Séadna, caib. 23

Caibideal a Trí is Fiche.

“Um eadartha la ’rna mháireach bhí an bheirt ag doras tí an rí. Tháinig an ceann amach. Chonaic sé Cormac.

“‘Cá bhfuil sí?’ ar seisean.

“‘Sid í í,’ arsa Cormac go réidh.

“‘Téanam, a ’níon ó,’ arsan ceann.

“Do ghluais sí in éineacht leis. Chuadar isteach doras. D’imíodar trí phóirse fhada. Chuireadar doras eile dhíobh agus póirse eile. Chuireadar an tríú doras díobh. Ní póirse a bhí laistigh de sin ach páirc bhreá mhór fhairseag ghrianach, agus í go glas, agus go beárrtha le speil, agus casáin dheasa tríthi anonn, agus gainimh orthu. Bhí rítheaghlach álainn uasal sa taobh thall den pháirc sin. Thug an ceann aghaidh ar dhoras an rítheaghlaigh sin. Ghluais Sadhbh ’na dhiaidh. Bhuail an ceann buille beag réidh ar an ndoras. Ba gheárr gur hoscladh é. Duine uasal breá groí cumasach dob ea an fear d’oscail é. Bhí caipín airgid ar a cheann, nú cheap Sadhbh gurbh airgead é. Agus bhí clóca síoda air agus bhí tua ar a ghualainn aige, agus í chómh greanta chómh solasmhar le gloine, agus faobhar uirthi gur dhó’ leat go mbainfeadh sí an ceann de chapall d’aon iarracht. Do labhair an bheirt fhear lena chéile i gcogar ar feadh tamaill. Ansan do bhagair fear na tua ar Shadhbh, agus do lean sí é agus d’fhan an fear eile amu’.

“Ní túisce a bhí Sadhbh ar an dtaobh istigh den doras ná ba dhóbair go leathadh a radharc uirthi. Do chonaic sí an seómra breá mór fairseag árd, agus na huaisle ’na suí ann ar gach taobh. Fir bhreátha mhóra dhathúla dob ea iad, agus clócaí síoda orthu agus slabhraí óir orthu agus búclaí óir ’na mbrógaibh, agus a chlaíomh len’ ais ag gach fear díobh. Ar a haghaidh suas do chonaic sí aon fhear amháin agus ba mhó agus ba chumasaí agus ba dhathúla é ná aon fhear eile dá raibh ann. Bhí coróinn óir ar a cheann agus mar ’bheadh adharca beaga in áirde aisti mórthímpall. Ar bárr gach adhaircín acu san do bhí bulla beag óir, agus istigh i lár gach bulla bhig bhí solas éigin ar lasadh agus ar crith, mar ’bheadh réiltín, oíche sheaca. Bhí clóca dearg air, chómh dearg leis an gclóca a bhí ar Shadhbh féin lá an aonaigh, nú b’fhéidir níos deirge. Bhí a shlat ríoga ’na láimh dheis aige agus bhí sé ’na shuí ar chathaoir mhór árd gur dhó’ leat go raibh an uile bhlúire dhi déanta d’ór chasta. Nuair a chonaic Sadhbh é bhí ’ fhios aici gurbh é an rí é. Ach ní raibh scáth ná eagla uirthi roimhe, mar ní féachaint chruaidh choímhtheach a bhí aige, ach féachaint bhreá bhog réidh dhuineanda. Bhí an chathaoir ríoga féin in áirde ar láithreán a bhí mar adéarfá leathtroigh níos aoirde ná an chuid eile den úrlár. Bhí dhá chathaoir eile ann, cathaoir acu ar gach taobh den láithreán, anuas ar an dtalamh, agus bhí beirt uaisle ’na suí orthu. Fir chríonna liatha dob eadh iad. An fear acu a bhí ar dheis an rí, bhí gruaig fhada liath air, agus í siar síos leis, ar a shlinneánaibh, agus bhi féasóg fhada liath air, síos ar a bhráid agus ar a bhrollach. Bhí clóca uaithne air agus bhí cláirseach mhór ’na seasamh in’ aice. An fear acu a bhí ar an dtaobh eile den rí bhí gruaig fhada liath air leis, agus bhí fúnsa óir ar a cheann, ag cimeád na gruaige siar dá éadan, agus bhí féasóg fhada liath air, díreach mar a bhí ar fhear na cláirsí. Ach ba thruime agus ba mhó d’fhear é go mór ná fear na cláirsí.

