Seán agus an Dial: Audio

Seán Ua Múímhneacháin kindly agreed to read Seán agus an Dial for me onto MP3. Download the MP3 here.

SEÁN AGUS AN DIAL

Do chónaig feirmeoir i n-aice Charraig na bhFear. Feirmeoir
ana-tháchtmhar do b’ea é. Tadhg do Barra a thugaidís air. Do
ráinig ná raibh an iomarca muirín air – beirt mhac: Seán agus
Dónal do b’ainm dóibh. Dónal do b’ainm don fhear chríona, agus
Seán an fear óg. Do bhí Seán beagán fiain ion féin. Ní raibh aon
dúil i n-airgead aige: do chathadh sé an scilling i gcónaí nuair a bhíodh
sí aige. Saghas cníopaire a b’ea Dónal, agus ciall ar fad a b’ea é.
Do bhí an t-athair ana-bhaoch do Dhónal toisc bheith chó buileách
agus chó ceanúil ar an airgead, agus ba bhaethí a bhíodh an mháthair
do Sheán. Nuair a bheadh aon ghnó le déanamh lasmú a bhuin-
feadh le maraga nú aonach, ‘sé Dónal a chuirfí amach. Ar aon tslí,
nuair a bheadh coirce a’ dul isteach go maraga Chorcaí ‘sé Dónal a
chathfadh dul leis. Duairt an mháthair go raibh Seán loitithe agus
ná beadh aon mhaith go deo ann mara leogfí amach é agus a thios-
peáint dó conas an gnó a dhéanamh.

“Tá sé chó maith agat,” aduairt sí lena fear, “é scaoile isteach go
Corcaig amáireach le hualach arúir, agus a ghnó a mhúine dho.”

Sea. Thoilig sé chuige, i dtaobh is ná raibh sé sásta. D’imig Seán
agus níor tháinig sé an lá san, áfaig, go dtí larnamháireach, agus do
bhí easnamh muar ar an méid airgid a dhin an t-arúr dó.

“Sidé an uair dhéanach agat a’ gabháil amach,” arsan t-athair.
Coinníog istig é ar feag ana-thamaill airís. Níor leogamh amach a’
déanamh éinní é, agus do thosnaig a mháthair ar bheith ag áiteamh
gur bh’fheárr é scaoile amach. Cuireag le hualach eile arúir é, agus
má cuireag b’é an cleas céanna é, nú níba mheasa.

“Sin deire leis anois!” aduairt a’ t-athair. D’fhan an scéal mar
sin ar feag roint bhlianta, agus ní leogaithí amach i n-aochor é a’
déanamh aon ghnótha go mbeadh aon airgead le láimhseáil aige.

Do bhí Dónal mar mháistir ar fad ar an áit, agus ‘na chôirle b’ea
chuiridís gach éinní. Ní raibh an tseanabhean sásta. Duairt sí gur
cheart triail eile bhuint á Seán, agus b’éigint don athair é scaoile
uaig airís, agus do ráinig gur ualach arúir a bhí aige a’ dul go
Corcaig. Do dhíol sé an t-arúr, agus má dhin níor tháini sé abhaile,
agus ní raibh sé tagaithe ar feag seachtaine. Chuathas á lorg.
Theip é fháil; agus bhí an capall díoltha aige i dteannta an arúir,
agus an méid airgid a dhin sé don arúr agus don chapall óltha aige!
Ní raibh aon tuairisc acu cár ghaibh sé.

B’shin mar a bhí. D’imig Seán nuair a bhí deire caite aige agus
anún leis go Sasana. Chua sé san arm. T’réis tamaill do cuireag
go hÉirinn airís é. Bhí cuid don arm a’ teacht ann agus do tháinig
Seán ‘na measc. D’fhan sé i nÉirinn ar feag roint bhlianta san arm.
Ní bhíodh aon ábhar airgid aige mar d’óladh sé an phingin fé mar a
thuilleadh sé, agus duairt saighdiúir eile a bhí ann leis:

“A lithéid seo,” aduairt sé. “Tá an Dial sa chúinne úd thíos, agus
níl aon uair a raghfá a’ triall air ná go dtúrfadh sé airgead duit, agus
din do mharaga leis chó maith is d’fhéatair.”

Chuaig Seán fé dhéin an chúinne. “A’ bhfuileann tú ansan?”
ar sisean.

