An Láirín Mhuirceach Dhubh: Audio

Áine Ní Chuill kindly agreed to read An Láirín Mhuirceach Dhubh for me onto MP3. Download the MP3 here.

AN LÁIRÍN MHUIRCEACH DHUBH

Tráth éigint do bhí bean bhocht ann agus níor ráinig do mhuiríon
aici ach aon mhac amháin, agus do bhí so go holc aici – go dío-
mhaoin, dro-ghnóthach. Ní bhíodh puínn air a dhéanamh, agus dá
luíod a bhíodh air a dhéanamh ní dhineadh sé é, le neart díomhaoin-
tis. Bhí ana-dhúil aige i scuraíocht, imirt chártaí agus nithe eile don
tsórd so: fé mar adéarfá gach aon rud dá olcas, agus gan aon aidhm
aige éinní fónta a dhéanamh, ná puínn cúnaimh a thúirt don tseana-
mhnaoi do mháthair dó. Bhíodar chun cónaig i seana-bhotháinín
deataig agus braoín-anuas, agus ní leogfadh a’ díomhaointeas dó
amháin beartín dín a chuir ar a’ mbothán.

Bhíodh sé a’ teacht ó scuraíocht ana-dhéanach, agus do bhí áit
ann ‘na raibh gruagach – seana-ghruagach muar. Do ghabhadh sé í
n-aice ‘n bhaíll seo gach aon oíche nuair a bhíodh sé a’ teacht o
imirt na gcártaí. Oíche éigint dá raibh sé a’ gabháil ann, do léim an
gruagach amach roimis.

“Fiafraím,” arsan gruagach leis an bhfíde feá buachalla so, “a’
n-imireofá breith?”

“An dial,” ar s’ean, “d’imireoinn-ba chuma liom.”

Fuair a’ gruagach paca cártaí agus do thosnaig an imirt ‘dir a’
mbeirt, agus má thosnaig do bhuaig an buachaill seo air.

“Cuir do bhreith!” arsan gruagach.

“Cuirim do bhreith ort,” ar sisean, “cúirt bhreá go léir a dhéanamh
dom i n-inead an tseana-bhotháin go bhfuilim féin agus mo mháthair
chun cónaig ion!”

“Beig san amhlaig!” aduairt an gruagach.

Nuair a chua sé abhaile ón scuraíocht ní fheadair sé canad isteach,
geall leis, go bhféatadh sé dul sa chúirt álainn go léir a bhí roimis i
n-inead an tseana-bhotháin, agus do bhí an mháthair istig roimis,
agus is ar éigint aithneodh sí í féin i n-aochor ‘na lithéid d’áit le
breáthacht.

Sea. Bhí san go maith, agus d’inis sé an scéal don mháthair.
Ní bhfuair sí aon locht ar a’ méid sin don scéal. Níor stop sé don
scuraíocht, agus do ráinig, oíche éigint dá raibh sé a’ gabháil ann
airís, gur léim an gruagach chuige.

“Sea, a fhir mhaith,” ar sisean, “a’ n-imireofá breith liom airís?”

“Ba chuma liom i dtaobh a dhéanamh,” aduairt an buachaill seo.

Fuair sé na cártaí agus do thosnaig an imirt, agus má thosnaig
do bhuaig sé airís ar a’ ngruagach.

“Cuir do bhreith!” arsan gruagach.

“Cuirim do bhreith ort,” ar sisean, “fuíollach trioscáin agus bíg
agus saibhris a chuir sa chaisleán so, nú sa chúirt seo, a’ triall orm.
Ní choineodh sé mise agus mo mháthair ‘nár mbeathaig bheith a’
féachaint ar na fallaí breátha athá ansúd!”

“Sea,” aduairt an gruagach: “beig san amhlaig!”

Do bhí an saol ar a dtoil ar fad ansan acu, agus dá fheabhas
saol a bhí acu ní fhanfadh an mac aon oíche istig i n-aonacht leis a’
seana-mhnaoi do mháthair dó: bhí an iomarca dúil isna cártaí aige.

Oíche éigint eile dá raibh sé a’ teacht cé léimfeadh chuige ná an
gruagach. “Sea, a fhir mhaith,” aduairt sé, “a’ n-imireofá breith
liom airís anocht?”

“D’imireoinn,” aduairt sé; “ba chuma liom.”

Do himireag an bhreith, agus má himireag b’é an cleas céanna é:
do bhuaig an buachaill air.

