An Fhaidhleann Mhuar trí Thine: Audio

Seán Ó Muímhneacháin kindly agreed to read An Fhaidhleann Mhuar trí Thine for me onto MP3. Download the MP3 here.

AN FHAIDHLEANN MHUAR TRI THINE

Tráth éigint do bhí bean bhocht ann. Ní raibh puínn slí mhartha
aici, agus mar sin féin bhí sí a’ maireachtaint léi go deas seascair.
Ní raibh éinne sa tig i n-aonacht léi. Do thugadh sí tamall ag obair
dosna côrsain agus tamall eile do bhailíodh sí iarrachtaí, ‘dir bheith
‘na bhacachas agus ní fheadar cad a thúrfainn air. Agus do bhíodh
ana-dhúil aici bheith a’ sníomh agus a’ cnutáil agus a’ gabháil don
olainn ar gach aon saghas slí. Do thuilleadh sí pinginí airgid ar an
rud so. D’oibríodh sí moch déanach, agus oíche éigint bhí sí fanta
ana-dhéanach ag obair, a’ gabháil don olainn, nuair a bhuail chúithi
isteach beirt sheanabhan. Ní rabhdar ró-chríona, ach mar sin féin
níor mhná óga iad, agus bean óg acu á thúirt leo a’ triall ar a’ seana-
mhnaoi. Chuadar chun cainte leis an seana-mhnaoi agus duaradar
léi gur b’shin bean óg a fuaradar amú ansan, “go bhfuil taom éigint
fáltha aici, is dócha, agus fágfam anso í anois ar feag tamaill,
féachaint a’ dtiocfadh aon fheabhas uirthi.”

Níor aithin an tseanabhean so an bheirt, ná an bhean óg, agus
mar sin féin do dhin sí aon rud fhéatadh sí don mhnaoi óig, agus ní
raibh puínn mothú inti. Do thosnaig an bheirt sheanabhan i
n-aonacht leis a’ mnaoi na holla ar bheith ag obair – duine acu a’
cárdáil agus duine acu a’ slámáil, agus le teacht a’ lae d’imíodar
uaithi agus ní bhfuair sí a theille dá dtuairisc an oíche sin.

D’fhan a’ scéal mar sin ar feag seachtaine. Do bhí an bhean óg
aici. Ní raibh húm ná hám inti, ná aon mhothú i n-aochor. Bhí
gach aon aireachas ag an seana-mhnaoi á thúirt di. Do bhuail
chúithí airís, oíche acu, an bheirt sheanabhan chéanna, agus é go
maith déanach san oíche. Thosnaíodar airís ar bheith a’ cárdáil
agus a’ slámáil di. Bhíodar ag obair leo, agus duaradar leis a’ seana-
mhnaoi dul amach agus go gcathfadh sí scruid éigint a sholáthar
dóibh i gcóir na hoíche.

“Ní fheadar,” aduairt sí, “caidí an scruid a bheadh agam?”

“Cuir síos corcán uisce, ar aon tslí,” aduaradar.

“Níl an t-uisce istig agam,” aduairt sí.

“Ó, túir leat é,” aduaradar.

Amach léi, agus bhí sí dultha chun dro-hamhrais ar a’ mbeirt
sheanabhan. Do thug sí léi tadhscán uisce agus do chuir i gcorcán
ar a’ dtine é. Do bhí an bheirt ag obair leo ar an olainn. Amach léi
a’ d’irarra tadhscáin eile dhe, agus d’fhan sí amú ag éisteacht féach-
aint cad a bheadh ar siúl acu an fhaid a bheadh sí uathu. Do
thosnaig duine acu crónán amhráin:

“Cailleach a’ cárdáil is cailleach a’ slámáil,
A’s is maith an scruid áirneáin bean a’ tí ar ball againn.”

Is amhlaig a bhíodar a’ faire ar í mharú agus í dh’ithe. D’airig
sí uathu go breá cad a bhí acu le déanamh – “Agus is dócha,” aduar-
adar, “dá mbeadh aon mhothú sa mhnaoi óig seo go dtúrfadh sí
cúnamh don tseana-mhnaoi – go dteipfeadh orainn í mharú. Ach
níl, ná ní bheig, mar tá b’reán suain ‘na cluais, agus chun go dtógfar
é sin as a’ gcluais fanfa sí sin mar athá sí.”

Do tháinig an tseanabhean isteach airís le tadhscán don uisce,
agus an rud go léir airithe aici. Chuir sí sa chorcán é, agus do bhí
crích aici á dhéanamh ar fuaid a’ tí ar feag tamaillín. Riug sí ar
sheana-thuaig a bhí ion is bhuail sí buille dhi anuas ar bhloc a bhí
iron irs chuir ‘na seasamh ion í, agus do chaith sí amach tadhscán
uisce. Thóg sí crann aráin a bhí ion is chuir sí i gcimeád é. Amach
léi airís, agus do tháinig isteach go hanathúil deithinsach. Do chuir
sí liú aisti:

“Olagón!” ar sise. “Nách muar an scrios é! Tá an Fhaidhleann
Mhuar trí thine!”

