Áille na hÁilleacht: Audio

Rachel Ní Riada kindly agreed to read Áille na hÁilleacht for me onto MP3. Download the MP3 here.

ÁILLE NA hÁILLEACHT

Tráth éigint do bhí rí i nÉirinn. Do bhí triúr mac aige agus iníon.
Bhíodar so fásta suas, agus ní raibh bean eile nú cailín ba dheise le
fáil ná an iníon: “Áille na hÁilleacht” a thugaidís uirthi.

Ar aon tslí, do buaileag breoite bean an rí agus ba ghairid i
n-aochor a mhair sí. Nuair a bhí sí a’ dul chun báis do ghlaoig sí
chúithi an triúr mac agus an iníon álainn seo. Thug sí scian a’ duine
don triúr mac – sceana óir – agus do thug sí cíor óir don inín. “Níl
aon rud a bheig geárrtha leis na sceana so,” aduairt sí, “nú pé duine
a gheárrfaig leo, ná go n-aithneó sibh gur b’iad a gheárr é. Agus an
chíor: pé tuirse nú buairt nú breoiteacht a bheig ort, nuair a chíorfair
do cheann leis a’ gcír seo imeoig do chuid tuirse agus buartha, agus
tiocfair thar n-ais airís id shláinte chó maith is bhís!”

B’shin mar a bhí. Do cailleag bean an rí agus do cuireag í, agus
níl aon bhaol ná go raibh buairt ‘na diaig, agus do bhí an chlann ar
buile ar fad ‘na diaig. D’imig an aimsir, agus fé mar imig an aimsir
do bhí an brón a’ lagú orthu agus ar an rí chó maith san. I gcionn
tamaill, pé donas a shéid fé, do chuínig sé ar phósa airís, agus ní
áiteodh a’ saol air ná go bhfuair sé bean uasal eile. Bhí a chlann
fásta suas, agus do thug sé leis an bhean so mar leasmháthair orthu.
Bean ana-bhreá a b’ea í seo, cé ná raibh a tréithe de réir a breáth-
acht!

Ar dtúis, nuair a tháini sí, duairt sí leis an rí ná raibh fhios aici
go raibh aon chlann aige, agus nár bh’fheárr léi ann iad ná as!

“Sea,” aduairt an rí, “caithfid siad bheith ann. Táimse chó baoch
díobh san is dá mb’iad do chlann-sa iad.”

“Nílim-se baoch díobh,” aduairt sí, “i dtaobh is ná fuil aon
saghas díobhála agam le déanamh dóibh, ná ní imireod cleas ná
feall orthu.”

B’shin mar a bhí ar feag tamaill, agus lá éigint duairt sí leis an
dtriúr mac: “Anois, túrfadsa dhíbh,” aduairt sí, “trí caipíní liaithe
déanta á lomara an mhuilth draíochta, agus nuair a chuirfi sibh
oraibh na caipíní seo, nú pé faid a bheid siad oraibh, ní féidir draíocht
ná cleas imirt oraibh.”

Do chuir so áthas ar a’ dtriúr mac, agus lá éigint do thug sí dhóibh
na trí caipíní liaithe. Do chuireadar orthu na caipíní agus ní túisce
a chuireadar orthu iad ná eirig an triúr ‘na dtrí préacháin draíochta!
D’imíodar san aer leis na caipíní liaithe orthu.

Do bhí úna ar an athair agus ar an ndrifír cad a bhí déanta aici
leo, ach níor dhin sí aon cheilth ar cad a bhí déanta aici leo.

“Táid siad imithe,” aduairt sí, “agus choíche airís ní fhíllfid siad.
Fanfaig an draíocht so orthu, pé áit ‘na ngeóid siad.”

“Más mar sin atá an scéal,” aduairt an rí, “féatair-se bheith ag
imeacht chó maith leo – ní bheir-se mar bhean agamsa, ná ní leóthair
bheith san áit ‘na mbead. Bailig suas anois,” aduairt sé, “éinní a
bhuineann leat, agus fág mo thig!”

