Cúán Fithise 4

IV.

Bhí aon fhear amháin ar na Laighneachaibh agus fear ana-chróga ab ea é. Cúán Fithise ab ainm don fhear san. Dhein an fear san mórán dochair agus mórán díobhála do shlóitibh Chonghail. Bhí each aige, agus nuair a bhíodh sé ar mhuin an eich sin ní fhéadadh eachra Chúig’ Uladh go léir teacht suas leis. Thagadh sé ar mhuin an eich sin isteach san áit ’na mbíodh tiubh sló Chonghail. Bhíodh a lán acu marbh aige sara dtugaidís fé ndeara i gceart cé ’ bhíodh ann. Ansan do theitheadh sé uathu. Do léimeadh gasra dhíobh ar a gcapaillíbh agus do leanaidís é. Ní bhíodh aon mhaith dhóibh ann. Pé méid acu a bheadh ’na dhiaidh, ná pé iarracht a dheinidís ar theacht suas leis, d’imíodh sé uathu de thoradh reatha. Bhídís ag faire air chun teacht tímpall air, i dtreó nárbh fhéidir do dul uathu nuair a bheidís roimis ins gach aon bhall. Ach bhíodh seisean ag faire orthu san, agus an uair ba dhó’ leó go mbíodh greim acu air, is amhlaidh a bhíodh leath a mbíodh ar a thóir marbh aige agus é féin imithe. Aon bheirt, ná triúr, ná ceathrar a thagadh in éineacht air, ní bhíodh iontu ach mar a bheadh beirt nú triúr nú ceathrar leanbh féna láimh, bhí a leithéid sin de neart ann; agus bhí a leithéid sin de choisíocht san each ná féadadh puínn fear teacht in éineacht air peoca roimis nú ’na dhiaidh a bhídís. Do lean an chleasaíocht san idir é féin agus slóite Chonghail go dtí go raibh cuid mhaith acu marbh aige agus go raibh an méid a bhí beó acu cráite ciapaithe aige.

Chuir Conghal scéala chuige gur mhaith leis labhairt leis. Do thoiligh Cúán chuige. Do ceapadh an áit ’na bhféadfaidís an chainnt a dhéanamh. Ar dhá thaobh cumair ab ea é agus an cumar ana-dhoimhinn, i dtreó nárbh fhéidir d’éinne acu feall a dhéanamh ar an nduine eile.

Do labhair Conghal.

“Cad fé ndeara dhuit, a Chúáin,” arsa Conghal, “bheith ag déanamh an uile go léir ar mo shlua?”

“Is fiafraí tar cubas duitse an fhiafraí sin, a Chonghail,” arsa Cúán. Tá ’ fhios agat go dianmhaith cad fé ndeara dhom é. Agus dá mbeadh puínn eile dem shórdsa ag plé leat anso i gCúige Laighean níorbh fhada go mbeadh ’ fhios níos feárr agat.”

“Is fíor dhuitse an chainnt sin, a Chúáin,” arsa Conghal, “agus ní baois ná bladhmann duit an chainnt do rá, mar tá do ghníomh chómh maith led chainnt. Ach ní fheicim féin, a Chúáin, cad ’na thaobh ná féadadh caradas a bheith eadrainn, idir thusa agus mise. Ba charadas é do dhéanfadh tairbhe dhuitse agus do thír do dhúchais. Nuair ná tagann Faolán agus tu ’ chosaint mar ba cheart do teacht, ní fheicim cad ’na thaobh nár cheart duit féin tairbhe do thíre do dhéanamh le caradas idir thu féin agus mise.”

Foclóirín

baois: “folly, vanity”.
bladhmann: “bombast”, pronounced /bləimən/.
capall: “horse”. Note the dative plural has a slender l in Cork Irish: capaillíbh.
caradas: “friendship”, or cairdeas in the CO.
coisíocht: “fleetness of foot”.
cráite ciapaithe: both of these words mean “tortured”, but they are normally used together, and the glossary in the original edition shows the meaning of ciapaithe to be “worried”. I would suggest “tormented with worry”.
Cúán Fithise: the name of a warrior. Fithis means “orbit”, and the reference appears to be to his ability to double back unscathed after making a raid. Hence, the translation in Silva Gadelica, Cuan the Doubler.
cubas: “conscience”, or cúis in the CO. This word was spelt cubus in the original as if there is a clearly pronounced b here. The word was originally spelt cubhas, but Dinneen indicates that cubhais was the later accepted form that influenced the CO form. More research required on the WM pronunciation of this word, especially as Cnósach Focal ó Bhaile Bhúirne has cúis in the meaning of “conscience”. Fiafraí tar cubas, “asking a question you already know the answer to”.
cumar: “ravine”.
de thoradh: “by dint of”. De thoradh reatha, “by sheer speed of running”.
doimhinn: “deep”, or domhain in the CO.
each: “horse, steed”, a word etymologically related to equus in Latin. With eich in the genitive. Pronounced /ɑx, eh/.
eachra: “steeds, horses, cavalry”, a collective word, pronounced /ɑxərə/.
fé ndeár, fé ndeara: thug sé fé ndeara, “he noticed”. This would be thug sé faoi deara in the CO. Pronounced /fʹe: nʹa:r~fʹe: nʹarə/. Fé ndeara also has a additional meaning, “cause, reason”. Cad fé ndeara dhuit? why?
fiafraí: “inquiry, question”, feminine here and in Dinneen’s dictionary, but masculine in the CO.
gasra: “band or group of people”, pronounced /gɑsərə/.
pléim, plé: “to deal with, contend with”.
sórd: “sort, kind”, or sórt in the CO.
tiubh: as a noun “the thick (of something)”. Tiubh sló, “the thick of the armies, a concentration of military forces”.
toilím, toiliú: “to agree to something”, with chun.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Cúán Fithise, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s