Sliabh na mBan bhFionn 9

IX.
An oíche chéanna a fuair an iairlis bás, tháinig an mhórsheisear isteach go dtí an bhean abhrais agus cailín acu agus iad á hiompar eatarthu, díreach mar a bhí an chéad uair úd.

“Tá gá led chabhair againn, a bhean mhacánta,” arsan chéad bhean díobh a labhradh i gcónaí.

Do phreab an bhean abhrais chúthu, agus thóg sí ar a baclainn an cailín a bhí, dar léi, marbh nú i bhfanntais chómh trom san gur cuma é nú í ’ bheith marbh gan miam inti. Ní túisce ’ fhéach sí uirthi ná mar ’ aithin sí í. An leanbh a fuadaíodh is í a bhí ann. Ní baol gur leog an bhean abhrais uirthi gur aithin sí í. Thóg sí léi síos sa tseómra í agus shín sí ar a leabaidh féin í. Chrom si ar bheith a d’iarraidh í ’ thabhairt as an bhfanntais díreach mar a dhein sí leis an gcéad cailín úd. Bhí rud aici go dtugtí biorán suain air. An té go sáfí an biorán suain sin ’na cheann, thiocfadh codladh air a bheadh ana-chosmail le bás, agus ní thiocfadh sé as an gcodladh san go dtí go dtairriceófí an biorán suain as a cheann. Do sháigh an bhean abhrais an biorán suain i gceann an chailín, ach dhein sí é i ganfhios don mhórsheisear. Bhí an mhórsheisear ag cíoradh agus ag slámadh agus ag sníomh, agus bhí an bhean abhrais a d’iarraidh an chailín do thabhairt as an bhfanntais, dar léi, agus bhí an oíche ag imeacht.

Fé dheireadh bhí an lá ag teacht, agus ní raibh an cailín ag teacht chúithi féin, ná aon phioc dá dheallramh uirthi go dtiocfadh sí chúithi féin go luath. Bhí an mhórsheisear ag cogarnaigh go dian. I ndeireadh na cogarnaí do labhair an chéad bhean acu do labhradh i gcónaí.

“A bhean an tí,” ar sise, “ní foláir dúinne bheith ag imeacht. Tabhairse aire mhaith don chailín sin, agus tiocfaimíd anso chút airís nuair a thiocfaidh an oíche. Beidh sí tagaithe as an bhfanntais um an dtaca san. Tabhair air mhaith dhi, agus tabharfar do thuarastal go maith dhuit.”

“Déanfad, a uaisle,” arsan bhean abhrais.

Ansan d’imíodar.

Note: a d’iarraidh an chailín do thabhairt as an bhfanntais—I believe in traditional Munster Irish it is correct to have cailín in the genitive here. Further examples can be found in PUL’s works, although I don’t think he was 100% consistent on this.

Foclóirín

bacla: “the arms”, as in “to hold something in the arms”. Pronounced /bɑkələ/, with the dative pronounced /bɑkəliŋʹ/. Usually found in the dative: ’na bhaclainn, “in his arms”; ar a baclainn, “in her arms” (laid flat on her arms, as a body would be).
biorán: “pin”, pronounced /brʹɑ:n/. Biorán suain, “a magic pin causing deep sleep”.
cognarnach: “whispering”. As a feminine verbal noun ending in -ch, this becomes ag cogarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO. The genitive, as here, is cogarnaí.
cosmhail: “like”, or cosúil in the CO. The Irish of West Muskerry indicates that smh is pronounced /sv/ in Cork Irish, i.e. /kosvilʹ/ here, although /ko’su:lʹ/ is also found.
dar: “it would seem, it seemed”. Dar liom, “it seemed to me; or so I thought”. A note in the original explains that dar léi here means the woman was pretending to bring the girl round, “or so she made out”.
miam: “breath, puff”. Gan miam inti, “lifeless”.
suan: “sleep, slumber”.
tuarastal: “reward”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s