ:/. PUL explained in his Notes on Irish Words and Usages that the genitive of this word should be lámha and not láimhe, and he generally adheres to this usage. The original here has láimhe for the genitive, but this is edited as lámha, in line with PUL’s pronunciation. The dative singular (láimh) and the dative plural (lámhaibh) are both pronounced /lɑ:vʹ/. PUL was insistent that this word had a nasal vowel, and thus was audibly distinct from , “day”, but such nasalisation is not a feature of modern day WM Irish.
leanbaí: “childlike”, spelt leanbhaí in the original, but edited here in line with the pronunciation, /lʹanə’bi:/.
leathcheann: “side of the head”.
leighisim, leigheas: “to remedy, cure”, leigheasaim, leigheas in the CO.
Logán Laighean: “the Valley of Leinster”. The identification of this placename is unclear.
marg: “mark; a silver coin worth 13 shillings and 4 pence”, with the plural here marga, where the CO has mairg. Pronounced /mɑrəg/.
préamh: “root”, or fréamh in the CO.
séid: “puff, gust, blowing”. This word is not given in dictionaries, which have séideadh.
sid é: “this is, here is”, corresponding to siod é in the CO.
staithim, stathadh: “to pick, pluck”, stoithim, stoitheadh in the CO.
Tadhg Ó Ceallaigh: the notes to the early edition of An Cleasaidhe indicate that either Tadhg, son of M’leachlainn, lord of Hy Many, who died in 1513, or Tadhg Rua, lord of Caladh, who died in 1519, may be being referred to here. Note that the Ó Ceallaigh surname is pronounced /o: kʹalə/, in line with dialectal rules on the pronunciation of  igh in surnames.
téim, dul: “to go”. It is worth noting that the dependent form is not often used in WM Irish in the past tense. PUL’s usage is mixed; he normally writes gur chuaigh, although go ndeigh /nʹəigʹ/ is also found in this work. In the CO the absolute/dependent contrast is observed, as go ndeachaigh.
truaill: “sheath, scabbard”.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s