“Cuir do bhreith airís!” arsan gruagach.

“Cuirim do bhreith ort,” ar sisean, “go gcathfa tú bean a fháil
dom.”

“A Dhia mhuise,” arsan gruagach, “maran deocair tu shásamh!
Shíleas go raibh rud maith déanta agam duit.”

“Sea. Caithfir bean a fháil dom,” ar sisean.

Sea. Isteach leo, pé áit go raibh mná ag an ngruagach, agus do
thug sé chuige dosaen éigint duine acu – mná rua a b’ea iad eile
go léir.

“Féach,” aduairt sé, “a’ bhféadfá bean a phiuca astu san, nú a’
mbefá sásta le héinne acu?”

“Ní bheinn,” ar sisean, “mar níor airíos aon mhola riamh ar mhná
rua, agus pé cuma é, níor thugas riamh aon taitneamh do dhuine
acu, nú a’ bhfuil aon tsaghas eile agat ach iad san?”

“Tá,” aduairt an gruagach. Thug sé leis scata eile ban, agus iad
so go léir dubh. “A’ bhfaghfá éinne ‘na measc san,” arsan gruagach,
“a dhéanfadh aon tsásamh ort?”

“Ní bhfaighinn,” aduairt sé; “táid siad so go léir ró-dhubh, agus
ní beag dhom me féin a bheith dubh gan bheith a’ breith duine
acu súd !”

Do bhí cailín eile ar fuaid a’ tí, agus í ag éisteacht agus a’ féachaint
ar an obair go léir, agus do bhuail sí a méar uirthi féin a’ déanamh
côrthaí dho í féin a lorg ar a’ ngruagach.

“Is dó liom,” aduairt sé, “go dtógfa mé an cailín sin ansan. Is
feárr í ná éinne dosna mná atá tiospeánta agat dhom.”

“Ní fheadar ‘on tsaol,” aduairt an gruagach – níor mhaith leis i
n-aochor í seo bheith tofa aige – “ach ar nóin, cathfar do thoil a
thúirt duit.”

An deamhan blúire dhe ná gur thóg roimis abhaile í, agus t’réis
tamaill do dineag iad a phósa. Airiú, do bhí ana-phósa acu, agus slí
rínnce agus gach éinní chun a dtoile acu sa chúirt bhreá bhí aige.

Do thosnaig a bhean ar bheith ag ínsint nithe dho agus ar bheith
á chôirliú. “Do chôirleoinn duit anois,” aduairt sí, “fanúint sa
bhaile agus gan bheith a’ gabháil i dtreo an ghruagaig úd a theille.
Geóig san an ceannsmách ortsa dá fhaid a rithfig leat, agus buafa
sé ort san imirt.”

“Airiú, b’fhéidir ná buafadh,” aduairt an buachaill – nú b’é an
fear anois é, a fear pósta.

“Má bhuann sé ort,” aduairt sí, “ní fheadaraís i n-aochor ach na
geasa le cruacht a chuirfi sé ort, mar tá sé a’ faire agus cuireann sé
na geasa céanna san go minic ar dhaoine: Claíomh Solais athá ag
gruagach sa Domhan Toir a thúirt chuige isteach ‘na láimh, agus
ceann an ghruagaig ‘na theannta san. Níl aon fhear draíochta sa
dúthaig,” aduairt sí, “ró-mhaith don ghruagach so athá sa Domhan
Toir, agus tá ana-dhúil aige seo a cheann a fhiscint, ar aon tslí,
túrtha chuige ag duine éigint, mar do bheadh a’ bua aige féin as san
amach ar dhraíocht nú ar pé rud ba mhaith leis.”

Do leog sé air bheith ag éisteacht léi agus leis a’ gcôirle go léir,
ach má bhí, an deamhan, níor stop san dosna cártaí é. Théadh sé
ag imirt i gcónaí, agus oíche eile dá raibh sé a’ teacht cé phreabfadh
chuige ná an gruagach!

“Sea, a fhir mhaith,” arsan gruagach, “ní fheaca le tamall anois
tu. Is dócha go bhfanann tú sa bhaile ar fad ó phósais?”

“Ní fhanaim, mhuise,” arsan buachaill; “bím a’ scuraíocht i
gcónaí.”

“A’ n-imireofá breith anois?” aduairt sé.

“Ba chuma liom i dtaobh a dhéanamh,” aduairt an buachaill.

Fuair sé na cártaí airís agus do thosnaig an imirt eatarthu, ach
má thosnaig do bhuaig an gruagach.

