Marcus 7

CAIBIDIOL 7.

Na Fairisínigh dá n-imdheargadh ag Críost. Inghean na mná ó Chanaan dá leigheas aige, agus an fear a bhí bodhar balbh.

Agus tháinig Fairisínigh agus raint des na Sgríbhneóiríbh ó Ierúsalem, agus bhailigheadar chuige. Agus nuair a chonacadar cuid d’á dheisgiobuil ag ithe aráin agus a lámha coitchian, ’sé sin gan nighe, chasadar leó é. Óir ní ithid na Fairisínigh ná na Iúdaigh bia gan a lámha do nighe go minic, ag coimeád nóis na sinsear. Agus ar theacht ó’n margadh dhóibh ní ithid bia gan iad féin do nighe, agus tá a lán eile sean-nós atá ortha a choimeád, ar a bhfuil na cupáin do nighe, agus na crúscaí, agus na h-árthaí práis, agus na leapacha. Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí dhe: Cad ’n-a thaobh ná siubhlaid do dheisgiobuil-se do réir nóis na sinsear, agus go n-ithid siad bia gan a lámha do nighe? Ach d’fhreagair seisean iad agus dubhairt: Is maith an targaireacht a dhein Isáias oraibh-se, a lucht an fhill, mar a bhfuil sgríobhtha: Molaid na daoine seo mé le n-a mbéal, ach is fada uiam atá a gcroidhe: Adhradh folamh a thugaid siad dom, ag múineadh teagasg agus aitheanta daoine. Óir tréigeann sibh órdú Dé, agus coimeádann sibh nós daoine; deineann sibh na crúscaí agus na cupáin do nighe, agus mórán neithe eile de’n tsórd san. Agus dubhairt sé leó: Is maith a chuireann sibh órdú Dé ar neamhnídh chun nós bhúr sinsear do choimeád. Óir dubhairt Maois: Tabhair dot’ athair agus dod’mháthair onóír; agus: An t-é thabharfaidh droch-chaint d’á athair nó d’á mháthair curtar chun báis é. Ach dar libh-se: Má deir duine le n-a athair nó le n-a mháthair: Gach corban, (’sé sin, gach tabharthas) d’á dtugaim-se uaim, bíodh a thairbe agat-sa; Agus ní leigeann sibh dó aon nídh eile a dhéanamh d’á athair n d’á mháthair. Ag cur bréithir Dé ar neamhnídh leis na sean-nósaibh a chleachtabhair féin. Agus tá a lán neithe de’n tsórd san agaibh ’á dhéanamh.
Agus do ghlaoidh sé na daoine chuige airís, agus dubhairt sé leó. Ní’l aon rud atá lasmuigh de’n duine, agus a théigheann isteach ann, d’fhéadfadh é shailiú, ach na neithe a thagann amach as an nduine siniad a shailígheann an duine. Má tá cluasa chun éisteachta ag duine, éisteadh sé.
Agus nuair a chuaidh sé isteach i dtigh ó’n sluagh d’fhiafraigh a dheisgiobuil de brígh na soluíde. Agus dubhairt sé leó: Agus an bhfuil sibh-se leis gan breitheamhantas mar sin? Ná tuigeann sibh, pé rud a théigeann isteach sa duine ó’n dtaobh amuigh nách féidir do an duine shailiú, Mar ní théagann sé isteach ’n-a chroidhe, ach i n-a bholg a théigheann sé agus téigheann sé amach sa bhfiailteach, ag glanadh gach bídh amach. Agus dubhairt sé gur b’iad na neithe a thagann amach as an nduine a shailigheann an duine, Óir is ó’n dtaobh istigh, amach a croidhe an duine, a thagann droch-smuínte, agus adhaltranas, agus gníomhartha drúise, agus dúnmharbhadh, Guid, saint, éagcóir, feall, mí-gheanmnaigheacht, droch-shúíl, diamhasla, uabhar, mí-chiall. Ó’n dtaobh istigh iseadh thagaid na h-olca san go léir, agus isiad a shailigheann an duine.
Agus d’eirigh sé as san, agus chuaidh sé go críochaibh Tuíre agus Sídóín, agus chuaidh sé isteach i dtigh, agus ba mhian leis gan a fhios a bheith ag aoinne, agus níor fhéad sé é féin do cheilt. Óir do tháinig chuige agus do chaith í féin agá chosaibh, chómh luath agus d’airigh sí trácht air, bean go raibh spioraid truaillighthe ’n-a h-inghin. Agus bean Ghréagach ab eadh í, Sírophoenach do réir chinéil, agus bhí sí ag guidhe chuige go ndéanfadh sé an deamhan do dhíbirt as a h-inghin. Agus dubhairt sé léi: Fan go mbeidh a sáith ag an gclainn; óir ní maith an rud bia na clainne thógaint agus é thabhairt do sna gadharaibh. Ach d’fhreagair sise agus dubhairt: Iseadh, a Thighearna, óir ithid na coileáin fé’n mbórd na bia briste a thuiteann ó’n gclainn. Agus dubhairt seisean: Mar gheall ar an bhfocal san imthigh leat, tá an deamhan imthighthe as t’inghin. Agus nuair a chuaidh sí abhaile chun a tighe fuair sí a h-inghean ’n-a luighe ar a leabaidh, agus an deamhan imthighte aisti.
Agus chuaidh sé amach airís a’ críóchaibh Tuíre, agus tháinig sé tré Shídón go muir Gaililí, tré lár críche Decapolis. Agus thugadar chuige duine a bhí bodhar balbh, agus bhíodar ag tathant air a lámh a chur air. Agus thóg sé leis i leith-taoibh é ó’n sluagh, agus chuir sé a mhéireana isteach ’n-a chluasaibh, agus chuir sé seile amach agus chuir sé an seile ar theangain an duine, Agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas agus dhein sé osna, agus dubhairt:Ephpheta, ’sé sin, Osgail. Agus, láithreach, do h-osgaladh a chluasa dhó, agus do bogadh an ceangal d’á theangain, agus do labhair sé go cruinn. Agus d’órduigh sé dhóibh gan é dh’innsint d’aoinne. Ach d’á mhéid a dh’órduigh sé dhóibh é iseadh is mó a dh’innseadar é. Agus iseadh is mó a dheineadar iongna dhe, agus a deiridís: Deineann sé gach nídh go maith: tugann sé éisteacht do’n bhodhar agus caint do’n bhalbh.

Advertisements
This entry was posted in An Soisgéal do réir Mharcuis. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s