Na Froganna a’ Lorg Rí

8. Na Froganna a’ Lorg Rí.

Audio: download (Maighréad Uí Lionáird, October 9th 2016)

Bhí loch breá mór fairsiog i lár machaire, agus é lán ó thaobh taobh d’fhrogannaibh. Froganna breátha sleamhaine beathaithe ab ea iad. Bhí cuid acu mór agus cuid acu beag, cuid acu óg agus cuid acu críonna, cuid acu buí agus cuid acu crón. Ach beag agus mór dóibh, buí agus crón dóibh, óg agus críonna dhóibh, ní raibh oiread agus aon fhrog amháin acu go raibh buairt ná brón ná easpa sláinte air. Ní raibh de ghnó ná d’obair ná de chúram orthu, ó mhaidin go hoíche ach bheith ag snámh anonn ’s anall tríd an uisce, nú ag caitheamh trí léim táilliúra de dhruím a chéile, nú dhá n-iomlasc féin sa ghlóthaigh. Dar leó níor deineadh ceól sí riamh ba bhreátha ná an ceól a bhíodh acu agus iad ag crónán agus ag cnádán agus ag cneadaigh, mórthímpall an locha. Do cluintí an dórd seacht n-acra ón loch, i dtreó, nuair ’ bhíodh an mada rua nú an giorrae ag teacht abhaile ón bhfiach go stadaidís tamall ag éisteacht leis an bhfoghar mbreá.

Dá fheabhas a bhí an saol acu ní rabhadar sásta. Thuigeadar ’na n-aigne go raibh aon easnamh amháin orthu agus ná raibh maith ar bith in aon ní dá raibh acu muna leighisfí an t-easnamh san dóibh.

B’é easnamh é sin ná iad do bheith gan rí os a gciúnn. “Is trua,” ar siad, “gan rí uasal os ár gciúnn, agus é ’na shuí ’na chathaoir ríoga, agus a choróinn ríoga ar a cheann aige, agus é ag déanamh dlithe agus rialta dhúinn!”

Is é Iupiter do dheineadh agus do bhriseadh ríthe san am san. Thiomáineadar teachtaireacht ag triall ar Iupiter dhá iarraidh air rí ’ thabhairt dóibh. “Imigh,” arsa Iupiter lena ghiolla, “agus tabhair rí dhóibh siúd.” “Cad é an rí a thabharfad dóibh” arsan giolla. “Déanfaidh sail mhaith mhór ghiúise a ngnó,” arsa Iupiter.

D’imigh an giolla agus d’aimsigh sé sail mhór ghiúise agus thug sé leis í agus chaith sé chúthu isteach í, i lár an locha. Nuair ’ thit an tsail sa loch do stealladh an t-uisce sa spéir agus do baineadh a leithéid sin de gheit as na frogannaibh gur shádar iad féin d’aon tsá amháin síos ins a’ draoib a bhí i mbun an locha, agus ná raibh gíocs ná míocs astu go ceann i bhfad.

Fé dheireadh, nuair nár airíodar a thuilleadh fothraim, do thóg frog acu a cheann agus d’fhéach sé suas. Bhí an tsail ansúd sínte ar bárr uisce agus gan cor ná leid aici dá chur di. Do ghlaeigh an frog san láithreach ar an gcuid eile. “Éirídh,” ar seisean, “agus téanam go bhfeiceam an rí!”

D’éiríodar, go maol agus go modhúil ar dtúis. Thánadar go réidh i dtreó na saile. Do shnámhadar ’na tímpall agus fan a dhá taobh síos agus suas. Ansan do shnámhadar treasna fúithi anonn agus anall. Níor chuir sí cor di, ní nách iúnadh. Ba gheárr gur chuadar i ndánacht. Ba gheárr gur léim frog acu in áirde uirthi. Ba gheárr go rabhadar in áirde uirthi ’na bhfichidibh. Níor chuir sise cor di.

“Ach!” ar siad, “níl sa rí seo ach rí gan mhaith!”

Thiomáineadar teachtaireacht eile ag triall ar Iupiter dhá iarraidh air rí do chur chúthu “go mbeadh gníomh ann.”

“Imigh,” arsa Iupiter lena ghiolla, “agus tabhair dóibh siúd rí go mbeidh gníomh ann.”

D’imigh an giolla agus thug sé leis athair nímhe, árrachtaí de phéist mhór chraosach, agus chaith sé sa loch chúthu an phiast. Ní túisce ’ thúirlic an phiast sa loch ná ghluais sí i ndiaidh na bhfroganna dhá n-ithe ar a dícheall.

Do liúdar ar Iupiter an phiast do thógáilt uathu. “B’fhéidir,” arsa Iupiter, “dá olcas é go dtiocfadh rí ba mheasa ná é ’na dhiaidh chúibh.”

“Á!” ar siad. “Is trua chráite nár fhanamair mar ’ bhí againn ar dtúis. Is maith is cuímhin linn a fheabhas a bhí an saol againn!”

“An té ná beidh ciall aige beidh cuímhne aige,” arsa Iupiter leó.

