XXIII. Iomramh Síos, nú Tíoránach.
Chár. Tá go maith, a Chlótó. Tá an bád so ollamh dúinn le fada agus i dtreó go maith chun gluaiste, an t-uisce taoscaithe aníos as, an crann seóil ’na sheasamh, an anairt thuas, gach bata rámha ceangailte in’ áit féin. Im thaobhsa dhe, níl aon rud chun sinn a chosc ar ghluaiseacht láithreach ach an t-anncaire do tharrac aníos. Tá Hermés ag déanamh ríghnis, áfach, agus ba cheart do bheith anso fadó riamh. Tá an bád gan lucht taistil, mar a chíonn tú, bíodh go bhféadfadh sé trí cuarda ’ bheith tabhartha aige ’na bhfuil tagaithe den lá. Ach tá an tráthnóna ann agus gan oiread agus obolos fálta fós againn. Tá ’ fhios agam go measfaidh Plútó faillitheach me in sna gnóthaíbh seo, bíodh gur duine eile atá cionntach. Ach an réice seirbhísigh seo againn, an giolla macánta so na marbh, is dócha go bhfuil déanta aige lastuas mar a dheinid daoine eile anso, .i. gur ól sé uisce Léité agus go bhfuil dearúdta aige teacht thar n-ais chúinn, agus gur ag iomrascáil atá sé leis na fearaibh óga, nú ag seinnt ar chruit, nú ag míniú diospóireachta éigin, nú ag taispeáint a chuid cleas, nú b’fhéidir gur ag bradaíol atá an fear macánta. Tá an cheárd san, leis, aige. Ach tá éagóir aige á dhéanamh orainn, óir is linne a leath.
Chlót. Ca bhfios duit, a Cháróin, ná go mb’fhéidir go dtáinig gnó éigin air? B’fhéidir gur chuir Zeús cúram éigin air a chuir moíll air, ag déanamh ruda a bhain leis an áit thuas. Tá Zeús, leis, ’na mháistir air.
Chár. Tá, ach ní cuí dho bheith ’na mháistir air farais an gceart, a Chlótó. Is linne, leis, é, agus níor chimeádamairne riamh é nuair ba cheart do imeacht uainn. Ach tá ’ fhios agamsa cad ’tá air. Níl againne ach asphodeil, agus dortadh fíona ar na mairbh, agus cácaí, agus ofráil do sna mairbh, agus ceó, agus scamaill, agus doircheacht; ach lastuas ar neamh tá gach aon rud suairc acu, a lán ambrósia agus a ndóthain nectair, agus measaim nách miste leis ríghneas a dhéanamh thuas acu. Pé scéal é, ritheann sé uainne mar a rithfeadh duine a príosún; ach nuair a bhíonn sé ag teacht anuas chúinn tagann sé ríghin go leór, i dtreó gur fada ag teacht é.
Chlót. Cuir uait an ceisneamh, a Cháróin, seo chúinn é! Agus tá mórán daoine aige á thabhairt leis, mar a chíonn tú. Ní hea ach á gcomáint roimis atá sé lena shlait draíochta mar a chomáinfeadh sé scata gabhar. Agus féach, chím duine acu agus é ceangailte, agus duine eile acu agus é ag gáirí, agus duine acu agus mála air agus cleith ’na láimh aige agus é ag féachaint go feargach agus é ag brostú na cod’ eile. Agus ná feiceann tú Hermés féin agus é ag séideadh allais de, agus ceó bóthair ar a chosaibh, agus saothar air, agus a bhéal ar leathadh aige ag gabháil na gaoithe? — Cad é seo ort, a Herméis? Cad fé ndeár an saothar? Tá buile éigin ort.
Herm. Cad a bheadh orm, a Chlótó, ach me bheith ag rith i ndiaidh an chuirpigh mhallaithe seo i dtreó gur dhóbair dom gan bheith ábalta ar theacht chun an bháid in aon chor an lá so.
Chlót. Agus cé hé féin? Nú cad a bhí uaidh gur rith sé leis féin?
Herm. Tá san soiléir go leór. Do rith sé leis féin mar theastaigh uaidh fanúint beó. Rí éigin, nú tíoránach éigin is ea é. Sin é a mheasaim ón gcuma ’na mbíonn sé ag gol agus ag blaidhthrigh agus á rá go bhfuil mórán aoibhnis caillte aige.
