Séadna, ch. 19

Caibideal a Naoidéag.

Ní raibh Diarmuid sa doras rómpu. Bhí an doras dúnta. D’oscladar é agus chuadar isteach. Ní fheacadar Sadhbh ná Diarmuid. Bhí seanabhean iasachta ’na suí in aice na tine. Thóg sí a ceann agus d’fhéach sí orthu agus chrom sí arís é gan labhairt. Bhí aithne acu uirthi. Cómharsa dob ea í. Pails Bhodhar a tugtí uirthi, ach má sea ní róbhodhar do bhí sí, ach bhí sí ana-ríghin.

“Cá bhfuil fear an tígh, a Phails?” arsa Cormac.

“Tá sé gan bheith ar fónamh,” ar sise, go ríghin.

“An bhfuil sé ’na luí?” arsa Cormac.

“Tá,” ar sise, “agus Máire ’níon Airt ag tabhairt aire dho.”

Le na línn sin d’oscail an bhean fhritheáilte doras an tseómra. “Dé úr mbeathasa!” ar sise.

“Cad ’tá ar an nduine seo, a Mháire?” arsa Cormac.

“Tá eagal orm, a Chormaic,” ar sise, “gur taom beag éagruais atá air. Slán beó mar a n-ínstear é! Do buaileadh breóite la ’rna mháireach lae an aonaigh é, nuair a fuair sé go raibh Sadhbh imithe. Nuair ’airigh an sagart an t-éirleach a dhéineadar na bithiúnaigh úd ar an aonach do tháinig sé féin anso, agus nuair a fuair sé Diarmuid ’na luí agus gan duine ann do shínfeadh deoch chuige, do chuir sé fios ormsa agus do thánag.”

“Ar mhiste dhúinn dul isteach dhá fhéachaint?” arsa Séadna.

“Ach, ní miste, ní miste,” ar sise.

Bhí Cormac istigh cheana féin, gan chead.

Síle. Ní dhéanfainn dabhta dhe!

Peig. “Cad é an scéal é, a Dhiarmuid?” arsa Cormac

“Dein t’iarraidh thort!” arsa Diarmuid. “Cár fhágais í?” ar seisean. “Ar rug sé uait í?” ar seisean. “Is meata an fear tu agus í ’leogaint leis.”

“Tá sé ar an gcuma san ó thánag,” arsan bhean fhritheáilte. “Ní stadann a bhéal ach ag cur thrí chéile.”

“An aithíonn tú me, a Dhiarmuid?” arsa Séadna.

“An aithním thu! Tá sé chómh ceart agamsa tusa d’aithint agus ’tá sé agatsa mise d’aithint. Tá sé chómh ceart agatsa mise d’aithint agus ’tá sé agamsa tusa d’aithint. Tá sé chómh ceart agamsa tusa d’aithint agus atá sé agatsa mise d’aithint––” Thiomáin sé leis ag filleadh agus ag aithfhilleadh ar na foclaibh céanna ar an gcuma san, dhá gcasadh gach re dturas, agus nuair ’théadh titim focail air, nú gan an casadh do dhéanamh cruínn de réir a chéile, théadh sé siar ar an gcainnt go dtí go mbíodh a aigne sásta ar í ’ bheith de réir a chéile aige. Ansan do ghéaraíodh sé uirthi i dtreó gur dhó’ leat gur geall a bhíodh curtha aige féachaint an mó uair ’ fhéadfadh sé na focail do rá as a chéile gan a anál do tharrac. Théadh sé chómh dian san air féin gur dhó’ leat go dtachtfadh sé é féin le heaspa análach. I gcionn tamaill do stad sé de na ruthagaibh cainnte sin agus d’fhéach sé anonn i gcúinne an tseómra.

“Is mór an náire díbh go léir é!” ar seisean. “Sin é an fear bocht san thall agus a cheann dá scoltadh le teinneas agus ná féachfadh éinne agaibh ’na dhiaidh!”

Síle. Cérbh é sin, a Pheig?

Peig. Ní raibh éinne ann, a Shíle, ach na speabhraídí do bheith ar an bhfear mbocht.

Cáit. Is dóichí gur ’na cheann féin a bhí an teinneas.

Peig. ’Na cheann féin, cad eile?

