Ó Donnchú an Ghleanna: Audio

Nóirín Ní Shúilleabháin kindly agreed to read Ó Donnchú an Ghleanna for me onto MP3. Download the MP3 here.

Ó DONACHÚ AN GHLEANNA

Tá tamall muar ó shin nuair a chónaig Ó Donachú an Ghleanna
i n-áit i n-aice Chíll Átha, agus ‘na theannta san do bhí talúintí eile
aige tímpal Chíll Áirne, i n-áit éigint i n-aice na loiche.  Fear singil
a b’ea é, gan pósa, agus bhíodh seó daoine ag obair aige.  Do ráinig
uair éigint ná raibh aon stíobhard aige, agus do chuir sé amach fógra
a’ lorg stíobhaird.  Do tháinig chuige ceamalach buachalla, agus
duairt: “Féatadsa pé rud a oirfig dhuit a dhéanamh,” aduairt sé,
“agus tá fios mo ghnótha go maith agam.”

“‘Sé is feárr ná a chéile,” aduairt Ó Donachú.

Do réitíodar le chéile, agus d’fhan so aige mar stíobhard ar a’
gcuid eile.  Bhíodar ag obair leo i gCíll Átha, agus amach sa bhFôr
d’oir dó dul a’ buint choirce sa bhfeirm eile n-aice Chíll Áirne.
D’inis sé don stíobhard é.  “Caithfi mé,” aduairt sé, “mo chuid
cúnaimh go léir a chuir sa bhfeirm eile an tseachtain seo rôinn amach.
Beir leat iad, agus beig fir agat agus beig mná agat iontu, agus oirfig
gach aon saghas.  Beig garsúin bheaga agat, b’fhéidir,” aduairt sé.

D’imig an stíobhard agus mithal mhuar chúnaimh i n-aonacht
leis, agus thugadar a’ tseachtain go léir a’ buaint an arúir sa bhfeirm
seo.  Ní raibh a’ stíobhard ró-ghéar ar a lucht oibre.  ‘Sé an áit go
dtugadh sé an chuid ba mhó dá shaol – sínte i n-aice an stiúc, agus
a leabhar agus a phion aige.  Thánadar abhaile um thráthnóna Dé
Satharainn.  Chuaig na fir go léir a’ triall ar Ó Donachú chun a gcuid
páig fháil.  “Ní fhéatainn pá a thúirt díbh,” aduairt sé, “chun go
bhfici mé an stíobhard.”

Cuireag fios ar an stíobhard.  “Canathaobh nár thánaís,” aduairt
sé, “agus an leabhar a thiospeáint dom chun go ndíolainn iad so?”

“Shíleas,” aduairt sé, “go ndéanfadh sé an gnó ar maidin.”

“Á, ní dhéanfadh,” aduairt sé.  “B’fhéidir go n-oirfeadh airgead
dosna daoine bochta.”

Shín sé chuige an leabhar agus thosnaig Ó Donachú ar fhéachaint
air.  “An dial,” ar s’ean, “ní fhéadaim piuc de a thuiscint, nú cad tá
curtha agat ann i n-aochor?”

Do bhí stríoc mhuar fhada déanta aige do nach aon fhear; stríoc
níos giorra don mhnaoi, agus níos giorra ná san airís don gharsún
nú do ghearráchaille bheag.

“Shamhlaíos,” aduairt Ó Donachú, “go raibh foghlaim ort, nú
scoláireacht.”

“Ná ficeann tú?” ar s’ean: thiospeáin sé dho.  “Sidé an fear
agat – an stríoc fhada.  Sidí an bhean,” aduairt sé, “agus sidé an
garsún”!

“Ó, tuigim anois é,” arsa Ó Donachú.  Ach do bhí rud éigint diail
greanúr istig i lár a’ leabhair gur theip air éinní i n-aochor a dhéan-
amh de.

“A’ neósfá dhom,” aduairt sé, “caidé an rud é seo?”  (Rud a b’ea
é i bhfuirm mar a bhíodh againn nuair a bhímís a’ dul go scoil, ag
imirt na “Nine O-s,” nuair a bheadh “Blind beggar” déanta!)

“Airiú, a’ bhfuil aon fhoghlaim ort ach mar sin?” aduairt sé le
hÓ Donachú.  “Ná fuil fhios agat go raibh lá saoire againn i lár na
seachtaine? Sidé an lá saoire,” aduairt sé, “an chúigiú lá déag
d’Fhôr.”

“Ní raibh fhios agam riamh gur mar sin a dhintí é!” aduairt
Ó Donachú.  “Ach anois,” aduairt sé, “ní bheir mar stíobhard agam
a theille.  Pé áit go bhfaighead stíobhard ní bhead a’ brath ort.
Agus mar sin féin, más maith leat fanúint ag obair i n-aonacht leis
na fir eile coineó mé tu.”

D’fhan sé aige agus bhíodar ag obair leo, agus do thosnaig a’ saol
ar ghabháil i gcoinibh Ó Donachú – Síathra thugaidís air.  I ndeire
bárra d’imig an fheirm a bhí i gCíll Átha uaig – theip air í choinneáilt,
agus ba ghairid go raibh sé dultha chun deirig sa bhfeirm i n-aice
Chíll Áirne.  Bhí na seiribhísig imithe uaig, agus ní raibh éinne fanta
aige ach an cnuba buachalla so bhí mar stíobhard aige.  I ndeire
bárra ní raibh bó ná gamhain ar a’ dtalamh aige.  B’é a raibh aige
ann trí cínn do chapaillibh: seanachapall, agus dhá chapall eile a
bhí i ndeabhramh.