“Bhí Sadhbh ag tabhairt na rudaí sin go léir fé ndeara agus í ag gabháil an t-úrlár suas fá dhéin an rí. Nuair a bhí sí i ngaireacht chúig slata, nú mar sin, do, do stad sí.

“‘Drid tamall eile aníos, a ’níon ó,’ arsan rí. Níor chuir sí cor di.

“‘Drid aníos. Ná bíodh ceist ort,’ arsan rí.

“‘Drid suas. Níl aon rud le himeacht ort,’ arsa fear na tua léi, i gcogar.

“Níor dhein sí aon bhlúire amháin ach a clóca do scaoileadh siar síos di agus dul de léim i bhféasóig an fhir mhóir a bhí ar láimh chlé an rí agus díriú ar an bhféasóig do stathadh, fé mar ’ dhein sí le fear an bhramaigh oíche an aonaigh. An darna tarrac dár bhain sí as an bhféasóig do ghluais léi, in aon scraith amháin, idir fhéasóg agus gruaig agus fúnsa óir, agus cé ’bheadh ann ’na steillbheathaidh aici ach an Síogaí macánta!

“‘Airiú, a bhithiúnaigh na croiche duíbhe!’ ar sise, ‘sín chúm amach anso láithreach mo chuid airgid a mheallais uaim in ainm an rí.’

“Ar neómat na baise bhí fiche lámh os a gcionn agus claíomh lomrachta ins gach láimh díobh.

“‘Ná buailtear é,’ arsan rí. ‘Gabhthar é,’ ar seisean. ‘Cad as duitse, a ’níon ó?’ arsan rí.

“Do chaith sí í féin ar a dhá glúin os cómhair an rí.

“‘Ón Múmhain, a rí,’ ar sise, ‘agus do tháinig an fear san an lá fé dheireadh go tigh m’athar, agus duairt sé go raibh sé ag ceannach capall duitse, a rí, agus do cheannaigh sé a raibh de chapaillibh ar an aonach an lá san, agus do dhíol sé airgead bréagach astu, agus thispeáin sé dhómhsa t’fháinnese, a rí, agus duairt sé ná raibh a dhóthain airgid aige chun díol as a raibh ceannaithe aige, agus d’iarr sé orm trí chéad púnt do thabhairt do it ainmse, a rí, agus thugas do é. Is ar éigin a bhí sé tabhartha dho agam nuair a fuair Séadna amach gur bhithiúnach é agus ’ chuir sé Cormac ’na dhiaidh. Ach do theip ar Chormac teacht suas leis. Agus dar ndó’ ní hiúnadh gur theip agus é anso istigh go seascair agus gruaig fhada liath air agus féasóg fhada liath. Féach air sin!’

“‘Go réidh, a ’níon ó,’ arsan rí. ‘Cé hé Cormac?’

“‘An báille atá againn, a rí,’ ar sise.

“‘Cá bhfuil sé anois?’ arsan rí.

“‘Tá sé amu’ ag an ngeata, a rí,’ ar sise.

“‘Tugtar isteach é,’ arsan rí.

“Do tugadh isteach é. Agus go deimhin, a Athair, deir Uilig de Búrc, dá mba ná beadh agat ach aon gháire amháin go ndéanfá é dá bhfeicfá an dá shúil a tháinig do Chormac agus an iúnadh agus an alltacht agus an t-uathás a tháinig air, nuair a chonaic sé Sadhbh ar a glúinibh os cómhair an rí agus an scraith gruaige agus féasóige úd ’na lámhaibh aici agus a clóca laistiar di ar an úrlár, agus an fear a bhí ag siúl an aonaigh léi, ansúd thuas gofa, agus fear na tua ’na sheasamh laistiar de, ollamh ar a cheann do scoltadh leis an dtuaigh dá gcuireadh sé cor de.

“‘A bháille,’ arsan rí, ‘cé hé sin?’