Cáit. Imbriathar go bhfeacasa Séamas so againne ar an gcuma gcéanna fadó, nuair a bhí an mhéar theinn aige. An órdóg chlé, órdóg a lámha, is í ’ bhí teinn. Tháinig speabhraídí air le neart an teinnis agus bhíodh sé ag glaoch ar mo mháthair agus ar Neill, agus dhá iarraidh orthu “féachaint i ndiaidh an gharsúin úd thall sa chúinne, mar go raibh órdóg ana-theinn aige.”

Nóra. ’Sea ansan tu, a Pheig.

Peig. D’fhanadar tamall maith ag éisteacht leis ach do theip orthu aon chainnt bhunúsach d’fháil as.

“Cad é do mheas air, a Mháire?” arsa Séadna leis an mnaoi fhritheáilte.

“Ní hé mo thuairim go bhfuil aon bhaol air,” ar sise. “Is cómhartha maith ar an mbreóiteacht na speabhraídí do bheith chómh hanamúil. Ní bhraithim aon mhairbhití air. Bíonn tart air, ach ní tart rómhór é, agus tá meidhg maith dhá bhainne agam dá thabhairt do.”

Thánadar amach as an seómra.

“An bhfuil aon tuairisc ar Shadhbh?” arsa Séadna, “nú an bhfuil aon fhios ag éinne ar cad é an treó baíll ’nar thug sí a haghaidh?”

“Ní fheacaigh éinne ag imeacht í ach Pails anso,” arsa an bhean fhritheáilte. “Bhí Pails amu’ ar éirí lae, la ’rna mháireach lae an aonaigh. Thug obair na mbithiúnach, agus an toirmeasc a lean é, oíche challóideach don mhnaoi bhocht. Bhí sí ’na suí lasmu’ de dhoras an bhotháin bhig ar an amhscarnach. Chonaic sí an bhean ag imeacht ón dtigh seo agus í ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Cá dtabharfadh sí a haghaidh ach ar an mbothán agus gan aon choinne aici Pails do bheith ’na suí chómh moch. Níor thug sí Pails fé ndeara go dtí go raibh sí buailte léi. D’fhéachadar ar a chéile. Níor labhair éinne acu. Is annamh a labhrann Pails ach nuair ’labharthar léi, agus an uair sin féin ní róthapaidh chuige í. Chuir Sadhbh an bóthar soir ó thuaidh di, ar a cromruathar, bóthar an bhaile mhóir. Ní feacthas ó shin í beó ná marbh, agus níor airíos go bhfeacaigh éinne eile í an mhaidean san ach Pails anso.”

“Cad ’na thaobh nár labhrais léi, a Phails?” arsa Cormac.

“Mhuise, ní fheadar,” arsa Pails, go ríghin.

“Chómh siúrálta agus atá bianna ar mhaide bacaigh,” arsa Cormac, “is i ndiaidh an tSíogaí atá sí imithe agus ní le grá dho é, ná mar mhaithe leis. Is mó cleas glic do dhein sé i gcaitheamh a shaeil, ach bheirim mo lámh is mh’fhocal do gurb é cleas is teinne dho dár dhein sé riamh an bob a bhuail sé ar Shadhbh lá an aonaigh. Más ’na dhiaidh atá sí imithe, agus is ea, dá dtéadh sé isteach i bpoll tráthair i bhfolach uaithi ní dhéanfaidh sé an gnó dho. Tiocfaidh sí siúd suas leis agus cuirfidh sí carbhat caol air, chómh siúrálta agus atá scórnach air. Bain an chluas anuas ón gceann díom mura gcuiridh. Is dó’ liom dá mbeadh ’ fhios aige cad é an saghas í go ngeóbhadh sé tháirsi. Tá sé déanach anois aige.”

“Éist, a Chormaic, éist!” arsan bhean fhritheáilte. “Ná bí ag magadh fút féin. Cad é an gnó ’bheadh ag Sadhbh go dtí an baile mór? Cad ’fhéadfadh sí ’dhéanamh ann? Cé air go bhfuil aithne aici ann? Conas ’gheóbhadh sí eólas tríd an gcathair sin, ná raibh sí riamh i ngioracht céad míle dhi? Agus gur dócha ná fuil oiread agus poll franncaigh ná go bhfuil aithne aige siúd air, in aon bhall sa bhaile mhór. Bíodh ormsa má mhothaíonn sé ’na dhiaidh í go gcuirfidh sé féin, nú duine éigin uaidh, deireadh léi go tapaidh ––, más ann a thug sí a haghaidh, agus dar ndó’ ní dócha gurb ann, ní nách iúnadh.”