“Sea. Cuir do bhreith!” arsan buachaill leis.

“Cuirim do bhreith ort,” aduairt an gruagach, “claíomh solais
athá ag gruagach sa Domhan Toir – caithfir an claíomh so a thúirt
chúm isteach im láimh, agus ‘na theannta san caithfir ceann an
ghruagaig a thúirt chúm!”

“Is dócha,” arsan buachaill, “go mbeig so cruaig go maith orm?”

“Is cuma san,” aduairt sé, “ach caithfir é dhéanamh. Do dhineas-
sa gach ní dár iarrais-se agus caithfirse déanamh mar adeirimse
anois leat.”

Do chuaig sé abhaile agus d’inis sé an scéal don mhnaoi. “Bhí ‘s
agamsa,” ar sise, “gur b’shin mar imeodh ort, agus anois féach cad
tá le déanamh agat. Téir a’ triall air airís agus abair leis go gcathfa
tú roint laethanta fháil chun tu féin a fháil ullamh.”

Do chuaig. “Ó, féatair,” aduairt sé, “pé méid aimsire is maith
leat.”

Do fuair an bhean srian dó. “Comáin leat a’ triall air anois,”
aduairt sí, “airís, agus abair leis go gcaithfi sé capall a thúirt duit
chun an chlaímh seo do sholáthar, agus an chínn. Túrfa sé chút
roint chapall, capaill bhreátha go léir, agus ná tóg aon chapall acu so.
Túrfa sé chút roint eile acu, ar dhath eile, agus capaill níos breátha
ná an chéad chuid, agus ná tóg aon cheann acu so. Beig na capaill
go léir aige á thiospeáint duit, agus féatair an tsrian so a chrotha:
pé capall a thiocfaig chút cuir air an tsrian, agus ná toibh aon
chapall eile ach an ceann san.”

Do bhí san amhlaig. Chua sé a’ triall ar a’ ngruagach. “Sea
anois,” aduairt sé, “táim chun dul fé dhéin an ghruagaig sa Domhan
Toir, ach caithfir capall a thúirt dom.”

“Túrfad,” aduairt an gruagach. Do thiospeáin sé dho cuid dosna
capaill bhreátha so ach níor bh’aon chabhair é, ní thógfadh sé aon
cheann acu; agus i gcionn tamaill do chroth sé an tsrian agus do
tháinig chuige seana-chapaillín dubh lom giobalach agus na cnâ a’
polla an chroicin aici.

“Airiú, ar nóin,” aduairt an gruagach, “níl aon bhaol gur b’í sin a
bhéarfair leat?”

“Sidí an ceann céanna athá agam le breith liom,” aduairt a’
buachaill.

“Ó mhuise,” aduairt sé, “tá sí go holc agat! Níl aon tora againn-
ne uirthi sin anso. Sidí go dtugaimíd “An Láirín Mhuirceách
Dhubh” uirthi.”

“‘Sí an Láirín Mhuirceách Dhubh a bheig agamsa!” aduairt sé.
“Féatairse na capaill bhreátha a choinneáilt. Tá sí seo i bhfuirm
maith mo dhóthain-se. Is dócha ná hoirfig aon chapall dom uim an
am go bhficfi mé an gruagach sa Domhan Toir – go gcuirfi sé deire
liom?”

“Á, ní móide go gcuirfeadh,” arsan gruagach so.

As go brách leis, agus do bhí sé a’ cuir de riamh is choíche chun
gur tháini sé pé áit go raibh cúirt an ghruagaig seo sa Domhan Toir.
Bhí fallaí muara árda tímpal na cúirte, agus do dhin an Láirín
Mhuirceách Dhubh isteach ar an bhfalla chun é léimt, ach ní raibh
aon choinne aige seo go bhféatadh sí é léimt agus is amhlaig a
thairrig sé srian léi chun gan é leogaint di – túirt fé i n-aochor. Ach
má dhin do labhair an láirín leis:

“Ná din a lithéid,” aduairt sí, “agus ná tairrig aon tsrian liomsa,
pé áit go n-oirfig dom dul. Níl éinní chun teip orm!”

Do dhrid sé amach tamall ón bhfalla airís agus do scaoil srian
leis an láirín, agus má dhin ní raibh moíll neomait uirthi an falla
muar árd so a ghlana isteach.

Airiú, do bhí sé istig, agus do fuair sé stábla agus do chuir sé an
láirín isteach ion.