Chlót. An t-amadán! Ag rith leis féin, chómh maith agus gurbh fhéidir do fanúint beó agus an snáth beatha a bhí á shníomh do imithe!
Herm. Ag rith leis féin, arsa tusa. Mara mbeadh an duin’ uasal so anso ’na bhfuil an chleith aige féachdo thabhairt a chúnaimh dom i dtreó gur rugamair air agus cheanglamair é d’imeódh sé uainn. Ón uair a thug Atropos suas dom é níor stad sé ach ag únthairt agus ag cur im choinnibh agus ag cur a chos i dtalamh go daingean. I gcás nárbh aon bheart shaoráideach dúinn é ’ thabhairt linn. Uaireanta bhíodh sé ag tathant go bog is go cruaidh orm leogaint do imeacht ar feadh tamaill bhig agus dhá gheallúint go dtabharfadh sé tuarastal mór dom as. Ach níor leogas uaim é, ní nách iúnadh, mar bhí ní nárbh fhéidir aige dá iarraidh. Ach díreach nuair a bhíomair ag béal an phoíll ansúd, agus mise ag cómhaireamh na marbh chun Aiacois, mar is gnáth, agus Aiacos dhá ndéanamh suas de réir an táille a bhí fachta aige ód dhrifírse, d’éalaigh an mallaitheóir seo uainn ar chuma éigin, i dtreó go raibh éinne amháin in easnamh ar mo chúntas. D’árdaigh Aiacos a mhailí dúbha agus d’fhéach sé orm, “a Herméis”, ar seisean, “ná himir do chleasa gadaíochta ar gach éinne. Ní beag duit bheith dhá n-imirt sin lastuas ar neamh. Táid gnóthaí na marbh róchínnte agus ní féidir ceilt a dhéanamh iontu. Míle agus ceathrar, mar a chíonn tú, atá sa táille. Táid siad agat ach éinne amháin. Marab amhlaidh adéarfá gurb í Atropos a dh’imir cleas ort”. Do lasas féin le náire, ach do chuímhníos ar an rud a thit amach ar an slí. D’fhéachas im thímpall. Ní raibh an bioránach so le feiscint in aon bhall. Siúd ar a thóir me, i dtreó an tsolais, chómh géar agus d’fhéadas é. Tháinig an fear fónta so liom uaidh féin. Do ritheamair an fhaid a bhí ’nár gcosaibh rith agus do rugamair air díreach ag Tainaros, i gcás gur ródhóbair go n-imíodh sé uainn.
Chlot. Agus sinne, a Cháróin, ag cur neamhshuimiúlachta i leith Herméis!
Chár. Ach cad chuige a thuilleadh ríghnis, chómh maith agus ná beadh ár ndóthain ríghnis déanta againn?
Chlót. Is fíor dhuit é. Ar bórd leó. Tógfadsa leabhar an chúntais im láimh agus suífead anso ag an ndréimire, mar is gnáth liom, agus féachfad gach duine acu fé mar a thiocfaidh fé, féachaint cé hé,cousin
agus cad as é, agus conas a fuair sé bás, agus deinse, a Herméis, iad do thógaint leat agus iad do chur i dteannta ’ chéile agus aire ’ thabhairt dóibh. Caith isteach na rudaí óga so ar dtúis. Níl aon ní acu san le freagairt.
Herm. Seo, a bhádóir, an uimhir duit; trí chéad duine in éaghmais an méid a cuireadh isteach.
Chár. Aililiú! Thugais cuid mhaith acu leat; agus a lán acu gan bheith aibidh. Ar mhaith leat, a Chlótó, go gcurfí ’na ndiaidh seo an mhuíntir ná fuil éinne ag gol ’na ndiaidh?
Chlót. Na seandaoine an ea? Dein. Cad ab áil liom bheith ag féachaint um an dtaca so i ndiaidh nithe do thit amach sara rugadh Eúclídés? Tagaidh anso gach a bhfuil os cionn trí fichid díbh. Féach airiú! Ní airíd siad me. Táid a gcluasa stupaithe leis an aos. Ní foláir iad so, leis, do thógaint agus do chaitheamh isteach.
Herm. Agus féach, seo cheithre chéad ach amháin beirt, agus iad go léir go breá bog aibidh, bainte ’na bhfómhar féin.