“Fan leat go fóill,” arsa Cormac. “Ní bhéarfadh aon ghnó eile ón mbaile í ach chun é siúd d’fhiach agus do thabhairt chun lámha. An gníomh do dhein sé uirthi féin agus ar a hathair, níor deineadh is dócha le cuímhne éinne atá suas a leithéid eile de ghníomh, le gráinniúlacht agus le spriúnlaitheacht agus le héagóir. D’fhuiliceódh sí í ’ghearradh ’na miotaibh beaga sula leogfadh sí in aisce leis é, ní nách locht uirthi.”

“’ Dhe ’gus, a dhuine an chroí ’stigh, má tá sé chómh buailte sin isteach it aigne go bhfuil sí imithe ar an íntinn sin, cad ’na thaobh ná preabann tú láithreach agus í do leanúint?” arsan bhean fhritheáilte.

“Preabfad, ná bíodh eagal ort,” ar seisean. “Ní raibh uaim ach ’fhios a bheith agam cár thug sí a haghaidh. Is dócha go bhfanfairse anso go dtí go mbeidh an duine seo ag teacht chuige féin, nú an chuid is lú dhe, ar láimh shábhála.”

“Fanfad,” ar sise. “Duairt an sagart liom fanúint.”

“Agus, a Shéadna,” ar seisean, “mura bhfuil aon bhruid ortsa ná beadh sé chómh maith agat gluaiseacht in éineacht liom?”

“Ní gá san,” arsa Séadna. “Tá úr ndóthain agaibh féin ann.”

“Tá ’ fhios agam,” arsa Cormac, “gur mhaith le muíntir an rí aithne do chur ort, agus go mb’fhéidir gurbh fhuiriste slígh mhaireachtaint do dhéanamh amach ann duit ba thairbhí ná an ghréasaíocht.”

“Déanfaidh an ghréasaíocht an gnó go ceann tamaill eile,” arsa Séadna.

“’Sea! go dtugaidh Dia lá maith dhíbh go léir!” arsa Cormac. “Is tapaidh an ghluaiseacht agam arís é, gan fiú ceó an bhóthair do bhaint dem brógaibh. Is trua gan a bhfuil de chladhairíbh bithiúnach in Éirinn in aon téid amháin agam, ar aon chroich amháin. Is me ’ thabharfadh an fáscadh dhóibh! Bheadh suaimhneas ansan againn ar feadh tamaill.”

“Bheadh punann mhór agat!” arsan bhean fhritheáilte.

Síle. A thiarcais, a Pheig, ní fheadar an amhlaidh nár chuímhin leis an bhreab.

Peig. Cad í an bhreab, a Shíle, a chuid?

Síle. An bhreab úd a thoiligh sé a ghlacadh ar sheilbh tí na bainntrí, nuair a bhí sé dhá cur amach agus gan an cíos aici dho, gur thug Séadna dhi é.

Peig. Ní fheadar ’en tsaol, a Shíle. Is minic droch-chuímhne ag daoinibh ar an rud nách maith leó cuímhne do chimeád air.

Síle. Ba chóir go mbeadh náire air.

Peig. Do dhuine gan náire is usa a ghnó ’dhéanamh.

Síle. B’fhéidir é. Ach ní mholaim iad, mar dhaoine gan náire. Is feárr go mór a thiocfadh sé dho a bhéal d’éisteacht, agus gan bheith ag déanamh troscaidh an chait cheannainn ar an mbithiúntas.

Gobnait. Is amhlaidh mar ’bhí an scéal aige, díreach mar ’bhí ag an bhfear úd i gCíll Áirne agus é ag dul sa bhruín. Bhí caíncín mór ramhar air mar ’bhí ar Chormac. “Bachall” a bhíodh ag daoinibh mar leasainm air, mar gheall ar an gcaíncín. Ghlaeigh a athair air agus é ag dul isteach sa choímheascar. “A Dhónaill, a mhic ó,” arsan t-athair, “brostaigh agus tabhair ‘bachall’ ar dhuine éigin sula dtabharfí ort é.” B’in é an údhálta ag Cormac. Cheap sé ná raibh aon tslí ab fheárr ’na raghadh sé féin ó ainm an bhithiúnaigh do thabhairt air ná é féin do thabhairt ainme an bhithiúnaigh ar dhuine éigin eile.

