86. An Bolg agus an Chuid Eile de sna Ballaibh Beatha.

D’éirigh toirmeasc idir bhallaibh beatha an duine uair éigin fadó. An bolg fé ndeár é. Do thuig an chuid eile acu gur isteach sa bholg a théadh gach aon bhlúire de thoradh a saothair, agus go rabhadar creachta aige, agus ná deineadh sé féin aon bhlúire oibre, ach é deargdhíomhaoin, ag ithe agus ag ól an uile bhlúire bídh agus an uile bhraon dí dá bhféadaidís a sholáthar.

“Féach,” arsan chos, “an saghas bróige tá orm! Siúlaim a lán agus deinim a lán soláthair, ach sloigeann sé sin gach a bhféadaim a chruinniú agus ní fhágann sé blúire agam féin chun bróige ’ cheannach.”

“Tá an scéal céanna agamsa,” arsan chos eile. “Táim geárrtha ón mbóthar agus táim míllte ag fuachtáin, agus ní féidir liom bróigín a chur orm féin, bíodh gur mó bróg bhreá mhaisiúil a gheóbhainn ar a bhfuil tabhartha don bholg san agam le bliain.”

“Tá an scéal céanna agamsa,” arsan lámh chlé.

“Tá agus agamsa,” arsan lámh dheas.

Mar sin dóibh sa tímpall. Shocraíodar go stadfaidís d’obair.

“Ní shiúlódsa ciscéim eile dho an fhaid a mhairfead!” arsan chos chlé.

“Ná mise!” arsan chos dheas.

“Ní dhéanfad stróc eile oibre dho,” arsan lámh chlé.

“Ná mise!” arsan lámh dheas. “Ná ní chuirfead blúire eile bídh isteach ann, ná braon dí, dá mbeadh sé ag fáil bháis le hocras agus le tart!”

Dheineadar go léir sa tímpall an socrú céanna.

“Fanaidh libh go fóill,” arsan bolg.

D’imigh an lá san agus bhí gach éinne sásta. “Ó,” ar siad, “nách trua nár chuímhníomair air sin fadó!”

Tháinig an lá amáireach.

“Ní bhraithim me féin ar fónamh,” arsan chos chlé. “Táim lag ionam féin ar chuma éigin ná tuigim.”

“Tá lagachar éigin ormsa, leis,” arsan chos eile.

“Ach, sínidh amach sibh féin,” arsan lámh chlé, “agus imeóidh an lagachar san.”

Dheineadar.

Chuireadar lá agus oíche eile dhíobh. Bhí an lagachar ag méadú orthu go léir. Ba gheárr go rabhadar chómh lag san gurbh ar éigin a bhí iontu corraí. Bhíodar dhá chuímhneamh gurbh é an bás a bhí ag teacht orthu agus bhí scannradh ag teacht orthu.

Ansan do labhair an bolg.

“Tá dearúd mór oraibh,” ar seisean. “Is dó’ libh ná deinimse aon obair. Deinim go deimhin. Bím ag obair coitianta anso istigh, i ganfhios díbhse. Nuair a thugann sibhse bia agus deoch dómhsa oibrímse anso istigh iad i dtreó go mbainim an neart astu agus ansan cuirim an neart san mórthímpall ionaibhse. An bia a thugabhair dom dhá lá ó shin, tá an méid nirt a bhí ann ídithe, agus dá bhrí sin níl aon neart agam anois le tabhairt díbh. Imídh anois,” ar seisean, “agus tugaidh tuilleadh bídh agus dí dhom, agus geallaim dhíbh gur geárr go mbainfeadsa an lagachar díbh.”

Thugadar chuige an bia agus an deoch, agus ba gheárr go raibh a neart agus a misneach acu féin arís.

An Múineadh.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach ball de bhallaibh beatha an duine.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach duine sa lín tí.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach lín tí sa pharóiste.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach paróiste in Éirinn.

Tá a ghnó féin le déanamh ag gach duine sa náisiún, ón rí anuas go dtí bacach an mhála.

Deineadh gach éinne an gnó atá ceapaithe dho féin, agus deineadh sé sa cheart é, agus beidh an rath ar an ngnó go léir.

“Ar scáth a chéile a mhairid na daoine.” Ní fhéadfadh éinne maireachtaint ar an saol so in’ aonar.

Foclóirín 

bacach an mhála: “a vagrant or tramp carrying his belongings in a bag”.
ball: “limb”. Baíll beatha, “limbs, vital parts, parts of the body”.
deargdhíomhaoin: “utterly idle; with absolutely nothing to do”.
fuachtán: “chilblain”. Míllte ag fuachtáin, “blighted with chilblains”.
gearraim, gearradh: “to cut”. Note the rules set out in IWM on the lengthening of vowels before rr where rr is followed immediately by a consonant: geárrtha, /gʹa:rhə/. By contrast, the present-tense form and verbal noun are pronounced /gʹarimʹ, gʹarə/. The preterite and imperative also have a lengthened vowel (do gheárr sé, geárr), as the rr is not followed directly by a vowel. Geárrtha ón mbóthar, “cut by the road”, although dictionaries do not indicate this usage.
lín tí: “household”, or líon tí in the CO. Note that PUL’s works show consistent use of a slender n in this word in the nominative and dative as well as the genitive, possibly reflecting assimilation of the n to the following slender t.
stróc: “stroke”, or stróic in the CO. Stróc oibre, “a stroke of work”. This form is given in Dinneen’s dictionary as masculine, whereas stróic in the CO is feminine.
toirmeasc: “row, fuss”, pronounced /torʹimʹəsk/.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Aesop a Tháinig go hÉirinn, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s