Is Feárr Teitheadh Maith Ná Drochsheasamh

Caibideal a Cúig

Is Feárr Teitheadh Maith Ná Drochsheasamh

Le línn na cainnte sin do bheith ar siúl i dteaghlach Sheáin mhic an Iarla do thárla go raibh duine uasal maith a bhí ’na chónaí i gcúige Laighean agus go raibh cruatan mór air. Do briseadh cos leis ocht seachtaine déag roimis sin agus bhí teipithe glan ar dhochtúiríbh na cúige an chos do shlánú. Bhí cneadh ar oscailt sa chois i gcaitheamh na haimsire go léir agus bhí fuil agus smior na coise ag teacht amach as an gcneadh san go dtí go raibh an duine uasal bocht traochta, lagaithe, imeartha, in ainneóin an dáréag dochtúirí dob fheárr a bhí le fáil sa dúthaigh sin. Mac Eochaidh ab ainm don duine uasal, agus file dob ea é. Ollamh ré dán a tugtar air sa tseanaleabhar.

Nuair a bhí an stracaire agus Seán mac an Iarla in aice a chéile ar Cnuc Áine thiar, bhí Mac Eochaidh sínte ar a leabaidh ’na thigh féin i gcúige Laighean agus é go buartha agus go brónach agus teinneas a dhóthain air.

Do bhuail chuige isteach ógánach breá óg agus deallramh mic léinn air agus leabhar ’na láimh aige.

“Go mbeannaídh Dia dhuit, a Mhic Eochaidh,” arsan t-ógánach.

“Go mbeannaídh Dia ’s Muire dhuitse, a ógánaigh,” arsa Mac Eochaidh, “agus cár ghabhais chúinn?”

“I dtigh Sheáin mhic an Iarla do chodlas aréir,” arsan t-ógánach, “agus i dtigh Uí Dhónaill i mBéal Átha Seannaigh a chodlas arú ’réir.”

“Is maith an dá áit iad,” arsa Mac Eochaidh.

“Ach cá mbíonn tú id chónaí nuair a bhíonn tú sa bhaile, a ógánaigh?” ar seisean.

“Bím lá in Íle agus lá i gCeann Tíre, lá i Manainn agus lá i Reachlainn agus lá eile ar Fionncharn Sléibhe Fhuaid. In Aileach na rí do rugadh me. Is duine siúlach, suarach, saobhnósach me agus ní maith liom choíche bheith puínn aimsire in aon áit amháin.”

“Agus cad í an ealaí, nú an ghairm beatha*, atá agat?” arsa Mac Eochaidh.

“Abhar dochtúra is ea me,” arsan t-ógánach.

“Ar mhiste leat a ínsint dom cad is ainm duit?” arsa Mac Eochaidh.

“Ní miste go deimhin,” arsan t-ógánach, “Cathal Ó Céin is ainm agus sloinne dhom,” ar seisean.

“An fada go mbeir id dhochtúir chríochnaithe, a Chathail Uí Chéin?” arsa Mac Eochaidh.

“Tuigim cad chuige go bhfuilir, a Mhic Eochaidh,” arsa Cathal Ó Céin, “ba mhaith leat a iarraidh orm an chos san agat do leigheas.”

“Ba mhaith go deimhin, dá mba dhó’ liom go bhféadfá é,” arsa Mac Eochaidh.

“Agus nár dhó’ leat, a Mhic Eochaidh,” arsa Cathal, “gur neamhnár an gnó dhuit a dh’iarraidh ormsa, agus gan ionam ach abhar dochtúra, rud a dhéanamh atá teipithe glan ar a bhfuil de dhochtúiríbh oilte eólgaiseacha, aosta, taithitheacha sa chúige seo Laighean agat?”

“Cá bhfios dómhsa, a Chathail,” arsa Mac Eochaidh, “ná gur mó an t-eólas atá agatsa ná mar atá acu go léir? Dá mbeadh an t-eólas acu ba chóir go mbeadh mo chos leighiste fadó acu. Táim ocht seachtaine déag sínte anso anois agus ag dul in olcas atá mo chos in inead aon fheabhais a bheith ag dul uirthi. Tair i leith agus féach í. Is minic gur feárr an tuiscint a bhíonn ag fear óg ’na mbíonn éirim mhaith aigne aige ná ag seanduine ná bíonn aige ach inchinn mhaol, pé taithí a bhíonn aige ar an obair.”