“Imig ort anois,” aduairt an láirín leis, “agus téir a’ triall ar a’
ngruagach. Abair leis pic chruinneachtan a thúirt duit i gcóir do
chapaill, agus ní mharó sé i n-aochor anocht tu, b’fhéidir, mar cuirfi
sé úna air caidé an saghas duine athá t’réis teacht isteach os cionn
an daingin le haoírde athá tímpal air.”

D’imi sé air fé dhéin an ghruagaig, agus do bhí an gruagach go
dro-haraíonach leis.

“Sea,” aduairt sé. “A lithéíd seo ‘thá uaim. Tá mo chapall ar
stábla agam, agus cathfa tú pic chruinneachtan a thúirt dom di mar
bhéile.” Do thug, go leisciúil.

D’fhíll sé thar n-ais airís a’ triall ar a’ ngruagach. “Caithfi mé
féin,” aduairt sé, “óstaíocht na hoíche fháil uait.”

“Caithfir,” aduairt sé, “is dócha, agus ní fheadar ceocu é, agus
táim chun tu mharú,” aduairt sé.

“Ní dhéanfair a lithéid,” aduairt an buachaill seo leis.

“Ní dhéanfa mé anocht é,” aduairt sé; “agus ní mharód go fóill
tu, b’fhéidir. Ach má fhéadann tú aon chleas a dhéanamh, i bhfuirm
cleas draíochta, níos feárr ná mar a fhéatadsa a dhéanamh, b’fhéidir
ná maróinn i n-aochor tu. Amáireach,” aduairt sé, “caithfirse tosnú
ar an gcéad chleas. Féatair dul i bhfolach pé áit ar fuaid na háite
seo gur maith leat é, agus má fhéadaimse tu fháil, pé áit go bhfuil-
eann tú dultha i bhfolach, beig buaite agam ort, agus má bhuaim
mar sin ort,” aduairt sé, “trí lá as a chéile, buinfi mé an ceann díot!”

“Agus má bhuaim,” aduairt an buachaill, “cad tá le déanamh?”

“Tá,” aduairt sé, “go raghadsa i bhfolach, trí lá i ndia’ chéile,
agus má fhéadann tusa me aimsiú beig buaite agat orm.”

Sea. B’shin mar a bhí, agus do chuaig a’ buachaill ar maidin
amáireach agus d’inis sé don Láirín Mhuirceách Dhubh cad a bhí
ráite ag an ngruagach leis.

“Sea go díreach,” ar sise. “Bhí’s agam. Tair anso,” aduairt sí,
“agus stath amach ceann dosna fiacala astum – ceann abhfad siar
im bhéal air sin.” Do dhin, agus ní raibh puínn teinnis uirthi i
n-aochor an fhaid a bhí an fhiacal aige á statha. Ba mhó bheadh
anois ar dhuine nuair a bheifí á straca uaig!

“Féach anois,” aduairt sí: “téir féin isteach ansan i n-inead na
fiacaile, agus be’ tú mar a bheadh aon fhiacal istig ion.” Do chuaig
sé isteach i mbéal na láiríne, agus ba ghairid gur thosnaig an gruag-
ach ar bheith á lorg is gach aon áit ar fuaid a’ bhaíll, agus do bhí
teipithe air buileách glan é fháil, anso ná ansúd, chun go raibh an
t-am caite a bhí ráite chun é bheith fáltha.

“Sea. Tair amach anois,” aduairt an láirín leis, “agus cuir isteach
an fhiacal cheart ionam.” Do dhin. Chuaig sé a’ triall ar a’ ngruagach.

“Cá rabhais i gcathamh na haimsire?” aduairt an gruagach,
“‘s a rá gur theip orm tu fháil?”

“B’olc uait é,” aduairt sé. “Do bhíos amú tímpal a’ stábla i
gcathamh a’ lae, pé cuma ná feacaís me.”

“Tá buaite agat orm iniubh,” arsan gruagach.

Larnamháireach, d’inis sé don láirín cad a bhí le déanamh airís.
“Sea go díreach,” ar sise. “Féach, tair agus stath ruibe amach as
mh’eireabal agus téir féin isteach ion i n-ionad an ruibe, agus be’
tú mar a bheadh aon ruibe don eireabal.” Do dhin.

Airiú! do thosnaig an phiardáil ag an ngruagach airís, agus an
lorg, agus níor fhág sé aon áit gan tóch agus gan lorg chun go raibh
an t-am caite airís, agus teip é fháil. Do bhuail a’ buachaill chuige.

