Sliabh na mBan bhFionn 10

X.

Tháinig an lá. Chómh luath agus ’ bhí sé ’na lá gheal do thairrig an bhean abhrais an biorán suain a ceann an chailín. Tháinig a meabhair don chailín láithreach, agus a ciall, agus d’éirigh sí. D’aithin sí an bhean abhrais. D’innis sí don mhnaoi abhrais conas mar a tugadh deoch éigin di a bhain a meabhair di agus ná feidir sí cá raibh sí as san amach, go dtí go dtáinig an meabhair di agus í ar a leabaidh ag an mnaoi abhrais.

Thug an bhean abhrais rud le n-ithe agus le n-ól di. Ansan, chómh luath agus ’ bhí an bia agus an deoch caite aici, agus í láidir a dóthain chun gluaiste, chuir sí clóca léi féin uirthi, agus chuir sí caipín an chlóca amach ar a ceann, i dtreó ná féadfadh éinne a haghaidh a dh’fheiscint. Ansan do bhuail an bheirt amach agus thánadar go tigh muíntire an chailín. D’innis an bhean abhrais don athair agus don mháthair an scéal go léir tríd síos. Thuigeadar é go maith. Bhí áthas ana-mhór orthu, ní nárbh iúnadh. Bhíodar ana-bhaoch den mhnaoi abhrais, agus dúradar léi airís agus airís eile go ndéanfaidís an bheart a bhí déanta aici dhóibh do chúiteamh léi.

Tháinig sí abhaile, agus bhí sí ag cur agus ag cúiteamh ’na haigne, féachaint cad é an freagra ’ thabharfadh sí ar na mnáibh uaisle úd nuair a thiocfaidís. Níor mheas sí go raibh aon fhreagra ab fheárr a thabhairt orthu ná a rá leó go dtáinig an cailín chúithi féin as an bhfanntais agus gur imigh sí. Nuair a tháinig an oíche bhí sí ag faire chúithi agus ag feitheamh. D’imigh tosach na hoíche, agus níor thánadar. Bhí lár na hoíche ann agus iad gan teacht. Thit a codladh uirthi ar an dtínteán, ach níor thánadar. Tháinig an lá agus níor thánadar. Tháinig an oíche airís agus níor thánadar. D’imigh lá, agus dhá lá, agus seachtain, agus mí, agus níor thánadar ’na gaire. D’imigh an bhliain. Duairt sí léi féin ná tiocfaidís a thuilleadh.

Foclóirín

a: “from”, or as in the CO. In traditional Irish, the s of as only appeared with the article (as an), with the possessive (as mo) and with gach (as gach).
baoch: “grateful”, or buíoch in the CO.
cúitím, cúiteamh: “to requite, compensate, repay”. The idiom here is rud a chúiteamh le duine, “to repay something to someone, make recompense for something to someone”, but cúiteamh a dhéanamh/thabhairt do dhuine i rud is also found. Ag cur agus ag cúiteamh, “to deliberate, argue, weigh up the pros and cons”.
faire: “watching, keeping a lookout”. The use of faire with chun is not well explained in either Dinneen’s or Ó Dónaill’s dictionary, but ag faire chuige means “watching out, keeping an eye out for whatever might happen”. (Compared ag faire ar dhuine, “to watch or observe someone.”)
féachaim, féachaint: “to look at”, but often more in the sense of “trying to work out” as in féachaint cad é an freagra ’ thabharfadh sí, “trying to work out what answer she could give”.
feadar: “know, wonder”, usually used in the negative. While this verb is spelt ní fheadair sé in both the present  and past tense meanings in the CO, there was traditionally a distinction between ní fheadair sé, present tense, and ní fheidir sé, past tense, pronounced /nʹi: edʹirʹ ʃe:/.
gaire: “nearness, proximity”, pronounced /girʹi/. ’Na gaire, “near her”.
ínsim, ínsint: “to tell”. Note that the preterite (and imperative) is found as both inis and innis in West Muskerry Irish, and both forms are found in PUL’s works. Pronounced /inʹiʃ~iŋʹiʃ/.
ithim, ithe: “to eat”. Note that ithe and ól take n-prefixation after le in WM Irish, where h-prefixation is found in other forms of Irish: le n-ithe, le n-ól.
ólaim, ól: “to drink”. See note under ithim.
tínteán: “fireplace, hearth”.
tosach na hoíche: “the evening”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Sliabh na mBan bhFionn. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s