Séadna, caibideal a 22

Caibideal a Dó is Fiche.

Fear géagach slinneánach, buí, dob ea an tíncéir mór. Fear lom láidir. Bhí iarracht de rian na bolgaí ann, agus ní raibh puínn féasóige air. Bhí sé iarracht bolgshúileach. Bhí sé fadshrónach, faidleicneach, dea-chúmtha ’na bhéal agus ’na chorrán. Bhíodh fáilte ins gach cuideachtain roimis mar ní bhíodh sé choíche ach ag déanamh spóirt agus suilt agus caitheamh aimsire dá mbíodh láithreach.

Bhuail sé chúthu isteach agus ní túisce ’chonaic sé an sagart ná a thairrig sé siar beagán. Do shnap sé an cáibín dá cheann agus do nocht sé an t-éadan buí maol a bhí air. Agus is air a bhí an moltachán mór cínn agus é go ciardhubh agus go cas.

“Dein ar t’aghaidh, a Phádraig, a mhic ó,” arsan sagart, agus é ag gáirí. “Ní baol duit,” ar seisean. “B’fhéidir,” ar seisean, “go bhféadfása tuairisc éigin do thabhairt dúinn i dtaobh an ráfla so atá ar siúl tímpall Shadhbh Dhiarmuda agus Chormaic Báille.”

“Fágaim le huacht, a Athair,” arsan tíncéir, “gurb in é díreach a thug anso anois me, agus gur lag a shíleas go mbeadh tosach ageat onóir orm. Ní feárr bheith ag cainnt air, ’sé mo thuairim láidir ná féadfadh spiodóg iasachta teacht isteach sa pharóiste i ganfhios duit.”

“Dá ghéire beirt againn, a Phádraig,” arsan sagart, “ní gá dhúinn bheith rómhaíteach. Bhain Murainn tosach díomsa féin agus ba ródhóbair di athiompáil do chur ar an nduine mbocht so le na cuid salmaireachta agus lena cuid gliúmála. Duairt sí go raibh cearc ag glaoch sa tigh seo, agus duairt sí gur bhuail drochtheangmhálaí uim Shadhbh. Agus an bhfuil ’ fhios agat cad ’duairt sí leis? Duairt sí gur ó Chúig’ Uladh í féin agus gurb amhlaidh do cuireadh aduaidh ar fad í chun Sadhbh do chosaint ar a heascáirdibh. Bhíos féin ag gabháil anall féachaint conas ’bhí sé seo ag teacht chun cínn nuair ’bhuail teachtaire umam dhá rá liom go raibh eagal ar na cómharsain go raibh athiompáil ag teacht air. Do bhí iúnadh orm cad do chuirfeadh an athiompáil air go dtí gur inis sé dhom go raibh sí siúd ag cainnt leis. Is dócha nár thug sí uain di féin ar iomláine an scéil do thabhairt léi, le heagla ná beadh tosach aici agus gur lúide an síntiús do gheóbhadh sí é. Is dó’ liom go bhfuair sí síntiús uaidh ach ní raibh puínn aici le hínsint do, agus an méid a bhí, níor dhein sé ach aigne an duine bhoicht do chur trí chéile níos mó, agus buairt a dhóthain cheana air.”

“Agus nách mór an iúnadh nár aithnís í, a Dhiarmuid,” arsan tíncéir.

“D’airíos teacht tháirsi go minic, ach ní fheaca riamh roimhe sin í, agus ní huirthi ’bhíos ag cuímhneamh, ní nách iúnadh, ach ar mo leanbh,” arsa Diarmuid.

“Cad é an sórd ínsinte d’airís-se ar an ráfla so, a Phádraig?” arsan sagart. “Nú an bhfuil aon bhunús leis?”

“Ambasa, a Athair,” arsa Pádraig, “ní fhéadfadh bunús ní b’fheárr a bheith leis. Ní ráfla ná scéal scéil é, ach fírinne ghlan. An cairréir, Uilig de Búrc, is é d’inis dómhsa é. Cormac féin is é d’inis do san é. Is dó’ leis go bhfuil Cormac agus Sadhbh pósta um an dtaca so. Deir Cormac gurb é an rí féin do dhein an cleamhnas.”

“’ Gcloistí!” arsa Diarmuid.

