An Fear gur Dhein Gaiscíodh De: Audio

Mícheál Ó Lionáird kindly agreed to read An Fear gur Dhein Gaiscíoch de for me onto MP3. Download the MP3 here.

AN GARSÚN GUR DHIN GAISCÍOCH DE

Do bhí fear ann: é pósta, agus níor ráinig éinne cluinne a bheith
acu ar feag abhfad. T’réis tamaill do bhí mac óg acu. Shíleadar go
rabhdar tógtha go brách leis seo, ach ní raibh a’ scéal mar a shíleadar.
I n-inead é bheith a’ fás nú aon bhreis a bheith a’ teacht air ó lá
go lá, nú ó bhliain go bliain, is amhlaig a bhí sé a’ luíodú, geall leis.
Níor fhág so aon fhún orthu, agus mar sin féin do tháinig a chaint
dó fé mar a tháinig an t-aos, agus bhí sé chó ciallmhar is dá mbeadh
taidhse an chnuic ion.

Lá éigint dá raibh an t-athair a’ dul sa choíll a’ d’iarraig adhmaid
d’iarr an garsúinín air é bhreith leis. “Ní bhéarfad,” aduairt an
t-athair, “mar tá an tseana-chairt athá agam ró-sh’lach, agus
b’fhéidir gur b’amhal a raghfá amú istig inti!”

“Á, másea, raghadsa i n-áit eile,” aduairt an garsúinín. Is dócha
ná raibh puínn tuise ion. ‘Sé an áit gur shocra sé é féin ná amú
anáirde ar chluais an chapaill! Chuaig a’ t-athair sa choíll agus do
bhí an t-adhmad aige á ghearra leis, agus d’fhan an garsúinín anáirde
ar chluais an chapaill.

Ba ghairid gur bhuail chuige fear ná feaca sé riamh roimis sin –
fear breá, muar, deabhraitheach, agus do thug sé fé ndeara an rud
beag anáirde ar a’ gcapall, nú ar a’ gcluais. Thóg sé anuas ar a bhais
é agus bhí sé a’ féachaint air.

“Is diail an éagóir athá déanta agat air sin,” aduairt sé, “más tu a
athair,” – leis an bhfear a bhí a’ gearra an adhmaid.

“Is me,” aduairt sé, “gan dearamad, agus caidí an éagóir athá
déanta agam air?”

“Ná tugann bia ceart dó,” aduairt an fear. “Sin togha gaiscíg,”
aduairt sé, “dá bhfaigheadh sé bia gaiscíg.”

“Is baolach ná beig puínn gaisce ion,” arsan t-athair.

“Béarfadsa liom é uait,” aduairt sé, “ar feag tamaill, agus túrfa
mé bia gaiscíg dó, agus leog liom é aon bhliain amháin is chífir an
bhreis a bheig tagaithe air.”

Níor mhaith leis é leogaint uaig agus fille abhaile a’ triall ar a’
máthair gan é bheith aige, ach do chuaig a’ fear chó cruaig air is gur
bh’éigint dó é leogaint leis.

“Buail umum anso,” aduairt sé, “i gcionn bliana; be’ sé agam
duit airís.”

Sea. Chua sé abhaile, agus do thug a’ tseanabhean sa bhaile
cabhaiseáil throda dho ‘dtaobh an gharsúinín a leogaint le héinne,
agus ná feadair sé cé dho gur thug sé é ná cá raibh sé gofa.

Ní rabhdar ró-shuaineasach i n-aochor chun go raibh an bhliain
caite. As go brách leis a’ bhfear airís fé dhéin na coille féathaint a’
gcasfí air an garsúinín agus an té riug leis é. Ní raibh sé abhfad a’
fithamh nuair a tháini sé chuige agus ana-scriosaire garsúin i
n-aonacht leis.

“Féach anois,” aduairt sé, “an bhreis a tháinig air!”

“Ó, ní hé an fear céanna i n-aochor é,” arsan t-athair.