“‘Sin é, a rí,’ arsa Cormac, ‘an fear ’cheannaigh na capaill ar aonach an Tobair sa Mhúmhain agus do dhíol an t-airgead bréagach astu. Bhí ceathrar acu ann, agus do rugadh ar thriúr acu. Ach do theip orainn teacht suas leis seo. Agus ní deirim go bhfuil aon chúinne sa chathair seo, ná is dócha in Éirinn, gan daoine anois ann ar a lorg. Ní mór scéala do chur amach láithreach go bhfuil beirthe air agus gan fir bhochta do bheith dhá marú féin níos sia ag rith ’na dhiaidh, agus gan é ann le fáil.’

“‘Go réidh, a bháille,’ arsan rí, ‘ní deirim ná go bhfuil iarracht de dhearúd ort.’

“‘Ó, níl, a rí,’ arsa Cormac.

“‘Measaim,’ arsan rí, ‘go bhfuil, mar ní hort atá an t-aer agus an talamh do chimeád gan titim ar a chéile.’

“Do gháireadar na huaisle go léir. D’fhéach Cormac ’na thímpall orthu agus do leath a bhéal air agus tháinig bior ar a shúilibh, mar ní fheidir sé cad do chuir ag gáirí iad.

“Ansan do ghlaeigh an rí chuige ar Shadhbh agus cheistigh sé í agus bhailigh sé uaithi fios bunús an scéil ó thosach go deireadh, idir chleamhnas agus geallúint phósta agus iasacht airgid agus uile. Agus Síogaí ansúd gofa ag éisteacht leó agus fear na tua laistiar de.

“Nuair ’bhí a scéal críochnaithe ag Sadhbh do thairrig sí as a póca cuid den airgead bhréagach agus thug sí don rí é. D’fhéach sé air go géar. Ansan do ghlaeigh sé ar cheann airm na cathrach a bhí ’na sheasamh thíos ag an ndoras. Tháinig sé aníos.

“‘Conas do thárla,’ arsan rí, ‘gur rugadh ar thriúr acu agus gur imigh an ceathrú duine?’

“‘Sin é ’bhí am dhalladh, a rí,’ ar seisean. ‘Ach tuigim anois é. Sin é ansan,’ ar seisean, ag síneadh a mhéire chun Síogaí, ‘an fear a dhearbhaigh ar an dtriúr.’ Do ghluais osna chléibh óna raibh láithreach nuair ’dh’airíodar an méid sin. ‘Do dhearbhaigh sé leis,’ arsan ceann airm, ‘gurbh é duine a bhí ag déanamh an airgid bhréagaigh ná fear a chómhnaíonn sa Mhúmhain gurb ainm do Séadna, agus gurbh é do cheannaigh na capaill ar an aonach it ainmse, a rí. Agus dá chómhartha san féin go raibh sé beó bocht go dtí a bhfuil le fíorbheagán aimsire. Ná raibh ann ach gréasaí bocht i mbothán ag bun cnuic agus go bhfuil se anois ar an bhfear is saibhre agus is neamhspleáchaí in Éirinn. Do ghléasas láithreach cúnamh fear chun imithe ceann ar aghaidh ó dheas sa Mhúmhain chun beirthe ar Shéadna úd, nuair cé ’bhuailfeadh chúinn isteach ach Cormac Báille anso agus é ar thóir na mbithiúnach, agus allas air agus ceó bóthair a dhóthain. D’inis sé sin dúinn láithreach scéal a bhí bunoscionn ar fad leis an scéal eile. Duairt sé linn go raibh togha na haithne aige féin ar Shéadna agus gur dhuine mhacánta é, agus gurbh é ’ chuir an tóir i ndiaidh na mbithiúnach, agus mura mbeadh é ná béarfí in aon chor orthu. Cheapas féin an fear d’inis an chéad scéal do chur os cómhair Chormaic, ach ní raibh tásc ná tuairisc air. Bhí sé imithe mar ’shloigfeadh an talamh é. Chuireas lucht cuardaigh ins gach ball tríd an gcathair. D’imíos féin sa chuardach leó, ach ní raibh aon mhaith dhúinn ann. Ní raibh sé le fáil thíos ná thuas. Is cuímhin liom, ámh,’ ar seisean, ‘go maith, go bhfeaca ag gabháil thorm sa tsráid, agus é ag siúl ar a shocracht duine d’uaislibh an rí agus féasóg fhada liath go breá bog scáinneach air, díreach mar í seo,’ ar seisean ag breith ar an scraith a lámhaibh Shadhbh, ‘agus gruaig bhreá throm mar í seo air, agus í siar síos leis ar a ghuailnibh ’na fáinníbh ag crith agus ag lúbarnaigh. Is lag a shíleas an uair sin go raibh an té a bhí uaim chómh hachomair dom.’

