XVI. Fromhadh ar Chreideamh Abrahaim.

Fé mar ’ ghealladar an triúr aingeal tháinig an t-am agus bhí an mac ag Sara, ag mnaoi Abrahaim. Do tugadh Isaac mar ainm ar an mac fé mar a bhí órdaithe. B’in é an mac a bhí geallta d’Abraham i bhfad roimis sin, an mac óna raibh sliocht Abrahaim le teacht, an tsliocht ar a raibh Slánaitheóir an domhain le teacht i gcolann daonna chun na cine daonna do shaoradh ó pheaca an tsínsir, de réir na geallúna úd a thug Dia dár gcéad athair agus dár gcéad máthair.

Le leamhnú Dé do leogadh mórán aimsire ’ dh’imeacht ón lá a gealladh clann d’Abraham agus do Shara sara dtáinig an chlann. Bhí an bheirt ag dul in aois go mór i dtreó nárbh fhéidir dóibh de réir nádúra aon tsúil a bheith acu le sliocht a bheith orthu. In ainneóin an aois, áfach, agus in ainneóin na haimsire fada níor tháinig aon lagachar creidimh ar Abraham i dtaobh na geallúna. Fuair sé tuarastal an chreidimh sin nuair a tháinig an mac le míorúilt ó Dhia chuige agus é féin suas le céad blian d’aois agus Sara deich mbliana agus cheithre fichid.

Ní foláir dúinn, áfach, a chimeád ’nár n-aigne, leis, nárbh ionann céad blian in aois duine an uair sin agus céad blian anois. Do mhairidís na daoine an uair sin níba shia ná mar a mhairid siad anois. An té a bheadh deich mbliana agus trí fichid anois bheadh sé chómh críonna agus ’ bheadh duine a bheadh céad blian an uair sin. Ach mar sin féin, dá mbeadh fear deich mbliana agus trí fichid anois agus a bhean trí fichid blian ba mhíorúilt mhór é clann a bheith acu.

Fromhadh ó Dhia ar chreideamh Abrahaim ab ea an gheallúint d’fhágaint chómh fada gan cómhlíonadh. Nuair a bhí an mac éirithe suas do dhein Dia fromhadh eile ar chreideamh Abrahaim. Bhí, gan amhras, grá ana-mhór ag Abraham don mhac san, an mac a gheall Dia dho agus a bhí chómh fada gan teacht. An mac ’na raibh oiread san ag brath air. An mac a bhí chun sleachta Abrahaim do dhéanamh chómh líonmhar. An mac ’na raibh le teacht uaidh lá éigin an tAon a bhí chun na cine daonna go léir do shaoradh ón eascaine do chuir peaca an tsínsir orthu. Níorbh iúnadh gur mhór ag á athair agus ag á mháthair é agus go raibh cion acu air agus grá acu dho thar mar is féidir d’éinne lasmu’ díobh féin a thuiscint i gceart. Ach do labhair Dia le hAbraham agus duairt sé an chainnt seo:—

“A Abrahaim! A Abrahaim!”

“Táim anso, a Thiarna,” arsa Abraham.

“An t-aonmhac san agat ’na bhfuil an grá agat do,” aduairt Dia leis, “tóg leat é agus dein é do íbirt chúmsa in íbirt loiscithe, ar chnuc a thaispeánfad duit.”

Ba chruaidh an t-órdú é. Dob ait an críochnú é, adéarfadh duine, ar an ngeallúint a tugadh le hoiread san deimhne agus do fágadh chómh fada gan cómhlíonadh. Ba chruaidh an cás é, a iarraidh ar an athair an mac san do chur chun báis lena láimh féin agus ansan a chuid feóla agus a chnámha do loscadh ’na luaithrigh ar altóir! Agus ansan dul thar n-ais abhaile agus a dh’ínsint don mháthair cad a bhí déanta!

Do thuig Abraham cruatan an scéil, ach do thuig sé gurbh é órdú Dé é. Ní duairt sé, “Is cruaidh é,” ná “Is deocair é.” Thuig sé gurbh é Dia a thug do an mac san agus go bhféadfadh Dia é ’ thógaint uaidh aon tráth ba thoil leis é, agus go raibh ar chumas Dé an gheallúint do chómhlíonadh pé rud d’imeódh ar an mac. Thuig sé in’ aigne ná raibh aige féin le déanamh ach imeacht agus an t-órdú a bhí fálta aige do chómhlíonadh.

D’éirigh sé san oíche agus ghoibh sé asal agus ghlaeigh sé chuige beirt bhuachaillí agus a mhac Isaac.

Foclóirín

deocair: “difficult”, deacair in the CO. Pronounced /dʹokirʹ/.
eascaine: “curse”.
fromhadh: “testing, trying, proving”, or promhadh in the CO. A rare, literary word. Consistently spelt fromadh with no lenition on the m in the original here; further research required.
leamhnaím, leamhnú: “to consent, command, enjoin”, or deonaím, deonú in the CO. Leamhnú Dé, “the will of God”. IWM shows this pronounced /lʹo:’ni:mʹ, lʹo:’nu:/, although PUL’s spelling may indicate his personal pronunciation was /lʹau’ni:mʹ, lʹau’nu:/.
míorúilt: “miracle”, pronounced /mʹi:’ru:hlʹ/.
sliocht: “race, stock, offspring”. A masculine word usually, but often found with t-prefixation after the article in the nominative singular, an tsliocht.
soilbhir: “pleasant, cheerful”. Pronounced /solʹivʹirʹ/.

Advertisements
This entry was posted in Contents, Scéalaíochta as an mBíobla Naofa. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s