Síle. Agus dar ndó’, a Pheig, ní shaorfadh san é. Ná féadfí é ’ thabhairt air féin ’na dhiaidh san chómh maith agus dá mba ná tabharfadh sé ar éinne é?

Peig. Is dócha gur mhór an ní leis tosach do bheith aige féin ar an scéal, an chéad ruchar do bheith aige, gan bheith thíos ar an gcéad bheárnain. Agus cad ’déarfadh na daoine ach nárbh fholáir nú nár ghá dho féin aon eagla do bheith aige roimis an ainm, óir, dá mba ghá, go seachnódh sé trácht air.

Cáit. Is dócha gurbh in é an údhálta ag Donncha Bheag nuair a ghoid sé scian Shéamais. Ní raibh éinne ba ghéire ag cuardach ná é féin agus í istigh ’na phóca aige, an spreallairín!

Síle. Conas a fuaradh í, a Cháit?

Cáit. Mise a thug fé ndeara í sa phóca. Bhí an póca ar sileadh lasmu’ dá chasóig aige, mar ’bheadh máilín na bpiast. Bhuaileas-sa mo lámh ar an máilín agus bhí an scian istigh ann.

Síle. An fear bocht! Is tu ’ bhain an phreab as.

Cáit. Abair é! D’iompaigh a líth ann agus chrom sé ar ghol.

Síle. Ar díbreadh é?

Cáit. Níor díbreadh. Do chosain Neill é. Duairt sí gurb amhlaidh a chuir duine éigin an scian sa phóca i ganfhios do, mar spórt, agus duairt mo dhaid go raibh an ceart aici.

Gobnait. Cheap sé, ach a leogaint air bheith dhá cuardach ar a dhícheall nár bhaol go mbeadh a hamhras air féin. Airiú, nár mhaith é!

Peig. Mhuise, ní raibh ann ach leanbh, a Ghobnait. Ní raibh aon chiall aige. Agus is dócha nárbh fhiú puínn an scian.

Cáit. Níorbh fhiú. Agus is é rud a dhein Séamas ansan ná í ’bhronnadh air, agus bhíos-sa ar buile chuige. B’fheárr liom í ’ chaitheamh sa tine ná í ’ thabhairt do, agus an feall beag aige dá dhéanamh chómh gasta. Dá luíghead í, b’fhéidir, dá ritheadh leis, go mbeadh a hamhras ar dhuine éigin eile, agus féach ansan nách deas an obair a bheadh déanta aige.

Peig. Is fíor dhuit sin, a Cháit, “Is fada siar é iarsma an drochbhirt.”

Gobnait. Mhuise, beannacht Dé le hanman do mharbh, a Pheig, agus comáin leat ar an scéal! Chimeádfaidís sin ansan tu go maidin amáireach ag cainnt agus ag áiteamh agus ag abhcóidíocht agus ag cur thrí chéile.

Nóra. Agus dar ndó’, a Ghobnait, ní rabhais féin gan do chion den abhcóidíocht agat; níor leogais leó ar fad é.

Peig. Do ghluais Cormac arís, “gan ceó an bhóthair do bhaint dá bhrógaibh,” a nduairt sé féin. Nuair a bhí sé imithe do chuaigh Séadna isteach sa tseómra arís mar a raibh an duine breóite.

“Is fada go dtánaís,” arsa Diarmuid. “Is é an cleamhnas ó Shamhain go Bealltaine agat é. Bheadh leath na dútha pósta an fhaid atáir ag gabháil do. Cá bhfuil sí anois? Bhí sí ansan ó chiainibh. Is feárr bean ná spré. Cailín ciúin ciallmhar ach gan fearg do chur uirthi. Ó! faire fút! ná buail! Airiú greadadh chút, ná buail! Féach air sin!”

“An bhfuil aon airgead sa tigh?” arsa Séadna leis an mnaoi fhritheáilte.

“Oiread is leathphingin rua!” ar sise.

