Lúcián 20

XX. Chárón, nú na Féachadóirí. Hermés agus Chárón

Herm. Cad ’tá ’od chur ag gairí, a Cháróin? Nú cad fé ndeara dhuit do bhád d’fhágaint id dhiaidh agus teacht anso aníos? Go dtí inniu níor ghnáth leat puínn taithí ’ dhéanamh de sna gnóthaíbh seo lastuas.

Chár. Is amhlaidh a tháinig mian dom, a Herméis, radharc ’ fháil ar na nithibh atá lastuas, nú go bhfeicfinn cad a bhíonn ar siúl sa bheatha, nú cad a chaillid na daoine a théann síos ag triall orainn go mbíd siad go léir ag gol. Ní théann éinne acu treasna an uisce ach ag gol. Ar nós an Tettalaigh óig úd, d’iarras féin cead ar Ádés bheith ón mbád aon lá amháin agus thánag aníos sa tsolas. Agus measaim gur maith mar a thárla, me ’ bhualadh umatsa, mar tá ’ fhios agam, ó táim iasachta, go dtiocfair liom ag taispeáint gach aon ruda dhom agus ’om stiúrú, ós agat atá gach eólas.

Herm. Níl an uain agam, a bhádóir. Do thánag chun gnóthaí éigin daonna do dhéanamh do Zeús atá thuas. Tá sé siúd teasaí, agus is eagal liom dá ndeininn ríghneas go dtabharfadh sé suas don dorchadas me agus go bhfágfadh sé agaibh thíos me ar fad, nú go ndéanfadh sé liom mar a dhein sé go déanach le Hephaistos, .i. breith ar chois orm agus me chaitheamh le fánaidh ó tháirsigh neimhe, agus ansan go mbeadh ciscéim bacaí ionamsa, leis, agus iad ag gáirí umam nuair a bheinn ag dáil an fhíona.

Chár. Agus an amhlaidh ’ fhágfair me ag fánaíocht ar an dtalamh, agus tu id chómhalta agam, agus id chómh-mháirnéalach, agus id chómhsheirbhíseach (nú, id chómhthiománaí ar na mairbh). Go deimhin féin, a linbh Mhaia, níor mhiste dhuit cuímhneamh ar na nithibh úd, .i. conas mar nár chuireas tu riamh ag taoscadh, ná ar bhata rámha, ach go mbíthá sínte ar an úrlár ag sranntarnaigh, agus do shlinneána chómh leathan, chómh láidir; nú, dá mbuaileadh samhail éigin chainnteach umat, tu ag cómhrá leis ar feadh na slí go léir. Agus me féin, ós me atá aosta, ag tarrac an dá bhata rámha im aonar. Ar ghrá t’athar, a Herméisín an chroí, ná tréig me! Ach teagaisc me ins gach ní a bhaineann leis an mbeatha, i dtreó go mbeidh mé tar éis rud éigin d’fheiscint nuair a raghad thar n-ais. Má fhágann tusa me is cuma me nú na daíll. Bíd siad san ag tuisliú agus i riocht titim sa doircheacht; agus mise im chaochán sa tsolas agat. Dein, a Chulléinigh, an méid sin dom agus cuímhneód air go deó dhuit.

Herm. ’Sea, ach tabharfaidh an gnó so batráil ormsa! Ní baol ná go bhfeicim cheana féin nách gan dórnáil ar fad a chuirfimíd na cuarda so dhínn. Ach mar sin féin ní foláir rud a dhéanamh ort. Cad is féidir a dhéanamh in aghaidh tathant carad? Níl ar cumas, áfach, a bhádóir, radharc fé leith a thabhairt duit go cruínn ar gach ní. Níor mhór ríghneas mórán blian chuige sin. Ansan do chuirfeadh Zeús fógra amach dhá rá gur éalaíos-sa liom féin, agus bheifása coiscithe ar ghnó an bháis a dhéanamh agus díobháil déanta do ríocht Phlútó agat toisc thu ’ bheith chómh fada gan marbh a bhreith anonn, agus níor mhaith le fear an chustaim, le hAiacos, bheith chómh fada gan obolos d’fháil. Ach breithnímís conas radharc a thabhairt duit ar na cínn-nithibh.

Chár. Breithnighse féin, a Hermés, cad is feárr. Níl aon eólas agamsa ar nithibh uachtair na talún. Níl ionam ach duine iasachta.

Herm. Is amhlaidh mar atá an scéal, a Cháróin, ní mór dúinn árdán éigin d’fháil i dtreó go mbeidh radharc agat uaidh ar gach aon rud. Dá bhféadfása dul suas ar neamh ní bheadh deacracht ar bith sa scéal. Chífá gach aon rud, ó thúr faire, go soiléir. Ach ó nách dleathach don té a bhíonn de ghnáth i gcómhluadar samhal dul suas go rítheaghlach Zeúis ní mór dhúinn cnuc árd éigin d’aimsiú.

