An Ruathaire Mic: Audio

Áine Ní Chuill kindly agreed to read An Ruathaire Mic for me onto MP3. Download the MP3 here.

AN RUATHAIRE MIC

Uair éigint do bhí feirmeoir ann. Do ráinig go raibh ruathaire
mic aige chó mí-ábharach is bhí sé sa dúthaig. Do bhí sé ólthach,
imearthach, díomhaoin. Níor bh’fhún leis aon rud a bhuinfeadh le
gnó a dhéanamh, agus do bhí an t-athair cortha dhe. Níor thaitn
leis an saghas slí go raibh a shaol aige á chathamh i n-aochor. Ar aon
tslí, bhí sé chó cortha dhe is go nduairt sé leis lá éigint:

“Tá sé chó maith agat,” aduairt sé, “bheith ag imeacht, pé rud a
dhéanfa mé it éamais, mar n’fhicim go bhfuil aon fhún ort so ná súd
a dhéanamh, ach gach éinní níos mí-ábharaí ná a chéile.”

“Bíodh sé mar sin,” arsan mac. “Imeod, agus ní fhíllfead!”

“Mara bhfillir féin,” aduairt an t-athair, “ní haon díobháil é, ar a’
bhfuadar athá fút!”

D’imi sé agus do thriail sé an saol. Bhíodh tamall anso agus
tamall ansúd aige, agus bhíodh sé ar aonach agus ar mharaga agus
is gach aon áit dá mhí-ábharaí. Lá éigint do bhí sé a’ cuir de, agus
do casag air bacach. Chuaig sé féin agus an bacach chun cainte le
chéile, agus bhí sé a’ fiafraí don bhacach conas a bhí sé a’ déanamh
ar a’ gcéird, nú ar bh’fhiú do dhuine tosnú uirthi.

“Á, mhuise, uaireanta,” aduairt an bacach, “dhéanfá go maith,
agus uaireanta eile bheadh an scéal ar do dhíthal agat agus gan
puínn le fáil agat.”

Bhíodar a’ cuir díobh an bóthar agus a’ caint. Chonaiceadar tig
ana-bhreá ann, agus do réir dheabhraimh an tí ní raibh éinne chun
cónaig ann. Leis sin do casag orthu fear eile. Bhíodar stopaithe, a’
féachaint ar a’ dtig, agus d’fhiafra sé dhíobh:

“Caidí an fhéachaint athá agaibh ar a’ dtig seo?”

“A lithéid seo,” aduairt mac an fheirmeora. “Tig ana-bhreá isea
é, agus deabhraím ná fuil éinne chun cónaig ion. Sidé athá a’ cuir
úna orainn.”

“Níl,” aduairt sé, “aon duine chun cónaig sa tig sin agus b’fhéidir
nár bh’fhearra dhóibh a bheith, agus an fear gur leis an tig sin
b’éigint dó buala amach as le neart púcaí, agus ‘sé an áit ‘na bhfuil
sé chun cónaig anois, sa tig úd thall,” – a’ tiospeáint tí eile dhóibh
ná raibh ró-fhada i n-aochor uathu.

“Ó mhuise,” arsan ruathaire mic feirmeora so, “dá bhfágadh sé
sinn-ne istig ansan is beag a’ speic a chuirfeadh púcaí orainn.”

“Airiú, is amhal a bheadh áthas air,” aduairt a’ fear so, “dá
n-iarradh sibh air é, agus gheallfainn díbh go bhfágfadh sé istig sibh
go tugtha.”

Do chuaig sé féin agus an bacach fé dhéin an tí seo agus chuadar
chun cainte leis a’ bhfear a bhí ann. Ar nóin, mac duine uasail a
b’ea é.

“Sea,” aduairt sé. “Do thúrfainnse lóistín na hoíche sa tig díbh
ach ní maith liom a lithéid a dhéanamh oraibh. Níl éinne a théann
sa tig sin ná go gcathann rith amach as le neart púcaí i gcathamh
na hoíche.”

“Airiú, dícéille!” aduairt an ruathaire seo; “ní chuirfidís aon
speic orainn. Agus má fhágann tú ann sinn i gcóir na hoíche is sinn
a bheig go baoch díot.”

