Cad a Cham Srón Firín?

Caibideal a Sé.

Cad a Cham Srón Firín?*

Bhí cailleach i gConnachtaibh an uair sin agus bhí cléibhín, nú saghas éigin ciseáinín aici, agus pé tairbhe a bhí sa chléibhín ní thabharfadh sí ar shaibhreas an domhain é. Bhí cailleach eile sa Mhúmhain agus théadh sí ó thuaidh go minic ag féachaint na caillí thuaidh, agus thagadh an chailleach Chonnachtach aduaidh ag féachaint na caillí Muímhní. Bhí an bheirt chailleach go hana-mhuínteartha lena chéile go dtí gur chuir an chailleach Mhuímhneach dúil sa chléibhín. D’iarr sí an cléibhín, le ceannach, ar an gcailligh thuaidh. Ní bhfaigheadh sí é. D’iarr sí ar iasacht é ar feadh tamaill. Ní bhfaigheadh sí é. Bhí sí ag tathant agus ag plámás agus ag cimilt bhaise a d’iarraidh go bhfaigheadh sí an cléibhín. Ní raibh aon mhaith dhi ann. Do labhair sí le cuid de cháirdibh na caillí thuaidh dhá iarraidh orthu dul chun cainnte leis an gcailligh agus an cléibhín do mhealladh uaithi dá mb’fhéidir é. Dheineadar san. Má dheineadar ní raibh aon mhaith dhóibh ann. Ní thabharfadh sí uaithi an cléibhín. Ní scarfadh sí leis an gcléibhín dá gcaillidís a gcórtaisí léi.

Nuair a fuair an chailleach Mhuímhneach nárbh aon mhaith bheith léi, do leog sí uirthi go raibh sí sásta; ná hiarrfadh sí an cléibhín in aon chor dá mbeadh ’ fhios aici oiread suime ’ bheith ag an gcailligh thuaidh ann. Do scaradar go breá cneasta, muínteartha, agus tháinig an chailleach Mhuímhneach abhaile. Chómh luath agus ’ bhí sí sa bhaile do chruinnigh sí cuallacht mhaith láidir fear. D’imíodar ó thuaidh san oíche, cuid acu an bóthar so agus cuid acu an bóthar úd, i dtreó ná tabharfí fé ndeara iad. Bhíodar trí oíche agus trí lá ag dul ó thuaidh. Dheinidís a siúl san oíche agus chodlaidís sa lá. Níor thug éinne fé ndeara aon drochfhuadar a bheith fúthu mar bhíodar scaipithe. Dheineadar coinne in áit áirithe ná raibh i bhfad ó thig na caillí thuaidh. Tar éis na hoíche ’ thitim is ea ’ thánadar chun áit na coinne. Chómh luath agus ’ bhíodar go léir ann siúd isteach iad i dtigh na caillí. Do rug duine acu air.

“Fág ansan mo chléibhín!” arsan chailleach, “nú cad é an mac mallachtan atá ag éirí dhuit!”

Thógadar leó é. D’aithníodar go maith é. Bhí a chómharthaí acu go cruínn. Chomáineadar leó ó dheas. Níor scaipeadar ó chéile ag teacht abhaile dhóibh, agus ba ghiorra go mór an mhoíll orthu teacht aduaidh ná dul ó thuaidh. Thánadar go tigh na caillí theas agus thugadar di an cléibhín agus is í a bhí go mórálach.

Ní raibh ’ fhios ag an gcailligh thuaidh ar dtúis cérbh iad na foghlaithe do tháinig san oíche agus do rug a cléibhín uaithi, ná cad é an treó baíll as a dtánadar. Ní fheacaidh éinne ag teacht iad toisc iad a bheith scaipithe. Ní fheidir éinne dá bhrí sin, arbh Ultaigh iad nú ar Laighnigh nú ar Mhuímhnigh iad. Ach nuair a fuaradh gur ó dheas a thugadar a n-aghaidh nuair a bhíodar ag imeacht do tuigeadh gurbh as an Múmhain a thánadar.

