Séadna chapter 18

Caibideal a hOchtdéag.

Bhí an oíche ag imeacht agus ní raibh Cormac ag filleadh ná aon tuairisc chruínn uaidh. Na daoine do chaill a gcuid, bhí ceist agus ceann-fé agus náire ag teacht orthu. An focal úd aduairt Sadhbh le fear an bhramaigh, d’airíodar é agus do thuigeadar ’na n-aigne go raibh an ceart aici. Ní raibh éinne acu féin nár oir an chainnt do, chómh cruínn agus d’oir sí d’fhear an bhramaigh. Bhí ’fhios acu ná raibh puínn trua ag daoinibh dóibh, agus ní raibh puínn trua acu féin dá chéile. D’inis a dtuiscint féin dóibh, nuair a tugadh an t-airgead mór dóibh ar na capaillibh, go raibh breis mhór agus a gceart acu dá fháil, — agus ghlacadar é. Ar ball nuair a tháinig an fhírinne amach do thuigeadar ’na n-aigne nár imigh orthu ach an rud a bhí tuíllte acu, mar gur thugadar toil don drochbheart. Bhíodar ag bailiú leó agus ag imeacht abhaile, go dúr agus go dochraideach, go doshásta agus go diomách, go leamh díobh féin agus de chuaird an lae acu.

Síle. Féach gurb mó cuma ’na ndeintear airgead bréagach d’éaghmais é ’dhéanamh de licíníbh slinne, le diablaíocht.

Cáit. Féach féin sin. Agus féach, leis, gurb annamh le fáil duine ’bheadh chómh macánta san go dtiocfadh sé i gcionn seachtaine chun an airgid chirt do chur in inead an airgid bhréagaigh, mar ’tháinig Micheál Réamoinn.

Gobnait. Agus dáltha an scéil, féach gur beag dá bhaochas a bhí air. Bhí “a chuid is a chlú aige” ag imeacht do.

Cáit. Ceoca clú, a Ghobnait, clú na macántachta nú clú na diablaíochta?

Gobnait. Maith an áit go rabhais, a Cháit. Creidim go raibh an dá chlú aige ag imeacht do.

Nóra. Ní fheadar, a Pheig, an raibh aon tsúil go dtiocfadh an duine uasal thar n-ais chun airgid chirt do thabhairt do sna daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh.

Peig. Is eagal liom, a Nóra, dá dtigeadh, go ndéarfadh na daoine céanna san go raibh sé chómh mór ar buile agus ’ cheapadar Sadhbh féin do bheith.

Gobnait. Muise, a Pheig, nách breá bog réidh a dhéineann Nóra iarracht bheag magaidh fúinn! “Ní fheadar an raibh aon tsúil go dtiocfadh sé thar n-ais,” ar sise, chómh maith agus dá mbeadh aon bhlúire dá mhearathall uirthi ná raibh aon tsúil in aon chor lena leithéid.

Nóra. Ó, imbriathar is ambasa, a Ghobnait, agus gan drochní ar mh’anam, gur de chroí dháiríribh atáim, féach! Sid é atá orm. Do dhein Micheál Réamoinn airgead le diablaíocht de licínibh slinne agus thug sé do mhnaoi an tábhairne iad chun a hata ’dh’fháil uaithi. Ní raibh sé sásta, ámh, in’ aigne gan teacht arís i gcionn seachtaine agus airgead dleathach do thabhairt chúithi, agus ní raibh aon iúnadh ’na thaobh air féin ná ar éinne eile. Ach dá bhfíllfeadh an duine uasal úd agus airgead fírinneach do thabhairt do sna daoinibh gur thug sé an t-airgead bréagach dóibh, déarfaidís go raibh sé chómh mór as a chéill agus ’ cheapadar Sadhbh do bheith. Sin é atá orm.

Peig. ’S dó’ féach, a Nóra, tá so de dheifríocht idir an dá scéal. Fear macánta dob ea Mícheál Réamoinn pé diablaíocht a bhí aige, ná ná raibh. Bithiúnach dob ea an duine uasal úd, pé uaisleacht a bhí aige, ná ná raibh.