Do léim an bheirt sheanabhan a bhí istig. Bhuaileadar a mbasa.
“Ó, a thiarcais!” arsa duine acu; “mo mhac! Tá sé imithe.”

“Ó, eist!” arsan bhean eile. “Nách measa dhôsa mo shean-
duine féin!”

Amach leo, agus nuair a chuadar amach ní raibh aon iúnaí le
fiscint. Ba mhaith a’ mhaise sin ag an seana-mhnaoi istig, do chuir
sí glas ar an ndoras agus do choigil an tine. Níor bh’fhada i n-aochor
chun gur tháinig an bheirrt amú a’ glaoch irad a leogaint isteach.

“Ní leogfad,” aduairt an bhean istig; “ní haon iúntaoibh liom
sibh.” Bhíodar a’ múirnínteacht uirthi ach níor bh’aon chabhair é.
Do ghlaodar ar uisce na gcos chun an dorais oscailt dóibh.

“Ní fhéatainn é,” arsa uisce na gcos, “mar táim caite amach anso
fé n-úr gcosa san aoileach.”

“Is olc é,” aduaradar. “Ca bhfuileann tú, a thuaig,” aduaradar,
“nú a’ n-oscalófá an doras duinn?”

“Ní féidir é,” aduairt an tua, “mar táim curtha anso – mo bhéal
go daingean sa bhloc.”

“A’ bhfuil aon sméaróid tine ansan oscalódh an doras duinn?”
aduaradar.

“Ní fhéatainn corraí,” aduairt an sméaróid, “mar tá mo chaipín
oíche curtha orm!’ – Do bhí an luaith curtha os cionn na tine.

“Ca bhfuil an crann aráin,” aduaradar, “nú a’ n-oscalódh sé
dhuinn?

“Féach ná féatainn, isdóin,” aduairt an crann aráin, “mar tá mo
chos fén rachta.”

B’shin mar a bhí. Níor bh’aon chabhair dóibh bheith a’ tathant
ar an seana-mhnaoi – ní oscalódh sí dhóibh, agus b’éigint dóibh
imeacht.

Larnamháireach do chuínig an tseanabhean ar cad a bhí ráite

mar gheall ar a’ mnaoi óig a bhí fágtha aici. Do chuardaig sí an
b’reán ‘na cluais agus do fuair sáite ann é. Do thóg an b’reán suairn
as a’ gcluais, agus do thosnaig an bhean óg ar chaint léi agus ar
ínsint di cér bh’í agus conas mar a fuadaíog nú a sciubag í ages na
seana-mhná so, agus gu’ dócha go raibh rud éigint fágtha ‘na hinead,
ach ná raibh fhios ag á muíntir cá raibh sí féin gofa. Airiú, ní raibh
sí ró-fhada ó bhaile i n-aochor. Do bhí aithne mhaith ag an seana-
mhnaoi ar a hathair: fear breá go léir – duine uasal a b’ea é – aduairt
a’ tseanabhean.

I gcionn lae nú dhó do cheartaíodar iad féin chun dul fé dhéin
mná óige. D’imig an bhean óg agus an tseanabhean, agus
ar nóin, is orthu a bhí an iúna nuair a bhuaileadar chútha mar do bhí
sí curtha acu le seachtain roimis sin nú níosa mhó – mar a shíleadar.
Is dócha gur sciubaithe a bhí sí; agus do shamhlaíodh daoine uim
an am san go sciubaithí muarán daoine, go muar muar éinne go
mbeadh aon bhreáthacht a’ buint leo: b’iad ba mhó a sciubaithí;
agus ní chreitidís gur bás nádúrtha fhairgheadh éinne óg: “sciuba” a
thugaidís air ir gcónaí. Ach do bhí sí seo sciubaithe ar aon tslí, ach
do bhí sí bertha thar n-ais anois ag an seana-mhnaoi. B’éigint dóibh
géille agus creidiúint a thúirt don tseana-mhnaoi ná raibh sí curtha
acu nuair inis sí an scéal go léir agus conas a thug an bheirt sheana-
bhan chúithi í. Ní fheadair éinne cér bh’iad na seana-mhná so ach
is dócha go raibh daoine éigint a’ buint leo sa bhFaidhlinn Mhuair,
a rá go rabhdar chó cráite nuair airíodar trí thine í.

Do tháinig an tseanabhean thar n-ais airís, agus má tháinig ní
leogfadh eagla dhi fanúint sa tig seo níos mó. Do chuaig sí a’ triall
ar an nduine uasal so go raibh an iníon bertha uaig, agus do choin-
nibh an duine uasal an tseanabhean go ceanasach, agus isé a thug
gach ceart di pé faid a mhair sí ‘na theannta.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s