Na Saighdiúirí agus an tÉadach Cláir

Peadar Ó Lionáird kindly agreed to read Na Saighdiúirí agus an tÉadach Cláir for me onto MP3. Download the MP3 here.

NA SAIGHDIÚIRÍ AGUS AN tÉADACH CLÁIR

Bhí bean bhocht ann go raibh garsún mic aici. Bhíodh an garsún
so ag obair do dhuine uasal i n-aice na háite. Do ráinig go raibh sé
déanach chun oibre maidean éigint nuair a chuaig sé a’ triall ar an
nduine uasal. Dhíbir sé é agus duairt leis ná túrfadh a theille oibre
dho. Tháinig sé abhaile a’ triall ar a’ máthair, agus é a’ gol.

“Cad a dhéanfair anois?” ar sise.

“Ní fheadar cad a dhéanfad,” arsan garsún. “Imeod orm agus
gheó mé obair i n-áit éigint. Din-se chó maith is d’fhéatair chun go
dtiocfad.”

D’imig sé air, agus thug sé cúpla lá a’ siúl a’ lorg oibre. Bhí sé
dultha ana-fhada ó bhaile nuair a casag air seanduine. “Caidé an
saghas duine tusa?” ar sisean leis a’ ngarsún, “nú cad tá agat á
lorg nú á dhéanamh?”

“Táim a’ lorg oibre,” aduairt an garsún, “ach ní bhfaighinn le
déanamh í.”

“Túrfadsa obair duit,” aduairt sé, “agus ní chuirfi mé aon ainm
ar phá dhuit chun go mbeig bliain túrtha agat – nú a’ mbefá sásta
leis a’ saghas san maragaig?”

“Do bheinn,” aduairt an garsún, “mar tá an saol teipithe orm.”

Ghaibh sé leis an seanduine abhaile, agus d’oibri sé dho go
breá tugtha chun go raibh an bhliain caite.

“Túrfa mé dhuit fiche púnt anois,” ar sisean, “nú más maith leat é,
tá éadach anso agam,” aduairt sé, “agus túrfa mé dhuit é i n-inead
na fiche púnt – éadach cláir – agus níl aon uair a leathfir ar a’
dtalamh é sin,” aduairt sé, “nú ar bhórd, ná go dtiocfaig gach saghas
bíg chút ar an éadach, agus dí.”

“Tógfa mé an t-éadach,” arsan garsún. Fuair sé an t-éadach.
D’fhíll sé chuige go deas slachtmhar é féna chasóig. Thug sé aghaig
ar a’ mbaile agus ana-dheithineas air, mar bhí tuairim aige go raibh
ocras ar a’ seana-mhnaoi ‘na dhiaig. Ar an slí dho do casag air fear
eile. Do labhair an fear leis:

“Táim a’ siúl le trí lá,” aduairt sé, “agus is tu an chéad duine a
casag orm – le trí lá.”

“Is amhlaig dom,” aduairt an garsún. “Táimse trí lá ar an
mbóthar agus ní fheaca éinne chun gur bhuaileas umutsa.”

“Táimse tnáite ag an ocras ar aon tslí,” arsan fear.

“Níl aon ocras ormsa,” arsan garsún, “ná aon ghá agam leis, agus
buinfi mé an t-ocras díotsa chó maith,” aduairt sé. “Suig ansan.”
Do shuig.

Do leath sé an t-éadach anuas ar a’ mbán, agus do tháinig gach
saghas bíg agus dí chútha ar an éadach. D’itheadar a ndóthain
agus d’óladar.

“Shíleas,” arsan fear, “go raibh míorúilth mhuar agam féin, ach
is feárr an mhíorúilth athá agatsa.”

“Cad tá agatsa?” arsan garsún.

Thairrig sé boiscín amach as a phóca. “Tá,” aduairt sé, “a’
bhficeann tú?” Do scaoil sé míle saighdiúir amach as a’ mboiscín.
“Déanfaid siad san pé rud adéarfa mé leo,” aduairt sé, “agus tiocfaid
siad thar n-ais airís chúm t’réis a dhéanta, isteach sa bhosca, agus
féatad iad a bhreith liom im phóca: ní iarrann siad bia ná éadach.”