Cáit. Imbriathar mhóide gurb é mo thuairim féin gurb iad na huaisle móra na bithiúnaigh is mó. Sin é an duine uasal san do chuir amach na ’c Eóghanaigh. Tá sé ráite go bhfuil deich míle púnt sa mbliain aige thall i Sasana. Ní shásódh san é gan teacht anso anall chun na g’c Eóghanach mbocht agus iad do chaitheamh amach fén gclagar oíche Nollag. Bhí an tseanalánú ann agus an lánú óg agus naonúr clainne. Cómhnaois do Pheig an té ba shine acu, agus ní raibh an leanbh dob óige ach trí seachtaine. Nuair ’bhíodar go léir amu’ agus an fhearthainn ag titim ’na taoisceannaibh orthu, do dhein Seán Óg Mhic Eóghain scailp i gcoinnibh an chlaí mar fhothain dóibh. Tháinig an duine uasal agus do leag sé an scailp.

Nóra. Ó! Dia linn! a Cháit, ní dócha gur dhein!

Cáit. Imbriathar gur dhein. Duairt an báille leis go raibh púnc éigin dlí ann, agus go mbeadh an obair chéanna aige dhá gcur amach ón scailp a bhí aige dhá gcur amach as an dtigh. Do leag sé an scailp orthu pé in Éirinn é. Agus ansan do bhí an seanduine bocht ag gol, agus nuair a chonaic an duine uasal ag gol é, “see,” ar seisean, “how the old cock cries”.

Síle. Cad é an rud é sin, a Cháit?

Cáit. “Féach,” ar seisean, “mar ’ghoileann an seanachocaí.”

Síle. Ó, féach air sin! Agus é féin dhá chur ag gol!

Gobnait. Is beag ná go ndéarfainn leis an nduine uasal san an rud úd aduairt Máire Phárthaláin leis an bhfear a rug ím na bliana uaithi agus gan greim dlí aici air. “Imbriathar,” ar sise, “gur maith an plan ifreann do bheith ann!”

Peig. Ó, faire, a Ghobnait. Cá bhfios di ná go raghadh sí féin ann!

Gobnait. Is dócha nách ó chroí aduairt sí é, ach an fhearg do bheith uirthi, agus an chúis aici.

Síle. Ba dhó’ liom nár ghá d’éinne é do rá leis an nduine uasal do chuir amach na ’c Eóghanaigh agus do leag an scailp orthu.

Gobnait. Cad ’na thaobh, a Shíle?

Síle. Mar déanfaidh Dia uaidh féin é, moladh go deó leis!

Peig. Cad a dhéanfaidh Sé uaidh féin, a chuid?

Síle. An duine uasal úd do chur go hifreann.

Peig. Cá bhfios, a Shíle, ná go ndéanfadh an duine uasal aithrí.

Síle. Ní dhéanfaidh aithrí an gnó dho gan an tigh do chur suas arís agus na ’c Eóghanaigh do chur isteach ann, slán folláin, mar ’bhíodar cheana, agus airgead do thabhairt dóibh tar cheann ar dhein sé de dhíobháil dóibh.

Cáit. Mhuise deárna leat! a Shíle. Sin í an chainnt go bhfuil an crot uirthi. Is trua chráite gan tu ag déanamh na ndlithe dhúinn. Ba gheárr go gcurfá na huaisle ’na gcónaí, agus ba ghá san. Agus cogar, a Pheig, dar ndó’ ní dheinid na daoine uaisle aithrí in aon chor.

Peig. Airiú, cad a chuir an rud san id cheann, a Cháit?

Cáit. ’S dó’, táim ag éisteacht riamh lena ndrochbheartaibh, agus lena n-éagóir, agus leis an scrios a bhíonn acu dhá dhéanamh ar dhaoinibh bochta, dhá mbrú agus dhá meilt agus dhá ndíbirt le fuacht agus le fán, agus níor airíos riamh gur dhein éinne acu aithrí ná leóirghníomh. Is iad na daoine bochta a bhíonn ag déanamh na haithrí. Is greannúr an scéal é!

