Marcus 6

CAIBIDIOL 6.

Críost ag Nasaret agus é ag tabhairt teagaisg uaidh. An dáréag Aspol dá gcur amach aige. Bia a thabhairt aige do chúig mhíle duine a’ chúig bológaibh, agus é ag siubhal ar an bhfaraige.

Agus d’imthigh sé ó’n áit sin agus tháinig sé chun a thíre féin, agus do leanadar a dheisgiobuil é. Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaid sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iongna d’á theagasg, agus deiridís: Cá bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d’oibreachaibh móra agus a déintear tré n-a lámhaibh? Nách é seo an siúinéir, mac Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseiph, agus Iúdáis, agus Shímóin? An amhlaidh ná fuil a dhriféaracha anso i n-ár measg? Agus do ghlacadar sgannal uime. Agus deireadh Íosa leó: Ní bhíonn fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin, agus ’n-a theaghlach féin, agus ameasg a ghaolta féin. Agus níor féad sé aon chómhacht d’oibriú sa n-áit sin, ach gur chuir sé a lámh ar raint bheag daoine breóite agus gur leighis sé iad. Agus dhein sé iongna de’n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg.
Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaid ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe. Agus d’órduigh sé dhóibh gan aon nídh thógaint i gcóir an bhóthair ach amháin cleith: bheith gan mála, gan arán, gan airgead i gcrios. Gan a bheith ar a gcosaibh ach sandala, agus gan an tarna casóg a bheith úmpa. Agus dubhairt sé leó: Pé áit ’n-a raghaidh sibh isteach i dtigh, fanaidh ann go bhfágaidh sibh an áit sin. Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó ná h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh. Agus chuadar amach agus d’fhógradar aithrighe dhéanamh. Agus chuireadar mórán deamhan amach a’ daoine, agus chuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leighseadar iad.
Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eoin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n-oibriú tríd. Agus deireadh daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh. Agus nuair a dh’airigh Héród é dubhairt sé: Eóin, gur bhaineas-sa an ceann de, siné atá eirighthe ós na mairbh.
Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige. Agus deireadh Eóin le Héród: Ní dleaghthach duit bean do dhrithár a bheith ’n-a mnaoi agat. Agus bhí Héródias ag déanamh ceilge ’n-a choinnibh, a d’iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag eirighe léi. Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.
Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein Héród féasta lae a bheirte do phriúnsaíbh agus do thaoiseachaibh agus d’uaislibh Ghaililí, Agus tháinig inghean Héródias isteach agus dhein sí rinnce agus do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain, agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh is maith leat, agus tabharfad duit é. Agus do dhéarbhuigh sé dhi: Pé rud a iarrfair orm tabharfad duit é, dá mba leath mo rígheachta é. Agus chuaid sise amach, agus dubhairt sí le n-a máthair: Cad a dh’iarrfad? agus dubhairt an mháthair: Ceann Eóin Bhaiste. Agus do rith sí isteach i láthair an rí chun iarraidhthe, agus dubhairt sí: Is maith liom go dtabharfá dhom láithreach, ar mhéis, ceann Eóin Bhaiste. Agus tháinig buairt ar an rí; mar gheall ar an ndearbhú agus ar na daoine a bhí láithreach níor mhaith leis dólás a chur uirthi; Agus do chuir sé an básaire uaidh, agus d’órduigh sé an ceann a thabhairt leis ar mhéis. Agus do bhain sé an ceann de sa phríosún, Agus thug sé an ceann leis ar mhéis; agus thug sé do’n chailín é, agus thug an cailín d’á máthair é. Agus d’airigh a dheisgiobuil an sgéal agus thánadar agus do rugadar leó an corp, agus chuireadar sa n-uaigh é.
Agus tháinig na h-Aspoil chun Íosa, agus d’innseadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh múinte acu. Agus dubhairt sé leó: Tagaidh i leith-taoibh go h-áit uaigneach agus glacaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir bhí a raibh ag teacht agus ag imtheacht líonmhar, agus ní raibh uain acu chun bídh a chaitheamh. Agus chuadar an bórd luinge agus d’imthigheadar go h-áit uaigneach, fé leith.
Agus chonaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigheadar iad, agus do ritheadar ’n-a gcuis, amach as na bailtibh go léir, chun na h-áite, agus bhíodar ann rómpa. Agus tháinig Íosa amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, óir bhíodar mar bheadh caoire gan aodhaire, agus chrom sé ar a lán neithe theagasg dóibh.
Agus nuair a bhí mórán de’n lá caithte tháinig a dheisgiobuil agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo agus tá an lá imthighthe; Leig chun siubhail iad, i dtreó go raghaid siad isteach ins na bailtibh agus ins na sráidibh is giorra dhóibh, agus go gceannóchaid siad bia dhóibh féin le n-ithe. Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagradh: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar leis: An amhlaidh a dh’imtheochaimíd agus cheannóchaimíd ar dhá chéad pingin arán le tabhairt dóibh le n-ithe? Agus dubhairt sé leó: An ’mó bulóg aráin agaibh? Imthighidh agus féachaidh. Agus nuair a bhí ’fhios acu dubhradar: Chúig bhulóga, agus dhá iasg. Agus d’órduigh sé dhóibh na daoine go léir do chur ’n-a suidhe ’n-a gcuideachtanaibh ar an bhféar glas. Agus do shuidheadar ’n-a mbuidhnibh, ’n-a gcéadaibh agus ’n-a gcaogadaibh. Agus thóg sé na chúig bhulóga agus an dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas, agus bheannuigh sé iad agus bhris, agus thug d’á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir. Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. Agus thógadar an fuighleach, dhá chiseán déag de bhia bhriste, agus des na h-iasgaibh. Agus bhí chúig mhíle fear sa méid daoine do chaith an bia.
Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun suibhail. Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad, d’imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh.
Agus nuair a bhí an déanaíghe ann bhí an long i lár na faraige, agus bhí sé féin i n’aonar ar an dtalamh tirim. Agus chonaic sé iad ar a ndícheall ag rámhaídheacht, mar bhí an ghaoth ’n-a gcoinnibh; agus tímpal na ceathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé chúcha agus é ag siubhal ar an bhfaraige, agus mheas sé gabháil thórsa. Agus nuair a chonacadar-san é ag siubhal ar an bhfaraige cheapadar gur samhail a bhí ann agus do liúghadar. Óir do chonacadar go léir é, agus bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. Agus tháinig sé chúcha ar bórd na luinge agus do stad an ghaoth. Agus do mhéaduigh ar a n-uathbhás i n-a n-aigne. Óir níór thuigeadar i dtaobh na mbulóg, mar bhí a gcroidhe dúr.
Agus nuair a bhí tagaithe treasna acu bhíodar i dtír Ghenesaret, agus thánadar chun puirt. Agus nuair a thánadar as an luing d’aithnigheadar láithreach é, Agus chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir, agus ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, ar thochtaibh, chun na h-áite i n-a n-airighdís é bheith; Agus pé ball ’n-a dtéigheadh sé isteach i sráidibh nó i mbailtibh nó i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite ar na sráidibh, agus bhídís ’ghá iarraidh air leigint dóibh fiú baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis do leighistí iad.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s