Chlót. Is fíor dar fia, mar a bheadh caortha tiorma. Tabhair anso an mhuíntir a goineadh, a Herméis, anois, ’na ndiaidh súd. Cad é an bás a thug sibhse anso? Is fearra dhom féin, áfach, sibh do fhéachaint de réir gach scríbhinne. Tá thíos anso ceathrar agus cheithre fichid a fuair bás inné sa chath i Músia ar a bhfuil Góbarés, an mac san Ocsíartéis.
Herm. Táid siad anso.
Chlót. Agus mórsheisear a mhairbh iad féin trí ghrá. Agus an fear léannta, Téagenés, mar gheall ar an striapaigh úd ó Mhegara.
Herm. Táid siad ansan i t’aice.
Chlót. Agus ca bhfuil siad súd a mhairbh a chéile trí dhúil i ríocht?
Herm. Táid siad ’na seasamh in aice leat.
Chlót. Agus an fear so ’nar mhairbh an t-adhaltranach agus a bhean féin é?
Herm. Sin é ansan é.
Chlót. Tabhair anso iad súd ’nar tugadh breith bháis orthu; iad súd adeirim, a fuair bás fén mbatráil, agus iad súd a cuireadh ar bhearaibh. Agus an sé dhuine dhéag úd ’nar mhairbh na robálaithe iad, ca bhfuilid siad, a Herméis?
Herm. Táid siad anso, iad san atá créachtnaithe mar a chíonn tú. An maith leat go dtabharfainn na mná chút, leis?
Chlót. Gan amhras. Agus iad súd ón longbhriseadh; óir is an uair chéanna do tháinig an bás orthu, agus ar an gcuma gcéanna. Agus iad súd a fuair bás leis an éagruas, óir do fuaradar san bás in éineacht, leis. Agus Agatoclés, an dochtúir, mar aon leó. Agus ca bhfuil Cuniscos an fear léinn?Is ag ithe suipéir Hecaté (mar a chím sa scríbhinn seo) agus ag ithe na n-ubh úd ón íbirt, agus gan aige leó ach iasc fuar, a bhí sé nuair a fuair sé bás. Ca bhfuil sé?
Cun. Táim anso in aice leat le fada, a Chlótó, a ríogan. Ach cad a bhí déanta as an slí agam gur fhágais ar an saol me chómh fada? Is beag ná go raibh m’fhearsad go léir tochraiste agat. Cheapas go minic an snáth do ghearradh agus teacht, uaim féin, ach pé cúis é, níorbh fhéidir é ’ ghearradh.
Chlót. D’fhágas beó thu chun go mbeifá i t’fhear faire agus id liag ar dhroch-chleachtaibh daoine. Ach tar ar bórd feasta fé mhaise.
Cun. Imbriathar ná raghad go gcurtar ar bórd ar dtúis an fear so atá ceangailte, mar is eagal liom go mb’fhéidir go bhfaigheadh sé an lámh uachtair ortsa féin lena chuid tathaint.
Chlót. Feiceam cé hé féin.
Herm. Megapeintés mac Lacudais, an tíoránach.
Chlót. Tar ar bórd, a Mhegapeintéis.
Meg. Ná hiarr orm é, a Chlótó, a ríogan. Leog thar n-ais ar an saol me tamall beag. Ansan tiocfad anso uaim féin, gan éinne do ghlaoch orm.
Chlót. Cad chuige gur mian leat go leogfí thar n-ais tu?
Meg. Chun mo thí do chríochnú. Níl sé ach leathdhéanta agus teaghlach mór is ea é.
Chlót. Tar ar bórd agus ná bí ag magadh fút féin.
Meg. Ní mór an aimsir atá agam á iarraidh ort, a Chiniúint. Leog uait me an t-aon lá amháin seo go dtugad órdú dom mhnaoi i dtaobh mo chod’ saibhris. Tá stór mór curtha i dtalamh agam in áit áirithe.
Chlót. Tá cínnte ná fuil cead le fáil agat.
Meg. Agus an bhfuil an t-ór san go léir le cailliúint?
Chlót. Níl sé le cailliúint. Ná bíodh aon cheist ort ’na thaobh san. Beidh sé ag Megaclés, do chol ceathar.
Meg. Ó! mo náire dhearg é! An namhaid sin gur le corp faillí nár chuireas chun báis é!
Chlót. An fear céanna san go díreach. Agus mairfidh sé breis agus daichead blian id dhiaidh, agus is aige a bheid do leannáin agus do chuid éadaigh agus do chuid óir go léir.
Meg. Tá éagóir agat á dhéanamh orm, a Chlótó, ag bronnadh mo choda ar na namhdaibh is measa agam.
