Aithris ar Chríost I:XXV

CAIBIDEAL A CÚIG IS FICHE

ÁR MBEATHA AR FAD DO LEASÚ DÁIRÍRIBH.

Bí go haireach agus go dúthrachtach i seirbhís Dé, agus fiafraigh díot féin go minic cad a thug anso isteach thu, agus cad chuige gur thréigis an saol.
Nách chun maireachtaint do Dhia a dheinis é, agus chun bheith it dhuine sprideálta?

Dein dícheall, dá bhrí sin, ar bheith chómh maith agus is féidir duit bheith, mar ní fada go bhfaighir luacht do shaothair. Ansan ní bheidh dólás ná eagla le teacht id ghaobhar a thuilleadh.

Déanfair roinnt bheag saothair anois, agus ansan beidh suaimhneas breá fada agat, agus aoibhneas síoraí.

Má bhíonn tusa dílis dúthrachtach san obair, ní baol ná go mbeidh Dia dílis, agus fial, sa chúiteamh.

Bíodh do mhuinín go láidir agat go mbéarfair bua; ach ná dein deimhin ar fad de, le heagla go dtiocfadh díomhaointeas ort agus mór-is-fiú.

2. Bhí duine ann agus bhíodh sé go minic i bpráinn agus i mbuairt aigne go mór, a mhuinín as Dia aige agus ansan scannradh air le heagla go mb’fhéidir ná leanfadh sé dílis do Dhia i gcónaí. Lá agus an buaireamh ana-dhian air do leog sé é féin ar a ghlúinibh ar aghaidh altórach áirithe. “Ó!” ar seisean, in’ aigne, “dá mbeadh ’ fhios agam go leanfainn dílis!” Lena línn sin do mhothaigh sé an freagra ó Dhia istigh ’na chroí: “Agus dá mbeadh an fios san agat cad a dhéanfá? Dein anois an rud a dhéanfá an uair sin agus beidh an scéal go maith agat.”

Tháinig sólás agus suaimhneas ar a aigne láithreach. Chuir sé a thoil le toil Dé, agus d’imigh an buaireamh. Chuir sé suas de bheith ag cuardach féachaint cad a bhí le himeacht air féin, agus ní raibh uaidh feasta ach ’ fhios a bheith aige cad ba mhó ba thoil le Dia, agus conas a chuirfeadh sé toil Dé chun cínn i dtosach agus i ndeireadh gach dei-ghnímh.

3. Bíodh do mhuinín à Dia agat, adeir an Fáidh, agus dein an mhaith, agus cónaigh ar an dtalamh agus cothóidh a shaibhreas tu.

Tá aon ní amháin a chimeádann a lán daoine siar ó leas a n-anama ’ dhéanamh. Is é ní é ná an obair a bheith, dar leó, róchruaidh, nú an cath a bheith ródhian.

Agus ansan, an mhuíntir a thugann a n-aghaidh gan staonadh ar chruatan na hoibre, agus a dheineann dícheall ar an lámh uachtair ’ fháil ar gach ní atá ’na gcoinnibh, sin iad is feárr a dheineann leas a n-anama.

Mar, nuair a gheibheann duine an lámh uachtair air féin agus nuair a smachtaíonn sé é féin, sin é uair is feárr a dheineann sé leas a anama agus is mó a thuilleann sé grásta ó Dhia.

4. Ach is mó a bhíonn ag duine ná mar a bhíonn ag duine eile le smachtú agus le cur fé chois.

Ach an té a bheidh dícheallach, dúthrachtach, bíodh go bhfuil mórán drochmhianta aige le smachtú, déanfaidh sé an bheart níos feárr, agus raghaidh sé ar aghaidh i mbeannaitheacht níos tiúbha, ná duine eile ná fuil na drochmhianta san aige, ach atá ríghin, mairbhiteach, i ngnó a anama.

Tá dhá ní a chabhraíonn go mór chun leasa anama; tarrac siar go neartmhar ón ndrochní go bhfuil duine tugtha dhò ó dhúchas, agus ansan, an mhaith atá in easnamh orainn do shaothrú go dícheallach.

Níor mhiste dhuit, leis, aire ’ thabhairt don ní seo. An locht a chíonn tú sa bhfear thall agus a chuireann seirithean ort, féach a’ bhfuil sé ionat féin, agus leighis ionat féin é.