“Ní hé,” aduairt sé, “agus túir dom ar feag bliana eile é, agus
nuair a thiocfa mé thar n-ais leis ní aithneoir i n-aochor é be’ sé
chó láidir, chó cuíthach san.”

Do scaoil sé leis airís é, agus níor iarr sé an iomarca taithint i
n-aochor nuair a chonaic sé an bhreis a bhí tagaithe ar a’ ngarsún.
Abhaile leis airís fé dhéin na seana-mhná agus d’inis an scéal di,
agus an fheabhas a bhí tagaithe ar a’ ngarsún. “D’fhágas aige bliain
eile é,” aduairt sé, “agus duairt sé liom gur muar an t-anaithe an
neart a bheadh air an bhliain seo.” Ní raibh an tseanabhean ró-
mhíshásta i n-aochor nuair a bhí sé dultha i bhfeabhas chó muar san.

Nuair a bhí an bhliain amú airís chuaig sé féna dhéin, agus má
chuaig do tháinig an fear agus é i n-aonacht leis, agus ní fheadair
éinne, geall leis, ceocu don bheirt ba dheabhraithí. Bhí an garsún
chó láidir agus chó cruthanta a’ féachaint leis an bhfear a bhí i
n-aonacht leis.

“Sea anois,” aduairt sé, “ní iarrfadsa ort é leogaint liom a theille.
Tá sé ‘na ghaiscíoch agat, agus túir aire dho agus túir bia dho, agus
is baolach ná túrfair bia gaiscíg dó,” aduairt sé, “mar ná fuileann
tú i ngustal do dhóthain chuige.”

Do thug sé leis abhaile é agus ba mhuar a’ seó an t-áthas a bhí
ar a’ máthair nuair a chonaic sí é – an fear breá a bhí déanta dhe.
T’réis tamaill duairt an garsún leo: “Anois,” aduairt sé, “níl aon
ghnó agamsa i n-aonacht libhse agus imeod a’ déanamh dom féin,
pé áit go dtúrfad mh’aghaig, ar feag tamaill. Ní hamhlaig ná go
bhfíllfead airís oraibh,” aduairt sé, “ach trialfad maireachtaint éigint
a dhéanamh dom féin sara dtiocfad.” D’fhág sé slán acu, agus bhí
buairt go leor ‘na dhiaig.

D’imi sé air a’ siúl riamh is choíche a’ lorg máistir a thógfadh é
chun oibre. Bhí teipithe air, agus i ndeire bárra do casag a’ triall
ar fheirmeoir é go raibh stoc muar a’ teacht sa chlós chuige um
thráthnóna. Do thug sé fé ndeara an stoc breá, agus duairt leis an
bhfeirmeoir:

“Is breá an stoc iad so agat.”

“Táid siad go maith,” aduairt an feirmeoir, “dá mbeadh duine
agam a dhéanfadh iad d’aeireacht, ach níl.”

“Canathaobh san?” aduairt an garsún – nú Seán is cóir duinn
a thúirt air mar b’ea thugaithí air.

“Airiú, a lithéid seo,” ar sisean. “Tá coíll anso im aice. Athaig
athá chun cónaig inti, agus ní fhanfadh éinne ag aeireacht stuic
agamsa le heagla go raghadh aon bhó acu san isteach i gcoíll na
n-uthách, mar dá raghadh ceann acu ann níor bheag san,” aduairt
sé – “do mharóidís an t-aeire.”

“Agus a’ dtúrfá tuarastal maith?” aduairt Seán.

“Pé tuarastal ba mhaith leat,” aduairt sé, “dá bhfantá á bhfeigh-
ilth agus gan iad a leogaint sa choíll.”

“Fanfad,” aduairt sé.

Shocraíodar ar thuarastal mhaith le chéile, agus ar maidin
larnamháireach do scaoileag amach na ba chuige nuair a bhíodar
crúite. “Imig ort anois leo,” aduairt an feirmeoir, agus thiospeáin
dó cá gcomáinfeadh sé na ba. “Féatair gach aon áit eile bheith
agat dóibh,” aduairt sé, “ach seachain an choíll. Ná leog isteach iad.”