Foclóirín

acra: “acre”, pronounced /ɑkərə/.

árrachtaí: “monster; giant; a voracious animal”, or arracht in the CO. Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne shows this word is also commonly used with a very different meaning, “a good-for-nothing, puny person”.

athair nímhe: “venomous snake”, or nathair nimhe in the CO. Nathair is clearly the original word, but an nathair has become an athair along the same lines that a norange became an orange in English centuries ago. PUL was insistent that nathair nímhe was not what was said in the Gaeltacht, although I have yet to find out if his knowledge on this extended outside the Cork Gaeltacht.

beathaithe: “well-fed”.

cluinim: “I hear”. The imperfect autonomous is found here: do cluintí, “it used to be heard”. The use of this form appears exceptional, as cluinim is associated with Northern Irish. Do cloistí or d’airítí are other alternatives that could have been employed here.

cnádánaim, cnádán: “to croak, make a disagreeable noise”. Note that Ó Dónaill’s dictionary only gives cnádán, but not the verb itself, which may therefore be rare.

cneadaim, cneadach: “to groan, grunt”. As a feminine verbal noun ending in -ach, the verbal noun becomes ag cneadaigh, /ə knʹadigʹ/, a distinction not observed in the CO.

cor: “throw, cast”. Cor a chur díot, “to budge”.

coróinn: “crown”, or coróin in the CO. Pronounced /kro:ŋʹ/ (i.e. a monosyllable).

craosach: “ravening, voracious”.

crón: “nut-brown, copper-coloured, tan, tawny”.The foclóirín in the 1903 edition says crón is the colour of strong tea.

crónán: “humming, droning”.

dánacht: “daring, audacity”. Dul i ndánacht, “to grow bolder, more daring”.

de dhruím: “over”, or de dhroim in the CO.

dlí: “law”, with the plural here dlithe /dlʹihi/, where the CO has dlíthe.

dórd: “hum, buzz, drone”.

draoib: “mud”, pronounced /dri:bʹ/.

easnamh: “lack, want, something missing”, pronounced /ɑsnəv/.

fairsiog: “wide, ample”, or fairsing in the CO. Pronounced /fɑrʃəg.

fiach: “hunting”.

fiche: “twenty”. ’Na bhfichidibh, “in scores, by scores; scores of them at a time”.

foghar: “sound”.

fothram: “noise”, pronounced /fohərəm/.

geárr: “short”. Ba gheárr go, “it was not long before”.

geit: “a jump or start”. Geit a bhaint as duine, “to give someone a fright”.

gíocs: “a peep”, or gíog in the CO. Ní raibh gíocs ná míocs astu, “there wasn’t a peep out of them”.

giolla: “servant, boy”.

giúis: “pine, pinewood”.

glóthach: “viscous matter, jelly, slime”, here referring to “slimy mud”. Glóthaigh is the dative.

gníomh: “act, action”. Here gníomh ann means “who could really do something, who is really up to the job”.

iomlascaim, iomlasc: “to roll or wallow”, pronounced /umələskimʹ, umələsk/.

Iupiter: Jupiter, the king of the Roman gods.

leid: “a move or a stir”. Leid a chur díot, “to move or stir”.

leighisim, leigheas: “to remedy, cure”, where the CO has leigheasaim.

machaire: “plain” (the noun).

maol: “bald”, but the essential meaning is “lacking in something”, and so go maol means “in a shy way; gingerly”.

míocs: “a cheep or chirp”, or míog in the CO. See gíocs.

modhúil: “mannerly, well-behaved, gentle”. Pronounced /moulʹ/.

piast: “worm”, or by extension “serpent”. Note that the dative péist has replaced the nominative in the CO.

riail: “rule, regulation”, with the plural here rialta, where rialacha stands in the CO. Rialta is an adjective in the CO, meaning “regular”.

ríoga: “royal, regal”. Cathaoir ríoga, “throne”.

sá: “thrust”. D’aon tsá amháin, “in one thrust”.

sail: “beam, joist”.

sáim, sá: “to thrust”.

sí: “fairy, fairy-mound”. Ceól sí, “fairy music, enchanting music”.

sleamhain: “slippery, sleek”. Pronounced /ʃlʹaunʹ/.

steallaim, stealladh: “to dash, bash, pitch”. Here the water was pitched up into the air.

táilliúir: “tailor”. Ag caitheamh trí léim táilliúra de dhruím a chéile, literally, “throwing three tailor’s leaps over each other”, i.e. “leapfrogging over one another”.

tiomáinim, tiomáint: “to drive”. Teachtaireacht a thiomáint ag triall ar dhuine, “to send a message to someone”. PUL uses both tiomáint and comáint in this works, but tiomáint is the form found in the CO. Pronounced with a broad t, /tə’mɑ:nʹimʹ, tə’mɑ:ntʹ/.

treasna: “across”, or trasna in the CO.

trua chráite: “a crying shame”.

túirligím, túirleacan: “to descend, alight”, or tuirlingím, tuirlingt in the CO.

Advertisements

3 thoughts on “Na Froganna a’ Lorg Rí

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s