“Deirim leat ná fuil aon fhocal bréige ann,” arsa Pádraig. “Ón lá do rugadh me níor airíos a leithéid d’eachtra. Bhí ’ fhios ag Cormac Sadhbh do bheith imithe as baile. Do lean sé ar muin capaill í. Bhí ’ fhios aige í ’bheith ’na cuis agus bíodh go raibh sí roinnt aimsire ar an mbóthar sular ghluais sé, cheap sé nár bhaol ná go dtiocfadh sé suas léi sula sroisfeadh sí an chathair. Bhí sé ag cur a tuairisc’ agus ag tabhairt a cómharthaí uaidh fan bhóthair ar feadh i bhfad, agus mar sin do chimeád sé ar feadh i bhfad an bóthar do lean sise agus ba bheag ná go raibh ’ fhios aige cad é an fhaid roimis amach a bhí sí. Fé dheireadh do cuireadh in úil do gur ghoibh sí dhá bhóthar. Chuir san amú é, agus isé rud a dhein sé ansan ná déanamh ceann ar aghaidh ar an gcathair. Bhí ’ fhios aige go mbeadh sé sa chathair roímpi, agus do bhí. Bhí aithne sa chathair air. Do bhí aithne mhaith ag muíntir an rí air. Chuir sé lucht airm amach láithreach ar na bóithribh aneas, agus thug sé cómharthaí Shadhbh dóibh. Ba gheárr go bhfeacadar ag teacht í, ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Chuireadar iad féin in úil di, ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann go dtí gur thugadar an cómhartha cruínn di. Dúradar léi gurbh é Cormac Báille do chuir féna déin iad agus ‘dá chómhartha san féin’ gurbh í Pails bhodhar an t-éinne amháin a chonaic í ag fágáilt an bhaile. Shásaimh san í.

“Nuair ’fhiafraigh Cormac di cad a thug í, duairt sí leis gur theastaigh uaithi dul chun cainnte leis an rí agus go gcaithfeadh sí ceart d’fháil uaidh.

“‘Cad ’tá ag an rí le déanamh dhuit?’ arsa Cormac.

“‘Tá,’ ar sise, ‘breith ar an mbithiúnach a rug mo chuid airgid uaim, agus an t-airgead do bhaint de agus do thabhairt tar n-ais dom. Cad é an tairbhe dhúinn rí do bheith againn, agus a lucht airm ’na thímpall, mura bhféadaidh sé sinn do chosaint ar bhithiúnachaibh?’ ar sise. ‘Is in ainm an rí do rugadh mo chuid uaim,’ ar sise, ‘agus ní raghaidh sé gan ínsint do. Níl ionam ach anam éinne amháin,’ ar sise, ‘ach dá mbeadh anam agus fiche ionam d’imreóinn leis siúd iad níos túisce ná ’ leogfainn in aisce leis an bheart chaillte do dhein sé. Sloigfidh an talamh é nú tiocfadsa suas leis, agus nuair a thiocfad geallaim dhuit go gcuirfead cathú air nár scaoil sé thairis me. Is in ainm an rí do rug sé mo chuid uaim. Is ón rí atá sásamh le fáil agam, nú ní rí é. Má creachadh me in ainm an rí nách é is lú is gann don rí cead agus cúnamh agus caoi do thabhairt dom ar an mbithiúnach d’leanúint agus d’fhiach chun go mbeiread air? Ní fhágfad poll ná póirse in Éirinn gan cuardach do. Beir i láthair an rí me,’ ar sise. ‘Beir i láthair an rí me nú raghad féin ’na láthair ar shlí éigin.’

“B’éigean do Chormac a slí féin do thabhairt di. Ní dó’ liom go raibh aon chur ’na choinnibh aige. Bhí sé ag tarrac uisce chun a mhuilinn féin sa ghnó. Bhí ’ fhios aige pé duine ’bhéarfadh ar an mbithiúnach agus ’ thabharfadh chun lámha é go mbeadh a thuarastal do go maith as. Agus bhí ’ fhios aige ná féadfadh éinne cúnamh ní b’fheárr do bheith aige chun na hoibre ná cúnamh Shadhbh, an fhaid a bhí an fuadar úd fúithi. Thug sé cead a cínn di.

“‘Béarfadsa i láthair an rí thu,’ ar seisean, ‘ach seachain agus ná dein aon rud a chuirfeadh i bpúnc me. Is minic d’airís an seanfhocal, “Ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as;” agus, “gur sleamhain iad leacacha an tí mhóir.” Is maith an dá sheanfhocal iad agus is mairg ná cimeádfadh in’ aigne iad go cruínn.’

