Séadna caibideal a 21

Caibideal a hAon is Fiche.

Peig. Pé rud a bhain an tsúil as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda bhí sí ar leathshúil. Agus má bhí an tsúil léi a bhí imithe chómh nímhneach leis an súil a bhí aici ba mhaith an bhail ar Dhiarmuid ná raibh an dá shúil aici nuair ’fhéach sí air féin, nú is dócha go gcuirfeadh sí athiompáil air. Níor fhéad an fear bocht aon bhlúire bídh d’ithe an chuid eile den lá san, ach ag cuímhneamh ar an leathshúil úd, agus ar an gcirc agus ar an “srubh srabh,” agus ar an ndrochtheangmhálaí do bhuail um á inín. I dtreó go ndeigh Pails amach agus gur ghlaeigh sí ar chuid de na cómharsanaibh, agus go dtánadar isteach, agus go ndúradar gur cheart fios do chur ar an sagart sula dtiocfadh an oíche le heagla go raghadh an duine in olcas agus go mb’fhéidir gurb amhlaidh ’bheifí ag glaoch ar an sagart i lár na hoíche.

Do cuireadh fios ar an sagart agus do tháinig sé. Nuair ’airigh sé ó Dhiarmuid tuairisc na mná feasa do gháir sé.

“Tá aithne mhaith agamsa,” ar seisean, “ar an gcladhaire mná san. Ní raibh sí riamh i gCúig Uladh ná leath na slí ó bhaile. Tá ’ fhios agamsa cár rugadh agus cár tógadh í, agus dob olc an tógáilt í. Níl de chéird aici ná de shlí mhartha ach bheith ag gluaiseacht ó áit go háit dhá leogaint uirthi go bhfuil fios aici, agus dar ndó’ níl ach oiread agus atá ag an iarta san. Dá mb’áil le daoinibh ciall do bheith acu agus gan bheith ag tabhairt airgid di, ba gheárr go gcaithfeadh sí gairm beatha éigin eile do tharrac chúithi. Ach cé gur minic san dá ínsint do dhaoinibh ní ghlacaid cómhairle agus níl aon mhaith im chainnt. Ní haon tairbhe dhom bheith leó.”

“Agus, a Athair,” arsa Diarmuid, “conas a fuair sí amach cearc do bheith ag glaoch sa tigh seo? Nú conas a fuair sí amach Sadhbh do bheith as baile? Nú conas a fuair sí amach go rabhas-sa féin i gcúntúirt?”

“Fiannaíocht! a Dhiarmuid,” arsan sagart. “Níl aon ní is usa ná nithe den tsórd san d’fháil amach nuair a cheapfadh duine a aigne chuige. Ná raibh ’ fhios ag an ndúthaigh cad é an t-éirleach do deineadh anso lá an aonaigh? Ná raibh ’ fhios ag an ndúthaigh Sadhbh do bheith as baile agus tusa do bheith id luí le héagruas? Slán beó mar a n-ínstear é! Cad é an bac a bhí uirthi bualadh anso agus ansúd i measc na ndaoine agus eólas d’fháil ar gach aon rud a bhain leat? Is breá bog an tslí é chun airgid d’fháil.”

“Ach conas ’gheóbhadh sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh, a Athair?” arsa Diarmuid.

“Is dócha,” arsan sagart, “dá mbeadh cearc ag glaoch sa tigh ná beadh aon bhac uirthi teacht suas leis an méid sin eólais ach chómh beag agus ’bhí uirthi teacht suas leis an gcuid eile.”

“Dá mbeadh cearc ag glaoch sa tigh!” arsa Diarmuid. “Dar ndó’, a Athair, mura mbeadh go raibh ní dócha go ndéarfadh sí é.”

“Is neamhní ceoca,” arsan sagart. “Is obair leanbaí aon tsuím do chur ’na leithéid de scéal. Ach ba mhaith liom ’ fhios do bheith agam ar airigh éinne eile an chearc so ag glaoch.”

“Níor airíos-sa féin í,” arsa Diarmuid, “agus ní baol gur airigh Pails í mar tá sí chómh bodhar le slis, agus imbriathar nár airíos éinne eile dhá rá gur hairíodh í.”