Chlót. Bhí an saibhreas san ag Cudimachos agus do mharaís-se é, a dhuine mhacánta, agus sara raibh an anál as do ghearrais scórnacha a chlainne agus mharaís iad.
Meg. Más ea féin ba liomsa ansan é.
Chlót. Más ea tá ré do shealbha air caite.
Meg. Cogar, a Chlótó. Drididhse amach tamaillín. Leog dom imeacht agus tabharfad inniu dhuit míle talant d’ór bhuailte.
Chlót. Airiú an ar ór agus ar thalantaibh ataoi ag cuímhneamh fós, a bhrealláin?
Meg. Agus ’na theannta san más maith leat é, an dá chorn óir úd a fuaras nuair a mharaíos Cléocritos. Tá céad talant d’ór ghlan ins gach corn díobh.
Chlótó. Tarraigidh isteach é. Ní thiocfaidh sé isteach uaidh féin.
Meg. Cuirim a fhianaise oraibh go bhfuil an falla gan críochnú, agus na calafuirt. Bheidís críochnaithe agam dá mairinn chúig lá eile.
Chlótó. Ná bac iad féin. Críochnóidh do mhalairt iad.
Meg. Iarraim an t-aon achainí bheag amháin seo ort agus ní deocair é ’ thabhairt dom.
Chlót. Cad é an saghas é?
Meg. Go bhfágfí ar an saol me go dtí go mbeid na Pisídigh curtha fé smacht agam, agus cíos curtha ar na Lúidigh agam, agus leacht curtha suas agam dom féin agus gníomhartha móra mo bheatha scríofa air. Sin a n-iarrfad.
Chlót. Ach aídhe! Airiú, a mhic ó, ní lá ach fiche bliain atá agat dá iarraidh.
Meg. Ach tabharfad geall duit le me ’ theacht chút go luath. Más maith leat é tabharfad m’aonmhac duit thar mo cheann.
Chlót. Airiú a chuirpigh! An mac san ’na rabhais i gcónaí á iarraidh go bhfágfí beó it dhiaidh é!
Meg. Ba mhian liom an ní sin tamall ach tá a mhalairt de mheabhair agam anois.
Chlót. Ní fada go leanfaidh sé anso thu. Maróidh an rí a bheidh i gcómhacht é.
Meg. Más ea ná heitigh me ar an méid seo, a Chiniúint.
Chlót. Cad é an rud é?
Meg. Ba mhaith liom ’ fhios a bheith agam conas a raghaid nithe chun cínn im dhiaidh.
Chlót. Éist liom; mar cuirfidh sé tuilleadh buartha ort. Beidh do bhean ageat dhaor Mídas. Bhí sí aige agus tu beó.
Meg. Ó an cuirpeach! Agus mise tar éis a shaoirse ’ thabhairt do, ar a cómhairle sin!
Chlót. Agus beidh t’iníon ar dhuine de striapachaibh an tíoranaigh atá i gcómhacht anois, agus na deilbheacha agus na híomhátha* sin a chuir an chathair suas in onóir duitse leagfar ar lár iad agus beid na daoine ag gáirí úmpu.
Meg. Agus innis an méid seo dhom. An mbeidh éinne dem cháirdibh chun na hoibre sin do chosc?
Chlót. Cé bhí ’na chara agat airiú? Nú cad é an chúis go mbeadh? An amhlaidh ná fuil ’ fhios agat, an mhuíntir a bhíodh ag úmhlú dhuit agus ag moladh do chainnte agus do ghníomhartha, gur le heagla rómhat a dheinidís é, nú ag súil le rud éigin uait, ag friothálamh na gcómhacht a bhí suas agus ag féachaint chun an ama a bhí láithreach?
Meg. Ach bhídís ag dortadh fíona ag na féastaíbh móra in onóir dom, agus ag guí gach maitheasa do theacht orm. Bhí gach duine acu ollamh ar bhás d’fháil thar mo cheann dá mb’fhéidir é, agus iad ’om mholadh go hárd. Bhíos im dhia acu ar fad agus is im ainm a dhearbhaídís.
Chlót. ’Sea, agus bhís ar suipéar ag duine acu aréir agus tháinig an bás ort. An gloine deirineach úd a tugadh duit, sin é an gloine do chuir chúinn anso thu.
Meg. Á, sin é an gloine úd ’na bhfuaras an blas beag searbh air! Agus cad chuige gur dhein sé an gníomh san?