Peig. Ó! go deimhin, a Cháit, deinid daoine uaisle aithrí leis. Iníon rí dob ea Gobnait Bhaile Mhúirne. Agus mac rí dob ea Colm Cille.

Síle. Ar airís an méid sin, a Ghobnait?

Gobnait. Ach! d’airíos fadó é, a Shíle. Iníon rí dob ea í. Agus nuair ’fhág sí tigh a hathar duairt an t-aingeal léi gan stad chun cónaithe ach san áit ’na bhfaigheadh sí naoi gcínn d’fhiannaibh bána ’na gcodladh roímpi. Tháinig sí go dtí áit éigin agus fuair sí trí cínn acu ann, agus d’fhan sí tamall beag san áit sin. Ansan do tháinig sí go Cíll Ghobnatan thíos agus fuair sí sé cínn ann. D’fhan sí tamall mór ansan, agus sin é uair a tugadh Cíll Ghobnatan ar an áit. Ansan do tháinig sí go Baile Mhúirne agus fuair sí na naoi gcínn ann. D’fhan sí ansan an chuid eile dá saol agus is ann atá sí curtha.

Cáit. Cuirfeadsa geall gur fada ’bheidh na ’c Eóghanaigh amu’ sula ndéanfaidh an duine uasal a chuir amach iad aithrí agus iad do chur isteach arís.

Nóra. Is dócha nách mar a chéile na huaisle atá ann anois agus na huaisle ’ bhí ann fadó.

Peig. Gan amhras, is dócha gur fada go bhfeicfar naomh orthu.

Gobnait. Conas d’imigh le Cormac an Chaíncín, a Pheig?

Peig. Ní raibh tásc ná tuairisc air go ceann seachtaine ó lá an aonaigh. Chuaigh gach aon rud chun suaimhnis. Ní feacthas Sadhbh ná a hathair ar an dtaobh amu’ de dhoras i gcaitheamh na seachtaine. An mhuíntir is mó ’bhí caillte le hobair na mbithiúnach is iad ba lú trácht air. An mhuíntir ná raibh aon rud acu le cailliúint níor stad a mbéal, ach gach éinne acu dhá shíormhaíomh dá mbeadh capall aige féin le díol ná scarfadh sé chómh mothaolach san leis.

I gcionn seachtaine d’fhíll Cormac. Tigh Shéadna an chéad thigh ’nar thug sé aghaidh air. Tháinig Séadna amach ’na choinnibh fé mar ’tháinig sé amach i gcoinnibh Sheáin Cheataigh an lá úd.

“’Sea!” arsa Séadna.

“Do crochadh triúr acu,” arsa Cormac. “D’imigh Síogaí, nú pé ainm atá air. Dá fheabhas dithneas do dheineamair do theip orainn teacht suas leó gur shroiseamair an chathair. Chuas-sa láithreach ag triall ar mhuíntir an rí mar a raibh aithne mhaith orm, agus d’ínseas mo scéal. Ní fheacaís a leithéid d’iúnadh ar aon daoinibh riamh agus a bhí orthu. ‘Airiú,’ ar siad san, ‘do tháinig fear anso chúinn ó chiainibh agus d’inis sé an scéal céanna san dúinn, agus thaispeáin sé dhúinn triúr de na bithiúnachaibh agus ghabhamair láithreach iad, agus is dócha go gcrochfar amáireach iad. Duairt sé nárbh iad ba mhó ba chiontach ach an té ’ bhí ’na cheann orthu agus ar thuilleadh dhá sórd sa Mhúmhain. Fear gurb ainm do Séadna. Fear a bhí ag déanamh airgid bhréagaigh le fada. Agus dá chómhartha san féin, gurbh aithin don dúthaigh é ’bheith beó bocht laistigh de chúig nú sé ’bhlianaibh, agus anois go bhfuil sé ar an bhfear is saibhre sa Mhúmhain nú b’fhéidir in Éirinn. ‘Agus,’ ar siad, ‘tá órdú ón rí, cúnamh fear do ghléasadh láithreach agus imeacht agus breith ar Shéadna úd, pé hé féin, agus é ’ thabhairt chun lámha anso gofa.’ ‘Cá bhfuil an fear d’inis an scéal san?’ arsa mise. ‘Tá sé anso istigh,’ ar siad. Chuamair isteach. Ní raibh a thuairisc ann. Do ritheadar anonn ’s anall dhá chuardach. Ní raibh sé le fáil ach mar ’shloigfeadh an talamh é. ‘Cá bhfuil an triúr eile?’ arsa mise. ‘Istigh sa charcair,’ ar siad. ‘Feiceam iad agus ceistíom iad,’ arsa mise. Chuamair isteach agus cheistíomair iad, gach fear díobh fé leith. Bhíodar ar aon fhocal amháin sa méid seo. Go raibh an t-airgead bréagach dá dhéanamh in áit éigin sa chathair. Ná raibh fios na háite ag éinne acu féin. Go raibh coróinn fén bpúnt acu dá fháil as an airgead do chur amach ar aontaíbh agus ar mhargaíbh. Gur le mangaireacht do mhaireadar go dtí gur theangmhaigh an obair seo leó. Gurb amhlaidh do curtí an t-airgead bréagach chúthu go háit a gcónaithe. Ná feacadar riamh an áit ’na mbítí dhá dhéanamh ná an té ’bhí ’na cheann ar an ngnó.