5. Ansan, bain leas t’anama as gach aon rud. Má chíonn tú tréithe maithe sa bhfear thall, saothraigh ionat féin iad ar do dhícheall. Ach má chíonn tú drochthréith, seachain aithris ar an ndrochthréith. Má dheinis cheana an aithris sin seachain í feasta.

Fé mar atá do shúilse ar chách, bíodh ’ fhios agat go bhfuil súil chách ort.

Ó, nách aoibhinn, aiteasach an rud bráithre ’ dh’fheiscint diaga, débhóideach, dea-iompair, úmhal don riail! Nách dúbhach agus nách dobrónach an rud iad a dh’fheiscint ag siúl go neamhrialta, agus ná deinid siad an obair a thug isteach anso iad!

Nách díobhálach an rud faillí a thabhairt i ngnó ár ngairme féin, agus ár n-aigne ’ thabhairt do rud ná baineann linn!

6. Cuímhnigh ar an ní a chuiris rómhat, agus leog do shúil ar íomhá an tSlánaitheóra ar an gCrois Chéasta.

Ní hiúnadh náire ’ bheith ort nuair ’ fhéachann tú ar bheatha Íosa Críost. Níor dheinis dícheall fós ar aithris níos feárr a dhéanamh air, bíodh gur fada i ngnó Dé thu.

An manach a thugann mar bhéas dò féin taithí ’ dhéanamh de bheith dhá oibriú féin i mbeatha rónaofa agus i bPáis an Tiarna, gheóbhaidh sé ann go flúirseach na nithe a bheidh riachtanach dò, nú ag teastabháil uaidh, agus ní gá dhò dul lasmu’ d’Íosa chun aon ní níos feárr do lorg.

Ó, dá dtagadh an Slánaitheóir, ar a Chrois Chéasta, isteach ’nár gcroí, nách tapaidh a bheadh ár ndóthain léinn againn!

7. Glacann an manach imníoch gach ní a hórdaíthear dò, agus cuireann sé suas leis.

Ní bhíonn ach buaireamh ar muin buairimh ag an manach faillitheach, patuar, agus guais ag brú air ón uile thaobh. Tá sé gan sólás istigh, agus níl ceadaithe dhò sólás do lorg lasmu’.

An manach ná maireann fé smacht is baol dò aimhleas mór.

An té a bheidh a d’iarraidh suaimhnis agus a d’iarraidh dul ón riail beidh sé i gcónaí i dtrioblóid. Beidh rud éigin i gcónaí ag cur feirge air.

81. Conas a mhairid na manaigh eile seo go léir atá dúnta isteach fé smacht daingean? Is annamh a théid siad amach. Mairid siad go huaigneach. Ní fónta é a mbia. Bíonn éadach garbh orthu. Deinid siad a lán oibre. Ní labhraid siad puínn. Ní chodlaid siad puínn. Éiríd siad moch. Deinid siad úrnaithe fada. Léid siad a lán. Agus cuirid siad an uile shaghas smachta orthu féin.

Féach na Cartúisínigh, agus na Cistersínigh, agus manaigh agus mná rialta eile, mórán acu, conas mar a dh’éiríd siad gach aon oíche chun cantainne salm a dhéanamh chun an Tiarna.

Ba náireach an bheart duitse, dá bhrí sin, bheith annleisciúil san obair bheannaithe, agus na daoine naofa san go léir ag moladh Dé le fonn.

9. Ó, nách trua aon ní eile ’ bheith le déanamh againn ach bheith ag moladh an Tiarna Dia ónár gcroí agus ónár mbéal go hiomlán!

Ó, dá mba nár ghá dhuit choíche ithe ná ól ná codladh ’ dhéanamh, ach neart a bheith dhuit ar bheith i gcónaí ag moladh Dé, ach amháin nuair a bheadh gnó sprideálta nú foghlaim agat le déanamh; nách aoibhinn a bheadh an saol agat seochas mar atá anois, nuair atá ort riachtanaisí líonmhara an chuirp d’fhriothálamh.

Is trua gan na riachtanaisí sin tógtha uainn i dtreó ná beadh orainn a thógaint ach bia an anama, an bia ná blaisimíd ach go ró-annamh.