Chomáin sé leis na ba agus b’é an chéad rud a dhin sé iad a
dhridiúint fé dhéin na coille. Ní raghadh na ba isteach mar bhí ana-
dhaingean ar a’ gcoíll, ach má bhí ba ghairid a’ mhoíll ar Sheán
beárna a réaba isteach inti. Tháini sé ar a’ dtaobh amú dhíobh is
chomáin an eile bhó acu isteach inti! Bhíodar istig: fuíollach féir
agus fothana acu: Seán ‘na shuí ar a’ gclaí a’ féachaint orthu.

Airiú! Ba ghairid gur airig sé chuige an siot, an fuaim ‘s an
fothram ag an uthách muar go raibh ceann muar air agus aon tsúil
amháin i gclár a éadain.

“Airiú,” ar sisean, “a rud anacraig! Cad a bheir duit na ba san a
leogaint isteach im choíll? – agus díolfair as anois!” Do thosna sé
féin is Seán ar a chéile agus níor bh’fhada i n-aochor gur bhuin Seán
an ceann de. Do tharraig sé gad sceiche gan scotha trína chluais agus
do cheangail anáirde ar chrann é. Nuair a tháinig an tráthnóna do
chomáin sé leis abhaile na ba, agus nuair a chuaig na mná a’ crú na
mbó do bhí úna orthu canathaobh go raibh oiread bainne acu, níos
mó ná mar a bhíodh aon lá eile. D’ínseadar d’fhear a’ tí é agus
d’fhiafra sé do Sheán:

“A Sheáin, ní hé go mbeadh na ba leogaithe i gcoíll na n-uthách
agat?”

“Ó, ní rabhdar,” aduairt Seán, “ná ní leogfadh eagla dhom é!”

“Ó, is maith an buachaill,” aduairt sé.

B’é an cleas céanna é ar maidin amáireach.

D’imig Seán airís i ndia’ na mbó agus ní raibh air an bheárna
oscailt i n-aochor. Chomáin sé roimis isteach iad, agus má chomáin
ní raibh sé abhfad istig nuair airig sé an choíll á réaba a’ teacht féna
dhéin: an t-uthách muar na dtrí gceann, na dtrí mbeann, na dtrí
mineál fada ramhra díreach.

“Airiú, a anacróir!” ar sisean. “Cár ghabhais lem dhriotháir,
nú a’ bhfeacaís anso i n-aobhal iné é, nú canathaobh go bhfuil do
chuid stuic agat ar fuaid mo choille?” – a’ léimt chuige. Ach ní
raibh a chlaíomh ar fán ó Sheán. Do bhí sé ullamh dó, agus do luig
a’ bheirt ar a chéile. Amach san aimsir do fuair Seán an ceannsmách
air. Do bhíodh ceann aige á bhuint de i ndia’ chéile i gcónaí chun
go raibh na trí cínn buinte dhe agus é ‘na sheana-chorpalach ansúd
aige i lár na coille. Bhí an tráthnóna a’ teacht, agus airís do tharraig
sé gad sceiche gan scotha trísna cluasa ar na cínn seo agus do chroch
anáirde ar chrann iad. Chomáin leis abhaile na ba, agus iad go bolg-
lán agus deabhramh bainne orthu. Nuair a chuadar sa chlós do
thug an feirmeoir fé ndeara iad, agus nuair a suíog chun iad a chrú
b’fheárr ná san a tugag fé ndeara iad, mar do bhí an bainne go
léir acu.

“Is tu an buachaill,” aduairt sé, “a b’fheárr a bhí agam riamh.
Tá dhá oiread bainne acu ó thánaís a’ triall orm. Ach ní hé go mbefá
á leogaint sa choíll?”

“Ó, ní leogfadh eagla dhom é!” arsa Seán.

Sea. Fuair sé a shuipéar, agus bhíothas ana-bhaoch de. Níor
glaog ró-mhoch ar maidin air, chun go raibh na ba crúite. Glaog air.