B’éigint di. D’imi sí uirthi, agus ní fheadair éinne cár ghaibh sí.

Ní raibh piuc sa tig ach buairt ar an rí, agus ar an inín, toisc a
driotháracha bheith imithe. Bhídís i gcónaí, ó huair go huair, a’
faire féachaint a’ bhficfidís a’ teacht i n-aobhal iad, agus ní thiocfadh
préachán ar fuaid a’ bhaíll ná go mbeifí a’ faire air le súil is gur b’iad
a bheadh ann. Ach ní rabhdar. D’fhan an scéal mar sin ar feag
gach fhaid. Ní raibh sa tig ach an rí agus an iníon. Pé cuma é, do
buaileag isteach i n-aigne an rí go mbídís a’ teacht fé dhéin a’ tí
uaireanta, dá mb’fhéidir iad d’fhiscint, agus duairt an iníon:

“Má táid,” aduairt sí, “ba cheart duinn-ne bia a bheith ullamh ‘na
gcóir pé uair a thiocfaidís.”

“Ní thagaid siad isló,” aduairt an rí; “tá’s agam ná tagaid. Ach
pé cuma é, samhlaím go dtagaid siad istoíche.”

Ba mhaith a’ mhaise sin ag an ndrifír: do shocraig sí bia agus
d’fhág arsí a’ mbórd é nuair a bhíodar a’ dul a cholla. Ach má fhág
ní raibh aon fhoghail curtha ar a’ mbia nuair eiríodar airís ar maidin.
Níor stad sí air sin: do choinnibh sí suas an nós – an bia a chuir ar a’
mbórd chútha le súil is go dtiocfaidís.

Maidean éigint dár eiri sí d’fhéach sí ar an mbia – ar an arán,
ar an bhfeoil, agus ar an ím. “Níl aon bhaol,” aduairt sí, “ná gur
scian mo dhriothár críona a gheárr an blúire anuas don phíosa feola
athá ansan!” Agus d’fhéach airís ar an ím, agus duairt:

“‘Sí scian an tarna driothár a thóg an píosa ime!” Agus nuair a
fhéach sí ar an arán: “Níl aon bhaol,” aduairt sí, “ná gur gearrag
cuid don arán san le scian an driothár is óige agam!”

D’inis sí an rud go léir don rí, agus do bhí úntas air agus duairt léi:

“Fág bia ar a’ mbórd gach oíche acu, peocu thiocfaid siad nú
fhanfaid siad.”

“Ó, táid siad a’ teacht,” aduairt an iníon. “D’aithneoinn na
geárrthaíocha athá déanta ages na sceanaibh.”

B’shin mar a bhí, agus do bhíodh rud éigint buinte as a’ mbia
gach oíche ar a’ mbórd. Do chuínig sí i gcionn tamaill: “Fairfi mé
anois iad,” aduairt sí, “oíche éigint, agus beig fhios agam a’ dtagaid
siad, nú an préacháin nú mo dhriotháracha athá a’ teacht.”

Do dhin chó maith. D’fhan sí i n-áit éigint a’ faire orthu, agus
i gcionn abhfad don oíche do tháinig na trí préacháin. Shuíodar
chun an bhúird agus do bhuineadar díobh na trí caipíní liaithe, agus
chó luath is bhuineadar díobh iad do dhin triúr fear díobh – na
driotháracha, fé mar a bhíodar riamh! Do bhuin so preab aisti,
agus ní fheadair sí cad ba mhaith dhi dhéanamh. Mar sin féin, do
léim sí chútha agus do riug thíos is thuas orthu, agus do ghluais an
póga agus an cion agus an obair.

“Ní imeó sibh anois choíche airís,” aduairt sí.

Dhineadar muarán cainte le chéile.