“A’ bhfuil teipithe ort?” aduairt sé leis a’ ngruagach.

“Tá,” aduairt sé, “pé áit go rabhais.”

“Ní rabhas abhfad ó bhaile, mhuise,” aduairt sé. “Do chathas a’
lá go léir ansan tímpal na gclóiseanna agus tímpal an stábla.”

“Theip orm tu fhiscint,” arsan gruagach. “Tá buaite agat orm
dhá uair,” aduairt sé, “ach ní bhuafair amáireach orm!”

D’inis sé airís amáireach don láirín go gcathfadh sé dul i bhfolach.
“Sea másea,” aduairt sí. “Tairrig ceann dosna taraingí amach á
crú thosaig ansan agus téir isteach i n-inead an tarainge, agus
gheallfainn dhuit ná haimseó sé ansan tu!”

B’shin mar a bhí. Do thairrig sé an tarainge agus chuaig sé féin
isteach ann agus do dhin tarainge dhe. Níor bh’aon bhrí an réaba
a bhí déanta ag an ngruagach na laethanta roimis sin á lorg seochas
mar a dhin sé an la’ so, ach b’é an cleas céanna é: theip air.

“Cá rabhais,” aduairt sé, “gur theip orm tu fháil?”

“Ní rabhas abhfad uait i n-aochor,” aduairt sé. “Ní théim chun
aon aistir uait, ná ní théim ró-mhuar i bhfolach ort i n-aochor, pé
cuma ná haimsíonn tú me. Bhíos ansan ar fuaid na gclóiseanna agat
agus ar fuaid an stábla.”

“Sea,” aduairt a’ gruagach. “Tosnódsa anois amáireach féachaint
a’ bhféatairse me fháil, másea.”

D’inis sé don Láirín Mhuirceách Dhubh airís cad a bheadh ‘na
chóir féin amáireach, agus go gcathfadh sé an gruagach aimsiú.
“Airiú,” aduairt sí, “aimseó tú go breá. Féatair buala isteach ar
fuaid a’ tí agus beig cailín istig ann. Chífi tú fáinne breá ar a méir.
Sidé an gruagach, agus má fhaigheann tú aon fhaill ar a’ bhfáinne,”
aduairt sé, “snap don mhéir é agus bí á chathamh isteach sa tine,
agus nuair a bheir, déanfaig gruagach airís don fháinne.”

B’shin mar a bhí. Do bhí an gruagach dultha i bhfolach, agus
nuair a thosnaig so ar é lorg do bhí sé mar dhea á leogaint air bheith
a’ féachaint anso ‘s ansúd is gach aobhal féachaint cá bhficfeadh sé é,
chun gur bhuail sé isteach ar fuaid na cistean. Do bhí an cailín
istig, ag obair léi, agus nuair a dhrid sí i n-aon chóngar dó thug sé fé
ndeara an fáinne.

“Airiú,” ar sisean, “nách breá go léir an fáinne é sin ar do mhéir,
a chailín!”

“Ó mhuise, ní breá,” aduairt sí.

Do lean sé a’ mola an fháinne riamh is choíche, agus nuair a
tháini sí i n-aon chóngar dó do strac sé an fáinne amach dá méir.
“A Dhia,” aduairt sé, “fáinne breá go léir! Ní thúrfa mé dhuit a
theille é” – agus do dhin fé dhéin na tine leis chun é chathamh
isteach.

“Á, ná din a lithéid!” arsan fáinne. Leis sin do dhin gruagach
don fháinne.

“A’ raibh fhios agat,” aduairt an gruagach, “gur me bhí ann?”

“Cuma liom ceocu é,” ar sisean. “Bhí’s agam go bhfaighinn i
n-áit éigint tu.”

“Tá buaite agat orm airís iniubh,” ar sisean.

“Tá” aduairt an buachaill, “agus buafa mé i gcónaí ort!”

