An Teagasc Críostaí, Ceacht a 9

Ceacht a naoi.

C. Cad a cheanglann an dara haithne orainn?
F. Ár móide agus ár ngeallúna dlistineacha do chimeád.
C. Cad a choisceann an dara haithne orainn?
F. Gach dearbhú neamhcheart; bréaga; mionna móra; eascainí; diamhasla; agus focail naomhaithiseacha.
C. An coir rómhór leabhar éithigh do thabhairt?
F. Coir róscannrúil is ea é, mar glaeitear ar Dhia chun fianaise ’ dhéanamh go bhfuil an ní adeirtear fíor, agus gan ann go fiosach ach bréag.
C. Cad a cheanglann an tríú haithne orainn?
F. An Domhnach do chaitheamh in úrnaithe agus i ngóthaíbh diaga eile.
C. Cad iad na gnóthaí diaga eile iad san?
F. Aifreann d’éisteacht, bheith ag éisteacht le teagasc, agus ag lé’ leabhar chríostúla.
C. Cad a choisceann an tríú haithne orainn?
F. Gach uile obair shaothraitheach gan riachtanas agus briseadh lae an Tiarna go naomhaithiseach.
C. Cad d’órdaíonn an ceathrú aithne?
F. Grá agus urraim agus onóir do thabhairt d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh agus d’uachtaránaibh.
C. Cad a choisceann an cúigiú aithne orainn?
F. Gach dúnmharú toilthiúil, troid agus imreas.
C. Cad eile a choisceann an cúigiú aithne?
F. Gach anchainnt tharcaisneach, fuath, fearg agus rún díoltais.
C. Cad a choisceann an séú aithne?
F. Gach cómhluadar mígheanmnaí le fear, nú le bean, nách le duine féin.
C. Cad eile a choisceann an aithne seo?
F. An uile amharc, nú focal, nú gníomh, mígheanmnaí.
C. Cad a choisceann an seachtú aithne?
F. Aon ní de chuid duine eile do thógáil nú do chimeád go haindleathach; agus gach díobháil dá ndeintear don chómharsa ’na strus.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh orainn a dhéanamh an tan a bhíonn cuid duine eile go neamhdhlistineach againn?
F. Ní foláir dúinn é ’ thabhairt thar n-ais más féidir dúinn é, nú ní maithfar an peaca dhúinn.
C. Cad a choisceann an t-ochtú aithne?
F. Gach fianaise neamhfhírinneach, breithiúntas an-obann, bréaga, cúlchainnt, agus tromaíocht.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh ar an muíntir a mhaslaíonn clú a gcómharsan?
F. Ní foláir dóibh a ndícheall do dhéanamh ar an gclú do chasadh, nú ní maithfar an peaca dhóibh.
C. Cad a choisceann an naoú aithne?
F. Gach smaoineamh toilthiúil drúise, dúil mhígheanmnaí, agus dlúthócáidí, nú fáthanna, chun smaointe truaillithe.
C. Cad a choisceann an deichiú aithne?
F. Gach dúil neamhdhlistineach i gcuid ár gcómharsan.

Foclóirín 

aindleathach: “illegal, unlawful”.
anchainnt: “reviling, abuse, bad language”. Pronounced /’ɑn-‘xaintʹ/, with a double stress.
breithiúntas: “judgment”, or breithiúnas in the CO. Breithiúntas an-obann, “rash, hasty or overly quick judgment of someone without possession of all the facts”.
cómhluadar: “company, association”.
críostúil: “Christian; charitable”.
coiscim, cosc: “to prevent”, but also, as here, “to forbid”.
cúlchainnt: “backbiting, detraction”.
eascaine: “curse, imprecation”.
dara: “second”; generally tarna in WM Irish.
diamhasla: “blasphemy”, pronounced /dʹiəvəslə/.
dlistineach: “legitimate, proper”.
dlúthócáid: “an immediate occasion” for something.
dúnmharú: “murder”.
fiach: rud a bheith d’fhiachaibh ort, “to be bound/obliged (to do something)”. Fiacha literally means “debts”.
fiosach: “knowing”, or feasach in the CO. Go fiosach, “knowingly, wittingly, deliberately”. Research on the pronunciation required here: the Letiriú Shímplí edition shows no indication of stress on the second syllable, and so it may be /fʹisəx/, but if, as is usual with words in -ach, the ending is stressed, as /fʹi’sɑx/, there may be no reason not to adopt the CO spelling.
imreas: “strife, discord”. Pronounced /imʹirʹəs/.
maslaím, maslú: “to insult, revile, calumniate”.
mionn: “oath”, with mionna in the plural, where the CO has mionnaí. Mionna móra, “swear words”.
móid: “vow”, with móide in the plural here, where the CO has móideanna.
naomhaithiseach: “profane, blasphemous”.
obann: “sudden, hasty”, or tobann in the CO.
rún díoltais: “desire for revenge”, where rún means “intention” here.
saothraitheach: “servile, laborious”, or saothrach in the CO. Pronounced /se:hərihəx/.
scannrúil: “frightful; astonishingly great”, or scanrúil in the CO. Pronounced /skau’ru:lʹ/.
strus: “wealth, means”.
tan: “time, occasion”. An tan, “when, whenever”.
tromaíocht: “running down, denigration”.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s