Catilína 20

XX.

Nuair a bhí na daoine sin adúramair cruinnithe ag Catilína, bíodh go raibh sé tar éis mórán cainnte ’ dhéanamh le gach duine acu fé leith, do thuig sé gurbh é a bhuac labhairt leó go léir in éineacht agus iad do ghríosadh. Do rug sé leis iad go háit iargúlach ’na thigh agus tar éis gach fínné do chur as an áit do labhair sé leó mar seo.

“Mara mbeadh gurb eól dom úr neart agus úr ndílse bheadh caoi mhaith tagaithe in aistear; bheadh dóchas mór, fórlamhas, ’nár lámhaibh againn gan tairbhe; mar níor leór spadántacht dómhsa, ná an aigne ghuagach, chun scarúint le deimhin ar son neamhdheimhne. Ach ó fuaras sibhse cróga, dílis dom, ar a lán ócáidí móra, bheartaíos im aigne go dána, tabhairt fé ghníomh ana-mhór an-uasal, agus thuigeas, leis, pé leas nú aimhleas a bheadh dómhsa ann go mbeadh an rud céanna dhíbhse ann, óir, an t-aon mhian agus an t-aon fhuath a bheith ag daoine, sin é ’ dheineann caradas daingean.

Ach do chualabhair go léir cheana, gach duine agaibh fé leith, na nithe atá meabhraithe agamsa. Ach bíonn m’aigne dá gríosadh níos déine in aghaidh an lae nuair a bhreithním an saghas beatha atá rómhainn mara ndeinimíd féin fuascailt orainn féin. Mar, ó thit an stát fé smacht agus fé fhórlamhas na n-uathadh, is dóibh sin a thugaid ríthe agus tiarnaí an cháin a bhíonn orthu, is leó a dhíolaid pobail agus gínte cíos. Níl sa chuid eile againn, pé maith láidir sinn, idir uasal agus íseal, ach sloigisc, gan chreidiúint, gan údarás, fé chumas daoine ’na mbeadh eagal acu rómhainn dá mbeadh a cheart féin ag an stát. Tá gach creidiúint, gach cómhacht, gach onóir, gach saibhreas, acu súd, nú san áit ’nar toil leó. Níl fágtha againne acu ach an t-eiteachas agus an chúntúirt agus an daorbhreith agus an dealús. Is fir chróga sibhse. An fada ’ chuirfidh sibh suas leis an obair sin? Nárbh fheárr bás féin, go cróga, ná beatha mhífhoirtiúnach, aithiseach, a dh’imeacht uait fé tharcaisne, agus lucht an uabhair ag magadh fút?

Ach go deimhin agus go dearfa, de réir fírinne déithe agus daoine, tá an bua ’nár lámhaibh againne. Táimíd óg láidir agus ’na choinnibh sin táid siad súd cloíte le haois agus le saibhreas. Níl uainn ach tosnú. Raghaidh an gnó chun cínn uaidh féin. Agus conas is féidir d’éinne beó ’na bhfuil aigne fir aige fulag le hiad san a bheith lán de shaibhreas, agus iad á chaitheamh ag líonadh na bhfarraigí agus ag leibhéaladh na gcnuc, agus sinne gan oiread coda againn agus do chothódh sinn? Dhá theaghlach, nú breis, ag an nduine acu san agus sinne gan oiread is aon tigh amháin cónaithe in aon bhall againn? Nuair a cheannaíd siad san peictiúrí agus iomhátha agus órnáidí greanta, leagaid siad tithe nua agus cuirid siad suas tithe nua eile, tairrigid siad ar, agus oibríd siad an t-airgead ar gach aon tsaghas cuma, ach teipeann ar dhícheall a dtoile an saibhreas do shárú. Agus níl againne ach an dealús sa bhaile agus na fiacha lasmu’, donas cruaidh, agus súil le donas níos crua go mór. Cad tá fágtha in aon chor againn ach an t-anam mífhoirtiúnach so?

