Aithris ar Chríost I:XXIV

CAIBIDEAL A CEATHAIR IS FICHE

AN BHREITH, AGUS PIAN AN PHEACA.

1. Ins gach ní féach cad é an deireadh a bheidh air, agus conas a sheasóir i láthair an Bhreithimh. Breitheamh rócheart is ea é. Ní féidir aon ní do cheilt air. Ní féidir É ’ bhreabadh. Ní ghlacfaidh Sé aon leathscéal. Tabharfaidh Sé breith de réir an chirt.

Ó, a pheacaigh mhífhoirtiúnaigh gan chiall, cad é an freagra a bheidh agatsa le tabhairt ar Dhia na glóire nuair a bheid do pheacaí go léir os cómhair a shúl? Tusa, go gcuireann fearg i ngnúis duine scannradh ort uaireanta!

Cad chuige ná féachann tú chút féin i gcómhair an lae sin na breithe, nuair ná féadfaidh éinne plé ná cosaint a dh’fháil ó éinne eile, toisc go mbeidh a dhóthain de chúram do gach éinne ’na chás féin?

Tá toradh ar do shaothar anois. Glacfar do dheóra. Éistfar let osna. Tá cúiteamh agus glanadh it dhólás.

2. Tá cúiteamh mór maith ag an nduine foighneach á dhéanamh ’na phurgadóireacht. Nuair a deintear díobháil dò is mó a ghoilleann peaca a chómharsan air ná a dhíobháil féin. Nuair a gabhtar ’na choinnibh ní dheineann sé ach an gníomh do mhaitheamh agus guí ar an namhaid. Má dheineann sé díobháil iarrann sé maithiúnachas go tapaidh. Is túisce trua aige do dhuine ná fearg aige chun duine. Bíonn sé ana-dhian air féin chun anmhianta na colla do chimeád fé chois.

Is feárr na peacaí do ghlanadh dhínn anois, agus na hanmhianta do ghearradh amach, ná iad a chimeád i gcómhair an tsaeil eile le glanadh.

Is fíor go meallaimíd sinn féin leis an ngreann rómhór so atá againn ar ár gcolainn.

3. Cad eile a bheidh chun na tine úd do chothú ach do pheacaí?

Dá mhéid a spárálfair thu féin anois, agus dá mhéid a ghéillfir don cholainn, is ea is mó a bheidh le dó ionat ar ball.

In sna nithibh ’nar dhein duine an peaca is ea is mó a bheidh a phian. Beid lucht leisce dá bpriocadh ansúd le bearaibh tine. Beid lucht meisce agus craois dá ngearradh le tart agus le hocras.

Beid lucht drúise agus pléisiúir clúdaithe ansúd le bréantas agus le pic agus le ruibh ar lasadh. Agus beid lucht an fhormaid ann agus iad ag uallfartaigh, mar ’ bheadh madraí uilc, le drochaigne.

4. Níl aon drochbhéas ná beidh a phian féin ansúd air. Beid lucht an uabhair fé an uile shaghas náire ann. Beidh uathás easnaimh ar lucht na sainnte.

Is déine a bheidh aon uair a’ chluig amháin den phian úd ansúd ná mar a bheadh céad blian anso den aithrí is crua.

Níl sos ná suaimhneas ansúd choíche, don druíng damanta, ná aon bhlúire sóláis. Ní mar sin dúinn anso; bíonn sos le fáil ón obair is crua, agus gheibhimíd sólás ónár gcáirdibh, ó am go ham.

Bíodh eagla agus dólás ort anois mar gheall ar do pheacaíbh, i dtreó go mbeidh tú ar láimh shábhála, i bhfochair na bhfíoraon, lá an

Mar, an uair sin is ea ’ sheasóid na fíoraein go fíordhaingean in aghaidh na muíntire a bhíodh á mbrú agus dhá gcur fé chois.

An uair sin is ea ’ bheidh ’na sheasamh chun breithe ’ thabhairt an té atá anois go húmhal fé bhreith daoine.

An uair sin is ea ’ bheidh meanmna ag an nduine mbocht úmhal, agus lucht an uabhair ag crith ins gach aon bhall.

