Caibideal a Dó

Caibideal a Dó.

Ceól agus Dothíos agus Iomrall Buailte

Ní raibh sé i bhfad ag seinnt nuair a bhí aghaidh an uile dhuine dá raibh sa chuideachtain air, agus a súile ar dianleathadh, agus béal gach duine acu ar leathoscailt, agus a gcínn caite siar acu, agus cúinní a mbéal tarraicthe i dtreó a gcluas acu, fé mar ba mhian leó an t-aoibhneas ceóil do ghlacadh isteach ’na súilibh agus isteach ’na mbéalaibh, i dteannta bheith dhá ghlacadh isteach ’na gcluasaibh. Ba neamhní ar fad leó as san amach ceoca éadach stracaithe nú éadach slán a bhí ar fhear na cláirsí, ná cad é an dath a bhí ar na preabánaibh. Chonaic seisean an t-athrú a bhí tagaithe orthu go léir, agus ar Ó Dónaill féin chómh maith leis an gcuid eile acu. Bhí sé ag féachaint orthu ó dhuine go duine acu, agus magadh ’na shúilibh, agus fé mar a chíodh sé an iúnadh ag méadú orthu bhaineadh sé casadh as an gceól a thaispeánadh dóibh ná raibh ach neamhí ’na raibh aige á dhéanamh seochas a bhféadfadh sé a dhéanamh dá mb’ mhaith leis é.

Fé dheireadh do stad sé. Thairrig gach éinne anál.

“Seo, a Chonáin,” ar seisean ag síneadh na cláirsí chun an té a thug do í, “ní maith an chláirseach í, ach dá olcas í, is feárr í ná an té gur leis í.”

“Dar fia, a óglaigh,” arsa Conán, “ach do bhainis-se ceól aisti ná raibh ’ fhios agamsa ’ bheith inti in aon chor!”

“Do bhain,” arsa Ó Dónaill, “agus níor bheag de radharc bheith ag faire ar a mhéireannaibh an fhaid a bhí sé ag baint an cheóil sin aisti. Ba dhó’ le duine nách méireanna fola agus feóla a bhí ag déanamh na hoibre in aon chor. Ní fheaca riamh a leithéid de ghluaiseacht, ná a leithéid de theangmháil méar agus téad le haicillíocht agus le cruinneas. Agus ansan, an ceól a bhaineadar na méireanna san as na téadaibh, ní fhéadfainn aon cheól do chur i gcúmparáid leis ach an ceól sí úd a hairítí fadó in sna cnucaibh, agus sa talamh fúinn thíos nuair ’ bhíodh Fearghas Fionn mac Forgaí dhá sheinnt; nú Seannach Ó Doirge; nú Suanach mac Seannaigh, nú Scológ Chille Chuillinn; nú Bacach Binne Boirche; ós iad a chuireadh daoine chun codlata agus a chuireadh daoine ag gáirí, agus daoine eile ag gol. Go deimhin is duine róbhínn tu, a óglaigh,” ar seisean.

“Bím lá bínn agus bím lá searbh,” arsan stracaire.

Do labhair Ó Dónaill leis an bhfear friothála. Tháinig an fear friothála anuas chun na háite ’na raibh an stracaire.

“Éirigh suas, a óglaigh,” arsan fear friothála, “agus suigh thuas in aice Uí Dhónaill, tá cuireadh aige á thabhairt duit.”

“Ní raghad!” arsan stracaire. “Níl an t-éadach so atá ormsa oiriúnach don áit sin thuas. Má tá aon ní fónta acu le tabhairt dom curtar chúm anuas anso é más mian leó.”

D’imigh an fear friothála suas agus níorbh fhada go dtáinig sé anuas arís agus culaith bhreá éadaigh aige ar a chuislinn, ionar agus atán agus léine riabhach agus matal, agus an chuid eile de sna nithibh a bhain le culaith mhaith uasal éadaigh.

“Seo, a óglaigh,” arsan fear friothála, “culaith éadaigh a chuir Ó Dónaill anuas chút. Cuir umat í agus ansan ní miste dhuit dul suas agus suí in aice Uí Dhónaill, agus na huaisle eile, gur mó is fiú go mór an ceól a dheinis don chuideachtain ná fiche culaith éadaigh dá saghas so. Cuir umat í.”

“Ní chuirfead!” arsan stracaire. “Ní thaithneann sí in aon chor liom!”

“Cad é an locht atá agat uirthi?” arsan fear friothála.

“Dá gcuirinnse umam an chulaith sin,” arsan stracaire, “bheadh an duine maith san, Ó Dónaill, dhá maíomh orm go deó. Ní thabharfad an maíomh san le déanamh do. Cimeádfad na preabáin seo. Is liom féin iad. Ní baol go ndéarfaidh Ó Dónaill choíche gurb é féin a thug dom iad. Is feárr liom na preabáin agus bheith anso ná an chulaith sin agus bheith thuas.”