“A Sheáin, is dócha go ragha tú i ndiaig na mbó airís iniubh?”

“Ó, raghad,” aduairt sé, “go hálainn.” Chomáin leis iad, agus
isteach sa choíll. Bhíodar istig aige tamall maith nuair a airig sé an
straca míorúiltheach, agus craínn á lúba agus géagracha á mbrise a’
teacht féna dhéin – an t-athach ba chuíthí a tháinig riamh: uthách
muar na gcúig mbeann, na gcúig gceann, agus na miníl fada ramhra
díreach.

“Ó, gráin ort!” ar sisean, nuair a chonaic sé é, “a anacróir!”
aduairt sé, “nú canathaobh go bhfuil na ba sa choíll agat? A’
bhfeacaís mo bheirt driothár?” aduairt sé. “Bhíodar amú uaim iné,
agus arú iné, agus níor fhilleadar.”

“Ní fhíllfirse ach chó beag leo!” arsa Seán.

Do dhin a’ t-athach air, ach má dhin do thug Seán iarracht fé
lena chlaíomh agus do bhuin ceann de don chéad iarracht. Do lean-
adar ar a chéile chun go raibh na cínn go léir buinte aige dhe; agus
nuair a tháinig a’ tráthnóna, dáltha na coda eile, do thairrig sé an
seana-ghad sceiche gan scotha tríothu airís agus do chroch anáirde
iad i n-aonacht leis a’ gcuid eile. Chomáin leis abhaile na ba, agus
ní raibh aon mhíorúilth ach an bainne a bhí acu. Do bhí eagla ar a’
bhfeirmeoir go raibh na ba a’ dul sa choíll, ach do dheimhnig Seán
dó ná rabhdar, agus ná leogfadh eagla dho dul i n-aice na coille i
n-aochor!

Sea. Larnamháireach chomáin sé leis airís iad, agus isteach sa
choíll. Ní raibh sé ró-fhada istig nuair a airig sé chuige mara bheadh
sí gaoithe nú rud éigint a bheadh a’ réaba na coille ar fad, á straca
as a préacha. Cad a bheadh ná máthair na n-uthách a’ teacht –
í gléasta chun côraic: gathaí iarainn curtha aici uirthi féin, agus do
dhin sí ar Sheán.

“Airiú,” ar sise, “is dócha gur tu a mhairbh mo thriúr mac!
Ar maidin iniubh isea fuaras a gcínn ansan anáirde ar chrann.”

“Geó tú,” aduairt sé, “agus do cheann féin ann ar maidin
amáireach!”

Do thug sí iarracht fé chun crúca a chuir ion. Do léim sé ar scáth
craínn uaithi agus do chuir sí na crúcaí iarainn a bhí socair uirthi
amach tríd a’ gcrann chuige! Agus ba mhaith a’ mhaise sin ag
Seán – do dhin sé iad a bharra lena chlaíomh ar an dtaobh eile don
chrann agus do léim chúithi nuair a bhí sí i ngreim agus do bhuin
an ceann di. Sea. Do bhuail sé anáirde ar chrann airís í – thug sé
nós na coda eile don tseana-phlaosc, agus chomáin leis abhaile na
ba. B’é an cleas céanna é nuair a chua sé abhaile – an iúna mhuar
go léir conas a bhí an bainne agus an deabhramh bainne tagaithe
orthu.

Níor cuireag as a’ leabaig ró-mhoch é, ach gur glaog air chun na
mbó a chomáint amach airís. Chomáin sé leis ad, agus isteach sa
choíll. Má dhin, ní raibh éinne a’ teacht a’ triall air: ní raibh athach
ná máthair athach a’ teacht.