D’fhan a’ scéal mar sin go dtí ar maidin larnamháireach. Nuair
inis sé don láirín an obair a’ lae bhí roimis: “A lithéid seo d’áit go
mbe’ sé iniubh,” ar sise. “Tá seó do chraínn úll sa gháirdín aige sin.
Táid siad go léir líonta d’úllaibh ach aon chrann amháin, agus níl
air sin ach aon úll amháin agus tá san ar an úll is breátha sa gháirdín.
Sidé an gruagach,” aduairt sí, “agus bí á lorg leat, agus a’ siúl is gach
aobhal, agus nuair a ragha tú sa gháirdín féatair do shúil a chuir
ar an úll so athá ráite agam leat. Strac anuas don chrann é, agus
beig a’ cailín a’ faire ort i gcónaí. Chó luath is thógfair anuas don
chrann é, tairrig do scian amach as do phóca agus bí chun smut don
úll a thúirt don chailín, agus cuirfig a’ gruagach i n-úil é féin ansan
duit!”

B’shin mar a bhí. Do leog sé air bheith á chuardach ar feag
abhfad, agus i ndeire bárra do bhuail sé tríd a’ ngáirdín a’ féachaint
ar na craínn agus ar na húlla, agus do chonaic sé an t-úll breá dearg
anáirde ar chrann, agus gan air ach an t-aon úll amháin.

“Mhuise, conas,” aduairt sé leis a’ gcailín, “nár tháinig air sin
ach an t-aon úll amháin?”

“Sea. Ní fheadar,” aduairt sí.

“Is dócha,” aduairt sé, “gur úll ana-bhreá é le n-ithe” – agus do
sciub sé ‘na láimh leis é anuas don chrann; thairrig scian as a phóca:
“Túrfa mé a leath dhuitse,” aduairt sé léi.

Leis sin do liúig an gruagach: “Faire go brách, ná din!” aduairt
sé. “Mise athá ann.”

“Mhuise, an dial,” aduairt sé, “is greanúr an áit go rabhais, agus
is greanúr an rud a dhinis díot féin. Dhóbair tu bheith ite agam!”

“Sea, tá buaite agat orm ar aon tslí,” aduairt an gruagach, “agus
níl ach lá eile anois agat chun me lorg.”

“Loirigtheód,” aduairt sé, “agus is féidir liom tu aimsiú.”

D’inis sé an scéal airís don láirín, agus conas mar a bhí ag eirí leis.

“Anois,” aduairt sí, “‘sé an rud a bheig déanta aige dhe féin
amáireach ná obh. Be’ sé istig ar an ndresúr, socair istig fé bhéal
báisín. Sidé an áit go mbeig sé. Féatair dul isteach, agus ‘sé an
tríú báisín isteach ó chúinne an dresúra go mbeig an t-obh fé. Leog
ort tart a bheith ort agus go n-oirfeadh deoch duit. Tóg an báisín,
agus chó luath is thógfair beir ar an obh. Féatair a rá nuair a chífir
an t-obh gurobh lofa é agusleog ort bheith chun é chathamh amach
an doras, nú é bhrise ar chloich – agus sidé an gruagach airís agat.”

Sea. Do lean sé a’ lorg an ghruagaig an lá san, agus bhí an lá a’
dul i ndéanaí agus i bhfuirm é cortha do bheith a’ lorg an ghruagaig.
Do bhuail sé isteach sa chistin. Bhí an cailín istig.

“Airiú,” ar sisean, “tá tart orm”; agus leis sin do riug sé ar a’
mbáisín seo a bhí ráite leis, thóg don dresúr é, agus do bhí obh istig
fén mbáisín. Do riug ‘na láimh ar an obh – agus ní raibh aon tart
air ach a’ leogaint air. D’fhéach sé go géar ar an obh agus do chroth é.
“Airiú,” ar sisean, “sin obh atá lofa!”

“Níl go deimhin,” arsan bhean.

“Isdóin deirimse go bhfuil,” aduairt sé, “agus déanfadsa é bhrise
ar a’ lic is chífir go bhfuil sé lofa.”

Leis sin do labhair an gruagach: “Á, ná din, ná din!” ar sisean.
“Mise atá ann!”

“An dial, is greanúr an áit go rabhais,” ar sisean, “agus dhóbair
dom tu bheith briste.”

“Scaoil uait me,” aduairt sé.

“Ní scaoilfead go fóill,” aduairt sé. “Fan mar a bhfuileann tú
chun go neósfair dom ca bhfuil an Claíomh Solais.”

“Scaoil uait me agus neósfad,” ar sisean.

“Inis dom é agus scaoilfi mé uaim tu,” aduairt sé.

B’éigint dó ínsint ca’ raibh sé. “Ta’ sé ‘na lithéid seo d’áit,”
aduairt sé, “istig i gcóthra. Féatair dul agus é fháil.”