“Sin é ’shamhlaíos,” arsan sagart. “Is dócha,” ar seisean, “nách foláir nú gur airigh sí siúd rud éigin den ráfla so ar siúl i dtaobh Shadhbh, nár stad cos di ó fhág sí an áit seo go ndeigh sí síos go dtí an baile mór. Ansan gur chuir sí fiach agus cuardach agus tóir i ndiaidh an bhithiúnaigh úd i dtreó gur rugadh air agus gur crochadh é. Agus gur thug an rí do Shadhbh an trí chéad púnt do rugadh uaithi agus trí chéad eile mar thuilleadh.”

“Stad! stad! a Athair,” arsa Diarmuid. “Cad é sin agat dá rá mar sin, a Athair? Conas ’fhéadfadh an cailín bocht san dul go dtí an baile mór agus eólas na cathrach do dhéanamh? Cailín beag ná raibh riamh tar fiche míle ó bhaile!”

“Nílimse ach dhá ínsint cad é an ráfla d’airíos,” arsan sagart. “Is dócha gur airigh an bhean úd an fheasa, ná fuil aici, an ráfla céanna, agus gur cheap sí dá mbeadh tosach an scéil aici dhuitse go mbainfeadh sí síntiús airgid asat dá bharr, agus ní deirim ná gur bhain.”

“Níor bhain puínn, a Athair,” arsa Diarmuid. “Ach cad é an saghas ráfla é? Nú cad a chuir ar bun é?”

“Is amhlaidh a bhíos féin chun teacht anall dhá ínsint duit a leithéid do bheith ar siúl nuair a tháinig an teachtaire chúm dhá rá go raibh eagla ar chuid de sna cómharsain go n-athiompódh ort.”

“Ba neamhghá dhóibh sin!” arsa Diarmuid. “Ní fheaca riamh iad ach amhlaidh. Dá mbeadh éinne dhá iarraidh orthu ní baol go mbeidís chómh tiúsclach! Ag rith ag cur aistir ar shagart gan ghá gan riachtanas! Féach air sin!”

“Ní fiú biorán is é,” arsan sagart. “Do thiocfainn féin anall ar aon chuma féachaint an raibh aon scéala agat ó Shadhbh nú an raibh aon bhunús leis an ráfla so ar siúl.”

“Níor airíos focal riamh de go dtí gur tháinig an bhean úd agus go nduairt sí gur casadh drochtheangmhálaí éigin ar Shadhbh, nú rud éigin den tsórd san,” arsa Diarmuid.

“Cé hé an drochtheangmhálaí aduairt sí do casadh uirthi?” arsan sagart.

“Níor inis sí dhúinn cérbh é féin. Níor thug sí aon tuairisc dúinn air, agus sin é atá ag baint mo mheabhrach asam,” arsa Diarmuid.

“Den réir sin,” arsan sagart, “is dócha gur airigh sí an chuid eile fé mar airíos-sa féin é. Cairréirithe do thug leó é mar iúnadh shaeil agus mar chúrsaí cainnte eatarthu, go raibh Cormac an Chaíncín sa bhaile mhór leis, agus gur oibrigh sé féin agus Sadhbh a láimh a chéile chun beirthe ar an mbithiúnach. Gur imreadar araon an cluiche chómh maith san agus chómh gasta san go raibh iúnadh a gcroí ar mhuíntir an rí agus ar an rí féin, a fheabhas do dheineadar an gnó. Ansan, nuair ’fuair Sadhbh sé chéad púnt in inead an trí chéad a rugadh uaithi, gur socraíodh cleamhnas idir í féin agus Cormac agus go bhfuil an bheirt pósta um an dtaca so, nú réidh chun a bpósta.”

“Aililiú!” arsa Diarmuid. “Féach air sin! Ar airigh éinne riamh a leithéid! Cheapas ná pósfadh sí é dá mbeadh saibhreas na hÉireann aige. Is éachtach an saol é. Is éagsamhlach an obair más fíor é sin. Ach is dóichí ná fuil aon bhunús leis an scéal. Ní fhéadfadh a bheith, ní nách iúnadh.”

“Ní fheadar ’en tsaol, a Dhiarmuid,” arsan sagart. “Is dócha go neósfaidh an aimsir, agus nách fada go dtí san. Níl aon scéalaí is feárr ná an aimsir. Ní bheadh aon iúnadh orm féin dá dtiteadh amach go mbeadh beannlámha den fhírinne ann, mar ráfla.”