Nuair ’ airigh an chuideachta an tarcaisne sin ag an stracaire á thabhairt d’Ó Dónaill tháinig fearg orthu. Do chrom fir armtha ar theacht isteach sa halla mór. Chonaic an stracaire iad ag teacht isteach. Bhí gallóglach de mhuíntir Uí Dhónaill ’na sheasamh in aice an stracaire agus a thua ar a ghualainn aige.

“Cad chuige na fir armtha san?” arsan stracaire. D’airigh Ó Dónaill an cheist.

“Chun tusa ’ chimeád,” arsa Ó Dónaill.

Chuir an stracaire sceartadh gáire as. “Chun mise ’ chimeád!” ar seisean. “Dá mbeadh oiread eile fear agat, a Uí Dhónaill,” ar seisean, “ní fhéadfadh a ndícheall mise ’ chimeád. Cimeád me má fhéadann tú é. Táim anso anois. Is gan do chead a thánag, agus imeód gan do chead. Ní hanso do chaithfead mo phroínn amáireach.”

“Agus canad eile, a dhe?” arsa Ó Dónaill.

“I gCnuc Áine,” arsan stracaire, “dhá mhíle dhéag amach ó Luimneach, mar a bhfuil fear maith eile, .i. Seán mac an Iarla, i nDeasmhúmhain.”

“Dar so ’s súd!” arsan gallóglach a bhí ’na sheasamh in aice an stracaire, “má fheicim thu ag cur chun imithe déanfad meall cómhchruínn ar an úrlár díot le buille de chúl na tua so!”

“Fan leat go fóill, a mhic,” arsan stracaire.

Do rug an stracaire arís ar an gcláirsigh agus chrom sé ar sheinnt. Dá fheabhas agus dá bhinneacht agus dá shíreachtaí an chéad cheól a sheinn sé, do bhuaigh an tarna ceól san air i bhfeabhas agus i mbinneas agus i síreachtaí. Deir an seanaleabhar ná raibh teinneas riamh, ná galar, ná breóiteacht, ar aon duine, ná cuirfeadh an “ceól fíorbhínn sí” sin codladh agus suan agus sáimhe air, in ainneóin an teinnis.

Nuair a bhí sé tamall ag seinnt bhí an fhearg soir siar agus an chuideachta go léir fé mar a bheidís fé dhraíocht aige, agus iad mar ’ bheidís gan anam gan anál, ag éisteacht leis an gceól.

Do stad sé agus d’fhéach sé ’na thímpall orthu:—

“A Uí Dhónaill,” ar seisean, “an amhlaidh nách cuímhin leat go nduart go n-imeóinn uaibh? An amhlaidh a chuir an ceól as úr gceann é?”

“Níor chuir,” arsa Ó Dónaill, “tá drochiúntaoibh agam asat. Tá feall éigin beartaithe agat a dhéanamh orainn. Dá bhrí sin ní fhágfair an áit seo anocht, ná amáireach go mbeidh ’ fhios againn cé hé thu agus cad a thug chúinn anso thu. In éaghmais na bhfear armtha san a chíonn tú id thímpall tá fiche marcach, in arm ’s in éide ar gach taobh den doras lasmu’. Má théann tú uathu so ní baol go raghair uathu súd. Tá sé chómh maith agat do shuaimhneas a cheapadh.”

“Tá go maith!” arsan stracaire. “Seo ag imeacht uaibh me, a ghallóglacha Uí Dhónaill. Cimeádaidh me! Cimeádaidh me!”

Bhí sé ag rínce anonn ’s anall agus an chainnt sin ar siúl aige. Do thóg an gallóglach úd a labhair, thóg sé a thua agus bhuail sé buille dá cúl sa cheann ar an stracaire, dar leis, ach le neart lúfaireachta do chuaigh an stracaire ar scáth gallóglaigh eile i dtreó gurbh é an gallóglach eile do fuair an bhuille. Thit sé sin marbh ar an úrlár. Chonaic an chuid eile an bhuille. Mheasadar gur dáiríribh a buaileadh é. Bhuaileadar, dar leó, an fear a bhuail é. Níorbh é a thit ach fear eile. Láithreach bonn bhíodar go léir ag bualadh agus ag leagadh a chéile agus níor buaileadh aon bhuille nár mheas an té a bhuail é gur i gceann an stracaire a bhí an bhuille aige á cur! An fhaid a bhí an chaismirt agus na hiomraill go léir ar siúl agus na fir ag titim chómh tiubh, bhí an stracaire anso agus ansúd, ins gach aon chúinne, ’na measc, agus é ag gáirí agus ag dranntú, agus, “Cimeádaidh me! Cimeádaidh me!” aige, in aghaidh gach iomraill dá ndeinidís.