“Ach ’sé crích an scéil duit é, a Athair, gur cuardaíodh tigh an duine uasail agus gur fuaradh ann éacht ar fad d’airgead agus d’ór agus d’ollmhaitheas. Agus go nduairt an rí nárbh fholáir a cuid féin do thabhairt do Shadhbh ar a dhúbailt, agus a rogha dá raibh ann de sheóidibh uaisle. Agus na capaill do ceannaíodh ar an aonach agus gur díoladh an t-airgead bréagach astu, duairt sé nárbh fholáir iad do chuardach agus iad do chur thar n-ais sa Mhúmhain ag triall ar an muíntir go mba leó iad. Ansan d’órdaigh an rí tigh Shíogaí do ghlanadh agus do shocrú agus do chur i dtreó, agus é ’thabhairt do Shadhbh, dá mba mhaith léi dul chun cónaithe ann agus a hathair do bhreith léi ann, mar go raibh comaoin mhór curtha aici air, comaoin níos mó ná ’chuir éinne de sna huaislibh a bhí ’na thímpall riamh air, cé gur mhór an iontaoibh a bhí aige astu agus gur ghairid a ngaol leis. La ’rna mháireach an lae sin is ea d’airigh Uilig de Búrc i dtaobh an chleamhnais. Is é a bhí ar siúl ag daoinibh ná go raibh Sadhbh agus Cormac le pósadh, agus go raghaidís chun cónaithe sa tigh mór agus ná raibh aon tseó ach a bhfuair Sadhbh de shaibhreas d’éaghmais na sé gcéad.”

“Aililiú!” arsa Diarmuid. “Is éachtach an saol é! Cá bhfuil an té ’cheapfadh go bhfeicfí choíche an bheirt sin i gcuíng phósta!”

“An raghair go dtí an baile mór chun cónaithe, a Dhiarmuid?” arsa Pádraig.

“Pé ball ’na raghaidh sé,” arsan sagart, “ní dó’ liom go dtiocfaidh aon athiompáil an turas so air.”

“Cathain a bheidh tú féin ag dul síos go dtí an chathair, a Athair?” arsa Pádraig.

“’ Dhe, cad chuige, a Phádraig?” arsan sagart.

“’ Dhe, cad chuige, a Athair, ach chun iad súd do phósadh! Dá mbeinnse id chás, a Athair, ní thabharfainn aon chead do mhuíntir na cathrach chun an phósta so ’dhéanamh murab ionann is pósadh Shíogaí.”

“Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a pósadh Shíogaí,” arsan sagart, “ná aon lorg agam air.”

“Deir Uilig,” arsa Pádraig, “go nduairt an rí go gcaithfeadh sé radharc ’fháil ar Shéadna. Aon fhear chómh géar íntleacht leis gur mór an trua gan é i bpost éigin, nú i ngnó éigin, ’na mbeadh tairbhe a íntleachta le fáil aige féin nú ag duine éigin eile. Dar leis, dá mbeadh fear de shaghas Shéadna aige mar cheann airm ní rithfeadh chómh fada leis an Síogaí macánta.”

“Nách mór an iúnadh,” arsan sagart, “nár inis Uilig de Búrc, nú duine éigin, don rí, go bhfuil fear anso againn is géarchúisí go mór ná Séadna féin, agus go raghadh nead cluthar in aice an rí chómh maith dho agus do raghadh sé d’éinne! Go mór mór ó ná fuil a dhá oiread airgid cheana aige agus a theastaíonn uaidh, mar atá ag Séadna.”

“Ní réiteódh an áit lem shláinte, a Athair,” arsa Pádraig. “Is mó duine ’na mbíonn dithneas air chun dul in inead sheascair in aice an rí agus nách siaide a shaol é nuair a gheibheann sé a thoil! ‘Is sleamhain iad leacacha an tí mhóir.’ Pé hé Síogaí is dó’ liom go dtuigeann sé um an dtaca so nách ionann dul go tigh an rí agus teacht as. Is maith liom go maith an rí –– i bhfad uaim. Go mbuaidh Dia agus Muire leis!”