“Airiú, a Athair an chroí ’stigh,” arsa Diarmuid, “cad é sin agat dá rá! Níl aon bheirt sa pharóiste is neamhoiriúnaí dá chéile ná an bheirt. Dhéanfadh Sadhbh an gnó go maith, b’fhéidir, dá mbeadh sí pósta ag fear réidh daingean stuama de shaghas Shéadna thuas ansan. B’fhéidir go ndéanfadh Cormac an gnó go maith dá mbeadh sé pósta le mnaoi éigin chiúin fhadaradhnach, do thabharfadh a shlí féin do ar gach aon tsaghas cuma. Ach an bheirt sin! Má póstar iad beidh sé ’na chogadh dhearg acu an dá lá ’s ’n fhaid a mhairfid.”

“Ní fheadar ’en tsaol, a Dhiarmuid,” arsan sagart. “Is amhlaidh mar atá an scéal, ní hé mo thuairimse ná go mb’fhéidir go mbeadh an saol níos feárr ná san acu. Fear stuacach ceanndána is ea Cormac gan amhras. Ní deirim go maithfeadh sise puínn do. Ar a shon san agus uile, – an dtuigeann tú me? – b’fhéidir dá mbeidís pósta go dtitfeadh amach gur feárr a réiteódh an bheirt le chéile ná mar a réiteódh éinne den bheirt le duine eile. Do chonac a leithéid cheana.”

“Do chonaicís a lán, a Athair, gan dabht ar domhan ach níl aithne cheart agat ar Shadhbh. Ní dómhsa is ceart a rá; ach ní haon mhaith a rá ach an ceart, agus is í an fhírinne is feárr. Ní dó’ liom go bhfuil an fear san beó inniu ar thalamh tirim na hÉireann do bhainfeadh ceart de Shadhbh.”

“Ar an dtaobh amu’ d’aon fhear amháin, ní dó’ liom go bhfuil,” arsan sagart. “Agus rud eile atá air,” ar seisean, “níl an bhean san beó inniu ar thalamh tirim na hÉireann, ná dá n-abrainn sa náisiún is giorra dhi, do bhainfidh ceart de Chormac mura mbainidh Sadhbh ceart de, rud a bhainfidh. Bain an chluas díom mura mbainidh!”

“An daighe, a Athair,” arsa Diarmuid, “ba dhó’ le duine ar an gcuma ’na labhrann tú go bhfeiceann tú fírinne nú bunús éigin sa ráfla so.”

“’S dó’, tá bun agus bárr an scéil chómh cruínn sin ag na cairréiríbh agus iad go léir chómh mór san ar aon fhocal amháin in’ ínsint, is deocair a rá ná go bhfuil fírinne éigin ann,” arsan sagart.

“Ní raibh aon choinne riamh agam go dtitfeadh a leithéid amach,” arsa Diarmuid. “Cheapas ná pósfadh Sadhbh é ach oiread agus ’bháfadh sí í féin, agus cheapas ná féachfadh seisean ar an dtaobh den bhóthar ’na mbeadh Sadhbh, dá mba ná beadh in Éirinn ach í. Is é rud d’airínn aici go minic dá rá, ná raibh aon fhear in Éirinn ba lú uirthi ná é, agus ná raibh aon fhear in Éirinn ba ghráinne ná é. Má tá an bheirt pósta do bhuaigh sé ar a bhfeaca riamh.”

“B’fhéidir,” arsan sagart, “má fuair sí an chreidiúint seo go léir, fé mar adeirtear, ó mhuíntir an rí agus ón rí féin trí a fheabhas do dhein sí an bheart agus tógáilt do chur ar an mbithiúnach úd, agus má fuair sí sé chéad púnt mar thuarastal as, go ndéarfadh Cormac leis féin gurbh fhiú dho féachaint ar an dtaobh den bhóthar ’na mbeadh sí agus gur mhó ab fhiú dho féachaint ar an dtaobh san ná ar an dtaobh eile. Agus b’fhéidir nuair a chífeadh Sadhbh Cormac ar an aigne sin nár chuid ba lú ná a fhonn do bheadh uirthi a rá ’na haigne féin go bhfuil fir le fáil atá níos gráinne ná é.”

