XVII. Íbirt ag Abraham.

Do gearradh an t-adhmad agus do socraíodh é ar muin an asail. Do ghluais an ceathrar, an t-athair agus an mac agus an bheirt bhuachaillí, agus an t-adhmad ar muin an asail acu, fé dhéin na háite na raibh an íbirt le déanamh. Bhíodar trí lá agus trí oíche ar an slí. Ba chruaidh an trí lá agus trí oíche iad ar Abraham. An mac san, a bhí ag dul amach sa chúigiú bliain fichid dá aois an uair sin, agus go rabhthas tar éis oiread san aimsire ’ chaitheamh ag feitheamh lena theacht ar an saol, agus go raibh croí a athar chómh greamaithe ann; agus é féin chómh séimh chómh grástúil, chómh soilbhir, chómh lán d’urraim dá athair agus dá mháthair, chómh lán de ghrá dhóibh; conas ’ fhéadfadh an t-athair sin an mac san do chur chun báis lena láimh féin agus ansan a chorp do loscadh le tine, in áirde ar altóir i ndúthaigh iasachta, i bhfad ó bhaile, ar mhullach cnuic éigin, i lár uaignis agus fiantais! Ba chruaidh an gníomh le déanamh é. Ba chruaidh an rud é, a iarraidh ar athair an mhic sin a leithéid do dhéanamh.

Nuair a bhí trí lá agus trí oíche caite acu ag cur na slí dhíobh do chonaic Abraham uaidh an cnuc. Ansan duairt sé leis an mbeirt bhuachailli fanúint mar a rabhadar “agus” ar seisean, “cimeádaidhse an t-asal anso agus raghadsa agus mo mhac chun na háite úd agus déanfaimíd an íbirt.” Ansan do thóg sé adhmad na híbirte agus thug sé d’Isaac é le hiompar, agus do thóg sé féin leis an tine agus claíomh. Chomáineadar leó ar an gcuma san ar feadh tamaill. Ar ball labhair an mac.

“Féach, a athair,” ar seisean, “tá an t-adhmad againn agus tá an tine againn, ach cá bhfuil an ní le híbirt?”

Scian trí chroí an athar ab ea an focal san. Ní raibh ann ach an bheirt. Is beag dá chuímhneamh a bhí ag an mac cad í an ghéire a bhí sa cheist a bhí curtha aige. Is beag dá chuímhneamh a bhí aige gurbh é féin a bhí le híbirt chómh luath agus a shroisfidís mullach an chnuic. Chuaigh an cheist trí chroí an athar. Níor labhair sé ar feadh tamaill. Duairt sé ar ball:—

“Tabharfaidh Dia féin dúinn an ní le híbirt, a mhic,” ar seisean.

Thánadar chun na háite. Dhein Abraham an altóir. Shocraigh sé an t-adhmad mar ba cheart chun na híbirte. Ansan do cheangail sé a mhac Isaac agus chuir sé ar an altóir é, anuas ar an adhmad. Gan amhras d’innis sé d’Isaac ar dtúis i dtaobh an órdaithe a bhí fálta aige ó Dhia, agus gan amhras, leis, do thoiligh Isaac chun na híbirte nuair a thuig sé gur le hórdú Dé a bhí an íbirt le deanamh.

Nuair a bhí Isaac ar an altóir agus é ceangailte do thóg Abraham an claíomh ’na láimh agus d’árdaigh sé a lámh chun an bhuille do bhualadh. Sara raibh uain aige ar an mbuille do bhualadh do labhair an t-aingeal leis as na flaithis de ghuth árd.

“A Abrahaim! A Abrahaim!” arsan t-aingeal.

“Táim anso, a Thiarna!” arsa Abraham.

“Ná bain leis an mac!” arsan t-aingeal. “Ná dein aon ní leis! Chím anois go bhfuil eagla Dé ort agus nár chimeádais uaim t’aonmhac féin!”

Lena línn sin d’fhéach Abraham thar a ghualainn. Chonaic sé reithe in achrann i sceachaibh, greim ag na sceachaibh ar adharcaibh air. Do scaoil sé na ceanglacha den mhac agus do rug sé ar an reithe agus cheangail sé é agus chuir sé ar an altóir é agus d’íbir sé é in inead an mhic.

An cnuc san ’nar dhein Abraham an méid sin thuas ar a bharra, Mora an ainm a bhí air, an uair sin. Bhí ainm eile ’na dhiaidh san air. Cnuc Chalbharaí a bhí ainm eile ’na dhiadh san air. B’é an cnuc céanna é ar ar fhuilig ár Slánaitheóir bás i bhfad ’na dhiadh san chun na cine daonna do shaoradh ó ifreann agus ó chómhachtaibh an áirseóra. D’iompair an Slánaitheóir an chruis chéasta go bárr an chnuic sin, i bhfad ’na dhiadh san, díreach mar a dh’iompair Isaac an t-adhmad an uair sin, i gcómhair na híbirte. Chuaigh Isaac saor ón íbirt an uair sin mar do thug Dia dá athair ní thar a cheann le híbirt. Thug an Slánaitheóir, moladh go deó leis, é féin in íbirt dá Athair Síoraí, thar cheann na cine daonna, agus chuaigh an chine daonna saor ón eascaine a bhí orthu trí pheaca an tsínsir.

Foclóirín

áirseóir: “adversary”, or áibhirseoir in the CO. An tÁirseóir, “the Devil”.
barra: “top”, /bɑrə/, a Munster colloquial form of bárr, /bɑ:r/. Both forms are found in WM Irish, but PUL commented in his Foclóir do Shéadna that barra tends to be used in the dative, as here.
Calbharaí: Calvary, where Christ was crucified. Spelt Calbharí in PUL’s translation of the gospels. It is unclear whether PUL had a broad or slender r here, but the CO form is Calvaire.
ceangal: “bond, tie”, with the plural here ceanglacha, where the CO has ceangail. Pronounced /kʹaŋəl, kʹaŋələxə/.
Cruis Chéasta: “crucifix”, or Cros Chéasta in the CO. The historic dative has replaced the nominative (cros) in this phrase. Pronounced /kriʃ xʹiastə/.
fiantas: “wilderness”, or fiántas in the CO. Pronounced /fʹiantəs/, there seems no justification for the síneadh fada in the CO. The original spelling was fiadhantas.
fuiligim, folag/fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. The preterite is d’fhuilig, where the CO has d’fhulaing.
reithe: “ram”.
sceach: “brier, bramblebush”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Scéalaíochta as an mBíobla Naofa. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s