Maitiú 25

CAIBIDIOL 25.

Parabal an deichniúbhar maighdean, agus na dtalant agus tuairisg ar an mbreitheamhanas déanach.

Ansan beidh rígheacht na bhflathas cosmhail le deichniúbhar maighdean a thóg a lóchranna agus a chuaidh amach i gcoinnibh an chéile agus na céile. Agus bhí cúigear acu ciallmhar, agus an cúigear eile gan chiall. Agus an cúigear a bhí gan chiall nuair a thógadar na lóchranna, níór thugadar oíle leó. Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n-a n-árthaíbh i dteannta na lóchrann. Agus do dhein an céile moill, agus tháinig múisiún ortha go léir, agus do thuiteadar ’n-a gcodladh. I lár na h-oidhche, ámhthach, do deineadh guth árd: Féach, tá an céile ag teacht; téighidh amach ’n-a choinnibh. Ansan d’eirigheadar na maighdeana san go léir agus chuireadar a lóchranna i dtreó. Agus dubhairt an chuid a bhí gan chiall leis an gcuid a bhí ciallmhar: Tugaidh dúinne cuid de’n oíle atá agaibh-se, mar tá ár lochranna ag dul i n-éag. D’fhreagair an mhuintir chiallmhar agus dubhradar: Ar eagla ná beadh ár ndóithin ann dúinne agus daoíbh-se, is fearr sibh a dh’imtheacht chun na gceannaidhte agus oíle cheannach daoibh féin. Agus an fhaid a bhíodar ag dul ’ghá ceannach, tháinig an céile; agus an mhuintir a bhí ollamh chuadar isteach i n-aonfheacht leis chun na bainise, agus do dúnadh an dorus. Ar ball tháinig na maighdeana eile agus dubhradar: A Tighearna, a Thighearna, osgail dúinne. Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt: Go deimhin adeirim libh, ní’l aon aithne agam oraibh.
Deinidh faire, d’á bhrígh sin, mar ní h-eól daoibh an lá ná an uair.
Mar ar nós an fhir a bhí ag dul abhfad ó bhaile, agus do ghlaoidh chuige a sheirbhísigh, agus thug a chuid dóibh, Agus thug chúig talanta do dhuine acu agus dhá talant do dhuine eile, agus talant do dhuine eile; do gach duine do réir a chumais oibre; agus d’imthigh láithreach. Agus d’imthigh an t-é a fuair na chúig talanta, agus d’oibrigh sé iad, agus dhein sé chúig talanta eile. Mar an gcéadna an t-é a fuair an dá thalant dhein sé dhá cheann eile. Ach an t-é a fuair an t-aon talant amháin d’imthigh sé agus dhein sé poll sa talamh, agus chuir sé airigead a thighearna i bhfolach. Tar éis mórán aimsire, ámhthach, tháinig tighearna na seirbhíseach san, agus shocaruigh sé cúntas leó. Agus tháinig an t-é a fuair na chúig talanta agus thug sé leis na chúig talanta eile, agus dubhairt: A Thighearna, thugais chúig talanta dhom. Féach, sin chúig cinn eile curtha leó agam. Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dhílis: ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Agus tháinig an fear a fuair an dá thalant agus dubhairt: A Thighearna, thugais dom dhá thalant; féach, sin dhá cheann eile curtha leó agam. Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóghanta, dhílis: ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; éirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Ansan do tháinig an fear a fuair an t-aon talant amháin, agus dubhairt: A Thighearna, is eól dom gur duine cruaidh tu; baineann tu sa n-áit nár chuiris, agus cruinnigheann tú sa n-áit nár sgaipis. Agus le h-eagla rómhat chuireas do thalant i bhfolach sa talamh; seo, siné do chuid féin agat. Agus d’fhreagair a thighearna é, agus dubhairt leis: A dhroch-sheirbhísigh dhíomhaoin, dob’ eól duit go mbainim sa n-áit ná cuirim, agus go gcnuasuighim sa n-áit nár dheineas sgaipeadh ann. Bhí sé ceart agat, d’á bhrígh sin, mo chuid airid a thabhairt dos na bancairíbh, i dtreó, nuair a thiocfainn, go bhfaighinnmo chuid féin agus an t-úncumas. Tógaidh uaidh mar sin, an talant agus tugaidh é do’n t-é go bhfuil na deich dtalanta aige. Óir an t-é go bhfuil aige, tabharfar dó, agus beidh flúirse aige; agus an té ná fuil aige, togfar uaidh an rud a samhluightear a bheith aige. Agus an seirbhíseach neamhthairbheach, caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh; ansan iseadh bheidh gol agus díoscán fiacal.
Ach nuair a thiocfaidh Mac an Duine ’n-a ghradam, agus a aingil go léir i n-aonfheacht leis, suidhfidh sé i gcathaoir a ghradaim: Agus cruinneófar ’n-a láthair na geinte go léir; agus deighilfidh sé ó n-a chéile iad, mar dheighileann an t-aodhaire na caoire ós na gabhair; Agus cuirfidh sé na caoire ar a láimh dheis, agus na gabhair ar a láimh chlé. Ansan déarfaidh an Rí leis an muintir a bheidh ar a láimh dheis: Téanaidh, a dhaoine beannuighthe le m’Athair, agus sealbhuighidh an rígheacht atá ollamh daoibh ó chruithniú an domhain: Mar, bhí ocras orm, agus thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus thugabhair le n-ól dom; bhíos ar fán, agus thugabhair thith istigh dom; Bhíos nocht, agus chlúdabhair mé; bhíos breóite agus thánabhair am’ fhéachaint; bhíos sa phríosún agus thánabhair chúgham. Ansan freagaróchaid na fíoraoin é, agus déarfaid said: A Thighearna, cathain a chonacamair-ne ocras ort, agus gur thughamair bia dhuit? Nó tart ort, agus gur thugamair deoch duit? Nó cathain a chonacamair ar fán tu, agus gur thugamair bheith istigh dhuit? nó nocht, agus gur chlúduigheamair thu? Nó cathain a chonacamair thu breóite, nó i bpríosún, agus gur thánamair chúghat? Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é. Ansan déarfaidh sé leis an muintir a bheidh ar a láimh chlé: Imthighidh uaim, a dhream mhallaighthe, isteach sa teine shióruidhe do h-ollamhuigheadh do’n diabhal agus d’á aingealaibh; Mar, bhí ocras orm, agus níor thugabhair rud le n-ithe dhom; bhí tart orm, agus níór thugabhair deoch dom. Bhíos ar fán, agus níor thugabhair bheith istigh dom; bíos nocht, agus níor chlúdabhair mé; bhíos breóite,a gus sa phríosún, agus níor thánabhair am’ fhéachaint. Ansan déarfaid siad-san leis, ’ghá fhreagra: A Thighearna cathain a chonacamair-ne thu fé ocras ’ná fé thart, ná ar fán, ná nocht, ná breóite, ná i bpríosún, agus nár dhéineamair furtacht ort? Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir shuarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é. Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s