Chuir sé dhe fé dhéin an chóthra agus do choinnibh a ghreim go
daingean ar an obh chun go raibh an claíomh fáltha aige. Do bhí
bua ag an gclaíomh so, aon duine go mbeadh sé ‘na láimh d’fhéatadh
sé é féin a chosaint ar pé namhaid a thiocfadh ‘na threo. Mar sin
féin, nuair a bhí an claíomh ‘na láimh b’é an chéad rud a dhin sé ná
buille don obh a bhuala ar a’ gcloich, agus leis sin do dhin gruagach
don obh, ach é bheith marbh! Nuair a fuair sé an gruagach sínte
marbh do bhuin sé an ceann de leis a’ gclaíomh so ar a shuaineas,
agus chó luath is bhí san déanta aige chuaig sé a’ triall ar an Láirín
Mhuirceách Dhubh.

“Conas eirig leat?” aduairt sí.

“D’eirig go maith,” aduairt sé. “Tá gach éinní déanta agam fé
mar a bhí ráite agat.”

“Má tá,” aduairt sí, “beam a’ dul abhaile.”

Bhíodar, chó maith. Thugadar a n-aghaig ar a’ mbaile, agus
nuair a thánadar do bhí an bhean go muarálach toisc an chlaímh
agus an chínn a bheith túrtha aige leis.

“Ach bíodh fhios agat anois,” ar sise, “ná fuil deire agat leis a’
ngruagach eile fós. Tá fhéachaint ort an claíomh san a thúirt ‘na
láimh dó, agus an fhaid a bheig an claíomh ‘na láimh tá ‘na chumas
é féin a chosaint ortsa, pé arm eile a gheófá chuige, agus chun do
gheasa a chôlíona féatair é shíne chuige, agus airís má fhéadann
tú é mhealla uaig ar aon tslí, chó luath is gheó tú thar n-ais it láimh é
buin an ceann de.”

B’shin mar a bhí. As leis fé dhéin an ghruagaig.

“Ar thugais leat iad?” aduairt an gruagach.

“Do thugas go cruínn,” aduairt sé. “Sidé ansan an ceann agat.”

“‘Sé, gan dearamad,” aduairt a’ gruagach.

“Agus sidé an claíomh,” aduairt sé, á shíne chuige ‘na láimh,
agus ní raibh a ghreim bogaithe i gceart aige dhe nuair aduairt sé
airís leis a’ ngruagach:

“Ó, gabhaim párdún agat: tá ruidín s’lachair ansan is fan go
nglanfa mé dhuit é.”

Do leog a’ gruagach uaig é, agus ‘sé an glana a dhin so air ná é
tharrac ar a’ ngruagach agus an ceann a scotha dhe! Chuir san
deire leis.

Abhaile leis airís fé dhéin na mná, go muarálach, agus deire
curtha leis a’ ngruagach aige.

“Níl sé marbh i gceart i n-aochor agat,” ar sise. “Níl teora lena
chuid draíochta san. Maireann a chroí fós, agus ‘sé an áit go bhfuil
croí an ghruagaig sin, tá sé i n-obh, agus tá an t-obh san istig i nid,
agus Seabhac na Fuelle Fuaire a’ túirt aire don obh san. Tá draíocht
ar a’ Seabhac chó maith leis an obh, agus tá an Fhaill Fhuar ar
bhruach na farraige. Cathfam an t-obh san a bhrise,” aduairt sí,
“sara mbeig deire leis a’ ngruagach. Tiocfaig a’ t-anam thar n-ais
ion airís chun go mbeig an t-obh briste, pé uair é.”

D’imíodar araon fé dhéin na Fuelle. “Béarfa mé liom téad,” ar
sisean. “Casfa mé fé bhun uscul orm féin í. Féatairse me leogaint
síos agus me tharrac aníos airís nuair a bheig an t-obh fáltha agam
amach as a’ nid.”

Do dhin chó maith. Do scaoil sí uaithi síos é agus bhí sí ar a
díthal go maith chun gan leogaint dó titim síos. Ach nuair a tháini
sé i n-aon chóngar don nid amach leis an seabhac agus do thosnaig
air, a’ faire ar na súile a phiuca as. Thairrig sé chuige a chlaíomh,
agus scathamh éigint don chlaíomh dár thug sé ar an seabhac cad a
bhuailfeadh sé ach an téad, agus do gheárr! Le fánaig a ghaibh sé
ansan, másea, agus do thit ‘na chnaip isteach sa bhfarraige.

