An Teagasc Críostaí, Ceachtanna a 7 agus a 8

Ceacht a seacht.

C. Cá mhéid príomhpheaca maraitheach ann?
F. Seacht cínn. Cínnpheacaí maraitheacha a tugtar orthu.
C. Abair na cínnpheacaí maraitheacha.
F. Uabhar, sainnt, drúis, craos, fearg, formad, agus leisce.
C. Cá dtéid an dream a gheibheann bás i bpeaca mharaitheach?
F. Go hifreann ar feadh na síoraíochta.
C. Cad ’tá d’fhiachaibh orainn a dhéanamh má thitimíd i bpeaca mharaitheach?
F. Aithreachas fírinneach do ghlacadh agus dul chun faoistine.
C. Cad fá go raghaimís chun faoistine nuair a thitimíd i bpeaca mharaitheach?
F. Chun caradais Dé d’fháil thar n-ais agus chun bheith de ghnáth ollamh i gcómhair an bháis.
C. Cad ba chóir dúinn a dhéanamh tar éis titim i bpeaca mharaitheach dúinn dá mba ná féadfaimís dul chun faoistine?
F. Ba chóir dúinn aithreachas rómhór do ghlacadh trí thitim ann, agus an chuid is lú dhe, dúil do bheith againn dul chun faoistine.

Ceacht a hocht.

C. In éaghmais an pheaca do sheachaint cad é an mhaith atá ceangailte orainn do dhéanamh?
F. Ní foláir dúinn aitheanta Dé agus na hÉaglaise do chimeád.
C. Abair na deich n-aitheanta.
F.

  1. Creid, a mhic, i nDia go glan.
  2. Ná tabhair ainm Dé gan abhar.
  3. Cimeád an tsaoire mar is cóir.
  4. Tabhair dot athair agus dod mháthair onóir.
  5. Ná dein marú.
  6. Ná dein drúis.
  7. Ná dein guid.
  8. Ná tabhair fianaise bhréige in aon chúis.
  9. Ná sanntaigh fear ná bean nách leat féin.
  10. Ná sanntaigh clann duine eile, ná a áirnéis.

C. Cad a cheanglann an chéad aithne orainn?
F. Aon Dia amháin d’adhradh.
C. Conas ’ dheinimíd Dia d’adhradh?
F. Le creideamh, le dóchas, le carthanacht, le húrnaithe, agus le híbirt.
C. Cad é an ní creideamh?
F. Subháilce diaga lena gcreidimíd go daingean gach ar mhúin Dia dhúinn.
C. Cad é an ní dóchas?
F. Subháilce diaga a bheir muinín agus dóchas láidir dúinn go bhfaigheam an bheatha shíoraí agus na meóin atá riachtanach chun a saothraithe.
C. Cad é an ní carthanacht?
F. Subháilce diaga a bheir dúinn Dia do ghráú os cionn gach uile ní, ar a shon féin, agus ár gcómharsa mar sinn féin ar son Dé.
C. Cé hé ár gcómharsa?
F. An chine daonna uile, ár namhaid chómh maith lenár gcáirdibh, agus iad san mar an gcéanna nách dár gcreideamh.
C. An gcoisceann an aithne seo orainn onóir do thabhairt do na naoimh?
F. Ní choisceann, de bhrí ná tugaimíd dóibh an árdonóir is dual do Dhia féin.
C. Cad é an difríocht atá idir an onóir a thugaimíd do na naoimh agus an onóir a thugaimíd do Dhia féin?
F. Is ar Dhia amháin d’iarraimíd grásta agus trócaire, agus ní iarraimíd ar na naoimh ach a n-ímpí do chur suas chun Dé ar ár son.
C. Cad fá go n-onóraimíd taise na naomh?
F. De bhrí go rabhadar a gcuirp roime seo ’na dteampaill ag an Sprid Naomh agus go bhfaighid siad onóir an lá déanach ar neamh.
C. Cad fá go leogaimíd sinn féin ar ár nglúinibh i láthair íomhátha Chríost agus na naomh?
F. Chun ár smaointe do shocrú ar fhlaitheas Dé agus chun sinn féin do spreagadh chun aithris do dhéanamh ar na naoimh ’nár mbeatha.

Foclóirín

áirnéis: “chattels, goods, moveable property”, a collective word used in the singular.
aithne: “commandment”, with aitheanta in the plural. Pronounced /ahinʹi, ɑhəntə/.
aithreachas: “repentance”. Aithreachas a ghlacadh trí rud, “to repent on account of something”; see under glacaim in Dinneen’s dictionary. Pronounced /ahirʹəxəs/.
aithris: “imitation”.
bheirim, tabhairt: “to give”, or tugaim, tabhairt in the CO. Note that bheirim, in itself derived from the historic form do-bheirim, is the absolute form corresponding to the dependent form tugaim, but is generally replaced by tugaim in WM Irish. Bheir, a present-tense form corresponding to tugann.
ceannpheaca: “capital sin”, or cínnpheacaí in the plural.
craos: “gluttony”.
drúis: “lust”.
formad: “envy”, pronounced /forəməd/.
íomhá: “image”. The plural used here is íomhátha; íomhánna is found in PUL’s Niamh. Íomhánna is found in the plural in the CO.
leisce: “laziness”.
ollamh: “ready”, or ullamh in the CO.
onóraim, onóradh: “to honour”, or onóraím, onórú in the CO.
sainnt: “greed.” The traditional double n, not used in the CO, is preserved here to show the diphthong: /saintʹ/.
sanntaím, sanntú: “to covet”, or santaím, santú in the CO. The traditional nn is retained here to show the diphthong, /saun’ti:mʹ, saun’tu:/.
saoire: “freedom; day of rest”. An tsaoire a chimeád, “to keep the sabbath”.
spreagaim, spreagadh: “to incite, inspire”. PUL usually used spriocaim, spriocadh (which means “to fix, arrange” in the CO) in the sense of “inspire”, reserving spreagadh for usages such as ceól a spreagadh suas, “to play music with verve”. However, counterexamples exist, as is seen here.
taise: “relics”. Taise na naomh, “relics of the saints”. This would be plural, taisí, in the CO, but PUL seems to use the singular in a collective sense.
uabhar: “pride”, pronounced /uər/.

Nótaí

Seacht cínn: note that eclipsis is often omitted in PUL’s works after seacht, ocht and deich, as the /t/ or /h/ at the end of these numerals would tend to devoice the first consonant of the following noun.

De bhrí go rabhadar a gcuirp: this is a rare example of the governance of a past-tense verb conjugated in the plural by a plural noun subject. See also chuadar na fir in PUL’s Séadna.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s