“Á, imeóm airís,” aduaradar, “agus tiocfam, ach n’fhéataimís
fanúint; agus dá mb’áil leat anois,” aduaradar, “faire go fóill duinn
do chollóimís néall bheag éigint: táimíd buailthe amach le heaspa
collata. Glaoig orainn roim lá mar cathfam bheith amú airís.”

D’fhan sí a’ faire dhóibh agus do shín an triúr acu agus thit ‘na
gcolla. An fhaid a bhíodar ‘na gcolla, pé rud a chuir isteach ‘na
ceann:

“Dá mbeadh na caipíní dóite agam níl aon bhaol go bhféataidís
imeacht a theille, mar do bheadh an draíocht buinte agam díobh.”
Chó luath is fuair sí ‘na gcolla sa cheart iad d’adaig sí an tine, agus
nuair a bhí an tine ar lasa go maith aici fuair na trí caipíní agus do
chuir ar a’ dtaobh istig don tine iad. Do loisceag na trí caipíní
draíochta, agus nuair a ghlaoig sí ar an dtriúr driothár b’é an chéad
rud a loirgeadar – na caipíní.

“Níl siad so le fáil a theille agaibh,” aduairt sí, “mar do loisceas
iad san sa tine.”

Thosnaig an triúr ar lógóireacht. “Faire go brách!” aduaradar.
“Ní hé gur dhinis linn é?”

“Tá sé déanta agam,” ar sise, “peocu maith nú díobháil díbh é.”

“Ó, an díobháil is mó fhéadfá a dhéanamh,” aduaradar. “Do bhí
caé againn-ne bheith saor tamall ón ndraíocht an fhaid a bheadh na
caipíní againn, ach nuair atháid siad loiscithe anois agat níl aon bhaol
ná go bhfanfaig an draíocht orainn-ne go deo agus ní féidir sinn a
shaora uaig, agus n’fhicfir a theille sinn!”

Do thosna sí ar lógóireacht chó maith leo. Leis sin do dhin na
trí préacháin díobh airís, gan aon chaipíní orthu, agus do sceinneadar
uaithi le teacht an lae. D’fhiafra sí dhiobh ar lín n imithe dhóibh
agus iad a’ gol:

“A’ bhfuil aon chaé go bhféadfí sibh a shaora ón ndraíocht, nú
cad fhéatainn a dhéanamh chun aon tairife a dhéanamh díbh?”

“Níl,” aduaradar, “is dócha, aon chaé ar sinn a shaora uaig. Níl
aon rud a shaorfadh sinn ach go gcathfá trí léinteacha a dhéanamh
duinn don cheanabhán móna. Chathfá na léinteacha so a dhéanamh
gan aon fhocal a labhairt an fhaid a bhefá a’ gabháil dóibh, agus
gan aon deoir a shile.”

D’imíodar air sin. B’shin a bhfuair sí do thuairisc uathu. D’inis
sí an scéal go léir don rí ar maidin, agus do throid an rí – bhí sé ar
buile ‘olcas a bhí curtha chútha. “Ar nóin,” aduairt sé, “b’fheárr
leogaint dóibh bheith a’ teacht agus ag imeacht mar sin ná iad a
bheith imithe gan fiscint go deo airís!”

“Sea,” aduairt an iníon, “déanfadsa mo dhíthal dóibh ar aon tslí.
Ní fhanfa mé anso ‘na ndiaig, agus pé aimsir a thógfa sé ormsa,”
aduairt sí, “baileó mé oiread don cheanabhán móna is go bhféata mé
trí léinteacha a dhéanamh dom thriúr driothár.”