“Ní fheacaís riamh ach an iúnadh chroí a bhí ar mhuíntir an rí nuair ’dh’airíodar an méid sin. Ansan d’ínseas-sa dhóibh conas ’chuiris-se i ndiaidh na mbithiúnach me, agus chuireas ar a súilibh dóibh conas, mura mbeadh tusa, nárbh fhéidir teacht suas leó in aon chor.

“Amáireach a bhí chúinn b’éigean dom dul i láthair an bhreithimh agus an scéal d’ínsint tríd síos do. Ansan do daoradh iad chun a gcrochta mar gheall ar an ngníomh a bhí déanta acu agus é ’ dhéanamh fé ainm an rí. Agus do ceapadh lucht braith agus cuireadh amach iad in sna chúig árdaibh féachaint an bhféadfaidís teacht suas leis an Síogaí macánta, pé hé féin nú pé ball ’na bhfuil sé, agus é ’thabhairt chun lámha. Do ceapadh, mar an gcéanna lucht cuardaigh, chun na háite do dhéanamh amach ’na bhfuil an t-airgead bréagach so dá dhéanamh, agus, óir nách foláir nú tá níos mó ná an ceathrar sa ghnó, an chuid eile acu d’fhiach agus greim ’dh’fháil orthu sula mbeidh uain acu ar a thuilleadh díobhála do dhéanamh. Is mó cú ghéar ar shálaibh an chladhaire um an dtaca so, geallaim dhuit é, agus má bheireann sé na cosa uathu is mór an iúnadh liomsa é. Nuair a thuigeadar a fheabhas do dheinis-se an bheart lá an aonaigh agus a ghéire mar ’chuaigh an scéal ar an gceathrar, is é adúradar go léir ná gur mhór an trua gan tu thíos acu féin mar a mbeadh cothrom agat ar an íntleacht atá agat do chur chun tairbhe.

“Is eagal liom, a Chormaic,” arsa Séadna, “nuair a bhí teistiméireacht agat dá thabhairt dóibh ar m’íntleacht, murar chuiris leis an bhfírinne nách baol gur bhainis uaithi. Ach is dócha mura mbeadh a ghéire do leanais-se ar shálaibh an fhir mhóir úd agus a luathacht a bhís isteach sa chathair ’na dhiaidh, go mbeinn thíos acu um an dtaca so agus nách ar mhaithe le m’íntleacht é. Gan amhras do cheap sé drochiarracht do thabhairt fúm. Is mór an trua cead a chos ag á leithéid. Is olc ó fhearaibh na cathrach mura dtigid siad suas leis anois agus a ainm in áirde ar fuid na hÉireann ón mbeart so. Dáltha an scéil is mór go léir an iúnadh liom a rá go raibh sé de dhíth céille air trácht ar ainm an rí sa ghnó. Ba cheart do ’ fhios do bheith aige ná féadfadh dul leis i bhfad fé ainm an rí.”