Tháinig Cathal agus d’fhéach sé an chos. Nuair a bhí sé tar éis í ’ dh’fhéachaint go cruínn do labhair sé.

“Déanfadsa an chos so do leigheas duit, a Mhic Eochaidh,” ar seisean, “ar aon choinníoll* amháin.”

“Cad é an choinníoll é?” arsa Mac Eochaidh.

“An gorta agus an doicheall agus an drochbhéas atá istigh id chroí do chur as,” arsa Cathal.

“Ní fheadar ’en domhan conas a fuarais amach é,” arsa Mac Eochaidh, “ach tá san ionam gan amhras, doicheall agus gorta agus drochbhéas. Bíd siad istigh im chroí go láidir go dtí go n-ólaim trí deocha. Nuair a bhíd na trí deocha ólta agam ní bhíonn aon bheann agam ar aon rud. Ní fhanann blúire doichill orm. Thabharfainn a bhfuil agam do gach éinne ’ thiocfadh.”

“Caithfir an doicheall do chur as do chroí nú ní leighisfeadsa do chos,” arsa Cathal Ó Céin.

“Tá go maith,” arsa Mac Eochaidh, “geallaim duit go gcuirfead.”

Do thairrig Cathal Ó Céin luibh as a phóca agus chimil sé de chneadh na coise í. Do thriomaigh an chneadh láithreach agus do chneasaigh sí. Bhí iúnadh agus áthas ar Mhac Eochaidh. D’éirigh sé agus do shiúlaigh sé ar fuid an tí.

“Ó,” ar seisean, “a Chathail Uí Chéin, táim ana-bhaoch díot! Bíodh ná fuil ionat ach abhar dochtúra tá gníomh déanta agat a theip ar na dochtúiríbh go léir!”

“Tá do chos leighiste, a Mhic Eochaidh,” arsa Cathal, “ach féach, má ghéilleann tú arís don doicheall tiocfad chút agus brisfead arís í, agus brisfead an chos eile ’na teannta ort, agus ní leighisfar iad go deó duit.”

“Ní baol dom an doicheall a thuilleadh, geallaim dhuit é, a Chathail Uí Chéin,” arsa Mac Eochaidh, “ach ní mór dhom tuarastal éigin a thabhairt duitse. Dá mbeithá sa chás ’na rabhas-sa go dtí anois, le hocht seachtaine déag, do bheadh ’ fhios agat cad é an tuarastal atá tuíllte agat uaim.”

“Ní ghlacfadsa aon tuarastal uait, a Mhic Eochaidh,” arsa Cathal, “ach an doicheall a chur uait.”

“Déanfad é sin fé mar atá geallta agam duit,” arsa Mac Eochaidh, “ach caithfir tuarastal a ghlacadh uaim leis. Tá iníon agam agus deirtear gur cailín álainn í. Pós í agus tabharfad spré dhuit léi.”

“Cad é an spré a thabharfair dom léi, a Mhic Eochaidh?” arsa Cathal.

“Tabharfad trí chéad bó dhuit léi agus trí chéad capall agus trí chéad caíora agus trí chéad muc,” arsa Mac Eochaidh.

“Tá go maith,” arsa Cathal. “Pósfad í bíodh sí breá nú bíodh sí gránna.”

Do comáineadh an cóisire dá ollmhú láithreach agus do ceapadh lá an phósta. Tháinig an lá. Bhí na daoine muínteartha ag cruinniú. Tháinig an t-am chun na lánúna do phósadh. Bhí an iníon ann. “Cá bhfuil Cathal Ó Céin? Cá bhfuil Cathal Ó Céin?” arsa gach éinne. D’fhéachadar anonn ar chnuc a bhí ar aghaidh an bhaile amach. Cé ’ chífidís ach Cathal Ó Céin agus é ag imeacht ’na lánrith de dhruím an chnuic fé mar a bheadh gadhair an bhaile lena shálaibh!