“Ní stadfad anois,” aduairt sé, “chun go bhficfead caidé an saghas
áite bhí acu.” D’imi sé air tríd an gcoíll chun go bhfuair sé cúirt na
n-uthách. Shiúlaig sé gach aon bhlúire dhe: an chúirt bhreá go léir,
agus gach éinní dá bhreáthacht, – na capaill bhreátha; agus bhíodh
ba ann – fiain níos feárr ná bhí ba an fheirmeora, dá mhéid dúthracht
a bhí ag Seán á dhéanamh dóibh. Níor dhearúid sé fille um thráth-
nóna chun na mbó a chomáint abhaile. Do chomáin, agus b’é an
scéal céanna é. Bheifí a’ fithamh chun go dtagaidís chun go bhficfí
an deabhramh bainne bhí orthu, agus an bainne muar a bhí á chrú
uathu.

Ar maidin larnamháireach:

“Anois, a Sheáin,” arsan feirmeoir, “beimídne á baile iniubh,
agus ar do bhás, pé rud a dhinis go dtí so, din aeireacht mhaith
iniubh ar na buaibh. Ná leog isteach i gcoíll na n-uthách iad ar
do bhás.”

“Cá mbe’ sibh?” aduairt Seán.

“Ó mhuise,” aduairt sé, “áit nách maith linn bheith, dá mbeadh
leigheas air, ach cathfar dul ann. A lithéid seo: Tá loch anso, tamall
uainn, agus tá piast sa loich sin. Tagann sí amach uair sa mbliain.
Cathfar bean óg éigint, pé bean is breátha san áit, a chuir amú ar a’
gcarraig san áit ‘na dtagann sí amach as an bhfarraige, nú as a’
loich; agus mara gcuirfí an bhean ansan gheódh sí amach ar fuaid
na tíre agus do stracfadh sí agus d’íosfadh sí a mbeadh do dhaoine
ann, idir mná agus fir. Tá deire na mban breátha bertha aici léi,
agus iniubh cathfar iníon an Rí a chuir amú ar a’ gcarraig ‘na cóir,
agus béarfa sí léi í. Ní foláir duinn go léir bheith láithreach, nú
mara mbeimís do mharódh an Rí sinn, nú do chuirfeadh sé amach
as an ndúthaig sinn ar fad.”

B’shin mar a bhí. Do chomáin Seán leis na ba agus níor stad cos
de chun gur chuir sé isteach sa choíll iad. Ní raibh aon ghá le hiad
d’aeireacht sa choíll: bhí deire leis na hathaig agus gan éinne chun
teacht fé dhéin na mbó. D’imig Seán agus níor stad sé chun gur
chuaig go cúirt na n-uthách. Ghaibh sé tríd a’ gcúirt agus do fuair
sé an chluith éadaig ba dheise a bhí ann – mar a shíl sé, ar aon tslí.
Do chuir uime í. Amach leis sa stábla agus do fuair ceann dosna
capaill. Chuir iallait ar a’ gcapall, tháinig anáirde air, thóg leis a
chlaíomh, agus as go brách leis. D’fhág sé an choíll agus na ba
ansan ‘na dhiaig.

Níor stad sé riamh ná choíche chun gur tháini sé san áit go raibh
an loch. Do bhí na sluaite tímpal na loiche agus iníon an Rí ceang-
ailthe amú anáirde ar charraig ar imeall na loiche. Ba ghairid gur
airig sé an gol – d’árdaíodar go léir liú ghuil nuair a chonaiceadar an
phiast a’ teacht. Bhí sí a teacht tríd a’ loich agus gach éinne a’
dridiúint uaithi, ón áit go raibh an bhean ceangailthe ar a’ gcarraig,
le heagla go mbéarfadh sí iad féin léi. An dial blúire do Sheán ná
gur dhin féna géin ar muin capaill, agus a chlaíomh aige. Tháini sé
idir í agus an charraig. Níor leog sé don phéist teacht amach a’
d’iarraig na mná. Bhí an phiast a’ d’iarraig é dh’ithe agus gach aon
bhuille do chlaíomh ag Seán ar a’ bpéist, agus i ndeire bárra do bhí
an ceannsmách aige á fháil uirthi agus d’iarr an phiast sosa côraic
go dtí amáireach.