Ansan do thuig an chailleach thuaidh an scéal go léir. Thuig sí gurbh í a cara ionúin féin—an chailleach Mhuímhneach—do chuir ó thuaidh na fir sin chun an chléibhín do thabhairt leó chúithi ar éigin nuair a bhí teipithe uirthi féin é ’ dh’fháil ar ais.

Siúd soir í ag triall ar Ó Conchúir Sligigh. Tháinig Ó Conchúr chun cainnte léi. Dhein sí a gearán leis.

“Aililiú!” ar seisean. “Cad é mar obair mar gheall ar chléibhín! Ní dócha go bhfuil aon chiall ag an gcailligh úd theas. Tá níos mó de dhua an chléibhín sin fálta aici ná mar a gheóbhadh sí le fiche céad cléibhín nua do dhéanamh! Agus na fir a tháinig aneas chun an chléibhín sin do bhreith leó ní foláir nú is daoine gan chiall iad, leis, nár fhan theas sa bhaile agus cléibhíní a dóthain a dhéanamh di. Is uathásach an scéal é mura bhfuil oiread slat ag fás i ngaorthaibh na Múmhan agus ’ dhéanfadh oireadh cléibhíní agus do shásódh í.”

An fhaid a bhí Ó Conchúr ag cainnt bhí fearg ag teacht ar an gcailligh go tiubh. Sara raibh deireadh ráite aige bhí sí dá tachtadh le feirg. Má bhí féin ní aithneódh éinne uirthi go raibh. Do labhair sí go breá réidh agus ní raibh snagadh ná creathán ’na glór.

“A Uí Chonchúir,” ar sise, “ní chun a iarraidh ort mo chléibhín do cháineadh a thánag anso chun cainnte leat. Thánag ag triall ort chun a iarraidh ort me ’ chosaint ar éagóir agus ceart do chur i bhfeidhm dom. Mheasas nárbh fhéidir dom dul ag triall ar éinne a bheadh ní b’fheárr chun an dá ní sin a dhéanamh dom ná mar a bheadh Ó Conchúir Sligigh. Measaim anois gur dheineas dearúd. Measaim go mb’fhéidir go ndéanfadh Ó Conchúir Sligigh an gníomh atá agam á iarraidh air a dhéanamh dá mb’in aon chúig’ eile de chúigíbh Éireann a bheadh an chailleach úd ’na cónaí ach sa Mhúmhain. Ní maith le hÓ Conchúir Sligigh aghaidh a thabhairt ar fhearaibh Múmhan. Tuigeann an chailleach úd an ní sin. Tuigid na fir é a tháinig agus do rug uaimse mo chléibhín. Táid siad sa bhaile sa Mhúmhain anois agus sult acu á dhéanamh den chléibhín agus cúis gháire acu. Tá ’ fhios acu nách baol dóibh mise ná Ó Conchúir Sligigh. Slán agat, a rí!” ar sise, agus d’iompaigh sí uaidh chun imithe.

“Stad! a bhean,” arsa Ó Conchúir.

“Cad é sin agat dá rá mar sin? Níl aon eagla agamsa roimis an Múmhain. Ach ní ceart do rí slóite do chruinniú agus cogadh agus fuil agus éirleach do chur ar siúl agus gan de chúis chuige ach cléibhín.”

D’iompaigh an chailleach thar n-ais. “Más mar sin atá an scéal, a rí,” ar sise, “ní mise amháin a dhein dearúd. Tá dearúd déanta, leis, ag an gcailligh úd theas agus ag fearaibh Múmhan go léir.”

“Cad é an dearúd atá déanta acu san?” arsa Ó Conchúir.

“Is maith a bheidh ’ fhios acu féin cad é an dearúd é nuair a neósfar dóibh ná leogfadh eagla d’Ó Conchúir Sligigh aon chur isteach a dhéanamh orthu tar éis a bhfuil déanta acu chun é ’ ghríosadh agus chun a chur ’ fhéachaint air cogadh do chur orthu,” arsan chailleach.

“Cad é an gríosadh atá déanta ormsa?” arsan rí.