“Ó ‘se, go deimhin fágfad,” aduairt sé, “agus ní fhágfa mé aon
easnamh oraibh ann, agus ‘na theannta san, má bhíonn sibh rôm
‘núr mbeathaig ar maidin ann túrfa mé síntiús maith airgid díbh.
Fanaíg anso,” aduairt sé, “chun go dtiocfaig titim oíche.”

D’fhan an bheirt, agus fuaradar fuíollach le n-ithe agus le n-ól
uaig. Le titim oíche:

“Sea anois,” aduairt sé, “téanaíg oraibh agus oscalódsa an tig
díbh. Tá leabaig istig ann, agus is féidir libh dul chun collata pé uair
is maith libh.”

D’imíodar orthu fé dhéin a’ tí. D’oscail sé an doras dóibh, agus
do scaoil isteach uaig an bheirt. Do bhí leisce ar a’ mbacach dul
isteach mar do bhíodh eagla púcaí air, ach duairt an ruathaire eile
seo leis:

“Airiú, a bhithúnaig,” ar sisean, “ar nóin, ní dhéanfá a lithéid
anois t’réis a bhfuil ite agus óltha againn? Tá’s agat go gcathfam
dul isteach.”

Sea. Nuair a bhíodar istig shiúlaíodar an tig go léir a’ féachaint
ar gach éinní bhí ann, agus t’réis tamaill don oíche: “Is dócha,”
aduairt sé leis a’ mbacach, “go mbeadh sé chó maith againn dul a
cholla. Tá leabaig bhreá anso againn, agus b’fhéidir nách i gcónaí a
gheóimís í. Ragham araon a cholla,” aduairt sé, “agus níl aon bhaol
go gcuirfig púca ná sprid aon speic orainn.”

Do chuadar araon a cholla, agus ní rabhdar ró-fhada i n-aochor
sa leabaig nuair a thit a’ bacach ‘na cholla agus níor thit aon cholla
ar an bhfear eile. Amach tímpal lár na hoíche amach, d’airig sé an
fothram ar fuaid an tí, agus níor bh’fhada i n-aochor chun gur
hoscalag isteach an doras sa tseomra ‘na rabhdar chun collata. Do
bhailig isteach chuige an slua muar daoine, ‘dir fhear agus bean,
agus nuair a bhíodar bailithe isteach – radharc breá aige orthu agus
ana-sholas acu – do bhí bheidhleadóir ‘na measc: bheidhlín aige.
Thosna sé ar cheol a sheint agus thosnaig an chuid eile go léir ar
bheith a’ rínnce ar fuaid an tseomra.

Airiú, do bhuail an ruathaire seo poc dá uilinn ar a’ mbacach a
bhí ‘na cholla agus do dhúisig é.

“Airiú, a dhiail,” aduairt sé, “conas a fhéadann tú fanúint id
cholla agus an ceol chó breá! Canathaobh ná dúisíonn tú agus
bheith ag éisteacht leis?”

Chuir a’ bacach a cheann amach ón éadach agus nuair a chonaic
sé cad a bhí ar siúl amú chuir sé a cheann fén éadach airís go deithin-
sach, agus duairt go ciúin leis a’ bhfear eile: “Eist réig, is ná
hairídís tu!”

Do lean an rínnce ar aon tslí, agus do thosnaig an ruathaire seo
ar bheith á iarraig ar a’ mbacach eirí amach agus go ndéanfaidís
rínnce ‘na measc.

“Ó, leog dom!” adeireadh sé; “leog dom! Má leogann siad
duinn tá an scéal go maith againn, agus táim á fhuláramh ort
leogaint dóibh.”

“An dial mhuise,” aduairt sé, amach san aimsir, “ní leogfad
dóibh, agus nuair is go bhfuil a lithéid do phléisiúr agus do shulth
acu á fháil san oíche beig mo chion de agamsa chó maith leo, mar
ragha mé a’ rínnce.” Amach leis as a’ leabaig, agus d’fhág mo
pháintheach bacaig istig ‘na dhiaig – a cheann fén éadach aige.
Thosnaig an rínnce amú aige i n-aonacht leo, agus ní raibh puínn
don rínnce déanta aige i n-aochor nuair a thugadar fé ndeara é bheith
‘na measc. Do stop an rínnce agus d’imig an eile dhuine acu. Bhí
sé féin agus an bacach ansan airís gan éinne acu. Chuaig sé sa
leabaig, agus é féin agus an bacach a’ caint mar gheall ar a raibh
ficithe acu. Do bhí an bacach a’ crith ‘na chroicean le heagla go
dtiocfadh aon tóir eile orthu, agus másea ní raibh aon eagla ar a’
bhfear eile.