“‘Ní baol duit,’ ar sise. ‘Níl uaim ach go gcurfí me im sheasamh i láthair an rí agus go dtabharfí cead cainnte dhom. Níl agam le rá leis ach go dtáinig duine uasal go tigh m’athar sa Mhúmhain; gur thispeáin sé fáinne an rí dhom. Gur leog sé air gur ag ceannach capall don rí a bhí sé; gur cheannaigh sé iad in ainm an rí; gur leog sé air liomsa ná raibh oiread airgid aige agus ’ dhíolfadh as a raibh ceannaithe aige agus dá dtugainnse trí chéad púnt ar iasacht do, in ainm an rí, ar feadh roinnt laethanta go mbeadh comaoin’ agam dá chur ar an rí agus ná raghadh san gan ínsint do, gur thugas mo thrí chéad púnt don duine uasal san in ainm an rí; gur fhág san me féin agus m’athair beó bocht, mura bhfuil sé ar chumas an rí leigheas do dhéanamh ar an olc do deineadh in’ ainm.’

“‘Tá go maith,’ arsa Cormac, ‘ná hinis d’éinne beó an ní seo atá ar aigne agat. Nuair a bheidh do scéal ínste agat abair leis an rí go n-aithneófá an Síogaí dá bhfaighthá radharc air, agus dá mb’é toil a onóra cúnamh fear do chur leat go raghfá ar a lorg agus go dtabharfá chun lámha é.’

“‘D’aithneóinn ceann an chuirpigh,’ ar sise, ‘dá mbeadh sé ar feadh cheithre huaire fichid dá bheiriú i gcorcán praisce, agus bainfeadsa an forcamás de, geallaim dhuit é.’

“D’imigh Cormac agus fuair sé lóistín di. D’imigh sé ansan agus do labhair sé leis an bhfear a bhí ’na cheann ar theaghlach an rí. Bhí aithne aige orthu go léir.

“‘Tá óigbhean anso ón Múmhain,’ ar seisean, ‘agus deir sí gur rug duine éigin trí chéad púnt uaithi, agus nách féidir léi teacht suas leis, agus go dtáinig sí chun gearáin do chur isteach air, i láthair an rí.’

“‘Is deocair don rí teacht suas leó go léir,’ arsan ceann. ‘Tá fiach ar fuid na hÉireann,’ ar seisean, ‘le breis agus trí seachtaine, ar bhithiúnach éigin eile agus is dó’ liom gur sa Mhúmhain a dhein sé pé coir atá déanta aige. Táimíd cráite, céasta, ciapaithe, ag Muímhneachaibh.’

“Níor labhair Cormac drud.

“‘Cathain a theastaíonn uaithi labhairt leis an rí?’ arsan ceann.

“‘Pé tráth do cheapfadh an rí féin,’ arsa Cormac, agus do shleamhnaigh sé píosa óir isteach i láimh an chínn.

“‘Fan ansan go fóill,” arsan ceann, agus d’imigh se. Ba gheárr gur fhíll sé. ‘Bíodh sí anso um eadartha amáireach,’ ar seisean, ‘agus gheóbhaidh sí ceart. Tá ceart le fáil anso ag íseal agus ag uasal. Bíodh sí anso amáireach um eadartha agus fág an chuid eile fúmsa.”

Personal names

Murainn: a fortune-teller who cons money out of Diarmuid. Murainn is a variant of the feminine name Muireann, an ancient Irish name meaning “long-haired”.
Pádraig: a tinker in the story here.
Uilig de Búrc: the name of a carman or haulier here. Uilig is a variant of Uileóg, anglicised as Ulick, a diminutive of Uilliam, or William. De Búrc, also found as de Búrca, is the Norman surname Burke or de Burgh.