Bhí Ó Dónaill agus an chuideachta ’na seasamh, cuid acu in áirde ar na bórdaibh, agus iad ag liúirigh ar na fearaibh armtha stad, ach dá mhéid a liúdar is ea ba mhó do ghéaraigh ar an gcaismirt go dtí go raibh na fir armtha go léir sínte marbh ar an úrlár!

Nuair ’ airigh na marcaigh a bhí ar gach taobh den doras, lasmu’, an t-éirleach ar siúl istigh do bhrúdar chun an dorais. Níorbh fhada go bhfeacadar, dar leó, an stracaire ag rith chúthu amach. Thug gach duine den triúr ba ghiorra dho iarracht ar é ’ bhualadh le buille ’ chlaíomh*. Is amhlaidh a bhuail gach duine den triúr buille ’ chlaíomh ar dhuine eile acu, i dtreó gur thit an triúr i mbéal an dorais agus gur imigh na trí capaill fén machaire.

Siúd i ndiaidh na gcapall na marcaigh eile, chun beirthe orthu, agus ní raibh éinne ag an ndoras. Tháinig an stracaire amach. Ní raibh beó ag an ndoras ach an dóirseóir. Thairrig an stracaire luibh as a phóca. “Seo,” ar seisean leis an ndóirseóir, “glac an luibh sin uaim.” Do ghlac. “Féach,” ar seisean, “nílid na fir seo marbh in aon chor. Is fé dhraíocht atáid siad. Imighse anois ag triall ar Ó Dónaill & abair leis ceathrú d’fhearann saor agus fiche bó a thabhairt duit agus go n-athbheófair iad. Nuair a bheidh an talamh tabhartha dhuit ag Ó Dónaill tair anso agus cimil an luibh sin de charball uachtarach gach fir agus éireóid siad beó chút agus beidh Ó Dónall baoch díot. Mura ndeininnse an méid sin duitse anois do chrochfadh Ó Dónaill tu amáireach mar gheall ar mise do dhul isteach i ganfhios duit anocht.”

D’fhéach an dóirseóir ar an luibh. Ansan do thóg sé a shúile chun féachaint arís ar an stracaire. Bhí an stracaire imithe.

Bhí eagla a dhóthain ar an ndóirseóir go gcrochfí é mar gheall ar an stracaire do dhul isteach i ganfhios do. D’imigh sé láithreach ag triall ar Ó Dónaill agus d’innis sé do cad ’duairt an stracaire, agus conas d’imigh sé as a radharc nuair a bhí an chainnt ráite aige.

“Tá sé chómh maith agat triail a bhaint as an luibh,” arsa Ó Dónaill, “ach má tá aon mhaith inti ní dhéanfaidh sí an mhaith gan an coinníoll do chómhlíonadh. Geóbhair an talamh.”

Do chimil an dóirseóir an luibh de charball gach fir de sna fearaibh a bhí sínte marbh ar an úrlár agus lasmu’ den doras. Do phreab gach fear acu ’na sheasamh chómh luath agus do cimleadh an luibh dá charball.

Fuair an dóirseóir an ceathrú tailimh agus an fiche bó, agus bhí gach ní ’na cheart. Ach dob fhada ’na dhiadh san gur fhéad Ó Dónaill a dhéanamh amach cérbh é an stracaire.

