Túr Bhabel

VIII. Túr Bhabel.

Déarfadh duine gur chóir, óir nár fágadh beó ar an saol ach an t-aon fhear amháin agus a chlann, agus gur dhuine fónta é, go dtiocfadh cine fhónta uathu, agus ná beadh na daoine ag cur na feirge ar Dhia a thuilleadh. Ní mar sin a bhí, áfach. Bhí an triúr mac ag Naoi, mar a chítear sa Scriptiúir, Sem agus Cam agus Iaphet. Is ar éigin a bhí an ceathrar socair ar thalamh an domhain, agus an talamh go léir fúthu féin, nuair a dhein duine de sna macaibh gníomh a bhí an-olc. Cam a dhein an gníomh. Thug sé dá athair easonóir ghránna, agus do thug an easonóir sin mallacht an athar anuas air féin agus ar a shliocht. Ach do thug Sem agus Iaphet onóir dá n-athair agus bhí an onóir sin i gcoinnibh na heasonóra a thug Cam do. Chuir an t-athair beannacht ar an mbeirt sin. Chuir sé rath agus beannacht ó Dhia ar Shem agus ar Iaphet agus ar a sliocht, agus duairt sé go mbeadh sliocht Cham ’na ndaoraibh ag daoraibh an dá shleachta eile.

Tháinig na daoine ar an saol go tiubh airís. Bhíodar ’na gcónaí sa tír álainn a bhí ar leathadh amach ó bhun an chnuic ar ar luigh an airc nuair a thráigh uisce na díleann. Lastoir den abhainn mhóir ar a dtugtar an Euphrátés atá an talamh san. Nuair a chuaigh na daoine i líonmhaireacht níorbh fhada gur tuigeadh gur gheárr ná beadh slí acu sa tír sin, gur gheárr go gcaithfeadh cuid acu dul thar abhainn siar agus iad féin do leathadh amach ar an dtalamh a bhí laistiar den abhainn. Thuigeadar go mbeadh an méid díobh a raghadh thar abhainn siar go mbeidís geárrtha amach ón gcuid eile a bheadh ’na ndiaidh, agus ó bhí an méadú ag dul orthu chómh tiubh nárbh fhada go mbeadh tuilleadh acu ag imeacht, agus go ndéanfadh san scarúint eile. Bhí ag dul ’na luí ar a n-aigne nárbh fholáir do chlaínn Naoi, feasta, bheith ag cuímhneamh ar iad féin do leathadh ar thíorthaibh an domhain.

Nuair a bhí an machnamh san tar éis dul ’na luí i gceart ar a n-aigne tháinig machnamh eile chúthu. Dúradar lena chéile gur mhaith an rud dóibh cathair a dhéanamh agus túr mór do chur ’na sheasamh i lár na cathrach san, i dtreó nuair a bheidís scaipithe ar fuid an domhain, go gcimeádfadh an túr san cuímhne orthu in aigne na ndaoine a thiocfadh ’na ndiaidh ó shliocht go sliocht. Deirtear go raibh rud eile, leis, ar aigne acu i ndéanamh an túir sin; gur theastaigh uathu é ’ bheith chómh mór, chómh hárd san go bhféadfadh na daoine dul suas ann ón uisce dá dtagadh díle eile ar an ndomhan.

Ní raibh clocha san áit, ach bhí márla breá ríghin saibhir tathaiceach ann go flúirseach. Dheineadar bríceanna den mhárla agus do loisceadar na bríceanna le tine agus ansan bhíodar chómh cruaidh le haon chloich. Bhí bitúmen san áit agus dheineadar martaol maith den bhitúmen. Ansan bhí an t-ábhar acu chun na hoibre, agus thosnaíodar ar an obair. Dheineadar na fallaí de sna bríceannaibh agus den bhitúmen, agus níorbh fhada go raibh fallaí na cathrach ag éirí. Chríochnaíodar fallaí na cathrach. Ansan níorbh fhada go raibh an túr ag éirí suas go hárd. Dheineadar a bhun go breá leathan téagartha láidir, i dtreó go bhféadfí, dar leó, é ’ chur suas chómh hárd leis an spéir.

Deirtear gurbh é cúis go rabhadar ar aigne é ’ chur suas chómh hárd leis an spéir ná i dtreó, dá dtagadh an díle airís go bhféadfadh daoine dul suas sa túr ón uisce. Níl an méid sin curtha síos sa Bhíobla, ámh. Ní deir an Bíobla ach gur le baois agus le huabhar a bhíodar ag déanamh na hoibre, agus gur chuir an t-uabhar agus an bhaois sin fearg ar Dhia. Deir an Scríbhinn Diaga go nduairt Dia na focail seo: “Féach, is aon chine amháin iad agus níl acu ach an t-aon úrlabhra amháin. Tá an ní seo curtha rómpu acu, agus leanfaid siad de go gcríochnaíd siad é. Téimís síos agus cuirimís a n-úrlabhra trína chéile.”

Foclóir

ábhar: “amount”. Bhí an t-ábhar acu chun na hoibre, “they had enough for the work”.
bitúmen: “bitumen”. The spelling of this word has been left as given in the original, as it is a borrowing, but this would be biotúman in the CO.
bríc: “brick”, with the plural here bríceanna. The CO has bríce, with brící in the plural.
cine: “race, nation”. Note this word is feminine in Cork Irish.
daor: “slave”.
falla: “wall”, or balla in the CO.
márla: “marl; a sedimentary rock consisting of clay and lime”.
martaol: “mortar”, or moirtéal in the CO. Note PUL spelt this mairtaol, an unclear spelling, but Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne gives the pronunciation as /mɑr’te:l/.
ríghin: “slow”, but here in the meaning of “tough”.
scriptiúir: “Scripture”, or scrioptúr in the CO. It might look like scriptiúir is plural, but PUL’s translation of the four gospels uses scriptiúir in the singular and scriptiúirí in the plural.
tathaiceach: “solid, substantial”, or tathagach in the CO.
téagartha: “substantial, bulky”.
úrlabhra: “speech; language”. Pronounced /u:rlourə/.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s