Maitiú 22

CAIBIDIOL 22.

Parabal na bainise. D’órduigh Críost cáin do dhíol le Caesar. Do chlaoidh sé na Sadducínigh. Do thaisbeáin se cad í an chéad aithne sa dlígh. Do chuir sé measgán mearaídhe ar na Fairisíneachaibh.

Agus d’fhreagair Íosa agus do labhair sé airís i soluídibh, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n-a rí, agus do dhein bainis d’á mhac. Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht. Agus chuir sé seirbhísigh eile uaidh airís. Abraidh, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireadh, Féach, tá an féasda ollamh agam; táid mo mhairt marbh agus m’éalta ramhara, agus gach nídh ollamh: Tagaidh chun na bainise. Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta. Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad. Nuair airigh an rí an nídh sin tháinig fearg air, agus chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus d’ídigh sé na marbhthóirí sin, agus do loisg sé a gcathair. Ansan dubhairt sé le n-a sheirbhíseachaibh: Tá an bhainis ollamh; ach an mhuintir a fuair cuireadh, níor bhfhiú iad é. Imthighidh amach, d’á bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheóbhaidh sibh, glaoidhidh isteach ortha chun na bainise. Agus d’imthigh na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar isteach gach a bhfuaradar de dhaoine, idir old agus maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine ’n-a suidhe chun bídh. Ansan do tháinig an rí isteach go bhfeicfeadh sé an chuideachta, agus chonaic sé ann duine ná raibh culaith na bainise uime. Agus dubhairt sé leis: A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainise umat? Ach níor labhair seisean focal. Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha. Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh, áit ’n-a mbeidh gol agus díoscán fiacal. Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní’l tóghtha ach beagán.
Ansan d’imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómhairle go ndéanfaidis búntáiste bhreith air ’n-a chaint. Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n-aonfheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine. Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol? Ach bhí fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluanuidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a’m brath? Taisbeánaidh dom píosa d’airgead na cána. Agus thugadar dó pingin. Agus dubhairt Íosa leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D’á bhrígh sin tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar.
An lá san tháinig na Sadducínigh chuige, daoine adeir ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus dubhradar. A Mháighistir, dubhairt Maois, Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. Bhí i n-ár measg-ne mórsheisear drithár, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan sliocht a bheith air, d’fhág sé a bhean agá dhritháir; Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an trímhadh duine, gur ráinig an seachtmhadh duine. I n-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. Sa n-aiseirighe, ámhthach, cé’cu de’n mhórsheisear gur leis í? mar, bí sí acu go léir. D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé. Óir sa n-aiseirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beidh siad cosmhail le h-aingealabih Dé ar neamh. Ach, i dtaoibh aiseirighe na marbh, nár léigheabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh: Is mise Dia Ábrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib? Ní Dia do dhaoinibh marbha Dia, ach do dhaoinibh beó. Agus uair a dh’airigh na daoine é bhíodar ag déanamh iongna d’á theagasg.
Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile; Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, agu baint trialach as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad í an aithne mhór sa dlígh? Dubhairt Íosa leis: Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d’chroidhe go h-iomlán, agus ó t’anam go h-iomlán, agus ó t’aigne go h-iomhlán. Siní an aithne is mó, agus isí an chéad aithne í. Agus tá an tarna h-aithne cosmhail léi: Grádhfaidh tú do chómharsa mar thu féin. Tá an dlígh go léir agus na fáidhe ag seasamh ar an dá aithne sin.
Bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, agus do cheisdigh Íosa iad. Agus dubhairt sé: Cad a thuigeann sibh-se i dtaobh Chríost? Cé ’ro mac é? Agus dubhradar leis: Mac Dáibhid. Dubhairt sé leó: Má ’seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid, a Thighearna air, mar a ndeir sé: Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d’chosaibh? D’á bhrígh sin, má thugann Dáibhid a Thighearna air, conus atá sé ’n-a mhac aige? Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne le rádh ’ghá fhreagra; agus ó’n lá san amach níor leómhaidh aoinne é cheisdiú a thuille.

This entry was posted in An Soisgéal do réir Mhaitiú. Bookmark the permalink.

Leave a comment