Maitiú 27

CAIBIDIOL 27.

Tuairisg páise Chríost ar leanmhaint. A bhás agus a adhlacadh.

Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é. Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.
Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n-ais ag triall ag uachtaránaibh na sagart agus ar na seanóiríbh. Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamhchiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin. Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampall, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé agus do chroch sé é féin le téid. Agus do thóg uachtaráin na sagairt na píosaí airgid agus dubhradar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is airgead fola iad. Ach dheineadar cómhairle, agus cheannuigheadar leó páirc an photadóra, chun daoine iasachta d’adhlacadh ann. Mar gheall air sin do tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá so. Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh, mar a ndubhairt sé: Agus do ghlacadar tríochad píosa airgid, luach an t-é a luadhadh, an t-é a luadhdar a’ clannaibh Israéil, Agus thugadar iad ar pháirc an photadóra, fé mar a cheap an Tighearna dhom.
Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé. An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é. Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n-a leith, níor thug sé aon fhreagra ortha. Ansan dubhairt Pílát leis: Ná h-airigheann tú na neithe móra a chuirid na fínnithe ad’ leith? Agus níor thug sé freagra air do fhocal ar bith; i dtreó go raibh árd-iongnadh ar an riaghaltóir.
An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó. Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó. Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt sé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? Mar bhí fhios aige gur le formad a dheineadar é thabhairt chun lámha. Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling. Ach do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas chun Barabbais do thógadh, agus Íosa do dhíthiú. Agus d’fhreagair an riaghaltóir agus dubhairt sé leó: Cé’cu de’n bheirt is maith libh a leigfinn saor? Agus dubhradar san: Barabbas. Dubhairt Pílát leó: Agus cad a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost? Dubhradar go léir: Céastar é. Dubhairt an riaghaltóir leó: Ach cad é an t-olc atá déanta aige? Ach do liúghadar níb’ aoirde: Céasdar é. Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh. Agus d’fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála.
Ansan do thóg saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leó amach sa halla, agus chruinnigheadar chuige an bhuidhean go léir. Agus bhaineadar de a chuid éadaigh, agus chuireadar clóca dearg uime. Agus d’fhigheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar cleith ’n-a láimh. Agus do leigidís iad féin ar a leath-ghlúinar a aghaidh amach ag magadh faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n-Iúdach! Agus chaithidís seile air, agus thógaidís an chleith agus bhuailidís buille dhi sa cheann air. Agus nuair a bhí a gcuid magaidh déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é chun é chéasadh.
Agus nuair a chuadar amach fuaradar duine ó Chíréné, dár bh’ainim Símón; agus chuireadar fhéachaint ar an dhuine sin dul leó agus a chros d’iompur. Agus thánadar chun áite ar a dtugtar Golgota, ’sé sin, áit Chalbharí. Agus thugadar le n-ól dó fíon gur cuireadh domblas tríd; agus nuair a bhlais sé é ní ólfadh sé é. Agus nuair a dheineadar é chéasadh, do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, ’ghá gcur ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá ráidhte ag an bhfáidh: Do rainneadar eatartha mo bhaill éadaigh agus chuireadar ar chrannaibh mo chuid éadaigh. Ansan do shuidheadar ag faire air. Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDACH, É SEO. Ansan do céasadh, mar aon leis, beirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis, agus duine acu ar a láimh chlé. Agus an mhuintir a ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn, Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Má’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois. Agus ar an gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiríbh agus leis na seanóiríbh, deiridís: Do shábháil sé daoine eile; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. Má’sé Rí Israéil e, tagadh sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann. Bhí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé. Agus na bitheamhnaigh a bhí céasta i n-aice leis, thugadar an mhasla chéadna dhó.
Agus ó’n sémhadh h-uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. Agus tímpal an naomhadh h-uair do labhair Íosa do ghuth ana árd, agus dubhairt sé: Élí, Élí, lamá sabactání? ’sé sin, A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? Agus bhí daoine ’n-a seasamh ann agus d’airigheadar é, agus dubhradar: Tá sé sin ag glaodhach ar Élias. Agus do rith duine acu láithreach, agus d’aimsigh sé spúinse agus thúm sé i bhfínéigir é, agus chuir sé ar chleith é, agus thug sé le n-ól dó. Agus dubhairt an chuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaidh Élias ’ghá shaoradh.
Agus d’éighimh Íosa airís do ghut árd, agus thug sé a anam uaidh.
Agus féach, do stracadh ’n-a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha; Agus do h-osgaladh na h-uaghna agus d’eirigh a lán de chorpaibh na naomh a chodail, Agus tar éis aiseirighthe do thánadar amach as na h-uaghnaibh, agus thánadar isteach sa chathair naomhtha, agus chonaic a lán iad.
An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.
Agus bhí a lán ban ann abhfad amach do lean Íosa ó Ghaililí ag friothálamh air: Ar a raibh Máire Mhagdalén, agus Máire, máthair Shéamuis agus Ióseph, agus máthair clainne Sebedé.
Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig duine saidhbhir, ó Arimatéa, dár bh’ ainim Ióseph, agus duine de dheisgiobulaibh Íosa dob’ eadh é: Chuaidh an duine sin ag triall ar Phílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. Ansan d’órduigh Pílát an corp a thabhairt dó. Do fuair Ióseph an corp, agus d’fhill sé i línéadach glan é, Agus chuir sé ’n-a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun béil na h-uagha, agus d’imthigh sé. Bhí ann, ámhthach, Máire Mhagdalén agus an Máire eile agus iad ’n-a suidhe ar aghaidh na h-uagha amach.
Agus an lá ’n-a dhiadh san, an lá i ndiaidh lae an ollamhuighthe, tháinig uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh i n-aonfheacht ag triall ar Phílát, Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé beó: I gceann trí lá eireóchad airís. Órduigh-se, d’á bhrígh sin, gárda chur ar an uaigh go dtí an trímhadh lá: le h-eagla go dtiocfadh a dheisgiobuil, agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eirigh sé ós na mairbh: agus beidh an feall deirineach níos measa ’ná an chéad fheall. Dubhairt Pílát leó: Tá gárda agaibh. Imthighidh, agus déinidh an ghárdáil mar is eól daoibh. D’imthigheadar, agus dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus ag ceapadh lucht faire.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s