10. Nuair a bhíonn duine i dtreó ná bíonn aon bheann aige ar aon ní cruthaithe seochas a chéile, ansan is ea ’ thosnaíonn sé ar bheann a bheith i gceart aige ar Dhia. Ansan, leis, is ea ’ bheidh sé lántsásta le pé rud a thitfidh amach.

An uair sin ní chuirfidh flúirse áthas air, ná ní chuirfidh gannchúise míshásamh air, mar fágfaidh sé é féin agus gach ní eile fé Dhia ar fad, le lánmhuinín, mar is é Dia a chuid ’en tsaol. Mar ní théann aon rud chun báis ná ar neamhní ó Dhia, óir tá gach ní beó dhò, ag déanamh a thoile ar leagadh súl, gan ríghneas.

11. Cuímhnigh i gcónaí ar an bhfoircheann, agus ar conas mar ná filleann an aimsir a cailltear.

Níl an fhíoraontacht le fáil agat gan imníomh agus aireachas.

Má thosnaíonn tú ar bheith patuar tosnóir ar bheith go holc.

Ach má dheineann tú dícheall ar bheith imníoch tiocfaidh suaimhneas mór ort, agus ní mhothóir aon chruadas san obair, mar beidh grásta Dé agat agus grá don mhaith.

An té atá dúthrachtach, imníoch, tá sé ollamh do pé rud a thiocfaidh air.

Is mó de ghníomh cur i gcoinnibh drochmhian agus dúáilcí ná allas mór a chur díot ag déanamh oibre.

An té ná seachnóidh na peacaí beaga titfidh sé, i ndiaidh ar ndiaidh, in sna peacaíbh móra.

Beidh áthas ort i gcónaí um thráthnóna má bhíonn an lá caite go tairbheach agat.

Bí ag faire ort féin. Bí ad spriocadh féin. Bí ad chómhairliú féin. Pé rud a dhéanfaidh éinne eile ná tabhair faillí ionat féin.

Le bheith dian ort féin is ea ’ dhéanfair leas t’anama. Amen.