Foclóirín

a dhe: “really, indeed”. The notes to An Cleasaidheindicate that a dhe may be derived from a Dhé!, although the etymology is unclear. Pronounced /ə ‘je/?
aicillíocht: “agility, adroitness”, or aclaíocht in the CO.
amáireach: “tomorrow”, or amárach in the CO.
anál: “breath”, or anáil in the CO, where the historic dative has replaced the nominative. Anál a tharrac, “to take a breath”.
armtha: “armed”, or armáilte in the CO.
atán: “cap”.
athbheóim, athbheóchaint: “to revive, resuscitate”, or athbheoim, athbhuachan in the CO. Possibly pronounced /a’vʹo:mʹ, a’vʹo:xintʹ/.
Bacach Binne Boirche: the beggar of Benburren. This placename may refer to somewhere in the Mourne mountains, known as na Beanna Boirche in Irish.
binneacht: “sweetness, melody”. This word is mentioned in Ó Dónaill’s dictionary as a variant of the preferred form, binneas; binne is another variant. Binne and binneacht tend to be used after : dá bhinne(acht), “however sweet, melodious”.
binneas: “sweetness, melody”.
breóiteacht: “sickness”.
buille: “blow”. This word is used as feminine here, and stated as feminine in the foclóirín to An Cleasaidhe, but is generally masculine and so found in PUL’s other works.
caismirt: “conflict, contention, fray”.
canad: “where?”, or cá háit?, cén áit? in the CO.
carball: “jaw, gum”.
casadh: “twist, turn”. Casadh a bhaint as rud, “to give something a twist or turn”.
ceathrú: a unit of ploughland equivalent to one-quarter of a baile fearainn; “cartron, carucate” in English. Around 120 acres.
cimeádaim, cimeád: “to keep, guard”, but possibly here “to detain, take into custody”? Cimeádaidh me, “catch me if you can!”
cimlim, cimilt: “to rub”, or cuimlím, cuimilt in the CO. Cimilt de rud, “to rub against something”. Pronounced /kʹimʹilʹmʹ, kʹimʹiltʹ/.
Cnuc Áine: Knockainey, Co. Limerick.
cnuc: “hill”, or cnoc in the CO.
cómhchruínn: “perfectly round, spherical”.
cuisle: “forearm, wrist; arm”, with cuislinn in the dative.
culaith: “suit of clothes”, pronounced /klih/.
cúmparáid: “comparison”, comparáid. Pronounced /ku:mpə’rɑ:dʹ/.
dáiríribh: “in earnest”, or dáiríre in the CO.
Dar fia!: “by Jove!” Fia means “Lord, God”, but the word was frequently confused with the word fia, meaning “deer”—the former was fiadha and the latter fiadh in the old script—producing the Hiberno Irish form, “by the deer!”
Deasmhúmhain: Desmond or South Munster, an area later divided into Cork and Kerry.
dianleathadh: found in the phrase ar dianleathadh, “wide open”.
dothíos: “inhospitableness, churlishness”.
éaghmais: “absence, lack”, éagmais in the CO, pronounced /iamiʃ/. In éaghmais, “in addition to, besides, other than, as well as”.
éide: “vestments; uniform, armour”. In arm is in éide, “armed and accoutred”.
éirleach: “havoc, slaughter”.
fé: normally “under”, but also “about, round” (see subentry II 1 b in Ó Dónaill’s dictionary). Fén machaire, “off into the field”.
fearann: “land”. Fearann saor, “land held in freehold”.
fiche: “twenty”. This word was traditionally feminine, as shown by its fifth-declension morphology, but an fiche bó here shows that as a collective noun it would be masculine in PUL’s works. It is worth noting that numeral-noun collective phrases are used with the singular article.
gallóglach: “gallowglass (a Scottish mercenary in service in Ireland); a heavily armed footsoldier”.
gheibhim, fáil: “to find, get”, or faighim, fáil in the CO, where the dependent form has replaced the absolute. The future tense is often found unlenited in WM Irish, as with geóbhair here (traditionally, gheóbhair).
iomrall: “error; a missed throw”. Iomrall buailte, “a miss, a misdirected blow”.
ionar: “tunic, jerkin”.
liúireach: “yelling, shouting”. Note that as a feminine verbal noun, this becomes ag liúirigh in the dative, a distinction not observed in the CO.
lúfaireacht: “agility”.
luibh: “plant, herb”; pronounced /livʹ/.
matal: “mantle”.
meall: “lump, ball”.
méar: “finger”, with méireanna in the plural here, where the CO has méara.
proínn: “meal”, pronounced /pri:ŋʹ/.
riabhach: “striped”.
sáimhe: “ease, tranquillity”.
Scológ Chille Chuillinn: the yeoman of Kilcullen. Scológ refers to the servant of a holy man or tenant of church property and by extension to small farmer or yeoman. Cf. bárdscológ, “rustic poet”. Cíll Chuillin, Kilcullen, Co. Kildare.
Seán mac an Iarla: John, son of Thomas FitzGerald, 7th Earl of Desmond.
seochas: “besides, compared with”, or seachas in the CO. Seachas was also used in the original, but the spelling has been adjusted in line with the WM pronunciation, /ʃoxəs/.
síreachtaí: “plaintiveness, plaintive quality of music”.
slán: “safe”, but also “fresh, clean”, of clothing.
soir siar: “over, dispersed”.
suan: “slumber”.
tairrigim, tarrac: “to pull, draw”, or tarraingím, tarraingt in the CO. Pronounced /tarʹigʹimʹ, tɑrək/. The verbal adjective is tarraicthe, where tarraingthe is used in the CO. PUL used the classical spelling (tarraingthe) in the original.
tarcaisne: “insult, scorn”.
teangmháil: “meeting, contact, touching”, or teagmháil in the CO. Pronounced /tʹaŋə’vɑ:lʹ/.
teinneas: “pain, soreness”, or tinneas in the CO. Pronounced /tʹeŋʹəs/.
úr: “your (pl.)”, or bhur in the CO.

Nótaí

Buille ’ chlaíomh: this is a truncation of buille dhe chlaíomh, “a sword-blow”.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Cleasaidhe, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s