Nótaí

An ghairm beatha: note delenition of what would otherwise have been bheatha across the labial boundary.
Ar aon choinníoll amháin: note the failure here to use the historic dative, choinníll.

Foclóirín

abhar: ábhar in the CO. WM Irish distinguishes between abhar (originally spelt adhbhar, now pronounced /aur/), “material”, and ábhar (sometimes written ádhbhar, pronounced /ɑ:vər/), “amount”. Abhar, “the material for, and therefore the makings of something”; abhar dochtúra, “a medical student”.
Aileach na Rí: Greenan-Ely in Inishowen, Co. Donegal. Spelt Oileach na Ríogh in the original, but the placename seems correctly spelt A-. Aileach na Rí was the site of the royal fort of the Uí Néill high kings of Ireland.
ar fuaid, ar fuid: “throughout”, /erʹ fuədʹ, erʹ fidʹ/, ar fud in the CO. PUL wrote in his Notes on Irish Words and Usages (p54) that ar fuaid should be used for broad areas (ar fuaid na paróiste) and ar fuid for small areas (ar fuid an tí), but this distinction is not always adhered to.
arís: “again”. PUL often used the spelling airís—although An Cleasaidhe, edited by Eleanor Knott, had arís—indicating a slender r, /i’rʹi:ʃ/, whereas Amhlaoibh Ó Loingsigh had /ə’ri:ʃ/, as shown in IWM.
caíora: “sheep”, or caora in the CO, pronounced /ki:rə/. Trí chéad caíora is given as trí chéad caoire in the original, but edited here in line with the pronunciation.
Cathal: an Irish masculine name, originally meaning “valour”, and spuriously associated with the English name Charles.
cneadh: “wound”, or cneá in the CO. I am reluctant to accept the spelling cneá without evidence ón the pronunciation, which may be /knʹah/.
cneasaím, cneasú: “to heal”.
coinníoll: “condition”. This is one of the few words where nn is pronounced as a single n in WM Irish, i.e. /ki’nʹi:l/. The dative is generally coinníll, but appears as coinníoll here.
cóisire: “wedding, wedding feast”, or cóisir in the CO. This word is generally feminine in PUL’s works, but masculine here.
deallramh: “look, appearance”, or dealramh in the CO. Spelt deallradh in the original, edited here as deallramh, under the presumption the normal pronunciation of /dʹaurəv/ is intended.
ealaí: “skill, craft”, or ealaín in the CO, where the historic dative has replaced the nominative.
eólgaiseach: “knowledgeable”, or eolach in the CO.
féachaim, féachaint: “to examine”. D’fhéach sé an chos, “he examined the leg”. The foclóirín to the early edition of An Cleasaidhe explained that féachaint with a direct object means “to examine”, whereas féachaint air means “to look at”.
gorta: “meanness, stinginess”.
imeartha: “tried, exhausted”. Imeartha le rud, “fed up with something”.
inchinn: “brain”.
inead: ionad in the CO, “unit”. Pronounced /inʹəd/ in WM Irish. In inead, “instead of, in the place of”.
Mac Eochaidh: the surname, most commonly found in Leinster, generally anglicised Keogh. I am unclear whether the /o/ is long here.
neamhnár: “shameless, discreditable”. Nár, “shameful, honourable, noble” corresponds to náir in the CO.
Ó Céin: an Irish surname anglicised as Keane. Now quite rare.
ollmhaím, ollmhú: “to prepare”, or ullmhaím, ullmhú in the CO. Pronounced /o’li:mʹ, o’lu:/.
saobhnósach: “distracted, infatuated, foolish”. Saobh- is a prefix meaning “wrong, perverse”. The meaning here is given in the foclóirín to the early edition of An Cleasaidhe as “trifling, erratic”.
smior: “marrow”.
spré: “dowry”.
taithitheach: “expert, conversant, experienced”, or taithíoch in the CO.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Cleasaidhe, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s