“A Dhia! Táim i gcónaí,” arsan Seana-Bhuachaill.

“Tá easpa airgid orm,” aduairt Seán.

“Má tá ní bheig,” aduairt sé. “Túrfadsa fuíollach airgid duit.”

“Caidiad na coiníll ar go bhfuilim chun é fháil?” arsa Seán leis.

“Ó,” aduairt sé, “ar choiníoll go gcathfa tú dul liom i gcionn
seacht mblian, ‘dir chorp ceairt!”

“Níl aon deabhramh air sin mar mharaga,” arsa Seán, “ó dhuine
macánta mar thusa, agus nílim chun aon airgid a thógaint uait ar
na coiníll sin.”

Bhí Seán ag imeacht. Ghlaoig sé thar n-ais airís air.

“Ná himig,” aduairt sé. “B’fhéi’r go bhféataimís maraga a
dhéanamh. Déanfad maraga eile leat anois. A lithéid seo,” aduairt
sé. “Má thugann tusa seacht mbliana gan na hignine a ghearra dhíot
féin, gan tu féin a bhearra,” aduairt sé, “gan do chuid gruaige a
ghearra, gan t’aghaig a ní, agus gan éadach a atharú, túrfadsa
fuíollach airgid dhuit i gcathamh na haimsire sin, agus beam glan
le chéile má dhineann tú na geallúna so, nú na geasa so athá curtha
agamsa ort, a chôlíona. Beam glan le chéile,” aduairt sé. “Ní bheig
aon bhuint agam leat.”

“Bíodh ‘na mharaga!” arsa Seán. Fuair sé airgead láithreach
baíll, agus má fuair do thosna sé ar é ól, agus chó tiubh is fhéatadh
an Dial é thúirt dó bhí sé óltha! I ndeire bárra do cuireag amach as
na saighdiúirí é le neart óil.

D’imi sé air: ba chuma leis – bhí an t-airgead aige gach aon
neomat ba mhaith leis, agus bhí sé a’ siúl leis chun go bhfeaca sé
inead breá ag duine uasal. Bhí abha a’ rith trína chuid tailimh, agus
do cheannaig Seán iascaireacht, agus do thosna sé ar iascaireacht
tímpal na habhann.

Ba ghairid gur tháinig an duine uasal a’ triall air, á stop. “Níl
aon bhuint agat le hiascaireacht na háite sin,” aduairt sé “pe hé tu.”

“Airiú, shíleas,” arsa Seán, “ná raibh a bhac orm iascaireacht a
dhéanamh pé áit ba mhaith liom, dá mbeadh mo dhóthain airgid
agam chun díol as.”

“Agus a’ ndíolfair?” aduairt an duine uasal.

“An daigh ach díolfad,” aduairt sé, “má thá díol fiach agat le
héileamh.”

“Ó, tá,” ar sisean.

“Nú an muar athá uait?”

“Níor mhuar dom,” aduairt an duine uasal, “céad púnt fháil ar
iascaireacht na habhann san.”

“Airiú, caidé an céad púnt!” arsa Seán. “Túrfa mé, agus
chúig céad.”

“Ó, bíodh agat mar sin,” arsan duine uasal. Thug sé dho é, agus
do chathadh Seán a lá agus a shaol fan na habhann ag iascaireacht.
Bhí sé a’ dul i n-ainnise: féasóg agus gruaig a’ fás air; an aghaig a’
dul i suilitheacht agus na hingine a’ dul i bhfaid; an t-éadach a’
cuíneamh ar bheith ag imeacht ‘na dhorn giobal. Ach bhí sé sásta.

Ní thagadh éinne ‘na ghoire amach san aimsir, bhí sé a’ féachaint
chó fiain chó s’lach san. Do ghlaodh sé ar rudaí beaga, leanaí nú
páistí fásta, chun dul a’ d’irarraig tobac dó go dtí siopa. Théidís.
Giní a thugadh sé dhóibh chun tobac a thúirt chuige. Ní thógfadh
sé aon tsóinseáil as a’ nginí nuair a thiocfaidís thar n-ais léi, agus
ba ghairird nuair a chuaig an ráfla amach cad a bhíodh aige á dhéan-
amh go mbíodh páistí an bhaile tímpal air: “A’ n-oirfeadh tobac
duit?” Sea. Ní oireadh, ar aon tslí.