“Seo,” ar seisean. “Do fuaras roinnt leathair uaidh an lá fé dheireadh. Tá sé chómh maith agam díol as anois,” agus do shín sé suím airgid chúithi.

Names

Donncha Beag: Little Donncha, a little boy mentioned here who stole Séamais’ knife. Donncha, an ancient Irish name, is generally anglicised as Denis. Pronounced /donəxə/.
Máire ’níon Airt: Diarmuid’s nurse in chapter 19 here.
Pails Bhodhar: Deaf Poll, a ‘slow’ woman mentioned in chapter 19 here. Pails is an informal form of Paili, the Irish equivalent of Polly. Paili or Polly is ultimate derived from Mallaidh or Molly, a pet form of Máire.

Place

Cíll Áirne: Killarney, Co. Kerry, literally “the church of the sloes”.

Foclóirín

abhcóidíocht: “debating, discussing”, or abhcóideacht in the CO.
agus go: “whereas”, in addition to other meanings.
aithfhilleadh: “recurrence, going back again”, or athfhilleadh in the CO. This word is edited with aith- here, because the pronunciation is with the front allophone of a, /a-hilʹi/.
amhras: “doubt; suspicion over something”, pronunced /aurəs/.
amhscarnach: “daybreak”, or amhscarthanach in the CO. Ar an amhscarnach, “at the grey dawn”.
bachall: “crook, shepherd’s staff; the knob on the stop of a stick”, used here to refer to a hooked nose.
beárna: “gap”, with beárnain in the dative. Thíos ar an gcéad bheárnain, “down at the first hurdle”.
bruid: “hurry”, or broid in the CO. Bruid a bheith ort, “to be busy”. The pronunciation is /bridʹ/, and the editing approach here is to retain a spelling in ui in the original, which clarifies the pronunciation, where such a spelling is consistently found in the original.
bruíon: “quarrel”.
bunúsach: “basic, substantial”. Cainnt bhunúsach a dh’fháil as duine, “to get something sensible out of someone”.
callóideach: “troublesome”. Oíche challóideach, “a restless night”.
carbhat: “neck-tie”. Carbhat caol a chur ar dhuine, “to get someone hanged”. Pronounced /kɑrəvət/.
ceannann: “white-faced”. Troscadh an chait cheannainn a dhéanamh: this derives from the phrase troscadh an chait cheannainn, ithim feóil agus ní ólaim bainne, said of a very righteous person who expresses very pious views as a cloak to his own wrongdoing.
céile: “partner, spouse”. As a chéile, “one after another”.
coímheascar: “struggle, mêlée”. Pronounced /kiːskər/.
cosnaim, cosaint: “to defend; to cost”. This would be cosnaím, cosaint in the CO. PUL has this in the first conjugation in most tenses, but cosnód and cosnódh in the future and conditional. Pronounced /kosənimʹ, kosintʹ/.
cromruathar: “crouching run”. Ar a cromruathar, “running in a crouched position”. Pronounced /kromə-ruəhər/.
deireadh: “end”. An lá fé dheireadh, “the other day”.
díbrim, díbirt: “to banish, drive out”. Díbrím, díbirt in the CO. Ar díbreadh é?, “was he sent away?” Pronounced /dʹiːbʹirʹimʹ, dʹiːbʹirtʹ/.
drochbheart: “bad dead, mean act”. Beart is normally feminine in PUL’s works, but drochbheart seems to be masculine, as the genitive is drochbhirt.
eólas: “knowledge”. Eólas a dh’fháil tríd an gcathair, “to find your way through the city”.
fanaim, fanúint: “to wait, stay”, or fanaim, fanacht in the CO.
focal: “word”. Note that the dative plural is edited as foclaibh here, in line with an editorial policy not to show epenthetic vowels.
franncach: “rat”, or francach in the CO. The double n here shows the diphthong: /frauŋkəx/.
fuiligim, folag/fulag: “to suffer, endure”, or fulaingím, fulaingt in the CO. The g is devoiced to c in the future and conditional: fuiliceód, /filʹi’kʹo:d/; fuiliceódh, /filʹi’kʹo:x/. PUL used the classical spellings in the original text, which are adjusted in the editing here in line with WM pronunciation.
gasta: “clever, shrewd”.
gráinniúlacht: “abhorrence, infamy”, or gráiniúlacht in the CO.
gréasaíocht: “making shoes”.