“Ha, ha, há!” arsa Diarmuid. “Mhuise, cúis gháire chúinn, a Athair!” ar seisean. “Cá bhfios ná go mb’fhéidir go bhfuil an scéal níos feárr ná ’shíleamair é ’bheith. ‘An rud ba mheasa le duine ná a bhás ní fheadair sé ná gurb é lár a leasa é.’”

Lena línn sin cé ’bhuailfeadh chúthu an doras isteach ach an tíncéir mór.

Foclóirín

aistear: “a wasted journey”.
athiompaím, athiompáil: “to recur”, used impersonally in athiompáil ort, “To have a relapse”. Athiompaím, athiompú in the CO. Pronounced /ɑ’hu:mpi:mʹ, ɑ’hu:mpɑ:lʹ/.
bac: “hindrance”. Cad é an bac a bhí uirthi?, “what was to stop her, prevent her?”
beannlámha: “cubit”, or banlámh in the CO. A broad b is shown in this word in CFBB, /baun-‘lɑ:/, but PUL seems to have had a slender b here. PUL gives this word an additional final a, probably to avoid the impression this word is pronounced with a v. Beannlámha den fhírinne ann, “some degree of truth in it”.
cairréir: “carman, carrier, haulier”, with cairréirithe in the plural. Note the dative plural here is cairréiríbh, as if from a nominative plural cairréirí. The CO has carraeir.
cathair: “city”, with cathrach in the genitive. Pronounced /kɑhirʹ, kɑhərəx/.
ceart: “right”. Ceart a bhaint de dhuine, “to cope with someone, deal with someone”.
éachtach: “wonderful, magnificent”. Is éachtach an saol é, “it’s a strange old world”.
fadaradhnach: “long-suffering, patient”, or fadaraíonach in the CO. The pronunciation given in IWM is /fɑdɑ’riːnəx/, but Brian Ó Cuív also says that some speakers have /fɑdɑ’rəinəx/, and so in the absence of any direct knowledge of PUL’s pronunciation the original spelling is retained here.
gairm: “call, vocation”. Gairm beatha, “one’s occupation, one’s calling in life”, where the b is not lenited on account of the coincidence of homoorganic labials (the CO has gairm bheatha).
gránna: “ugly”.The CO comparative is indeclinable, i.e. gránna, where PUL has gráinne.
ha, ha, há!: “ha ha!”, representng the sound of laughter.
iarta: “hob”, as in a fireplace.
lá: “day”, with in the dative in the phrase de ló (agus d’oíche), “by day and by night”, /də loː ɑgəs diːhi/. An dá lá s n fhaid a mhairfid, “for as long as they live” (also found without an fhaid in the middle of the phrase).
mairim, maireachtaint: “to live”, or mairim, maireachtáil in the CO. An dá lá s an fhaid a mhairfeadh sí, “for as long as she lived”. Slí mhaireachtaint, “way of life, way of living (i.e., an occupation)”. This is also found as slí mhartha here, and FdS shows that the genitive of maireachtaint is either maireachtaint or martha(martha is really the past participle of mairim, equivalent to mairthe in the CO).
réir: “service, treatment”. De réir, “according to”: this phrase is given as do réir in the original, reflecting PUL’s haphazard approach to the spelling of de, which is normally pronounced do in WM Irish, even in phrases where he used the spelling de. The phrase is pronounced /də re:rʹ/ in WM Irish, or /drʹe:rʹ/ when the words are run together. De réir a chéile, “in order”.Den réir sin, “according to that, if that be the case”.
síntiús: “donation”. Síntiús airgid, “a monetary contribution, an offering”.
slis: “chip, beetle (a wooden instrument)”. Chómh bodhar le slis, “as deaf as a post”.
stuacach: “ill-tempered, sulky”.
stuama: “level-headed; sensible”, traditionally spelt stuamdha. The traditional WM pronunciation would be with a devoiced m, /stuəmhə/, but this is not shown in the spelling given in the original here.
suím: “interest”. Note the long i in the nominative; the genitive is suime with a short i.
tiúsclach: “industrious”, tionsclach, pronounced /tʹu:skələx/ in WM Irish.
tógaim, tógáilt: “to lift, raise”, including the raising or rearing of children. Tógaim, tógáil in the CO. Dob olc an tógáilt í, “it was a bad upbringing”. Tógáilt a chur ar dhuine, “to get someone arrested”.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s