“Is é ’ cheapaimse,” arsa Cormac, “ná go raibh ’ fhios go maith aige cad a bhí ar siúl aige, agus gur d’aon ghnó ar fad do dhein sé obair lae an aonaigh.”

“Conas san?” arsa Séadna.

“De réir mar ’thuigim an scéal,” arsa Cormac, “is chútsa is mó ’ bhí sé, agus seo mar ’ cheap sé teach ort, dá ritheadh leis. Nuair ’bheadh gnó an aonaigh críochnaithe aige d’imeódh sé féin agus Sadhbh síos go dtí an baile mór. D’fhágfadh sé an triúr eile i mbun na gcapall, dhá mbreith leó go mbuailfeadh cuid dá n-aicme féin úmpu ar an slí agus go nglacfaidís uathu iad le cur ar aontaíbh eile dá ndíol. Nuair ’shroisfeadh sé an chathair thiocfadh sé i láthair an bhreithimh agus dhearbhódh sé ortsa an bheart a bhí déanta aige féin, gur agat a bhí an t-airgead bréagach agus gur tu a bhí ag ceannach na gcapall don rí, mar dhea, agus ná raibh de ghnó aige féin san áit ach chun an chleamhnais do dhéanamh agus chun a mhná do thabhairt leis. Ansan, nuair a bheadh a thoil imeartha aige ortsa agus an chnáib ar do mhuineál aige do phósfadh sé Sadhbh, agus féach ansan cé ’ déarfadh gur bhithiúnach é! Níor ródheocair do an scéal do chur ’na luí ar mhuíntir na cathrach nuair do neósfadh sé dhóibh a luíghead airgead a bhí agatsa tá beagán aimsire ó shin ann agus méid do shaibhris anois.”

“Ní duairt éinne riamh go bhfuair sé airgead bréagach uaim,” arsa Séadna.

“Ní lú ná ’fuair,” arsa Cormac. “Nuair a hínseadh dómhsa gur tu ’thug an cíos don bhainntreach an lá úd fadó, do thrialas an uile phíosa dhe agus bhí sé go léir chómh dílis agus dá mba amach ó cheártain an rí féin do thiocfadh sé an mhaidean chéanna.”

“Is dócha,” arsa Séadna, “dá mbeadh sé bréagach go raghadh an scéal dian orm;” agus chuir sé smuta gáire as.

“Níor bhaol duit aon scéal do dhul dian ort uaimse,” arsa Cormac, “an fhaid ná raibh aon éagóir agat dá dhéanamh.” Thárla lena línn sin gur fhéach sé idir an dá shúil ar Shéadna agus má fhéach do stad.

Síle. Cad ’na thaobh do stad, a Pheig? Ba dhó’ liom, pé duine go gcuirfeadh an fhéachaint úd Shéadna sceón ann, ná ná cuirfeadh, gur dheocair di aon gheit do bhaint a Cormac an Chaíncín. Gabhaimse orm dá mb’é Seán an Aonaigh a bheadh ann nách baol go mbainfí aon gheit as. Ní bainfí ach oiread agus ’ bainfí a cráin mhuice dá mbeadh sí ann.

Peig. ’S dó’, is amhlaidh mar ’bhí an scéal ag Cormac, bhí rún gránna ag Séadna air. Tamall beag tar éis an lae úd a tháinig sé ag éileamh sealbha ar an mbainntrigh do fuair Séadna amach cúrsaí na breibe agus bhí ’ fhios ag Cormac go bhfuair. Do theip air a aigne do chur chun suaimhnis ná an oíche do chodladh go dtí gur tháinig sé chun cainnte le Séadna agus gur iarr sé air gan gearán do chur isteach air. Duairt Séadna ná déanfadh dá ngeallfadh Cormac do gan breab do ghlacadh arís. Rud a gheall go fonnmhar.

