Aithris ar Chríost I:XXII

CAIBIDEAL A DÓ AGUS FICHE.

MACHNAMH AR MHÍFHOIRTIÚN AN DUINE.

1. Pé ball ’na bhfuilir, agus pé ball ’na ngeóbhair, is duine gan áird tu mura n-iompaír ar Dhia.

Cad chuige dhuit buaireamh a bheith ort nuair ná héiríonn leat de réir do thoile?

Cá bhfuil an té go bhfuil gach aon rud chun a thoile féin aige? Ní mise é, ná tusa, ná aon duine eile beó ar an saol.

Níl aon duine ar an saol gan trioblóid éigin air, nú guais éigin, dá mb’é an rí é, nú an Pápa.

Cé hé an té is feárr go bhfuil an scéal aige? An té atá ábalta ar rud a dh’fhulag ar son Dé.

2 Tá a lán daoine gan chiall agus deirid siad: Féach; nách breá an saol ag an nduine úd é; nách saibhir, nách mór, nách cómhachtach, nách uasal atá sé!

Ach cuímhnighse ar shaibhreas na bhflaitheas, agus chífir gur neamhní na nithe saolta san go léir. Ní féidir deimhin a dhéanamh díobh, agus is cúram iad, agus an té go mbíd siad aige bíonn eagal air, coitianta, go gcaillfeadh sé iad.

Ní hi bhflúirse de mhaitheasaíbh an tsaeil atá áthas an duine. Ní beag dò an chuíosacht.

Bheith i bpéin is ea bheith ar an saol in aon chor.

Dá mhéid dúil a bhíonn ag duine i nithibh sprideálta is ea is mó a chuireann a bheatha ar an saol so seirithean air, mar is ea is feárr a thuigeann sé agus is ea is soiléire a chíonn sé claonta agus truaillitheacht an duine.

Óir is seirithean mór agus is pian mhór don Chríostaí fhíoraonta a bheith air bheith ag ithe agus ag ól, ag luí chun codlata agus ag éirí, ag dul chun oibre agus ag stad, agus ag freagairt do gach dualgas eile dá mbaineann le nádúr an duine ar an saol so, nuair is é rud ba mhian leis féin ná bheith scartha leó go léir agus bheith saor ó an uile shaghas peaca.

3. Is fíor gurb ualach trom ar an nduine sprideálta riachtanaisí na colla ar an saol so. Uime sin is ea ’ iarrann an Fáidh go ndéanfí é ’ dh’fhuascailt uathu: Fuascail me óm riachtanaisíbh, a Thiarna, adeir an Fáidh.

Ach is mairg don mhuíntir ná tuigeann an mífhoirtiún atá orthu, agus is mairg níos mó don mhuíntir a bhíonn i ngrá leis an mífhoirtiún, i ngrá le truaillitheacht na beatha so.

Mar tá daoine ann atá chómh mór san i ngrá leis an saol so (bíodh gurb ar éigin ’ fhéadaid siad maireachtaint, ag obair go cruaidh nú a d’iarraidh na déarca) gur chuma leó cad a dhéanfadh ríocht na bhflaitheas dá bhféadaidís fanúint anso i gcónaí.

4. Ó, a dhaoine gan mheabhair, gan chreideamh ’núr gcroí, is daingean atáthaoi sáite sa tsaol so nuair nách féidir libh aon bhlas ’ fháil ach ar nithibh colnaí.

Ach ar ball is ea ’ bheidh an donas ar fad oraibh, nuair a thuigfidh sibh gráinniúlacht agus folús na nithe sin dár thugabhair an grá go léir.

Ní mar sin do naoimh Dé agus do cháirdibh débhóideacha Chríost; níor chuireadar suím in sna nithibh a thabharfadh sólás corpartha dhóibh, ach do thugadar greann ar fad don tsólás shíoraí, agus chuireadar a ndúil go hiomlán sa mhaith shíoraí.

Chuaigh a ndúil agus a mian go léir suas chun an mhaitheasa shíoraí ná feictear, i dtreó ná féadfadh greann ar mhaitheas shofheicse iad do tharrac síos go hifreann.

Ná caill, a bhráthair, do mhuinín as dul ar aghaidh i nithibh sprideálta. Tá an uair agus an aimsir agat fós.

5. Cad ab áil leat ag cur do dhea-rúin ar cáirde? Éirigh, agus tosnaigh láithreach, agus abair: Anois an t-am chun gnímh; anois an t-am chun troda; anois an t-am ceart chun mo leasa ’ dhéanamh.

Nuair a bhíonn pian agus trioblóid ort, sin é an t-am chun luacht saothair.

Ní foláir duit gabháil trí thine agus trí uisce sara dtiocfair chun an tsúáilcis.

Gan éigean a dhéanamh ort féin ní bhéarfair bua ar na hanmhiantaibh.

An fhaid a bheidh an cholann dreóil seo againn le hiompar, ní fhéadfaimíd bheith gan pheaca, ná maireachtaint gan dochar gan dólás.