iarraidh: “requesting, asking”, pronounced /iərigʹ/ as a verbal noun, but often as /iərə/ as a noun. Gan chuireadh gan iarraidh, /gɑn xirʹi gɑn iərə/, “without being invited or asked”. Dein t’iarraidh thort, “ask another one!”, used in reference to a question you would rather not answer. This phrase, transcribed in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna as if /tʹinʹ tʹiarə hort/, seems likely to be derived from an original don t’fhiafraithe ort! FdS indicates that in Ballymacode in Eastern Cork, the form used was an t’iarraidh hort, “may the question continue to be on you!”, indicating the folk etymologies that have surrounded this phrase.
iarsma: “remnant, remains”. PSD says the r in this word is often not pronounced, but the pronunciation indicated in Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna is with r.
labhraim, labhairt: “to speak”, or labhraím, labhairt in the CO. Note the autonomous form of the present tense, labharthar, /lourhər/, where the CO has labhraítear.
leasainm: “nickname”, pronounced /lʹas-anʹimʹ/.
lí: “colour, complexion”. Iompáil lí, “a change of colour, change of complexion”. See líth.
líth: “colour, complexion”. D’iompaigh a líth ann, “he changed colour”. See .
máilín: “little bag”.
meata: “craven, abject”. Is meata an fear tu, “you’re a poor excuse for a man!”
meidhg: “whey”. Meidhg dhá bhainne, “whey of two milks, a mixture of sweet and sour milk”. The form meadhg, which is the form adopted in the CO, is found in the nominative in PUL’s Mo Sgéal Féin, but meidhg is used here. Pronounced /mʹəigʹ/.
miota: “bit, mite”.
piast: “worm”, or péist in the CO, where the dative has replaced the nominative. The genitive plural is also piast here, rather than being identical to the nominative plural piastaí; this would be an older form of the genitive plural.
punann: “sheaf”.
réir: “service, treatment”. De réir, “according to”: this phrase is given as do réir in the original, reflecting PUL’s haphazard approach to the spelling of de, which is normally pronounced do in WM Irish, even in phrases where he used the spelling de. The phrase is pronounced /də re:rʹ/ in WM Irish, or /drʹe:rʹ/ when the words are run together. De réir a chéile, “in order”.
ríghin: “slow”, also in the meaning of “mentally slow, retarded”. Pronounced /riːnʹ/.
ruchar: “shot”, urchar. Usually pronounced /ruxər/ in WM Irish. PUL used the spelling urchur in the original.
ruthag: “rush, dash”. Ruthagaí cainnte, “tirades, bursts of speech”. The nominative plural, ruthaig in the CO, is not given in the text of Séadna, but is given in FdS. The dative plural ruthagaibh with a short ending therefore derives from an earlier plural of this word.
sábhálaim, sábháil: “to save”. Ar láimh shábhála, “out of danger”, of a person’s health.
Samhain: “November”, pronounced /saunʹ/.
seachnaim, seachnadh/seachaint: “to avoid”, or seachnaím, seachaint in the CO. The older verbal noun seachnadh in used in Séadna, but PUL also uses seachaint in his works. PUL uses this verb in the first conjugation in most tenses, with seachnód and seachnódh in the future and conditional.
silim, sileadh: “to hang, droop, hang down”.
sínim, síneadh: “to stretch, lay down”. Rud a shíneadh chun duine, “to hand something over to someone”, and therefore deoch a shíneadh chun duine, “to get someone a drink”.
slán: “healthy, safe”. Slán beó mar a n-ínstear é! “God bless the hearers!”, a pious injunction upon the mention of illness or hearers.
speabhraíd: “hallucination”, with speabhraídí, “ravings”, in the plural.
suas: “up”, but also “alive”: le cuímhne éinne atá suas, “in living memory”.
téad: “rope”, with téid in the dative.
titim, titim: “to fall”. This word is spelt tuitim in the original, but the initial t is slender in WM Irish, and so the spelling more widely accepted in the CO is adopted in the editing here. Titim focail, “a slip of the tongue, a missed word”.
tráthar: “auger, a tool for boring holes in wood”, or tarathar in the CO. Poll tráthair, “an auger hole”.
troscadh: “fasting, abstinence”.

Proverb

is fada siar é iarsma an drochbhirt: “evil has far-reaching effects”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s