B’shin mar a bhí. Chuir Seán de tríd an slua agus ní fheadair
éinne cér bh’é ná ce hé an gaiscíoch a bhí t’réis iníon an Rí a shábháil.
D’imi sé air, agus do tógamh iníon an Rí don charraig agus chua
sí abhaile i gcóir na hoíche sin. Nuair a chuaig Seán chó fada le
cúirt na n-athach d’athara sé a éadach. Chuir sé uime a sheana-
bhalcaisí féin, tháinig i ndiaig na mbó agus chomáin leis abhaile iad.

I gcionn tamaill do tháinig an feirmeoir agus an bhean.

“Sea airiú,” aduairt Seán, “caidé an scéal athá agaibh? Is dócha
go bhfuil dro-scéal buartha – iníon an Rí imithe ag an bpéist?”

“Tá scéal diail greanúr,” aduairt an feirmeoir. “A lithéid seo: Do
bhí an phiast a’ teacht nuair a tháinig gaiscíoch ar muin capaill.
Do léim sé isteach sa loich ‘dir an bpéist agus an bhean; thosnaig ar
a’ bpéist a léasa lena chlaíomh, agus b’é deire tháinig air gur iarr
sí sosa côraic go dtí amáireach. D’imig an gaiscíoch agus ní fheadair
éinne cér bh’é ná cad as dó.”

“Scéal diail greanúr!” arsa Seán.

“Agus cathfam go léir dul ion airís amáireach,” aduairt an
feirmeoir, “mar cathfar í chuir ansúd ar a’ gcarraig: tiocfaig a’
phiast airís.”

B’shin mar a bhí, agus do tugag an oíche a’ caint ar a’ ngaiscíoch
a chosain iníon an Rí.

Ar maidin larnamháireach do chomáin Seán leis na ba isteach
sa choíll, agus d’imig an feirmeoir agus an bhean fé dhéin na loiche.
Chuaig Seán fé dhéin chúirt na n-athach agus chuardaig airís, agus
fuair sé cluith éadaig fiain níba dheise ná an ceann a bhí iné roimis
sin air. Amach leis sa stábla agus fuair sé capall ar dhath eile agus
níos deabhraithí ná an capall a bhí aige iné. As go brách leis agus
níor stad sé chun gur tháini sé i n-aice na loiche. Do bhí na sluaite
bailithe ann, níos mó ná mar a bhí iné roimis sin, agus níor bh’fhada
gur tháinig an phiast. Siúd amach í tríd a’ loich, agus ba mhaith
a’ mhaise sin ag Seán – isteach leis ‘na coinnibh agus do luig an
côrac acu le chéile. Bhíodh gach aon tséideog ag an bpéist a’
d’iarraig é shéide anuas don chapall agus gach aon bhuille don
chlaíomh ag Seán ar a’ bpéist, agus geall leis dath dearg ag úmpáil
ar a’ loich le fuil na péiste. D’iarr sí sosa côraic airís go dtí amáir-
each.

“Geóir,” aduairt Seán.

Do scaoileag iníon an Rí don charraig, agus d’imig Seán abhaile
agus ní fheadair éinne cér bh’é. Chuir sé an capall agus an t-éadach
uaig i dtig na n-uthách agus d’fhíll abhaile leis na ba ‘na sheana-
éadach féin airís.

Bhí an feirmeoir agus an bhean tagaithe.

“Sea,” arsa Seán. “Is dócha nách gá dhíbh imeacht a theille, –
go bhfuil an bhean óg aici iniubh – nú a’ bhfuil?”

“Airiú, eist, a dhiail!” arsan feirmeoir. “Scéal diail greanúr eile
athá againn. Tháinig gaiscíoch eile iniubh,” ar sisean – “ní hé an
fear iné a bhí i n-aochor againn iniubh, ná an capall céanna, agus
thug sé an cor don phéist ba mheasa fuair aon rud riamh. D’iarr sí
sosa côraic air go dtí amáireach. Tá iníon an Rí dultha abhaile i
gcóir na hoíche agus cathfar í thúirt ann airís amáireach, agus cath-
famnago léir dul ann, agus ar do bhás,” aduairt sé, “táim á fhuláramh
ort – i dtaobh is gur deocair dom cuíneamh ar gach éinní – gan na
ba a leogaint i gcoíll na n-uthách.”

