Cúán Fithise 2

II.

D’imíodar agus dheineadar mar a dúradh leó. Níorbh fhada go raibh longfort Chonghail lán de chábógaibh a bhí go tútach agus go tuathalach agus go garbh, agus a mbalcaisí go caite agus go stracaithe agus go gioblach orthu, agus gur dhó’ le duine orthu gurbh amhlaidh a bhí an Life tar éis dul i ndísc, agus gurbh in é cúis nárbh fhios cathain a chimil éinne acu braon uisce dá aghaidh. D’imigh Conghal féin agus chaith sé dhe an brat sróil a bhí uime, agus chuir sé uime in’ inead seanabhrat sróil a bhí stracaithe, deisithe seacht n-uaire, agus nárbh fhios cad é an dath a bhí air nuair a bhí sé nua.

Tháinig na teachtairí ó Fhaolán. Chuaigh duine de sna cábógaibh amach ag cur fáilte rómpu. Chonacadar an stracaire. D’fhéachadar ar a chéile. Dúradar gur mhaith leó dul i láthair an rí, i láthair Chonghail.

“Téanaidh oraibh” arsan stracaire. Do leanadar é. Bhíodar ag féachaint ar a chéile agus ag cogarnaigh lastiar de.

“Is feárr gan na tabharthaistí ’ thabhairt uainn go mbeidh ’ fhios againn cé dho go mbeimíd á dtabhairt,” ar siad lena chéile.

Thánadar isteach i láthair Chonghail. Do leath a súile orthu. Chonacadar na stracairí tútacha go léir, uaisle an rí, dar leó. Chonacadar an rí féin ’na shuí ar fhuairmín, a ghruaig ar sileadh leis gan cíoradh gan réiteach, a aghaidh chómh mór i ngátar uisce na Life agus ’ bhí aghaidh aon duine de sna stracairí uaisle a bhí ’na thímpall. Bhí circín idir a lámhaibh aige. Bhí cos na circe briste, agus bhí cliath ag Conghal á chur le cois na circe.

D’fhéach na teachtairí ar an rí. D’fhéachadar ’na dtímpall ar a huaislibh. Fé dheireadh dúradar le Conghal gurbh é Faolán, rí Laighean, a chuir iad chun labhartha le Árdrí Éireann.

Foclóirín

cimlim, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in the CO, which preserves the classical forms with a broad c. Cimilt de, “to rub against” in various contexts. Note the epenthetic vowel, /kʹimʹilʹimʹ, kʹimʹiltʹ/.
cíoraim, cíoradh: “to comb”.
circín: “chick, little hen”.
cliath: here meaning “splint”, but with a range of other meanings, including “darning (of a sock)”. Its essential meaning is a “latticed frame”, from which other meanings are derived. “Splint” is cléithín in the CO.
cogarnach: “whispering”, a feminine verbal noun that becomes ag cogarnaigh in the dative; this distinction is not observed in the CO.
dísc: “dryness, barrenness”. Dul i ndísc, “to dry up”.
fuairmín: “footstool, little bench”.
gioblach: “ragged, tattered”, pronounced /gʹubələx/.
in: a form of the demonstrative pronoun sin used after the copula (b’in, nách in, etc). Often incorrectly written shin.
Life (an Life): the River Liffey, which runs through Dublin. Life originally referred to the plain through which the river runs, and later came to refer to the river itself.
seacht n-uaire: “a great many times”.
silim, sileadh: “to droop, hang”. Ar sileadh leis, “hanging down from him”.
sról: “satin”.
tuathalach: “blundering, clumsy; slovenly, uncivilised”.
tútach: “crude, coarse, boorish”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Cúán Fithise, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s