Do léim an seabhac thar n-ais isteach sa nid agus d’árdaig leis ‘na
bhéal an t-obh, ach má dhin ba mhaith a’ mhaise sin ag an mnaoi
a bhí i mbarra na fuelle: do dhin sí seabhac draíochta, abhfad níba
mhire ná an seabhac imig leis an obh; do scaoil ‘na dhiaig é, agus
nuair a bhí an scéal a’ dul dian ar an seabhac do leog sé don obh
titim uaig síos insa bhfarraige.

Anois, ‘dhó leat go raibh an scéal chó holc le riamh, ach féach
ná raibh, mar do bhí an fear a’ snámh thíos sa bhfarraige agus ní
raibh moíll neomait ar a’ mnaoi bradán a dhéanamh de. D’imi sé ar
lorg an uibh, agus níor bh’fhada i n-aochor chun gur tháini sé thar
n-ais agus an t-obh aige. Do dhin sí fear airís de agus an t-obh ‘na
láimh aige.

Nuair a tháini sé go barra na Fuelle b’é an chéad rud a dhineadar
ná an t-obh a bhrise. Do bhí an gruagach marbh ansan airís acu,
agus do bhuineadar a’ ceann go glan de leis a’ gclaíomh. Chuir san
deire leis. Níor bh’fhéidir don anam teacht airís ion thar n-ais.

D’fhilleadar abhaile, agus bhí gach éinní go breá agus go maith
ar a suaineas acu as san amach. Bhí saibhreas don dúthaig acu,
agus iad ana-mhuar, ana-tháchtmhar. Do bhíodh seó dosna côrsain
a’ gabháil dó: “Mhuise, is úntach ná díolann tu an tseana-láirín
mhuirceách san!” Ach níor bh’aon chabhair é. Do dhéanfadh sé
rud orthu agus do scarfadh sé léi, ach i gcónaí do chôirlíodh anbhean
é gan í dhíol. I ndeire bárra do bhídís a’ maga fé mar gheall uirthi,
agus an dial blúire dhe ná gur árdaig leis í go dtí aonach éigint agus
do dhíol. Do bhí sí a’ féachaint go holc. Ní gá dhom a ínsint gur
b’iad na tuínncéirí a cheannaig í, mar b’iad. Cheannaíodar ar
shuarachas í. D’árdaíodar leo í, agus nuair fhíll so thar n-ais abhaile
ní raibh aon tuairisc i n-aochar ar a’ gcúirt bhreá a bhí aige. Ní raibh
piuc roimis ach an seana-bhotháinín mar a raibh sé féin agus a
mháthair, agus fiú amháin ní raibh an bhean fanta roimis sa tseana-
bhotháinín.

“Sea,” aduairt sé; “tá an scéal chó holc le riamh anois, agus ba
dhiail a’ dícéille dhôsa an láirín a dhíol. Ní raibh aon cheart agam
scarúint léi. Is dócha go bhfuil sé chó maith agam dul agus í
cheannach thar n-ais uathu airís, má thugaid siad dhom í, agus ní
thúrfadh dá mbeadh fhios acu na dea-thréithe atá a’ buint léi.”

D’imi sé air agus do lean sé riamh is choíche iad ó áit go háit,
chun gur shrois sé áit éigint go raibh aonach, agus do fuair sé an
mhithal thuínncéirí ann agus an tseana-láirín acu: iad a’ d’iarraig í
dhíol agus gan aon cheannaíocht muar uirthi. Thosna sé féin
uirthi, agus pé airgead iarradar do thug sé dhóibh é. Thug leis
abhaile an láirín airís, agus chó luath is tháini sé agus an láirín aige
do bhí an chúirt álainn go léir roimis: a mháthair istig roimis sa
chúirt seo agus a bhean airís, chó maith is bhíodar riamh!

Gheallfainn dhuit nár chuíni sé as san amach ar scarúint leis a’
láirín, pé faid a mhair sé. Agus do mhair sé go fada – saol ana-fhada.
Agus is dó liom – d’airínn gur mhair an bhean níba shia ná é, agus
is dócha gur dhin, mar d’fhéatadh sí sin í féin a choinneltái ‘na
beathaig le draíocht pé faid ba mhaith léi.

Agus b’shidé an chuma gur chríochnaíodar, an triúr acu: é féin,
an bhean agus an mháthair. Agus ní ceart an Láirín Mhuirceách
Dhubh a dhearúd, mar isí a dhin an chuid a b’fheárr don scéal.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s