“Ó, tá sé go maith agat,” arsan garsún.

“Má tá,” ar sisean, “dhéanfainn malairt leatsa anois: b’fheárr
liom a’ t-éadach ná iad.”

“Bíodh ‘na mharaga!” arsan garsún.

Thug sé dho an t-éadach, agus fuair sé boiscín na saighdiúirí.
Thug gach éinne acu a bhóthar air airís, agus nuair a bhí an garsún
imithe tamall d’oscail sé an boiscín. “Tagaig amach,” aduairt sé
leis na saighdiúirí. Thánadar. “Imíg oraibh,” aduairt sé, “agus
leanaíg é siúd go bhfuil an t-éadach aige, agus tugaig chúm an
t-éadach.” I gcionn neomait do bhíodar tagaithe thar n-ais chuige,
agus an t-éadach túrtha acu leo, buinte don fhear eile. Tháinig sé
abhaile a’ triall ar a’ seana-mhnaoi do mháthair dó. B’é an chéad
rud a fhiafra sí:

“Airiú, a’ bhfuil puínn airgid túrtha agat leat?”

“Tá, rud maith túrtha agam liom,” aduairt sé, “agus tá sé chó
maith againn cuire a thúirt dosna côrsain go léir anois, nuair go
bhfuilim tagaithe.”

Thug sé cuire dosna côrsain go léir, agus do bhí an mháthair ar
buile mar ní fheaca sí aon leathphinge airgid aige, agus ní fheaca sí
go raibh éinní aige le túirt dosna côrsain. Bhailíodar tímpal air: ba
mhaith leo é fhiscint t’réis teacht. Nuair a bhíodar go léir bailithe
thóg sé leis amach ar pháirc iad. Do leath sé an t-éadach, agus do
tháinig gach saghas bíg ba mhaith leo, agus dí. D’itheadar agus
d’óladar, agus ní raibh a lithéid d’iúna riamh orthu nuair a chonaic-
eadar an mhíorúilth a dhin an t-éadach.

Ba ghairid gur airig an rí an saghas so éadaig a bheith ag an
ngarsún. Chuir sé beirt nú triúr dá shaighdiúirí a’ d’iarraig an éadaig.
Má dhin, ní thúrfadh an garsún dóibh é. Do scaoil sé a shaighdiúirí
féin amach as an mbosca. “Maraíg beirt acu san,” aduairt sé, “agus
leogaíg uaibh an fear eile a bhéarfaig scéala a’ triall ar a’ rí.” Dhin-
eadar chó maith, agus do chuaig an fear eile thar n-ais, agus d’inis
sé an scéal don rí. Tháinig an rí féin, agus mithal mhuar shaighdiúirí
i n-aonacht leis.

“Cad tá uait?” arsan garsún.

“Caithfir an t-éadach a thúirt dom,” ar sisean.

D’oscail sé an bosca airís. Do scaoil sé amach a shaighdiúirí féin
le hórdú gach saighdiúir leis a’ rí a mharú. “Ná maraíg an rí!”
aduairt sé. Bhí san déanta acu láithreach.

Nuair a chonaic an rí an mhíorúilth oibre a bhí aige á dhéanamh:
“Níl aon rud a b’fhearra dhuit a dhéanamh,” aduairt an rí, “ná dul
liom. Túrfa mé mo ríocht duit agus mh’iníon le pósa. Is feárr a
chosnóir-se agus an bosca san an ríocht ná mar a chosnódh pé méid
saighdiúirí athá agamsa, agus do réir mar airím mar gheall ar an
míorúilth a dhineann an t-éadach san, ní fhágfa sé tart ná ocras ar
éinne againn!”

B’shin mar a bhí. Phós sé iníon an rí, agus cé déarfadh ansan go
raibh aon easnamh fágtha aige ar a mháthair?

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s