Ba rómhaith linn bheith saor ó gach peannaid, ach ó chailleamair ár neamhchiontacht leis an bpeaca, do chailleamair, leis, gach fíorshólás.

Ní foláir dúinn dá bhrí sin, ciall a bheith againn agus feitheamh go dtagaidh trócaire Dé chúinn, agus go sloigfar an bheatha mharbh so sa bheatha bheó, nuair a bheidh deireadh le réim an pheaca ar fad.

6. Ó, cad é mar ná fuil sa duine ar fad ach easpa nirt agus tugthacht don pheaca!

Tu ag cur do pheacaí síos i bhfaoistin inniu, agus amáireach tu ag déanamh na bpeacaí céanna arís!

Tu ceapaithe anois ar iad a sheachaint, agus i gcionn uair a’ chloig tu dhá ndéanamh chómh maith agus ná beadh aon cheapadh déanta agat ar iad a sheachaint!

Is maith an ceart dúinn, dá bhrí sin, sinn féin d’úmhlú agus gan aon mhaíomh a dhéanamh asainn féin, ó táimíd chómh lag, chómh guagach.

Agus an rud go bhfuaramair mórán dá dhua, agus ná fuaramair é ach ar éigin agus trí ghrásta Dé, is féidir é ’ chailliúint in aon neómat amháin le corp faillí.

7. Cad é an deireadh a bhéarfaidh sinn in aon chor agus a rá go bhfuilimíd chómh faillitheach chómh luath sa lá?

Is olc an scéal againn é más amhlaidh a mheasaimíd suí síos agus suaimhneas do ghlacadh, chómh maith agus dá mba síocháin agus socracht
a bheadh againn, agus gan aon rud i bhfuirm naofacht bheatha le feiscint fós ionainn sa chuma ’na mairimíd.

Ba rómhaith an bhail orainn dá gcurtí isteach i scoil na nóibhíseach sinn arís agus béasa maithe do mhúineadh dhúinn, le súil go mb’fhéidir go raghadh feabhas orainn agus go ndéanfaimís leas ár n-anama níos feárr.

Foclóirín

amáireach: “tomorrow”, amárach in GCh. Pronounced /ə’mɑ:rʹəx/.
beag: “small”, pronounced /bʹog/. Ní beag dò é, “it is enough for him”.
cáirde: “respite, delay”. Rud do chur ar cáirde, “to delay something, put it off”.
ceann: “head”. I gcionn uair a’ chloig, “after an hour”.
claon: “inclination; perversity”, with claonta in the plural.
corp: “body”, but used in the phrase le corp to refer to the emotion or motivation with which something is done: le corp faillí, “out of neglect”.
cuíosacht: “fair amount, moderation, having just enough”, or cuibheasacht in GCh. Pronounced /ki:səxt/.
dea-rún: “good intention”.
dreóil: “frail, feeble”, or dearóil in GCh. This was given as direóil in the original, but the LS version of Aithris as dreóil, and dreóile is found in PUL’s Seanmóin is Trí Fichid and dreóileacht in his Mo Sgéal Féin, implying that the pronunciation of dreóil may be monosyllabic here.
fáidh: “prophet”, pronounced /fɑ:gʹ/.
faoistin: “confession”.
feitheamh: “to wait”, pronounced /fʹihəv/.
gabhaim, gabháil: “to go” with many subsidiary meanings. Geóbhair is the second-person singular future-tense form here (equivalent to gabhfaidh tú in GCh), reflecting the way forms of this word have been partly aligned with the verb gheibhim, fháil.
gráinniúlacht: “abhorrence; the abhorrent nature of something”, or gráiniúlacht in GCh. Pronounced /grɑ:’ŋʹu:ləxt/.
greann: “pleasure, affection”. Pronounced /grʹaun/.
mairg: “woe”. Is mairg don té (a), “woe to him who…”. Pronounced /mɑrʹigʹ/.
mífhoirtiún: “bad luck, misfortune”, pronounced /mʹi:-or’tʹu:n/. This would be mífhortún in GCh. The original spelling here was mí-fhortiún, possibly reflecting the fact that r is not palatalised before a slender t in WM Irish.
neamhchiontacht: “innocence”. PUL uses both cionntach and ciontach in his works, and IWM shows the pronunciation of that word could be either /kʹu:ntəx/ or /kʹuntəx/, and so the same would apply to neamhchiontacht.
neómat: “minute, moment”, or nóiméad in GCh. The various words for “minute” in Irish are all corruptions of the original móimeint; consequently, the GCh form is no more
authoritative than the WM form.
nóibhíseach: “novice”.
peannaid: “penitence, penance, pain, torment”.
riachtanas: “necessity”, with riachtanaisí in the plural where GCh has riachtanais. This pattern is scene in most or all such words in the dialect (rialtas, plural rialtaisí, etc).
súáilceas: “virtuousness; happiness, contentment”.
táim, bheith: “to be”. Note the relative form atáthaoi here, corresponding to atá sibh in GCh.
trócaire: “mercy”.
truaillitheacht: “corruption, defilement, baseness”, or truaillíocht in FGB.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s