T’réis tamaill, ba ghairid gur airíodar an fothram a’ teacht airís,
agus ní raibh an bacach ‘na cholla nuair a airig sé an fothram a’
teacht. Thosna sé ar chrith le heagla. “Airiú,” aduairt a’ fear eile,
“caidé an dial san ort, nú cé roimis go bhfuil a’ t-eagla agat? Ar
nóin, ní dhéanfaid siad piuc leat.”

Níor bh’fhada i n-aochor gur bhuail chútha isteach ceathrar fear
agus côra ar a nguaille acu. Do bhí an bacach i gcónaí – ní fhéadadh
sé féachaint amach ar éinní bheadh ar siúl, ach i bhfuirm an t-éadach
casta air féin le heagla go bhficeadh sé iad. Do bhuail sé poc ar a’
mbacach airís:

“Airiú, anois athá an rud greanúr tagaithe,” aduairt sé. “Dúisig
aniar ansan, agus eirig aniar ar do chabhail chúm chun go bhfici tú
an rud go léir. Tá ceathrar fear tagaithe isteach le côra, an chôra
is breátha a chonac riamh.”

“Éist!” adeireadh a’ bacach, agus é geall leis a’ gol, le heagla go
bhficeadh éinne é féin. Ba chuma leis i ndeire bárra, is dó liom, dá
mbéarfaidís leo an ruathaire eile! Ar aon tslí, bhí sé a’ tathant ar
a’ mbacach dúiseacht chun go bhficeadh sé an chôra, nú a cheann a
thógaint ón éadach. Níor bh’aon chabhair é, agus i ndeire bárra do
léim sé féin amach as a’ leabaig. Thosna sé ar fhéachaint ar a’
gcôrainn, agus á mola.

“An deamhan,” ar sisean, “ní fheadar a’ bhfuil éinní istig inti?”
Do bhí an ceathrar fear imithe agus an chôra fágtha ‘na ndiaig acu.
I gcionn tamaill thosna sé agus do bhuin sé an clúdach di. Cad a
bheadh ná fear istig inti – marbh, mar a shíl sé.

“Tá fear marbh istig inti,” aduairt sé leis a’ mbacach, “agus nách
muar a’ trua ná féadaimíd rud éigint a dhéanamh dó. Eirig amach
as san chun go dtógam as a’ gcôrainn é; agus b’fhéidir nách marbh
ar fad athá sé. Cuirfeam sa leabaig é ar feag tamaill. Ca bhfios ná
gur b’amhal a raghadh feabhas air?”

“Ó, éist!” adeireadh a’ bacach, agus an t-eagla go léir air. Ní
thiocfadh sé amach, ach dridiúint isteach sa leabaig. Leis sin do thóg
an fear eile amach as a’ gcôrainn an té bhí inti agus do riug leis é fé
dhéin na leapa. “Drid isteach,” aduairt sé, leis a’ mbacach, “chun
go gcuirfi mé é seo ansan eadrainn.”

“Tá fuadar greanúr fút,” aduairt a’ bacach, “agus ba mhuar a’
mí-á a bhí orm nuair a casag orm tu iniubh!”

“Á, is cuma dhuit,” aduairt sé. Do chuir sé istig i lár na leapa é,
agus do luig sé féin ar a’ dtaobh amú dhe, agus an bacach go heaglach
ar a’ dtaobh istig de. T’réis tamaill do tháinig an ceathrar fear airís.
Chuireadar an chôra ar a nguaillibh, agus as go brách leo. Níor
fhéachadar peocu bhí duine istig inti nú ná raibh.

Amach i ndeire na hoíche amach, is amhlaig a bhí an fear so a bhí
sa chôrainn a’ dul i bhfeabhas agus á chorraí féin, mar a bheadh
éinne; agus le teacht a’ lae do bhí sé in’ fhear bheo láidir acu airís,
chó maith is bhí éinne acu féin!