Cad chuige ná músclann sibh más ea? Féach ansúd í, os cómhair úr súl, an fhuascailt ’nar mhinic sibh ag tnúth léi, agus ’na teannta saibhreas, agus clú, agus cáil! na duaiseanna go léir atá ceapaithe ag an Ádh do lucht bua. An gnó, an t-am, an baol, an gátar, an saibhreas álainn a thiocfaidh as an gcogadh, sin iad na nithe chun duine ’ ghríosadh, agus ní cainnt. Glacaidh mise im shaighdiúir nú im thaoiseach. Ní bheidh m’aigne ná mo chorp in easnamh oraibh. Mar a mheasaim oibreód iad araon díbh im Chonsal, mara rud é gur mealladh me agus gur túisce libhse bheith fé chois ná bheith in uachtar.”

Foclóirín

am: “time”, but often as here “chance, opportunity”. Pronounced /aum/.
breithním, breithniú: “to consider,” or breathnaím, breathnú in the CO. Breathnaím must have been used in WM too, as IWM has an example of it. However, PUL consistently uses breithním. The CO has a distinction between breathnaím, meaning “to observe, examine, consider”, and breithním, meaning “to judge, adjudicate”, but there is no trace of such a distinction in PUL’s works.
ceart: “justice”, but a cheart, “its proper state”. Dá mbeadh a cheart féin ag an stát, “if the state were being run properly, if the state were in a sound condition”.
cloím, cloí: “to wear down, subdue”. Cloíte le haois, “debilitated with age”.
creidiúint: “credit”, but gan chreidiúint here means “without reputation/honour”.
donas: “bad luck, misfortune”. Donas cruaidh, “hard times, a bad lot in life”.
eiteachas: “refusal”. This is glossed in the notes to an early edition of Catilína as referring to defeat in elections, i.e. that Catilina and his men were being denied access to the senior offices of state. Pronounced /ə’tʹaxəs/.
iargúlach: “remote, out of the way”, or iargúlta in the CO.
íomhá: “image, statue”. Note that PUL uses the plural íomhátha here, whereas íomhánna was used in his Niamh; the CO has íomhánna. Pronounced /i:’vɑ:, i:’vɑ:hə/.
leibhéalaim, leibhéaladh: “to level”, pronounced /lʹi’vʹialaimʹ, lʹi’vʹialə/.
mífhoirtiúnach: “unfortunate”, or mífhortúnach in the CO. Pronounced /mʹi:-or’tʹu:nəx/.
músclaim, múiscilt: “to awaken, rouse, stir”, or músclaím, múscailt in the CO.
neamhdheimhne: “uncertainty”, pronounced /nʹa-jəinʹi/.
ó: “from”. Uaidh féin, “of its own accord”. Raghaidh an gnó chun cínn uaidh féin, “the matter will proceed naturally once the ball is rolling”.
peictiúir: “picture”, or pictiúr in the CO, pronounced /pʹek’tʹu:rʹ/.
sáraím, sárú: “to outdo, overcome”, but also “to exhaust”. An saibhreas do shárú, “to exhaust the wealth”.
spadántacht: “lethargy, sluggishness, want of spirit”.
tairrigim, tarrac: “to pull”, or tarraingím, tarraingt in the CO. Pronounced /tarʹigʹimʹ, tɑrək/. This verb was in the first declension in PUL’s works. PUL used the spelling taraigid in the original, and Osborn Bergin’s Letiriú Shímplí has taruigid, as if the r were broad. A number of sources indicate that the verb traditionally spelt tarraingim has become fully aligned with tairgim, “I offer”, in modern Irish, but PUL may have had a broad r here. Tarrac ar airgead, “to draw on money, i.e. to spend it, especially lavishly”.
uathadh: “a small number; the few”. Most dictionaries do not list a plural, but PUL uses a genitive plural here, fé fhórlamhas na n-uathadh, “under the dominion of the few”. As uathadh in the singular already means “the few”, I am wondering if he could have said fé fhórlamhas an uathaidh. More research required here.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s