Foclóirín

agus ansan: “nevertheless”.
aimhleas: “disadvantage, mischief”, pronounced /ailʹəs/.
aiteasach: “delightful”.
altóir: “altar”, with altórach in the genitive singular where GCh has altóra.
annleisciúil: “reluctant, indolent, unwilling”, or aimhleisciúil in GCh. Pronounced /aunlʹe’ʃkʹu:lʹ/.
beann: “regard”. Beann a bheith agat ar rud, “to have regard for something”.
beart: “move, deed, act”, which is feminine here, but masculine in the GCh.
cách: “everyone”.
cantainn: “chanting”, or cantain in GCh. The LS version of Aithris shows the pronunciation to be /kɑntiŋʹ/, with no diphthong in the first syllable, possibly because this is a loanword.
Cartúisíneach: “Carthusianmonk”, or Cartúiseach in GCh.
cath: “battle”. The two meanings of the word cath are not well-distinguished in Irish.
Cistersíneach: “Cistercian monk”, or Cistéirseach in GCh.
cónaím, cónaí: “to dwell”.
crois: “cross”, or cros in GCh. The historical dative usually replaces the nominative in PUL’s Irish, especially in the phrase crois chéasta, “crucifix” (cf. cros mhór sholasmhar in the section on the cross of Constantine in PUL’s Lúcián and an chruis chéasta in the chapter Íbirt ag Abraham in PUL’s Sgéalaidheachta as an mBíobla Naomhtha). The spelling in the original here was crois, with /kroʃ/ indicated in the LS version of Aithris, but other LS editions, such as that of PUL’s An Choróinn Mhuire, indicate /kriʃ/.
cruadas: “hardness”, or cruas in the GC. PUL stated that a clear d was pronounced in this word: /kruədəs/ (Notes on Irish Words and Usages, p30).
cuid: “share”. Mo chuid en tsaol, “everything to me”, literally “my share of the world”.
cuirim, cur: “to put”. Cur suas de rud, “to give up, cease doing something”, spelt cur suas do rud in the original. Cur suas le rud, “to put up with something”.
dea-iompar: “good conduct”, pronounced /dʹa-uːmpər/. CFBB shows that some speakers inserted an h into such words (see under dea-eólas), /dʹa-huːmpər/. The genitive, dea-iompair, is used as an adjective meaning “well-behaved”.
dei-ghníomh: “good deed”.
dícheall: “one’s best efforts”. Pronounced /dʹiːhəl/. Used with and without the possessive adjective: dein dícheall or dein do dhícheall (ar rud a dhéanamh), “endeavour, do your best”.
díobhálach: “harmful”.
díomhaointeas: “idleness”.
dobrónach: “afflicted; grievous”.
drochní: “something evil”, pronounced /dro-ni:/.
drochthréith: “evil trait or quality”, pronounced /dro-hrʹe:h/.
dúbhach: “dismal, melancholy, sorrowful”, pronounced /du:x/.
dúchas: “innate quality”. Ó dhúchas, “by natural inclination” in I:XXV here.
fial: “liberal, generous”.
flúirse: “abundance, plenty”.
foircheann: “end”, or foirceann in GCh, pronounced /forʹihən/.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in GCh.Riachtanaisí an chuirp d’fhriothálamh, “to attend to bodily needs”.
gairm: “calling, vocation”, pronounced /gɑrʹimʹ/.
gannchúise: “penury, scarcity”, or gannchúis in GCh. Pronounced /gɑnə’xu:ʃi/.
gaobhar: “nearness, proximity”, pronounced /ge:r/. This was spelt gaor in the original, but the accepted spelling yields the appropriate pronunciation.
imím, imeacht: “to go, go away”. Often with no sense of ‘going away’, and therefore just a synonym of dul. Rud a dh’imeacht ort, “for something to befall you”. Note that the participle, imithe, is stressed on the second syllable: /i’mʹihi/.
imníoch: “anxious”, but also “diligent, attentive”. Pronounced /imʹ’nʹi:x/, although I would like to check for an epenthetic vowel.
imníomh: “anxiety, diligence, care, concern, vigilance”. Note that Ó Dónaill’s dictionary crossreferences imshníomh, which it gives there with medial sh, to imní, which is also used in WM Irish. The pronunciation shown in the LS version of Aithris is /imʹ’nʹi:v/; I need to check whether there should be an epenthetic vowel.
íomhá: “image”, pronounced /i:’vɑ:/.
iúnadh: “wonder, surprise”, or ionadh in GCh. Pronounced /u:nə/. This word slenderises the n of the article: an iúnadh, /inʹ uːnə/ (see CFBB, p270). Iúnadh is consistently feminine in PUL’s works, but feminine in GCh. Ní hiúnadh é, “no wonder”.
lántsásta: “fully satisfied”, or lánsásta in GCh.
leagaim, leagadh: “to lay down”, or leagaim, leagan in GCh. Ar leagadh (na) súl, “in a twinkling”.
leasaím, leasú: “to polish”. Do bheatha leasú, “to turn over a new leaf, make positive changes in your life”.
línn: “period”, or linn in GCh. Note the long vowel here, /lʹi:ŋʹ/, whereas linn, “with us”, has a short vowel, /lʹiŋʹ/.
muin: “back and shoulders”. Buaireamh ar muin buairimh, “trouble on top of trouble”.
neamhní: “nothing”, pronounced /nʹav’nʹi:/. Dul ar neamhní, “to come to nothing, to naught”.
neamhrialta: “irregular”. Pronounced /nʹa-riəlhə/.
oibrím, oibriú: “to work, operate”. Pronounced /ebʹi’rʹi:mʹ, ebʹi’rʹu:/. CFBB indicates that ag oibriú is generally /igʹ ebʹi’rʹu:/, although /əg obʹi’rʹu:/ is also found. Tu féin a dh’oibriú, “to apply yourself” in some regard.
páis: “passion”, especially the Passion of Christ.
práinn: “hurry, urgency”. I bpráinn, “in trepidation”.
salm: “psalm”, pronounced /sɑləm/.
teastaíonn, teastabháil: “to be wanted or needed”, or teastaíonn, teastáil in GCh. The bh may be pronounced in WM Irish: /tʹas’tɑ:lʹ~tʹastə’vɑ:lʹ/. Used impersonally with ó: rud a theastaíonn uaidh, “something he wants/needs”.
tiubh: “quick”, with the comparative tiúbha, pronounced /tʹuv, tʹu:/. The comparative would be tibhe in GCh.
treó: “way”, but also “state, condition”. Bheith i dtreó go, “to have reached such a state/condition (that)”.

1This section doesn’t correspond to anything in the English version.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s