Síle. An daighe ba dhána an t-éadan a bhí air. “Níor bhaol duit mise an fhaid ná raibh aon éagóir agat dá dhéanamh.” Níorbh iúnadh gur baineadh geit as. Dá mbeadh fios an méid sin ag Sadhbh do thuigfeadh sí cad é an greim a bhí ag Séadna air.

Peig. Bhí an greim sin aige air go daingean, agus bhí a rian air, ní raibh aige ach bagairt air chun é ’thiomáint ar siúl, pé bog cruaidh an gnó, pé moch déanach an tráth, pé fliuch fuar an uain.

“An dó’ leat an bhfuil aon tseans go mbéarfar air?” arsa Séadna.

“Táthar ’na dhiaidh go te ar aon chuma,” arsa Cormac. “Tá fir ’na dhiaidh gur deocair dul uathu, geallaim dhuit é. Is é a rá féin ná deigh aon bhithiúnach riamh fós uathu. Má théann sé seo uathu beidh an chraobh aige.”

“An rabhais ag cainnt le Diarmuid Liath ó fhillis?” arsa Séadna.

“Ní rabhas,” ar seisean, “ach d’airíos gur fhág Sadhbh an baile agus ná fuil aon tuairisc uirthi. Bhíos chun dul ann síos anois féachaint ar tháinig sí, nú an fíor é in aon chor.”

“Raghadsa leat,” arsa Séadna. “Níor airíos focal de. Is mór an trua an duine bocht.”

Bhuaileadar orthu soir.

Names

Colm Cille: a 6th-century saint whose name means “dove of the church”, and one of the Twelve Apostles of Ireland. He is stated here as being a prince, and historically he was a great-great-grandson of the 5th-century high king of Ireland, Niall of the Nine Hostages.
Gobnait Bhaile Mhúirne: St. Gobnait, venerated in Baile Mhúirne in the Múscraí Gaeltacht, where the ruins of a church dedicated to her, Cíll Gobnatan, can be seen. She is stated here as being of royal descent.
Máire Phárthaláin: a woman mentioned here. Párthalán is the Irish equivalent of Bartholomew.
Seán Óg Mhic Eóghain: a young man mentioned here.

Places

Cíll Ghobnatan:Kilgobnet, an archaeological site associated with St. Gobnait near Baile Mhúirne, Co. Cork.
Múmhain (an Mhúmhain): Munster, the southern province of Ireland. The historical dative has replaced the erstwhile nominative, an Mhumha. Pronounced /muːnʹ, ən vuːnʹ/.

