Sliabh na mBan bhFionn 11

XI.

Bhí dhá bhliain imithe. Bhí sí ag obair agus ana-chruach olla aici le cíoradh agus le slámadh agus le sníomh. Bhí an oíche tar éis titim, agus bhí an choinneal áirneáin ar lasadh aici, agus í dhá socrú féin chun na hoíche ’ chaitheamh ag obair. Do tógadh an laiste agus do hoscladh an doras, agus bhuail chúithi isteach an chéad bhean úd, agus caipín a clóca ar a ceann aici chómh fada san amach nár fhéad an bhean abhrais a dh’fheiscint ach an dá shúil,—ach bhí an dá shúil sin ar lasadh go géar agus go haibidh. Dhein sí suas ar an olann agus sháigh sí a dhá láimh ann, agus duairt sí:

“A bhean an bhréidín, más bréidín seo ar siúl agat,

Cíoram é, slámam é; ach is feárrde sinn cúnamh ’ fháil,”

Is ar éigin a bhí an focal deirineach ráite aici nuair siúd isteach an tarna bean, agus caipín a clóca amach ar a ceann aici agus a dhá súil ar dearglasadh fén gcaipín. Siúd chun na holla í, agus sháigh sí a dhá láimh ann, agus duairt sí an chainnt chéanna. Bhíodar ag teacht ar an gcuma san go dtí go raibh trí naonúir acu istigh agus iad ag obair go dian.

Bhí scannradh ag teacht ar an mnaoi abhrais, ach níor leog sí uirthi go raibh. Bhí ’ fhios aici go raibh drochfhuadar éigin fúthu, ach bhí sí ag faire chúithi. Fé dheireadh do labhair bean acu, an chéad bean úd do labhradh i gcónaí.

“Éirigh, a bhean an tí,” ar sise, “agus cuir síos tuilleadh tine dhúinn. Tá an oíche fuar.”

Ní raibh an oíche fuar. Agus bhí tine mhaith sa tínteán cheana. Ach d’éirigh sí agus chuir sí tuilleadh móna ar an dtine. Do leog sí uirthi go raibh áthas ana-mhór uirthi mar gheall ar an obair a bheith acu á dhéanamh chómh tiubh.

“Cuir an corcán mór san thall ar an dtine, a bhean an tí,” arsan bhean a labhradh; “tá tart agus ocras ag teacht orainn.”

Corcán ana-mhór ab ea é. D’fhéadfí duine do chur isteach ann agus é ’ bheiriú ’na bheathaidh ann.

Foclóirín

aibidh: “ripe”, or here “keen”, aibí in the CO.
beatha: “life”, with the dative beathaidh found in the phrase ’na bheathaidh, “alive”, pronounced /nə vʹahigʹ/. Other than in this phrase, the dative is generally beatha.
beirím, beiriú: “to boil”.
corcán: “cooking pot”. Note that Ó Dónaill’s dictionary seems to imply that corcán and crocán are different words, but it seems crocán was the original, later giving way to the WM form corcán.
dearglasadh: “blazing”, especially of the eyes. Usually found in the adverbal phrase ar dearglasadh.
drochfhuadar: “evil activity, mischievous intent”. Drochfhuadar a bheith fút, “to be up to no good”.
laiste: “latch”.
móin: “turf”, with the genitive móna.
naonúr: “nine people”. Trí naonúir was once a common way of saying “twenty-seven people”.
tarna: “second”, or dara in the CO.
tine: “fire”. Tine a chur síos, “to set or light a fire”.

Advertisements
This entry was posted in Contents, Sliabh na mBan bhFionn. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s