Chár. Nách eól duit, a Herméis, cad is gnáth liomsa a rá libhse nuair a bhímíd ar uisce? Nuair a bhuaileann an ghaoth go láidir ar an anairt, agus an anairt ag lúbadh fúithi, agus an tonn ag éirí go hárd, ansan adeirthíse, trí ainbhios, an anairt d’fhilleadh nú an téad do leogaint amach beagáinín, nú gluaiseacht leis an ngaoith. Ach órdaímse dhíbh fanúint socair mar gur agam atá ’ fhios cad is feárr. Ar an gcuma gcéanna deinse anois an rud is dó’ leat is feárr, ós tu is stiúrthóir anois, agus déanfadsa dálta lucht taistil, suí síos go ciúin agus rud a dhéanamh ortsa ins gach ní.

Herm. Tá an ceart sa méid sin agat, a Cháróin.

anairt: “homespun coarse linen; sail-cloth”; pronounced /ɑnhirtʹ/.
bacaí: “lameness”, pronounced /bɑ’ki:/.
baol: “danger”. Ní baol ná go means something like “it is certain that/you can bet your life that”.
batráil: “a battering, a thrashing”; pronounced /bɑtə’rɑ:lʹ/.
breithním, breithniú: “to consider”, or breathnaím, breathnú in GCh. Pronounced /brʹenʹ’hi:mʹ, brʹenʹ’hu:/.
cainnteach: “talkative”; pronounced /kaintʹəx/.
caochán: “mole”.
cínn-nithe: “main things”.
ciscéim: “step”, or coiscéim in GCh. Note ciscéim bacaí, “a limp”, where GCh has coiscéim bhacaí (ciscéim is feminine, but the “rule” that requires lenition after feminine nouns is often not observed; the coincidence of homorganic labials may also play a role here).
cnuc: “hill”, or cnoc in GCh.
coiscim, cosc: “to prevent; restrain, deter”. Note the verbal adjective coiscithe, where GCh has coiscthe.
cómh-mháirnéalach: “shipmate”; pronounced /ko:-vɑ:r’nʹe:ləx/.
cómhalta: “fellow, companion”. Pronounced /ko:lhə/.
cómhsheirbhíseach: “fellow servant”; pronounced /ko:-herʹi’vʹi:ʃəx/.
cómhthiománaí: “fellow conductor”.
croí: “heart”. A Herméisín an chroí, “my dear old Hermes!”
cumas: “power, ability”. Ar cumas, “feasible”.
custam: “customs”. Fear an chustaim, “customs official, charged with levying tolls or duties”.
dáilim, dáil: “to pour out, dispense”; or dáilim, dáileadh in GCh.
dall: “blind”, pronounced /daul/. Also substantivised in the meaning of “a blind person”, with daíll in the plural.
deacracht: “difficulty”, pronounced /dʹakərəxt/.
deirim, rá: “to say”. Ansan adeirthíse has an old second-person plural present-tense form of the verb (compare also táthaoi, “you are”).
dorchadas: “darkness”. PUL told Risteárd Pléimeann in a letter dated March 10th 1918 held in the G 1,277 (1) collection of manuscripts in the National Library of Ireland that doircheacht was the colloquial word for “darkness”, the pedantic word being dorchadas. Pronounced /dorəxədəs/.
dórnáil: “boxing, beating”.
faire: “watching, keeping a lookout; a watch in the night”. Túr faire, “watchtower”.
fanaim, fanúint: “to wait, stay”, or fanaim, fanacht in GCh.
fánaíocht: “act of wandering, rambling”, a noun and a verbal noun; pronounced /fɑ:’ni:xt/.
féachadóir: “onlooker, spectator”.
feadh: ar feadh, “throughout, during”, pronounced /erʹ fʹag/.
gaoth: “wind”, with gaoith in the dative.
gnáth: “custom, usage”. De ghnáth, “usually”. Is gnáth leat, “it is usual for you; you are wont to”.
iasachta: “foreign, from foreign parts, a stranger”.
neamh: “heaven”, with neimhe in the genitive.
óg: “young”, with óig in the genitive singular masculine.
rítheaghlach: “royal household”. Pronounced /ri:’həiləx/.
samhail: “shade, ghostly figure”; pronounced /saulʹ/. With samhal in the genitive plural.
slinneán: “shoulder blade”; pronounced /ʃlʹi’ŋʹɑ:n/. With slinneána in the plural here; slinneáin is also found in the plural.
sranntarnach: “act of snoring/snorting”; pronounced /srauntərnəx/. This becomes ag sranntarnaigh in the dative. GCh has srannfach.
stiúraím, stiúrú: “to guide, direct”, or stiúraim, stiúradh in GCh.
táirseach: “threshold of a door”, with táirsigh in the dative.
talamh: “land”. The (feminine) genitive, talún, is found here.
tathant: “urging”.
teagascaim, teagasc: “to teach, instruct”. Note teagaisc in the imperative. Duine ’ theagasc i rud, “to give someone instruction in something”.
tonn: “wave”; pronounced /tu:n/.
tuislím, tuisliú: “to stumble, stagger”.
uachtar: “top”. Uachtar na talún, “the face of the earth”.
uain: “time, opportunity”. Níl an uaim agam, “I have no time for that”.

Advertisements
This entry was posted in Lúcián. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s