Thosna sé ar thithe beaga a dhéanamh i n-aice na habhann.
Do stop an duine uasal é.

“Ceannó mé ínse athá ann ar fad uait,” aduairt sé leis an nduine
uasal. Bhí naoi nú deich d’acraí inti.

“Cad a thúrfair dom?” arsan duine uasal.

“Túrfa mé míle púnt duit air,” aduairt sé.

“Ní fhéatainn scarúint choíche níos feárr léi,” arsan duine uasal.

Do cheannaig. Thosna sé ar bheith a’ déanamh na dtithe agus
á líona isteach don airgead fé mar a bhí sé á fháil ón nDial. Bhí na
blianta ag imeacht, agus do bhí an ráfla amú gur airgead ar fad é.

Bhí triúr iníon ag an nduine uasal. “Ní dhéanfainn choíche ní
b’fheárr do dhuine acu,” aduairt sé, “ná í thúirt le pósa dho.” Chuir
sé fios air. Tháinig Seán a’ triall air.

“Ní fheadar,” ar sisean; “agus ‘na dhia’ san, ba chuma liom dá
ndininn.”

“Tá triúr iníon anso agam,” arsan duine uasal, “agus do thúrfainn
do rogha duine don triúr duit – nú a’ bpósfá é?” aduairt sé leis an
inín chríona.

D’fhéach sí air – é féin agus a chuid féasóige agus giobal. “Ní
phósfad,” ar sise.

“A’ bpósfá-sa é?” aduairt sé leis an tarna hinín. B’é an cleas
céanna <é>: ní raibh sé a’ féachaint ró-thaitneamhach. “Ní phós-
fainn,” aduairt sí. “Tá sé ró-ainnis, ró-sh’lach.”

“A’ bpósfá-sa é?” aduairt sé leis an inín b’óige.

“Pósfad,” aduairt sí, “má phósann sé me, nú más toil leatsa me
á phósa.”

“Is toil,” aduairt an t-athair. “Ní muar liom duit é phósa.” Do
socraíog ar a’ bpósa a dhéanamh, agus do dineag.

“Tiocfair chun cónaig anso i n-aonacht linn?” aduairt an duine
uasal.

“Ó, ní thiocfad,” aduairt sé. “Tá tithe agam féin ansúd i n-aice
na h-abhann, agus fanfa mé isna tithe sin ar feag tamaill ar aon tslí.”

Bhí sé a’ cuir de, agus an t-airgead aige á líona isteach isna tithe
chun go raibh na seacht mbliana caite. D’fhéach sé ainnis go maith
uim an am san, agus giobalach, mar le fear a bhí ar a nó-phósa,
geall leis.

Do tháinig an Fear Muar chuige airís.

“Sea,” arsa Seán. “A’ bhfuilimíd glan le chéile?”

“Táimíd,” aduairt sé. “Tá do gheasa côlíonta go maith agat, agus
ní muar liom duit a bhfuil d’airgead fáltha agat,” aduairt sé.

B’shin mar a bhí. Do chuaig Seán isteach sa chathair, agus bhí
glas fágtha aige ar a thithe ‘na dhiaig. Níor stad cos de chun gur
chua sé a’ triall ar bhearrabóir. Do thosnaig a’ bearra. Chua sé a’
triall ar tháilliúir, nú ar tháilliúirí – bhí gnó aige do mhuarán
éadaig – agus do cheartaig sé é féin suas ‘na dhuine uasal chó breá
chó glan is luig súil duine riamh air. Bhí sé fanta amú breis is bliain
gan fille ar an nduine uasal. Cheannaig sé capaill – dhá chapall
bhána, agus cóiste – agus do bhuail sé féin agus a chóisteoir isteach
go tig a’ duine uasail tráthnóna. Níor aithin éinne é. Chuaig sé féin
agus an duine uasal chun cainte le chéile.

“Caidé an saghas duine uasail tusa?” aduairt sé. “Ní fheaca
anso riamh cheana thu, nú cad tá a’ déanamh buartha dhuit?”

“A lithéid seo,” arsa Seán. “Duine uasal isea me go n-oireann
bean dom. Tá fuíollach airgid agam,” aduairt sé, “agus ba mhaith
liom dá bhféadainn bean mhaith fháil.”

