An Frog agus an Luch: Audio

Máirín Ní Shúilleabháin kindly agreed to read An Frog agus an Luch for me onto MP3. Download the MP3 here.

AN FROG AGUS AN LUCH

Bhí imreasán mór tráth idir an bhfrog agus an luch, féachaint ceoca go mbeadh an túrtóg aige. Bhí an frog róláidir don luich agus is minic a thagadh sé uirthi de léim agus go dtugadh sé folathachtadh dhi. Ach bhí an luichín glic aicillí, agus is minic a thagadh sí laistiar den bhfrog agus ná hairíodh sé í go mbaineadh sí drochmhiotóg as, a chuireadh ag screadaigh é.

Fé dheireadh cheapadar lá chun an scéil do throid amach ar ghalaibh aonair.

Tháinig an dá ghaiscíoch ar an láthair catha agus is é arm a bhí ag gach gaiscíoch acu ná brobh maith láidir luachra agus bior air. Do throideadar go calma cróga ar feadh tamaill agus ba mhaith chuige iad. Ach le méid a bhfuath dá chéile agus le méid a ngúmha don chómhrac níor thugadar fé ndeara an seabhac. Ach do chonaic seisean iad san. Do shleamhnaigh sé anuas orthu agus do scuab sé chun siúil iad, an luch i gcrobh leis agus an frog sa chrobh eile.

An Múineadh.

Cogadh carad caoi namhad.

“Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an smacht.” An chéad smacht ná a chéile smacht ar dhuine féin. An mhuíntir ná cuirfidh smacht ar a mioscais féin, ní bheidh choíche ach ag bruíon agus ag clampar agus ag troid, ag ithe a chéile agus ag stolladh a chéile, agus na cómharsain ag magadh fúthu, go dtí fé dheireadh go dtagann a namhaid aiceanta agus go gcuireann sé a mhalairt de chúram orthu.

Is usa do dhuine é féin dhá smachtú féin ná a namhaid dhá smachtú.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s