D’imi sí uirthi is d’fhág sí an rí ansan in’ aonar. Bhí sí a’ siúl léi
riamh is choíche chun gur casag isteach i seana-mhuíng portaig í
mar a raibh muarán don cheanabhán móna. Thosnaig sí ar é bhailiú,
agus thugadh sí gach aon lá ar fuaid an phortaig a’ bailiú. Do bhí
botháinín amach i n-imeall an phortaig, agus do bhailíodh sí cadhráin
mhóna agus rudaí ann. Dhin sí tine sa bhotháinín di fé n, agus do
chua sí chun cónaig ar fad i ndeire bárra ion. Is ann aibhíodh sí i
gcónaí.

Do bhí úna ar na daoine caidé an saghas í, agus aon duine a chasfí
uirthi a labharfadh léi ní raibh aon fhocal aici le labhairt leis, agus i
n-inead “Áille na hÁille” a bheith mar ainm uirthi as san amach ‘sé
an ainm a bhí ag muíntir na háite uirthi: “Ceanabhán Ciúin,” mar
bhí sí a’ bailiú an cheanabháin agus gan aon fhocal cainte aici.

Thug sí breis is bliain sa tig seo. Do bhí oiread bailithe aici ir
gcathamh a’ tsamhraig is dhéanfadh na léinteacha, ach bhí an obairr
go léir ar é chárdáil agus do shníomh agus fíodóireacht a dhéanamh
air, agus do dhin sí féin an rud go léir, nú bhí sí á dhéanamh.

Do chónaig duine uasal ana-mhuar i n-aice na háite. Bhíodh sé
amú go minic lena ghunna agus lena ghadhair, agus ghabhadh sé
tríd a’ seana-mhuíng seo a’ lorg naoscach is rudaí, agus do casag air í
seo uair éigint. Thug sé fé ndeara an bhreáthacht go léir a bhí a’
buint leis a’ gcailín, agus bhí fhios aige cá mbíodh cónaí uirthi –
sa tseana-bhothán. T’réis tamaill, pé cúrsa lae nú fiaig a bheadh
túrtha aige chathfadh sé glaoch isteach sa tigín seo, agus do ghlaoig
go mion agus go minic. Do bhí duine éigint chó hûl-scéalthach is gur
inis sé do bhean an duine uasail go raibh bean eile i dtigín an phortaig,
mar a thugaidís air, agus go mbíodh a’ duine uasal a’ glaoch ann go
minic. Sea. Níor chreid sí ar feag abhfad é, agus i gcionn tamaill
do hínseag airís di go raibh duine cluinne ag an mnaoi a bhí i dtigín
an phortaig, agus gur leis an nduine uasal an duine cluinne. Chreid
sí ansan é, agus la’ éigint dá raibh an duine uasal á baile do tháini sí
féin chun go bhficeadh sí cé bhí i dtigín an phortaig, nú ar bh’fhíor
na scéaltha a bhí ínsithe dhi. Chó luath is tháini sí isteach d’aithin
sí an bhean a bhí i dtigín an phortaig, agus mar a’ gcéanna d’aithin
an bhean a bhí i dtigín an phortaig í siúd – cé bheadh ann ná an
leasmháthair, pósta ag an nduine uasal so nuair imi sí ó Rí Éireann!

Do bhí an fhearg uirthi, agus n’fhéatadh iníon an rí labhairt léi.
B’é an chéad rud a dhin sí ná breith ar an leanbh agus é mharú.
Do gheárr sí na méireanta don leanbh – saghas straca thúirt dóibh,
agus do chimil an fhuil do bhéal na máthar. Bhí an mháthair a’
féachaint ar an rud go léir agus níor labhair sí, agus níor fhéad sí
gan deoir a shile, cé go raibh san leis coiscithe uirthi, agus chuínig
sí uirthi féin nuair a bhí an deoir a’ titim óna súil. Do bhí an léine
aici á dhéanamh. Do bhuail sí an léine suas i gcoinibh a súl, agus do
dhin fuil don deoir a bhí titithe ar an léine.

D’imig an bhean nuair a bhí so déanta aici, agus tráth éigint
larnamháireach do tháinig an duine uasal ar fuaid a’ bhaíll airís
agus do chonaic sé an obair a bhí déanta – an leanbh marbh agus rian
na fola ar bhéal na máthar.