“‘Sé is feárr ná a che’ile,” arsan duine uasal. “Tá triúr acu anso
agamsa,” aduairt sé, “agus b’fhéidir go mbefá sásta le duine éigint
acu.”

“Tirospeáin dom iad,” arsa Seán.

Thug sé leis a thriúr iníon.

“Féach,” aduairt sé, a’ tiospeáint an té ba shine acu dho: “caidé
do mheas uirthi sin mar mhnaoi?”

“Is ar éigint a thógfainn i n-aochor í,” arsan “duine uasal.”

Thiospeáin sé an tarna duine dho. “Ar nóin, sin bean mhaith,”
arsan duine uasal.

“Másea,” aduairt sé, “ní thógfadsa í.”

Thug sé leis an té b’óige. “A’ dtógfá í sin?” aduairt sé.

“Do thógfainn,” arsa Seán.

“A’ bpósfair é?” aduairt a’ t-athair léi.

“Do phósfainn,” ar sise, “mara mbeadh me bheith pósta cheana,
agus tá’s agatsa go rabhas; agus anois, nílim chun pósa chun go
bhfíllfig an fear go rabhas pósta leis, nú chun go bhfaighead amach
ceocu is beo nú marbh dó.”

Do riug Sea’n ar láimh uirthi. “Tá sé anso agat,” ar sisean, “agus
greim agat ar láimh air; agus ana-bhean isea thu!”

Do bhí na’ire ar a’ mbeirt eile nuair a chonaiceadar an duine uasal
breá a bhí ag an mnaoi óig, agus é ‘na bhacach, geall leis, uim an am
gur phós sí é.

Bhuail sé féin agus an duine uasal fe’ dhéin na dtithe mar a raibh
an t-airgead. Do hoscalag iad, agus bhíodar geall leis lán d’ór aige.
Níor fhág sé aon easnamh ar an nduine uasal, ná ní raibh aon eas-
namh ar éinne a bhí sa tig.

D’fhan sé ansan ar feag se’ nú seacht do bhlianaibh, i n-aonacht
leis an nduine uasal.

Do tháinig ríog ann gu’ dócha go bhficfeadh sé conas a bhíodar
ar Carraig na bhFear. “Ragha mé abhaile,” ar sisean, “chun go
bhficead conas tá an saol acu.” Do ghléas sé suas a chapaill agus a
chóiste, agus as go brách leis fé dhéin Charraig na bhFear: an bhean
i n-aonacht leis, agus an tumánaí.

Nuair a tháini sé i radharc an tí bhí sé cuíosach déanach um
thráthnóna. “Anois,” aduairt sé leis a’ mnaoi, “a’ bhficeann tú an
tig úd thall?”

“Chím,” aduairt sí.

“Sidé an tig ‘nar chónaíos-sa,” aduairt sé, “i dtosach mo shaeil,
agus sidé an áit go bhfuil mo mhuíntir chun cónaig. Comáin leat
anún a’ triall orthu anois, agus do chóisteoir. Iarr lóistín na hoíche
orthu,’ aduairt sé, “agus ní maith leo lóistín a thúirt duit. Déarfaid
siad leat ná fuilid uasal do dhóthain. Ach pé rud adéarfaid siad leat,
fan istig,” aduairt sé. “Ná himig i n-aochor; agus b’fhéidir go
nglaofainnse chúibh tráth éigint tríd an oíche.”

Do bhí cluith bacaig túrtha aige leis, agus do tháini sé is chuir sé
uime cluith a’ bhacaig lasmú dá chluith féin. Nuair a bhí an bhean
uasal dultha fé dhéin a’ tí d’iarr sí bheith istig nú lóistín.

“Ó, ní choinímíd éinne don tsaghas san,” aduaradar. “Coinímíd
daoine bochta, ach ní fhéadaimíd aon uaisle a choinneáilt mar
nílimíd oiriúnach ar iad a choinneáilt.”

“Ó, níl aon uaisleacht a’ buint liomsa,” arsan bhean. “Fanfadsa,”
aduairt sí. D’áitimh sí orthu go gcathfadh sí fanúint. D’fhan chó
maith, agus do thosnaig an féasta á shocrú don mhnaoi. Do bhí gé
agus sicíní agus gach ní dhá fheabhas á chuir i dtreo dhi t’réis na
hoíche thitim – tine bhreá sa chistin, nuair a bhuail chútha isteach
an bacach. Níor iarr sé bheith istig ná ní duairt sé gur bacach é ná
cér bh’é, ach do dhrid suas i n-aice na tine. Nuair a chonaic a
mháthair é d’aithin sí é agus do phriuc sí an t-athair.