Foclóirín

c Eóghanach: someone with the surname Mac Eóghain (a Sligo surname meaning “son of Eóghan”), anglicised as MacKeown, Cowan and a number of other variations. In its anglicised form, this surname cannot be distinguished from Mac Eóin, which has the same pronunciation in Irish. However, the gh is given in the original here. Pronounced /kʹoːnəx/.
áird: “direction, quarter of a compass”. In sna chúig árdaibh, “in all directions”.
bailím, bailiú: “to collect”. Bailiú leat (amach), “to slip away, be off”.
bliain: “year”. Both sa bhliain and sa mbliain are found in PUL’s works, but the latter is generally found in the distributive sense, “per year”.
brath: “expectation”. Lucht braith, “spies, detectives”.
carcair: “prison, jail”.
ceathrar: “four people”, pronounced /kʹahərər/.
ceist: “question”, but also broader in meaning, glossed in FdS as “uneasiness of mind, annoyance”. Bhí ceist ag teacht orthu, “they began to feel annoyed and uneasy”.
chúig: “five”, or cúig in the CO. This word is generally lenited in PUL’s works, although it appears as a cúig with the enumerative particle.
clagar: “pelting”, or clagairt in the CO. Fén gclagar, “in the pelting rain”.
clú: “reputation, fame”. Do chuid is do chlú ag imeacht duit, “to save both your property and your character”, i.e., to offer something that is refused, so saving your money and gaining the credit for having offered it.
cnáib: “hemp, hangman’s noose”.
cocaí: “cock, rooster”.
cómhnaois: “the same age”, or comhaois in the CO. Cómhnaois do dhuine, “of the same age as someone”.
cónaí: “dwelling, act of dwelling”. Duine chur na chónaí, “to put someone in his place”.
cráin: “sow”. Cráin mhuice, “a sow pig”.
craobh: “branch”. Dul/imeacht le craochaibh, “to go mad”, especially “stark raving mad”. This phrase is explained in FdS as referring to the catching of the clothes of a madman on bushes as he wanders around wildly. Beidh an chraobh aige, “he will take the palm, he will have done well”.
cúnamh: “help”. Cúnamh fear, “a body of men”.
dána: “bold”. Éadan dána bheith ort, “to be barefaced, have a brass neck, have a cheek”.
diomách: “dejected”, spelt díombádhach in the original, but the length of the first vowel has been edited here to show the WM pronunciation (cf. diomá in CFBB).
dochraideach: “sore at heart, worried and annoyed”, pronounced /doxəridʹəx/.
doshásta: “sad, dissatisfied”. The prefix do- is pronounced with a full vowel /do-/.
drochiarracht: “a desperate attempt”. Drochiarracht do thabhairt fé dhuine, “to launch an underhand attack against someone”.
faire: “watching, guarding”. Ó faire!, “Oh, fie! for shame!”
fán: “wandering, vagrancy”.
fia: “deer”, with fianna in the plural.
fiachaim, fiach: “to hunt, hunt down, chase”.
gléasaim, gléasadh: “to equip, make ready”, e.g. of a body of men. IWM indicates this verb is pronounced with /eː/, and not /ia/.
goilim, gol: “to weep, cry”. Both /gilʹimʹ, golʹimʹ/ are attested in IWM.
ím: “butter”. Note the long vowel in the nominative here.
imrim, imirt: “to play”, but also “to bring something into play; to wreak or inflict something”; imrím, imirt in the CO. Pronounced /imʹirʹimʹ, imʹirtʹ/. Do thoil a bheith imeartha agat ar dhuine, “to have or inflict your will on something; to do something bad to someone”.
íntleacht: “intellect, intelligence”, pronounced /i:ntʹilʹəxt/.
lánú: “married couple”, or lánúin in the CO, where the historical dative has replaced the nominative.
leagaim, leagadh: “to knock down”, or leagaim, leagan in the CO.
leóirghníomh: “restitution, full amends”. This would be leorghníomh in the CO, but the original spelling is maintained here, showing a slender r.
luathacht: speed, especially in dá luathacht, “how fast”. Note that this would be dá luaithe in the CO, although dá luaithe is also used in WM Irish.
macánta: “honest”, often used sarcastically of the dishonest.
mangaireacht: “hawking, peddling”.
mothaolaoch: “gullible”.
plan: “plan”, or plean in the CO. This word is clearly a borrowing from English, and PUL’s spelling may indicate an Anglophone pronunciation. Is maith an plan ifreann do bheith ann, “it’s a good job there’s such a place as hell!”
púnc: “point”, or ponc in the CO. Púnc dlí, “a point of law”.
rithim, rith: “to run”. Frequently spelt rui- in the original, indicating a broad r. Such spellings have not been adopted in the editing here, as it is generally the case that an initial r is broad, and if this spelling were adopted here, it would need to be more widely applied also. Dá ritheadh leis, “if he succeeded”.
scailp: “shelter, shed, lean-to”.
taoisc: “downpour”, with taoisceanna in the plural.
teangmhaím, teangmháil: “to meet, contact, touch”, teagmhaím, teagmháil in the CO. With le, “to come into contact with something/someone”. Pronounced /tʹaŋə’vi:mʹ, tʹaŋə’vɑ:lʹ/.
trialaim, triail: “to try, test”, triailim, triail in the Standard. Note that in the CO the distinction between triailim, “I try, test” and triallaim, “I journey” is a little clearer than in WM Irish, where the slender l of the former appears only in the third-person preterite, the singular imperative, the verbal noun and the autonomous forms in -tí and -fí. Píosa thriail, “to test a coin”, e.g. for purity.

Advertisements
This entry was posted in Contents, Séadna. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s