“Caidé an saghas mná i n-aochor í,” aduairt sé leis féin, “nú an
amhal a bhí sí chun an linbh a dh’ithe?” Bhí sé ar buile, agus do
riug leis abhaile í.

“Cuirfeadsa pionós ort do dheascaibh an ruda so,” aduairt sé.
Ní duairt sí smiug. Bhí a cuid léinteacha aici, agus a bhfrumhór
déanta aici.

Sea. Do thosnaig a bhean féin air: ná raibh aon deabhramh dó
bheith dultha i n-aochor go dtí tigín an phortaig; ach níor bh’aon
chabhair bheith leis.

“Cuirfi mé chun báis í,” aduairt sé, “do dheascaibh an linbh” –
agus do bhí lá ceapaithe aige chun í losca. Do bhí carn muar bros-
naig agus seana-aitinn agus gach éinní dá thriomacht bailithe aige,
agus ag á chúnamh, agus do bhí fógra curtha amach aige is gach
aobhal tímpal air teacht a’ triall air an lá san chun go bhficidís an
losca a thúrfadh sé dhi.

Do tháinig an lá, agus má tháinig ní raibh na léinteacha críoch-
naithe. Bhí sí ag obair léi agus gan smiug aici á labhairt. Thógadar
leo í go dtí pé áit ‘na raibh an tine mhuar socair, agus do lasag an
tine chun í chathamh isteach inti. Do bhí an tine ar lasa, agus bean
an duine uasail á rá gur cheart í chathamh isteach an fhaid a bheadh
an tine chó maith, agus do thiospeánadh sí an léine seo go raibh an
braon fola déanta don deoir a shil iníon an rí: “Féach,” adeireadh sí,

á tiospeáint dá raibh láithreach – “an léine a bhí aici á dhéanamh,”
adeireadh sí, “nuair a mhairbh sí an leanbh. A’ bhficeann tú cuid
d’fhuil an linbh uirthi?” Bhí ana-dheithineas uirthi chun í chath-
amh isteach, agus má bhí do bhí duine uasal muar eile tagaithe ann
a’ féachaint ar an obair.

“Stadaig go fóill anois,” aduairt sé; “ná cuirig isteach i n-aochor í.
Tá rud éigint greanúr a’ buint leis a’ mnaoi sin, agus tá gnó greanúr
éigint ar siúl aici. Níl éinní curtha ‘na leith agaibh,” aduairt sé, “ach
marú an linbh. Ní fheacaig éinne an leanbh aici á mharú; agus
‘dtaobh an duine uasail a bheith gofa léi,” aduairt sé, “ní dhinim an
iomad úna dhe sin, mar ar íseal ná uasal ní theipeann an tuathal!
Scaoilig thoraibh roint neomataí eile,” aduairt sé, “agus is uiriste í
dhó aon tráth má théann sé air díbh.”

Bhí an cnaipe déanach aici á chuir sa léine dhéanach. Bhí sí ag
éisteacht leis an gcaint go léir, agus anois do bhí an cnaipe déanach
aici á chuir sa léine dhéanach acu. Nuair a bhí an cnaipe curtha
isteach aici do thairrig sí chúithi an chíor óir. Níl aon bhaol ná gur
fhéach sí go holc agus go suaite agus go caite t’réis a haimsire.
B’shidé an chéad fhocal a labhair sí:

“Is mithid dôsa mo cheann a chíora!” Do chíor sí an ceann leis
a’ gcír óir, agus ní raibh sé cíortha ar fad aici nuair a dhin an bhean
ba bhreátha dhi gur féachag riamh uirthi. Níor mhaith leis an
nduine uasal í dhó i n-aochor d’fhéach sí chó breá san, ach ní raibh
puínn aimsire acu chun cuínimh nuair a chonaiceadar chútha
préachán a’ teacht san aer, agus níor stad an préachán chun gur
thúirlic sé anuas ar ghlúin iníon Rí Éireann.