“Mo chorp ón ndial,” ar sise, “gur b’é Seán é!”

“Eist!” aduairt a’ t-athair.

“Isdóin, isé,” ar sise, “agus túrfa sé náire dhuinn.”

Ba ghairid gur thosnaig Seán ar bheith á chimilt féin, agus
scrabha, agus an chócaireacht ar siúl tímpal na tine – agus rudaí ag
Seán á chathamh isteach anois agus airís.

“Ó, a Thiarna!” aduairt an t-athair; “tá náire choíche fáltha
againn uaig!”

Do phriucadh a mháthair é. Níor bh’aon chabhair é. Nuair a
tógamh amach gé as a’ gcorcán thosnaig ar í dh’ithe. Nuair a thóg-
aithí amach sicín b’é an cleas céanna é: bhíodh Seán i n-acharann
ann, agus cos nú smut éigint de stracaithe aige leis agus é á dh’ithe
go hocrach. D’fhan an scéal mar sin agus iad a’ d’iarraig ná déan-
fadh Seán náire ar fad a thúirt dóibh, agus nuair a tháinig am
collata do bhí an bhean uasal á cuir a cholla san áit a b’fheárr a bhí
sa tig.

“Cathfar,” aduairt sí, “duine a chuir um ghárdáil-se, pé áit go
gcolló mé. Caithfig fear fanúint lasmú do dhoras mo sheomra go
maidean.”

“Déanfadsa é sin,” arsa Dónal, driotháir Sheáin.

“Ní dhéanfair,” arsa Seán. “Mise a dhéanfaig é.” Ghluais a’
t-áiteamh eatarthu, ach do bhuaig Seán. Chuaig an bhean uasal a
cholla, agus tháinig Seán lasmú don doras, a’ siúl síos suas, agus
d’fhan sé ann tamall maith don oíche. Bhí gach éinne dultha a
cholla. Do bhí athair agus máthair Sheáin ag éisteacht féachaint
cathain a stopfadh Seán don tsiúl nú a’ dtiocfadh aon cholla air.
I gcionn tamaill do stop an siúl.

“Ca bhfuil sé anois?” arsan t-athair leis a’ máthair.

“Isdóin, ca bhfios dom?” ar sise.

“Ar nóin, níor airíomair a’ gabháil amach é,” arsan t-athair.

“Níor ghaibh leis,” aduairt sí. D’eiri sí agus do las sí solas agus
do chuaig amach mar a raibh Seán a’ déanamh an tsiúil, agus ní
raibh piuc do Sheán ann. Do éala sí léi fé dhéin an dorais mar a
raibh an bhean uasal istig, agus nuair fhéach sí isteach is amhal a bhí
Seán istig ‘na cholla i n-aonachtleis a’ mnaoi uasail. Tháini sí thar
n-ais airís a’ triall ar a’ bhfear.

“Ó, mo chorp ‘on sliabh,” ar sise, “go bhfuil náire go brách fáltha
againn! An dó leat ná go bhfuil sé istig ‘na cholla i n-aonacht leis a’
mnaoi uasail!”

“Sea. Níl leigheas air anois,” aduairt an t-athair, “ach bheith
cráite.”

D’fhan gach éinní mar sin go maidean, agus do chaith Seán uaig
cluith an bhacaig. D’eiri sé chútha i n-aonacht leis a’ mnaoi uasail,
‘na dhuine uasal críochnaithe ar fad. B’shidé an uair aithníodar sa
cheart é, agus do thosna sé ar bheith ag ínsint dóibh conas mar a
bhí a shaol caite aige; agus níor bh’aon bhrí an fheirm thailimh a bhí
acu i gCarraig na bhFear seochas an saibhreas a bhí ag Seán, agus
ní hé féin amháin a bheith saibhir ach do dhin sé saibhir ar bhuin
leis. Níor fhág sé duine bocht i ngear seacht nglúine dho ná gur
scaoil sé síntiús d’airgead an tSeana-Dhiail air!

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s