Foclóirín

bocht: “poor”. The genitive boicht is pronounced /boxtʹ/, reflecting the general rule that /x/ resists palatalisation in the combinations /xtʹ/ and /xdʹ/ in WM Irish; see IWM paragraph 148.
bolgach: “smallpox”, pronounced /boləgəx/.
bolgshúileach: “with bulging eyes”, pronounced /boləg-hu:lʹəx/.
buí: “yellow; sallow (of skin)”.
cáibín: “old hat, caubeen”.
cathú: “regret, sorrow”.
cead: “permission”. Cead a cínn a thabhairt di, “to give her her head of steam, allow her to do what she was intent on doing”. Cead cainnte, “leave to speak”.
ciapaithe: “tormented”.
coinne: “meeting”. Na choinnibh, “against him, towards him”. Cur na choinnibh, “opposition, objection”.
coir: “crime”, pronounced /kirʹ/.
corcán: “pot”.
corrán: “jaw”, pronounced /krɑːn/.
cuardaím, cuardach: “to search”. Cuardach do, “searching for him”.
dea-chúmtha: “well-built, atttracitive”, with a long u. See cúmtha.
drud: “a jot”. Níor leabhair sé drud, “he didn’t utter a word”.
fadshrónach: “long-nosed”, pronounced /fɑd-hro:nəx/.
faidleicneach: “long-cheeked, long-featured”, pronounced /fɑdʹ-lʹekʹinʹəx/. Spelt fadleicneach in the CO.
fan: “throughout, along”, with lenition. Fan bhóthair, “along the road”. Fan is a corruption of ar feadh an.
fiche: “twenty”. The classical genitive was fichead, with fichid in the dative, but PUL consistently uses fichid in the gentive, as in cheithre huaire fichid, “twenty-four hours”, probably reflecting an underlying noun fichead (q.v.).
fírinne: “truth”, pronounced /fʹiːriŋʹi/. Fírinne ghlan, “the plain truth”.
forcamás: “airs and graces”.
géagach: “long-limbed”.
gliúmáil: “fumbling, groping; making hand gestures”, and by extension, “prevaricating, attempting to hide the truth”, as explained in CFBB. This word is translated in the authorised translation of Séadna as “fooling”.
ínsint: “relation, narration”. Cad é an sórd ínsinte d’airís-se ar an ráfla so?, “what version of this rumor did you hear?”
iomláine: “fullness, entirety”, pronounced /umə’lɑ:nʹi/. Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna does not show an epenthetic vowel.
lag: “weak”. Is lag a shíleas go…, “I had little notion that…”
leac: “flagstone”, with leacacha in the plural where the CO has leaca. Pronounced /lʹak, lʹi’kɑxə/.
lucht: “people”, e.g. lucht airm, “armed men”. Pronounced /loxt/.
lúide: “all the less”. This is a “second comparative” form, similar to feárrde, usaide, miste, meaning “all the less X for it”.
maíteach: “boastful”.
moltachán: “young small wether, i.e. a castrated male sheep”. This word is spelt multachán in the original, but in the absence of specific information on the quality of the first vowel in WM Irish, the accepted form moltachán is used in the editing here. Moltachán mór cínn, “a great shaggy head of hear”.
Muímhneach: “Munsterman”, pronounced /miːnʹəx/.
praiseach: “porridge”, with praisce in the genitive. Pronounced /pri’ʃɑx, praʃkʹi/.
salmaireacht: “psalm singing; pratting, incantation”. Pronounced /sɑləmirʹəxt/. More research required here as Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna does not show an epenthetic vowel.
sásaím, sásamh: “to satisfy”. Note that the preterite is shásaimh sé, reflecting a general tendency for -mh to appear in the preterite and imperative, instead of the -gh used in the CO (where the form is shásaigh sé), when the verbal noun ends in -mh.
sleamhain: “slippery”, pronounced /ʃlʹaunʹ/.
slinneánach: “broad-shouldered”, pronounced /ʃlʹi’ŋʹɑ:nəx/.
snapaim, snapadh: “to snatch”.
spiodóg: “robin redbreast”, or spideog in the CO. The original text had spideóg here, but the spelling is adjusted in line with IWM, which shows the d is broad in WM Irish. (Shán Ó Cuív’s LS edition of Séadna fails to show the broad d.)
sult: “amusement”. Déanamh suilt, “having fun”. Pronounced /suhl, silʹh/.
tosach: “beginning, front”, pronounced /tə’sɑx/. Tosach a bheith agat ar dhuine, “to get a head start on someone, to arrive before him”. Tosach a bheith agat ar an scéal, “to get in first”. An tosach a bhaint de dhuine, “to take the lead from someone, to get somewhere before someone”.

Proverbs

bhí sé ag tarrac uisce chun a mhuilinn féin sa ghnó: “he was furthering his own cause”.
is sleamhain iad leacacha an tí mhóir: “the flagstones of the great house are slippery”, a saying referring to problems arising in dealing with the authorities.
ní hionann dul go tigh an rí agus teacht as: “going to the king’s house and coming out of it are two different things”, i.e. “you may get a great disappointment when trying to consort with people who look down on you; you will often find the response of the authorities disappointing when you look to them for help”.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s