5. An uair sin is ea do chífar ná raibh duine sa domhan so dob fheárr ciall ná an té a dh’fhoghlaim conas bheith in’ amadán agus fé tharcaisne ar son Chríost.

An uair sin is ea ’ gheóbhfar áthas as gach cruatan a fuiligeadh le foighne, agus a chaithfidh an éagóir a béal do dhúnadh.

An uair sin is ea ’ bheidh áthas ar an ndébhóideach agus gruaim ar an ndíchreideamhach.

An uair sin is ea ’ bheidh aiteas ar an bhfeóil a dh’fhuilig cruatan, níos mó ná mar a bheadh uirthi dá mba ar shólaistíbh a cothófí riamh í.

An uair sin is ea do thaithnfidh an t-éadach garbh, agus do dhoircheóidh an t-éadach mín.

An uair sin is ea ’ gheóbhaidh an bothán bocht moladh ná faighidh an caisleán órga.

An uair sin is ea ’ bheidh an fhoighne sheasmhach níos tairbhí ná cómhacht an domhain go léir.

An uair sin is ea ’ gheóbhaidh fíorúmhlaíocht d’uachtarán creidiúint níos aoirde ná mar a gheóbhaidh gliocas an tsaeil seo go léir.

6. An uair sin is ea ’ chuirfidh coínsias fónta, glan, níos mó áthais ar an té go mbeidh sé aige ná mar a chuirfeadh léann agus eagnaíocht an domhain air.

An uair sin is ea ’ mheáfaidh neamhshuím i saibhreas níos truime ná a raibh de stór riamh ag lucht saolthachta.

An uair sin is ea ’ bheidh níos mó sóláis agat à húrnaithe débhóideacha ná à bia dei-bhlasta.

An uair sin is ea ’ bheidh níos mó áthais ort mar gheall ar fhanúint ciúin ná mar gheall ar mhórán cainnte ’ dhéanamh.

An uair sin is ea’ bheid gníomhartha beannaithe níos mó le rá ná focail bhreátha líonmhara.

An uair sin is ea ’ bheidh an bheatha dhian agus an aithrí chruaidh níos sólásaí ná aoibhneas an tsaeil seo go léir.

Tabhair mar bhéas duit féin nithe suaracha d’fhulag anois i dtreó ná beidh ort nithe móra ’ dh’fhulag ar ball.

Triail thu féin anso féachaint cad ’ fhéadfair a dh’fhulag ansúd.

Mura féidir leat na pianta beaga ’ dh’fhulag, conas ’ fhéadfair na pianta síoraí ’ dh’fhulag ar ball?

Má chuireann pian bheag ar buile thu anois, cad is dó’ leat a dhéanfaidh pian ifrinn leat ar ball?

Bíodh ’ fhios agat nách féidir duit an dá aoibhneas a bheith agat, aoibhneas an tsaeil seo agus aoibhneas na bhflaitheas i bhfochair Chríost ’na dhiaidh so.

7. Dá mbeithá tar éis do shaeil go léir a chaitheamh, go dtí an lá so, in onóir agus i bpléisiúr, cad é an tairbhe ’ bheadh ann duit dá gcaithfá bás d’fháil an neómat so?

Baois, dá bhrí sin, baois is ea gach aon rud, ach amháin grá ’ thabhairt do Dhia agus a thoil do dhéanamh.

Óir, an té a thugann grá óna chroí go hiomlán do Dhia, ní heagal leis bás, ná pian, ná breithiúntas, ná ifreann, mar osclann an grá iomlán san an bóthar chun Dé dhò gan aon teip.

Ach an té go bhfuil greann ar an bpeaca aige agus dúil aige sa pheaca, ní haon iúnadh eagla ’ bheith aige roimis an mbás agus roimis an mbreithiúntas.

Is maith an rud, áfach, mura bhfuil grá do Dhia ábalta ar thu ’ chimeád ón olc, eagla ifrinn féin a bheith ábalta ar thu ’ chimeád uaidh.

Ach an té a chuireann eagla Dé i leataoibh uaidh ní fhéadfaidh sé seasamh i bhfad ar an slí chóir. Ní fada go mbeidh sé ’na líon ag an áirseóir.

Nóta
Den phian úd: note the failure to use the dative péin here.