“A dhrifír ghléigil,” ar sisean,
“A iníon Rí Éireann,
Túir dom mo léine agus labhair!”

“A mhúirnín ghléigil,” ar sise,
“A mhic Rí Éireann,
Sidí do léine agus labharfad!”

Leis sin do tháinig an tarna préachán. B’é an côrá céanna a bhí
eatarthu, agus do shín sí chuige an léine agus do labhair. Fé mar a
thugadh sí dhóibh na léinteacha do dhineadh fir díobh airís fé mar
a bhíodar riamh sarar cuireag fén ndraíocht iad.

Tháinig an tríú fear airís agus duairt:

“A dhrifír ghléigil,
A iníon Rí Éireann,
Túir dom mo léine agus labhair!”

“A mhúirnín ghléigil,” aduairt sí,
“A mhic Rí Éireann,
Sidí do léine agus labharfad!”

Do dhin fear de chó maith leis a’ mbeirt eile, agus do thosnaig
an póga agus an cion acu ar a chéile. Do bhí úntas ar a raibh
láithreach – ní raibh aon aidhm í chathamh isteach sa tine ansan!
Bhí an tine dultha i n-éag ar aon tslí nú lagaithe ró-mhuar chun
í losca.

“Anois,” aduairt sí, “ó tá cead cainte agam, caithfi sibh éisteacht
lem’ scéal.” Do thosna sí ón lá a cuireag an leasmháthair orthu.
D’inis sí gach aon bhlúire dhe tríd síos chun gur tháini sí go dtí marú
an linbh, agus conas a mhairbh bean an duine uasail – b’shidí an
leasmháthair a bhí orthu féin – conas mar a mhairbh sí an leanbh
agus do chimil an fhuil dá béal. “Agus dhóbair dom,” aduairt sí,
“gan na geasa a bhí orm a chôlíona, mar is dócha ná fuil aon mháthair
ná go silfeadh deoir nuair a chífeadh sí a lithéid do chor á thúirt dá
duine cluinne. Do thit deoir óm shúil,” aduairt sí, “agus an fhuil
úd a bhí aici á chuir im leith – fuil an linbh – nuair a chuireas an
léine suas i gcoinibh mo shúl do dhin braon fola don deoir a thit óm
shúil, agus tá sí anso agaibh le fiscint ar an léine.”

Do creideag go hana-mhaith í. “Ná himíodh éinne agaibh,”
aduairt an duine uasal, “as an áit ‘na bhfuileann sibh. Fanaig go
léir agam go fóill; ach pé méid brosnaig a fhéata sibh a bhailiú anois
téig á bhailiú, agus aiteann, agus gach aon scothán dá thriomacht,
tugaig chúm é.”

D’imíodar go léir a’ bailiú, agus ní gá dhom a rá ná gur imig
triúr mac an Rí agus an driofúr. Bhailíodar oiread lena raibh ion
de – lena raibh eile ann, agus do dineag an tine mhuar. Tháini sé
ar a mhnaoi féin nuair a bhí an tine ar dearg-lasa: do chaith isteach
‘na lár í, agus do dhin luaithreán di. Nuair a bhí san déanta aige
ní leogfadh sé uaig, thíos ná thuas, iníon Rí Éireann. Chaith sé í
phósa, agus d’fhan an triúr driothár ansúd i n-aonacht leo.

T’réis tamaill do tháinig an duine uasal agus iníon Rí Éireann
agus an triúr driothár a’ triall ar Rí Éireann, agus ní fhéatadh éinne
cuir síos ná ínsint ar an muaráil a bhí ar an Rí nuair a chonaic sé
tagaithe le chéile airís iad gan basca gan bárthan, gan draíocht ná
máchail.

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s