“An dó’ leat a’ dtiocfaidís anso chun cléibhín a bhreith leó ar son tairbhe an chléibhín! Thánadar anso chun masla ’ thabhairt duitse, a rí, agus dod chómhacht, agus do shocraíodar ar an gcléibhín chuige sin. Beidh scéal an chléibhín sin feasta i mbéalaibh daoine, sa Mhúmhain agus ar fuid na hÉireann, agus déarfar ins gach aon bhall gur mheas fir Múmhan go dtiocfadh Ó Conchúir Sligigh ag díogailt an chléibhín orthu, ach go raibh dearúd ar fhearaibh Múmhan,” arsan chailleach.

“Ó,” arsa Ó Conchúir, “sin athrach scéil ar fad. Bhí iúnadh orm a rá go dtiocfadh na fir úd ón Múmhain gan de ghnó ach chun cléibhín gan áird do bhreith leó. Tá ’ fhios ag an saol go raibh brí agus bun eile acu leis an ngníomh. Tá go maith. Theastaigh uathu an cléibhín a bheith acu mar chómhartha os cómhair fear Éireann chun bheith dhá mhaíomh gur le heagla rómpu ná déanfainnse é ’ dhíogailt orthu. Bíodh an cléibhín acu anois mar chómhartha, os cómhair fear Éireann, ar an léirscrios a dhéanfadsa orthu, agus ar an ndearúd míllteach a dheineadar nuair a thairrigeadar orthu me. Díolfaidh an Mhúmhain go daor as do chléibhín, a chailleach,” ar seisean.

Nóta

Cad a cham srón firín?: the notes to the early edition of An Cleasaidhe explain that this is a proverbial expression, referring to a slightly different version of the story of O’Conor’s quarrel with Munster, as given in Gadelica, I, p188.

Foclóirín

áird: normally “direction”, but here “attention, value, repute”. Cléibhín gan áird, “a worthless little basket”.
cáinim, cáineadh: “to condemn, censure”, but here “to disparage, belittle”.
cléibhín: “little basket”.
coinne: “meeting”. This is usually masculine in PUL’s works (PUL’s Niamh has áit an choinne for “meeting place”), but feminine here, áit na coinne. Dinneen shows both genders are possible. Coinne is feminine in the CO.
cómhacht: “power, authority”, cumhacht in the CO, but pronounced with a long o in WM Irish: /ko:xt/.
córtaisí: “courtesy”, the plural of córtas, “agreeableness, courtesy”. Do chórtaisí a chailliúint le duine, shown in the notes to the early edition of An Cleasaidhe as meaning, “to expend all your powers of civility on someone”, i.e. “to use your utmost persuasiveness to try to talk someone round”.
díoglaim, díogailt: “to avenge”, or díoghlaim, díoghail in the CO. Spelt díoghailt in the original, the gh is pronounced as a g in WM Irish. Note, however, that this is a rare word. Rud a dhíogailt ar dhuine, “to avenge something on someone, to take revenge on someone over something”.
dua: “trouble”. Dua ruda a dh’fháil, “to go to some trouble with respect to something, to put oneself out for something”.
gaorthadh: “river-bed, or a wooded glen watered by a stream”, with gaorthaí in the plural. The dative plural is given with a short vowel here, gaorthaibh.
gríosaim, gríosadh: “to inflame, spur, incite, urge on”, corresponding to gríosaím andgríosú in the CO.
mallacht: “curse, malediction”. Mac mallachtan, corrected from mac malachtain in the original here, is often translated as “the evil one”, referring to a curse.
Ó Conchúir Sligigh:O’Conor Sligo, a branch of the Ó Conchúir kings of Connaught. The term refers there to one of the chiefs of the name, although it is unclear which one.
os cómhair: “in front of, before”. Pronounced /ɑs ko:rʹ/.
slat: usually “rod, branch”, but here apparently “reed”.
snagadh: “a catch of the breath”, or snag in the CO.
Ultach: “Ulsterman”, pronounced /oulhəx/, and often written Olltach.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in An Cleasaidhe, Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s