Foclóirín

aiteas: “delight”. This word is given in FGB as “pleasantness, fun”, but PUL states in his Notes on Irish Words and Usages that this word means “intense delight”, a stronger word than áthas.
ball: “place, spot”. Ar ball, “presently, by and by”.
béas: “custom, habit”. Rud do thabhairt mar bhéas duit féin, “to get into the habit of doing something”.
bior: “spit, spike, rod”, with beara in the plural, where GCh has bearanna.
bréantas: “stench, filth”.
breith: “judgement, decision”. Fé bhreith, “judged by (someone)”.
caisleán: “castle”, pronounced /kiʃ’lʹɑ:n/.
cómhacht: “power, authority”, or cumhacht in GCh, but pronounced with a long o in WM Irish: /ko:xt/.
craos: “gluttony”, with craois in the genitive. Pronounced /kre:s, kri:ʃ/.
cúiteamh: “requital; recompense”.
dei-bhlasta: “savoury, tasty”, or dea-bhlasta in GCh. Pronounced /dʹəi-vlɑstə/.
díchreideamhach: “unbeliever”, or díchreidmheach in GCh.
dóim, dó: “to burn”.
doirchím, dorchú: “to darken”, in both transitive and intransitive senses, or dorchaím, dorchú in GCh. The finite verb regularly has a slender rch in PUL’s works, where the verbal noun has a broad rch. Pronounced /dorʹi’hi:mʹ, dorə’xu:/.
drochaigne: “malice, ill-will”, pronounced /dro-hagʹinʹi/.
drong: “group, body of people”, with druíng in the dative. An drong damanta, “the damned”, where damanta could either be an adjective or a noun in the genitive plural. Pronounced /drouŋg, dri:ŋgʹ/.
eagnaíocht: “wisdom, cleverness in debate”, pronounced /ɑgə’ni:xt/.
easnamh: “want, shortage”, pronounced /ɑsnəv/.
freagra: “answer”, pronounced /frʹagərə/.
garbh: “rough, coarse”, pronounced /gɑrəv/.
gearraim, gearradh: “to cut”, but also “to torture, persecute”.
gliocas: “cleverness”, or gliceas in GCh. Pronounced /glʹikəs/.
gruaim: “gloom”.
leathscéal: “excuse”, or leithscéal in GCh. Pronounced /lʹa’ʃkʹial/.
líon: “net”. ’Na líon ag an áirseóir, “caught in the snares of the Devil”.
madra: “dog”, pronounced /mɑdərə/. Madra uilc, “a mad dog”.
maithiúnachas: “forgiveness, remission of sins”, or maithiúnas in GCh.
meanmna: “courage, spirit”, or meanma in GCh. The pronunciation shown in the LS version of Aithris is /mʹanəmnə/, but meanma is found in PUL’s Guaire.
mífhoirtiúnach: “unfortunate”, pronounced /mʹi:-or’tʹu:nəx/. This would be mífhortúnach in GCh. The original spelling here was mí-fhortiúnach, possibly reflecting the fact that r is not palatalised before a slender t in WM Irish.
órga: “golden, gilded”, and also, by extension, “splendid”.
osclaim, oscailt: “to open”, or osclaím, oscailt in GCh. Pronounced /oskəlimʹ, oskiltʹ/.
pic: “pitch, tar”.
pléim, plé: “to discuss; plead”.
pléisiúr: “pleasure”, pronounced /ple:’ʃu:r/.
priocaim, priocadh: “to prod”.
ruibh: “sulphur”.
sábháil: “saving, deliverance”. Ar láimh shábhála, “safe, out of danger”.
saolthacht: “worldly goods”. Lucht saolthachta, “the children of the world”, as opposed to the godly.
sólaist: “dainty, delicacy”, usually plural as sólaistí.
spárálaim, spáráil: “to spare”. Tu féin a spáráil, “to spare yourself, go easy on yourself”.
uallfartach: “howling, yelling”. Pronounced /uəlhərtəx/. As a feminine verbal noun ending in -ach, this becomes ag uallfartaigh in the dative, pronounced /əg uəlhərtigʹ/.
uathás: “horror; an astonishing amount of something”, or uafás.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s