“Ó, níl baol orthu,” arsa Seán; “ná dinidís aon bhuairt duit.”

Sea. Nuair a tháinig an mhaidean do bhí ba crúite. Chomáin
Seán leis iad isteach sa choíll agus chuaig muíntir a’ tí fé dhéin na
loiche.

“Sea. Tá sé chó maith agam,” arsa Seán, “is dócha, dul féna
ngéin airís.” Chua sé go tig na n-uthách ar dtúis agus do dhin sé
teille piardála ar fuaid a’ tí chun go bhfuair sé an chluith ná feacathas
curtha ar éinne riamh, ná éinní mar í, le breáthacht. Chuir sé
uime í; agus fear ana-chúmtha, ana-dheas a b’ea é. Do bheadh gach
aon éadach oiriúnach dó: thagaidís go maith dho. Amach leis sa
stábla agus do phiuc sé amach an gillín capaill a b’fheárr a bhí ann,
tháinig anáirde air, agus do dhin fé dhéin na loiche. Níor thóg sé
abhfad i n-aochor air dul ann. Ní claíomh a riug sé leis i n-aochor
ach seana-bharra muar iarainn a bhíodh ages na hathaig, i bhfuirm
á chathamh, nú i bhfuirm chun saghas éigint cleas nú clis a dhéan-
amh leis. Thóg sé leis an barra muar iarainn, agus níor bh’fhada
dho a’ fithamh i n-aochor – an slua muar daoine ann – nuair a
chonaiceathas an phiast a’ teacht. Isteach leis ‘na coinnibh, agus
do chuaig sé níos sia isteach ná mar a théadh na laethanta eile.
Níor leog sé dhi teacht ana-fhada amach i n-aochor nuair a thosna
sé uirthi leis a’ mbarra iarainn, agus níor bh’fhada a bhí an côrac
acu le chéile nuair a bhris sé a ceann, agus d’imi sí ansúd ar bharra
an uisce ‘na corpalach mharbh.

Airiú! Do bhí na gáirí ar mhuíntir na tíre go léir nuair a chon-
aiceadar cad a bhí imithe ar a’ bpéist, agus do scaoileag iníon an Rí
don charraig, agus do cuireag anáirde ar stáitse nú ar árdán eile í
a’ gabháil baochais leis na daoine, agus chun baochas a ghabháil
leis a’ ngaiscíoch a shaor í – dá bhfaigheadh sí aon chaé air. Do bhí
gach éinne a’ gabháil an treo, agus do bhí ana-shúil ag iníon an Rí
ar a’ ngaiscíoch, ach do ghaibh sé amach chó deithinsach san ná
fuair sí uain ar fhéachaint air i gceart. Bhí suisúr beag aici agus do
thug sí gearra don tsuisúr ar a chuid gruaige. Do riug sí léi loca don
ghruaig ‘dir a méireanta. Ach d’imig Seán.

Chuaig sé abhaile – más baile a thúrfa mé ar chúirt na n-athach
dó – agus d’atharaig éadach airís, agus chuir treoar achapall. Nuair
a bhí san déanta aige chomáin sé abhaile na ba, agus do bhí muíntir
a’ tí tagaithe roimis. Do bhí fuláramh túrtha ag iníon an Rí do
nach aon duine acu – don tslua – sarar fhágadar an áit, go gcath-
fadh gach aon fhear a bhí san áit teacht amáireach féachaint ce hé
an fear go mbeadh an ghruaig oiriúnach dó, nú go raibh an loca
gruaige geárrtha aici as a cheann.