Chlót. Ag ceistiúchán orm ataoi agus gur teacht ar bórd is ceart duit.
Meg. Tá aon ní amháin ag cur orm go mór, a Chlótó, agus ba rómhaith liom dul suas chun an tsolais airís tamall beag.
Chlót. Agus cad é an rud é? Dheallródh sé nách rud róshuarach é.
Meg. Nuair a bhíos tar éis bháis tháinig mo sheirbhíseach, Carión, isteach sa tseómra mar a rabhas agus nuair a chonaic sé sínte marbh me do dhún sé an doras ’na dhiaidh, agus thug sé póg do Ghlucerion, mo leannán. Ní dó’ liom gurbh é an chéad uair aige é. Ansan d’fhéach sé ormsa. “Greadadh chút a chnublaigh!” ar seisean, “is minic a thugais sciúrsáil dómhsa gan chúis”. Le línn na cainnte sin a rá dho do staith sé mo chuid féasóige agus bhuail sé clabhtóg sa leacain orm. Ansan do chruinnigh sé seile as a chraos agus chaith sé an seile orm agus duairt sé liom dul in ainm an diabhail, agus d’imigh sé. Bhíos ar buile le feirg ach níor fhéadas aon díoltas a dhéanamh air mar bhíos fuar marbh. Ach an striapach cailín, d’airigh sí mar a bheadh daoine ag teacht agus níor dhein sí ach a súile do fhliuchadh le seile as a béal, mar dhea gur ag gol im dhiaidh a bhí sí, agus imeacht agus í ag olagón agus ag glaoch as m’ainm orm. Ach dá bhfaighinnse greim orthu!
Chlót. Cuir uait an bhagairt agus tar ar bórd. Is mithid duit feasta dul os cómhair an bhreithimh.
Meg. Agus cé ’ leómhfaidh breith a thabhairt ar fhear ríoga?
Chlót. Ní leómhfaidh éinne breith a thabhairt ar fhear ríoga, ach tabharfar breith ar fhear atá marbh. Tabharfaidh Radamantus an bhreith sin ortsa anois, agus chífir an bhreith aige á tabhairt de réir mar a tuilleadh í.
adhaltranach: “adulterer”; pronounced /əiltrənəx/. GCh has adhaltrach.
aibidh: “ripe”, or aibí in GCh. Pronounced /abʹigʹ/.
anál: “breath”, or anáil in GCh, which uses the historical dative.
aonmhac: “only son”.
asphodel: “white asphodel (flower)”.
bagairt: “threat, threats”.
bioránach: “lad, fellow”.
bradaíol: “pilfering, stealing”, or bradaíl in GCh.
breallán: “blunderer, fool, idiot”.
calafort: “dock, harbour, landing place”, with calafuirt in the plural. The GCh spelling is clumsy rendering of the underlying caladh-phort. One English edition of Lucian had “magazine for ship stores” where calafuirt is found here.
caor: “berry, grape”, with caortha in the plural.
cás: “cause, case”. I gcás go, “such that; in such a way that”.
ceanglaim, ceangal: “to bind, tie”, or ceanglaím, ceangal in GCh. Pronounced /kʹaŋəlimʹ, kʹaŋəl/.
ceathrar: “four people”, pronounced /kʹahərər/.
ceisneamh: “grumble, complaint”, and as a verbal noun, “to grumble, complaint”.
cionntach: “guilty”. PUL uses both cionntach and ciontach in his works, and IWM §401 shows the pronunciation can be either /kʹu:ntəx/ or /kʹuntəx/.
clabhtóg: “a clout, a slap, a blow”; pronounced /klau’to:g/.
cnublach: “carcass, carrion”. IWM shows the pronunciation to be /knubələx/. This is etymologically derived from con, meaning “dog carrion”. Conablach is used in GCh.
cómhairím, cómhaireamh: “to count”, or comhairim, comhaireamh in GCh. Pronounced /ko:’rʹi:mʹ, ko:rʹəv, ko:rʹivʹ/.
corn: “drinking-horn”, pronounced /korən/.
crann: “tree”. Crann seóil, “mast of a ship”.
craos: “gullet”.
créachtnaím, créachtnú: “to wound”, or créachtaím, créachtú in GCh. IWM (§99) states that the word créacht is pronounced /krʹe:xt/, influenced by verse pronunciation. However, the LS version of PUL’s Catilína transcribes créachtnaithe as criàchtnuihi (see the LS edition of Catilína, p45). Brian Ó Cuív may have assigned too great a weight to the few instances where he heard /e:/ for /ia/, claiming in the same passage that bréag and gléas have /e:/, although it seems these words should have /ia/ too, outside of verse pronunciation.