“Imbriathar, a Phádraig,” arsa Diarmuid, “gur dó’ liom go bhfuil an ceart agat.”

Agus dar nóin tá ’ fhios ag an saol, a Dhiarmuid,” arsa Pádraig, “go raghairse síos go dtí an chathair chun cónaithe sa tigh mór i dteannta Shadhbh agus Chormaic chómh luath agus ’bheidh an áit ollamh duit!”

“Imbriathar, a Phádraig, nách é mo thuairim go raghad. Is dó’ liom gurb é rud a dhéanfad ná fanúint sa tseananid seo, mar atá agam. Pé mór breá é tigh an tSíogaí ní dó’ liom go raghad ag cur isteach orthu ann. B’fhéidir, dáltha thí an rí, gurbh usa dul ann ná teacht as. B’fhéidir gurbh usa fanúint as ná aon taobh acu. Fanfadsa mar a bhfuilim, anso i measc na gcómharsan, san áit ’na bhfuil mo shaol caite agam, san áit ’nar chaith m’athair a shaol, agus mo sheanathair, agus ní fheadar an mó athair rómpu.”

“Ní deirim ná gur maith an chómhairle ar a bhfuil socair agat, a Dhiarmuid,” arsan sagart.

Foclóirín

bearraim, bearradh: “to shave”. Beárrtha le speil, “closely mown with a scythe”.
brá: “neck, the front of the neck”, with bráid in the dative.
búcla: “buckle” e.g., on a shoe. Possibly with an epenthetic vowel.
bulla: “ball”.
bunoscionn le: “at variance with”. Pronounced /binʹiʃ kʹu:n/.
cuíng: “yoke”. Cuíng phósta, “wedlock, the bond of marriage”. CFBB gives the pronunciation as /kiːŋʹ/, but the presentation of WM phonology in IWM would point to /kiːŋgʹ/.
dallaim, dalladh: “to blind, dazzle”. Sin é bhí am dhalladh, “that is what was confusing me”.
duineanda: “human, kindly”, pronounced /dinʹənə/. Duineata in the CO.
éacht: “feat; a great number of quantity of something”.
fúnsa: “circular band, hoop”, or fonsa in the CO.
greanta: “graven, polished, beautifully done”, pronounced /grʹantə/.
láithreán: “ground, site”, or “raised platform” here. Pronounced /lɑ:rʹ’hɑ:n/.
lúbarnach: “twisting, writhing, wriggling”. Note that as a feminine verbal noun in -ach this becomes ag lúbarnaigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
nead: “nest”. This word is found as both masculine and feminine in the original text here, with nead cluthar pointing to the masculine gender, and sa tseananid seo (where the dative nid is derived from a genitive nide) pointing to the feminine. The word is feminine in the CO, with neide in the genitive.
ollmhaitheas: “wealth”, pronounced /olə-vɑhəs/.
réiltín: “star”, or réalta in the CO. Pronounced /re:lʹ’hi:nʹ/.
rítheaghlach: “royal household; palace”, pronounced /ri:’həiləx/.
scáinneach: “sparse, threadbare; in skeins, skeiny”, or scáineach in the CO. This term is used here of a beard: while “sparse, threadbare” would make more sense in the context, the authorised translation of Séadna has “skeiny” and FdS glosses this word as “in large curls like skeins”.
scéala: “news”, but also “word, tidings”. Scéala do chur amach, “to send out word”.
scraith: “layer of turf with the grass on it; a single lump”. In aon scraith amháin, “in one piece”.
seóid: “jewel, valuable object”, with seóide in the plural where the CO has seoda.
siaide: “all the longer”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, miste, meaning “all the more X for it”.
síoda: “silk”, or as an adjective in the genitive, “silken”.
speal: “scythe”, with speil in the dative.
steillbheatha: found in the phrase ’na steillbheathaidh, pronounced /nə ʃtʹelʹi vʹahigʹ/, “as large as life, in the flesh”.
tua: “axe”, with tuaigh in the dative, reflecting the underlying classical spellings of tuaghin the nominative, tuagha in the genitive, and thus tuaigh in the dative.
uaithne: “green”, or uaine in the CO, pronounced /uənʹhi/. Uaithne, in contrast to glas, refers to artificial green shades.
uathás: “horror; an astonishing amount of something”, or uafás in the CO.
úrlár: “floor”. Note the long u here.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s