Sea. Do bhíodar a’ caint ar obair an lae agus an chuma gur
mhairbh an gaiscíoch í leis a’ mbarra muar iarainn, agus an saol le
breáthacht anois a bheadh as so amach ag muíntir na tíre nuair ná
déanfadh an phiast a theille trioblóide dhóibh.

“Agus, a Sheáin,” aduairt an feirmeoir, “pé crích a bhéarfaig na
ba amáireach – is dócha go gcathfar iad d’fhágaint istig nuair ná fuil
éinne chun iad d’aeireacht – caithfirse dul linn amáireach.”

“Caidé an gnó athá agamsa libh?” arsa Seán.

“A lithéid seo,” aduairt sé. “An fear a mhairbh an phiast do
bhuin sí loca gruaige le suisúr a bhí aici amach as a ghruaig, agus tá
an ghruaig sin aici. Tá pé fear go mbeig an ghruaig sin oiriúnach
dó aici le pósa: ní phósfadh sí éinne eile.”

“An dial gnó agamsa a’ dul ion,” arsa Seán – “níl aon bhaol gur
mise a phósfa sí.”

“Ní dhéanfadh sé an gnó, másea – caithfir dul ion, mar chuirfí
as an áit sinn mara mbéarfí gach aon fhear sa dúthaig ann.”

B’shin mar a bhí, agus do bhí fhios ag fir na dútha go léir caidé
an gnó a bhí a’ dul ann an lá san, agus ní raibh aon duine acu, geall
leis, a’ dul ion ná go raibh sceamh éigint do shuisúr túrtha aige ar a
ghruaig féin féachaint a’ mbeadh sé oiriúnach don ghruaig a bhí
bertha léi ag iníon an Rí. Níor dhin Seán piuc, agus b’éigint dó
gluaiseacht ar maidin i n-aonacht leis a’ bhfeirmeoir.

Do bhí sí anáirde ar stáitse airís agus gach aon fhear a’ gabháil
féna bráid, agus an ghruaig aici á shocrú san áit a bhíodh geárrtha
don ghruaig acu. Ní raibh sí oiriúnach d’aon duine acu: bhíodh
atharrach dath nú atharrach gearra nú rud éigint i n-easnamh chun
gur ghaibh Seán an treo. Do chuir sí an ghruaig san áit ‘na raibh
sí geárrtha ar Sheán – bhí sí oiriúnach. Do chas sí a lâ tímpal ar
Sheán: ní leogfadh uaithi é. Do bhí úna an domhain ar na daoine
go léir cér bh’é féin agus ní raibh úna ceart ar éinne ach ara’ bhfeirm-
eoir go raibh sé i n-aimsir aige nuair a chonaic sé gur b’é a bhí tofa
ag iníon an Rí chun é phósa. Níor leogag abhaile i n-aochor é i
n-aonacht leis a’ bhfeirmeoir. B’éigint dó fanúint i dtig a’ Rí an
oíche sin, agus t’réis tamaill do pósag é le hiníon an Rí.

Do thug sé cúrsa a’ triall ar a’ bhfeirmeoir agus d’inis sé dho mar
gheall ar na hathaig. “Agus tá an ríocht agamsa le fáil,” aduairt sé,
“ón Rí, agus táim a’ túirt na coille dhuitse agus cúirt na n-uthách,
agus féatair na capaill bhreátha athá ion a bheith agat. Ní gá dhuit
aon eagla bheith ort as so amach go mbeig uthách ná púca chun do
chuid stuic a chuir amach as a’ gcoíll.”

B’shin mar a bhí, agus t’réis tamaill, nuair a bhíodar pósta, do
chuaig Seán agus a bhean abhaile chun go bhficeadh sé a athair agus
a mháthair. Níor fhág sé ‘na dhiaig sa bhaile iad ach do thug leis
iad a’ triall ar thig an Rí, agus ansan isea mhaireadar go léir i
n-aonacht as san amach: an ríocht go léir ag Seán, agus an saibhreas;
agus b’shidé an chrích a riug é ó bhí sé ‘na rud bheag anáirde i
gcluais an chapaill!

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s