Airiú, do thosna sé ar ínsint dóibh:

“Ní rabhas-sa marbh i n-aochor,” aduairt sé, “ach do chuireadar
draíocht orm, tamall muar ó shin, agus táim sa chôrainn sin acu a’
teacht agus ag imeacht anso gach aon oíche riamh ó shin,” aduairt sé.
“Agus níor bh’fhéidir an draíocht san a thógaint díomsa, nú ní
rabhdar chun é thógaint díom, chun go bhfaighfí fear nú daoine
éigint a fhanfadh anso sa tig agus a fhéatadh mise a thógaint amach
as a’ gcôrainn nuair a thúrfí ann me. Agus is mac dôsa,” aduairt sé,
“an fear a thug lóistín sa tig seo dhíbhse anocht.”

Nuair a tháinig an mhaidean d’fhág an triúr acu i n-aonacht –
mac an fheirmeora agus an fear so a thógadar as a’ gcôrainn agus an
bacach – cé go raibh an bacach ana-chortha don oíche: níor mhaith
leis na nithe a bhí ficithe aige i n-aochor. D’imíodar orthu fé dhéin
mac an duine uasail. Is air a bhí an iúna nuair a chonaic sé cé bhí i
n-aonacht leis a’ bhfear eile agus leis a’ mbacach, nuair a chonaic sé
gur bh’é a athair féin é, agus é curtha aige le fada roimis sin. Ach
d’inis a’ t-athair dó ná raibh sé curtha, ná éinní dhá shaghas, ach
curtha fé dhraíocht, aduairt sé – agus gur b’é bhíodh gach aon oíche
a’ teacht ag an ndream so a riug leo é, istig i gcôrainn, agus é fén
ndraíocht; agus ná féatadh sé teacht ón ndraíocht chun go bhfaighfí
fear éigint fhanfadh sa tig, ‘oscalódh an chôra agus do thógfadh amach
é, agus ní raibh an fear san le fáil, ach iad go léir a’ rith, nú a’ titim i
bhfanntais nú rud éigint, nuair a chídís na nithe bhíodh ar siúl acu –
chun gur tháinig an fear so. “Sin fear,” aduairt sé, “go bhfuil
misneach aige; agus ní dhéanfad an iomarca mola ar a’ mbacach,”
aduairt sé, “‘dtaobh is gur chabhraig sé leis chun me thé sa leabaig
nuair a tógamh as a’ gcôrainn me! Anois, is ceart duit,” aduairt sé,
“fuíollach airgid a thúirt don bheirt, agus deabhraím nách aon
bhacach duine acu; agus an té thá ‘na bhacach, túir oiread dó is
chuirfig buiniscionn le bacachas é, pé faid a mhairfi sé.”

I gcionn lae nú dhó bhíodar ag imeacht, agus do thug mac an
duine uasail cáirne airgid don bheirt. Thug sé níos mó don ruathaire
seo ná don bhacach. Thugadar a n-aghaig ar a’ mbaile, nú thug so
aghaig ar a’ mbaile, agus is dócha ná feadar cá raibh baile ag an
mbacach; agus nuair a tháini sé a’ triall ar an athair mar a chéile
a bhí sé: níor fhéach aon fheabhas air, ach go raibh a chuid éadaig
b’fhéidir rud éigint níos measa ná mar a bhíodar nuair a fhág sé é.
Agus ba mhó ná riamh an dro-mheas a bhí ag an athair air nuair
a chonaic sé é.

“Sea anois,” aduairt sé leis an athair, “ní gá dhuit an dro-mheas
go léir ormsa i n-aochor. Táim chó maith le héinne cluinne a bhí
agat,” aduairt sé, “agus nílimse a’ brath i n-aochor ort. Dá ghiorracht
atháimse amú tá mo mhaireachtaint déanta agam. Tá fuíollach
airgid agam.” Do thiospeáin sé dho an cnuba óir a bhí fáltha aige.

D’atharaig so an t-athair, agus ní raibh duine don chluínn ba
mheasa leis ná é as san amach nuair a chonaic sé go raibh an t-airgead
aige. Do luig sé chun oibre agus chun críche, agus do bhí ciall aige
chó maith is bhí ag aon fhear nú buachaill ar a’ mbaile. Agus isé a
fuair an áit ón athair, agus thug sé leis isteach rábaire mná ná raibh
eagla aici roime phúca ná sprid. Agus níl aon bhaol go raibh aon
eagla aige seo rómpu, mar do bhí a chuid airgid déanta aige go breá
dána dáiríribh.

Advertisements

About djwebb2010

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s