Marcus 5

CAIBIDIOL 5.

Legión deamhan ag Críost dá chur amach a’ duine. An chailleamhaint fola aige dá leigheas. Inghean Iaíruis aige á tógaint ó’n mbás.

Agus thánadar treasna na faraige go tír na nGerasénach. Agus nuair a tháinig sé amach as an luing do bhuail uime duine agus é ag teacht as na h-uaghnaibh, agus bhí deamhan ann, Agus ins na h-uaghnaibh a chómhnuigheadh sé, agus níor bh’fhéidir feasda é cheangal le slabhraíbh féin, Óir do ceangaladh é go minic le geimhlibh agus le slabhraíbh, agus do bhris sé na slabhraí agus do strac sé na geimhle as a chéile, agus ní raibh ar chumas aoinne smacht a chur air. Agus bhíodh sé i gcómhnuidhe, do ló agus d’oidhche, ins na h-uaghnaibh agus ins na cnochaibh, ag liúirigh agus ’ghá ghearradh féin le clochaibh. Agus nuair a chonaic sé Íosa abhfad uaidh do rith sé chuige agus do shléacht sé dhó. Agus do liúigh sé do ghuth árd agus dubhairt: Cad é an chuid atá agat díom-sa, a Íosa, a Mhic Dé is aoirde? Iarraim ort i n-ainim Dé gan mé phianadh. Óir dubhairt sé leis: Imthigh amach as an nduine, a spioraid shailigh. Ansan do cheisdigh sé é: Cad is ainim duit? Agus dubhairt seisean: Legión is ainim dom, óir is líonmhar sinn. Agus bhí sé ’ghá iarraidh go cruaidh air gan é chur as an áit amach. Bhí tréad mór muc ann agus iad ag inníor tímpal an chnuic. Agus d’iarr na deamhain achainíghe air, agus dubhradar: Cuir ins na mucaibh sinn go raighmíd isteach ionta. Agus thug Íosa an achainíghe dhóibh láithreach. Agus d’imthigh na deamhain shalacha amach agus chuadar isteach ins na mucaibh, agus do ghluais na muca, suas le dhá mhíle acu, i ndiaidh mhullach a gcinn, isteach sa bhfaraige agus do báthadh iad sa bhfaraige. Agus na daoine a bhí ’ghá n-aodhaireacht do ritheadar agus d’innseadar sa bhaile agus ar fuid na tíre é. Agus tháinig na daoine amach féachaint cad a thárla. Agus thánadar ag triall ar Íosa agus chonacadar an fear go mbíodh an deamhan ’ghá mhilleadh, ’n-a shuidhe agus a chuid éadaigh uime agus é ’n-a lán-mheabhair, agus tháinig eagal ortha. Agus d’innis an mhuintir a chonaic é dhóibh cad a thárla do ’n fhear go raibh an deamhan ann, agus i dtaobh na muc. Agus chromadar ar thathant air go n-imtheóchadh sé as a dtír.
Agus nuair a bhí sé ag dul ar bórd na luinge do chrom an fear, go raibh an deamhan ’ghá chrádh, ar a iarraidh go leigfí leis é. Ach níor leig sé leis é, ach dubhairt leis: Imthigh chun do thighe agus chun do dhaoine, agus innis dóibh ar dhein an Tighearna dhuit agus an trócaire a dhein sé ort. Agus d’imthigh sé agus chrom sé ar a innsint i nDecapolis cad iad na neithe móra a dhein Íosa dhó, agus bhí iongna ortha go léir.
Agus nuair a tháinig Íosa thar uisge airís, sa luing, do bhailigh pobul mór chuige, agus é ar bruach na faraige. Agus tháinig duine d’uachtaránaibh na sinagóige, dár bh’ ainim Iaírus, agus nuair a chonaic sé é do chaith sé é féin ag á chosaibh, Agus d’iarr sé achainíghe air, agus dubhairt: Tá m’inghean ag dul chun báis; tar agus cuir do lámh uirthi ionus go leighisfí í agus go mairfeadh sí. Agus d’imthigh sé ’n-a theannta, agus chuaidh mórán daoine i n-aonfheacht leis, agus bhíodar ag brúth air.
Agus bhí bean ann go raibh a cuid fola ag imtheacht uaithi ar feadh dhá bhliain déag, Agus bhí mórán fuilingthe aici ó iomad dochtúirí, agus bhí a raibh an tsaoghal aici caithte aici leó, agus ní raibh aon fheabhus uirthí, ach í ag dul i n-olcas; Nuair airigh sí i dtaobh Íosa tháinig sí ameasg na ndaoine lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar a éadach; Óir dubhairt sí: Mura ndeinead ach fiú baint le n-a bhrat beidh mé slán. Agus do thriomuigh sruth a cod’ fola an neómat san, agus d’aithin sí ar a colainn go raibh sí leighiste ó’n ngearán. Agus láithreach do thuig Íosa, ann féin, an chómhacht san do dhul amach uaidh, agus d’iompuigh sé chun na ndaoine, agus dubhairt sé: Cé theangbhuigh le m’chuid éadaigh? Agus dubhairt a dheisgiobuil leis: Chíonn tú na daoine ag brúth ort, agus deirir: Cé theangbhuigh liom? Agus d’fhéach sé ’n-a thímpal go bhfeicfeadh sé an bhean a dhein é. Agus tháinig crith-eagla ar an mnaoi, mar bhí ’fhios aici cad a thárla, agus tháinig sí agus do shléacht sí dhó, agus d’innis sí dhó iomláine na fírinne. Agus dubhairt seisean léi: A ’nghean ó, do shlánuigh do chreideamh thú. Imthigh i síothcháin, agus bhí slán ó’n ngearán.
Le linn na bhfocal san a rádh dhó, tháinig cuid de mhuintir uachtaráin na sinagóige, agus dubhradar: Tá t’inghean tar éis bháis. Cad ab áil leat ag cur a thuille trioblóide ar an Máighistir? Agus d’airigh Íosa an focal san agus dubhairt sé le h-uachtarán na sinagóige: Ná bíodh eagal ort, ach amháin creid. Agus níor leig sé d’aoinne dul leis ach Peadar agus Séamus agus Eóin dritháir Shéamuis. Agus thánadar isteach i dtigh uachtaráin na sinagóige, agus chonaic sé an bhuairt agus an t-árd-ghol agus an lógóireacht go léir. Agus nuair a chuaidh sé isteach dubhairt sé leó: Cad chuige an bhuairt agus an gol? Ní marbh atá an cailín, ach ’n-a codladh. Agus do gháireadar uime. Ach do chuir sé iad go léir amach, agus thóg sé leis athair agus máthair an chailín, agus an mhuintir a bhí le n-a chois féin, agus chuaidh sé isteach mar a raibh an cailín ’n-a luighe. Agus do rug sé ar láimh ar an gcailín agus dubhairt sé léi: Talita cúmí, ’sé sin, ar mhíniú, Eirigh, (adeirim leat), a chailín. Agus d’eirigh an cailín ’n-a suidhe láithreach agus shiúbhluigh sí, (bhí sí dhá bhliain déag) agus tháinig uathbhás ana-mhór ortha. Agus d’órduigh sé dhóibh go dian gan a fhios a bheith ag aoinne, agus dubhairt sé rud le n-ithe thabhairt di.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Soisgéal do réir Mharcuis. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s