daichead: “forty” pronounced /dɑhəd/.
dearbhaím, dearbhú: “to affirm, swear, attest”. Pronounced /dʹarə’vi:mʹ, dʹarə’vu:/.
dearg: “red”, pronounced /dʹarəg/. Mo náire dhearg é, “what an utter disgrace!”
deilbh: “figure, shape, statue”, with deilbheacha in the plural. Pronounced /dʹelʹivʹ, dʹe’lʹi:xə/.
deinim, déanamh: “to do”, or déanaim, déanamh in GCh. Déanamh suas, “to compile, make up”, as of figures.
díospóireacht: “dispute”. The initial vowel is generally written short in PUL’s works, but this appears to reflect the regular reduction of long vowels in pretonic position in the dialect. AÓL has díospóireacht.
drifiúr: “sister”, or deirfiúr in GCh. With drifír in the dative.
dubh: “black”, with dúbha in the plural, pronounced /duv, du:/.
eitím, eiteach: “to refuse”. Duine ’ eiteach ar rud, “to deny someone something”.
faillitheach: “negligent”. The long vowel shown in failíghtheach in the original is discarded here.
fara: “along with, beyond”. Farais an gceart, “more than would be right; excessive”.
feargach: “angry”, pronounced /fʹarəgəx/.
fianaise: “witness, testimony”. Cuirim a fhianaise oraibh (go), “I hold you all accountable as witnesses (that)”.
fómhar: “autumn, harvest season; harvest”, pronounced /fo:r/. ’Na bhfómhar féin, “in due season”.
friothálaim, friothálamh: “to serve, attend”, or friothálaim, friotháil in GCh.
fuar: “cold”, but also “raw”, of fish. Fuar marbh, “stone cold dead”.
geall: “pledge”; pronounced /gʹaul/. Tabharfad geall duit le me ’ theacht chút go luath, “I will give you a pledge that will come to you quickly”.
gloine: “glass”. This is masculine here, but feminine in GCh.
greadaim, greadadh: “to scorch”. Greadadh chút!, “confound you!”, a phrase that originally called for someone’s entrails to be scorched, but the sense of which weakened over time.
íomhá: “image, statue”, pronounced /i:’vɑ:/. The plural is íomhátha.
longbhriseadh: “shipwreck”; pronounced /lu:ŋ-vrʹiʃi/.
mala: “eyebrow”, with mailí in the plural where GCh has malaí.
malairt: “alternative”. Do mhalairt, “someone other than you”.
mórsheisear: “seven people”, pronounced /muəriʃər/.
neamhshuimiúlacht: “indifference; negligence in your work”. Pronounced /nʹa-hi’mʹu:ləxt/.
ofráil: “offering”. Pronounced /ofə’rɑ:lʹ/.
olagón: “wailing, lament”, and as a verbal noun “to wail”.
ór: “gold”. Ór buailte, “coined gold”.
Pisídeach: “Pisidian”, an inhabitant of Pisidia, around Antalya in modern Turkey.
ré: “moon, interval”. Ré do shealbha ar rud, “the time of your possession of something”.
réice: “rake, rover”.
ríogan: “queen”, or ríon in GCh.
robálaí: “robber”; pronounced /rə’bɑ:li:/.
rud: “thing”. Rudaí óga is used here for “newborn babies”.
sciúrsáil: “scourging”.
scórnach: “throat”.
searbh: “bitter”, pronounced /ʃarəv/.
seile: “spit, spittle”.
staithim, stathadh: “to pick, pluck”, or stoithim, stoitheadh in GCh.
táille: “tally, score”. This word is masculine here, but feminine in GCh.
teaghlach: “household”, pronounced /tʹəiləx/.
tirim: “dry”, pronounced /trʹimʹ/. PUL regularly spells this word tirm. The plural is tiorma, pronounced /trʹumə/, where GCh has tirime.
ubh: “egg”; pronounced /ov/.
um: “about, round”. The combined forms are umam /ə’mum/, umat /ə’mut/, uime /imʹi/, uímpi /i:mpʹi/, umainn /ə’miŋʹ/, umaibh /ə’mivʹ/, úmpu /u:mpə/.
únthairt: “tossing about”, or únfairt in GCh (which has also the original spelling here).