“Sea,” aduairt sé leis a’ mbuachaill, “tá an saol gofa ‘nár gcoinibh,
agus a lithéid seo: tá bean theas i gCairibre,” aduairt sé, “iníon do
Rudaire Chairibre.  Ragham féna géin.  Gheó mé muarán airgid léi
má fhéadaim í bhuachtaint; agus ní fheadarsa caidiad na nithe,”
aduairt sé, “a chaithfí a dhéanamh chun í bhuachtaint, ach beig
fhios againn é.  Bí ullamh ar maidin, agus béarfam linn an dá
chapall.  Imeom araon.”

Nuair a tháinig an mhaidean d’imig an bheirt, agus bhí an lá
túrtha a’ siúl acu.  Do casag i n-áit iad ‘na raibh cóthalán.  B’é a
raibh d’airgead ‘na phóca ag Ó Donachú – giní guile.  Sea.  Do bhí
rínnce ar siúl ag an gcóthalán agus do stadadar a’ féachaint air.
D’fhiafraig cailín a bhí ann do Ó Donachú: “A’ rínncfá?” aduairt sí.
“Rínncfead gan dearamad!” aduairt sé.

Do dhin sé féin agus an cailín ceáfar rínnce, mar adeirimíd, agus
nuair a bhí an rínnce déanta do thug sé an giní don phíobaire.
Tháinig pus a’ diail ar a’ seana-chnuba buachalla nuair a chonaic
sé an giní imithe, agus nuair a fhágadar an cóthalán thug sé ana-
throid d’Ó Donachú.  Níor bh’aon chabhair é.

D’imíodar orthu chun gur tháinig an oíche orthu, agus bhí an
oíche acu á chuir díobh go dorcha, trí choíll, nuair a tháinig fear ‘na
gcoinibh ar a’ mbóthar.

“Airiú,” aduairt sé, “a mhic Í Dhonachú, cad a thóg amach tu
uim an taice seo d’oíche?”

“Ní fheadar,” aduairt sé, “ca bhfuilim a’ dul, geall leis, mar ní
leogfadh a’ doiritheacht dom gabháil i n-aobhal.”

“Ní gheóir, leis,” aduairt an fear, “mar fanfair agamsa go lá.”

Sea.  Géilleag dó.  Ní raibh orthu dul abhfad nuair a bhí tig
breá ansan rómpu ar thaobh a’ bhóthair, agus do coiníog Ó Donachú
agus an buachaill, agus cuireag na capaill ar stábla.  Do thugadar
tamall don oíche a’ caint, agus nuair a tháinig am collata chuadar
a cholla.  Do bhí Ó Donachú agus an buachaill i n-aon leabaig
amháin, agus nuair a bhí sé a’ dul chun collata do chonaic sé uaig
isteach i seomra eile bhí ann an cailín seo gur rínnc sé léi, agus do
bhagair sí air.  Níor dhin sé puínn collata, ach nuair a shíl sé go raibh
gach éinne eile ‘na gcolla:

“An dial,” aduairt sé leis a’ mbuachaill, “bhí sí siúd a’ bagairt
orm agus ragha mé féna géin féathaint caidé an gnó athá aici dhíom.”

D’eiri sé amach chun dul féna géin, agus shíl sé go raibh sé a’
déanamh cruínn díreach féna géin.  Cá gcuirfeadh sé a lâ ná anuas
ar aghaig an tseanduine a thug isteach é: fear a’ tí! Do liúig sé
féathaint cad a bhí air.  “Airiú, meisce chollata, is dócha!” aduairt
sé.  B’éigint solas a sholáthar chuige chun é chuir sa leabaig airís,
agus nuair a bhí sé a’ dul sa leabaig an dial blúire don chailín ná go
raibh san áit chéanna, agus do bhagair airís air.

Sea; t’réis tamaill: “Is dócha,” aduairt sé leis a’ mbuachaill,
“go ragha mé féna géin, má fhéadaim é.”

“Fan mar a bhfuil agat,” aduairt a’ buachaill.  “Tá náire túrtha
agat dhom!”

Níor fhan.  Amach leis airís as a’ leabaig agus b’é an cleas céanna
é – a’ triall ar leabaig a’ tseanduine a chua sé.  D’árda sé a ghlór
airís féathaint cad a bhí air.

“Leog ‘om!” aduairt sé.  “Is dócha gur b’é tuirse an lae, agus ní
dhéanfad aon cholla, is dócha.”

Lasag solas airís agus chuaig sé a cholla dho féin, agus má chuaig
do bhí an cailín san áit chéanna, agus do bhagair air airís.  Níor
bh’aon chabhair bheith leis.

“Sea,” aduairt sé leis a’ mbuachaill, “caithfi mé dul a’ triall
uirthi,” aduairt sé.  “Tá gnó éigint aici dhíom.”  Do chuaig, agus
d’eirig leis an t’rus so.  Chua sé a’ triall uirthi.  Chuadar chun cainte
le chéile.

“Fiafraím anois,” aduairt sí, “ca bhfuil do thriall?”

Ní raibh sé ag ínsint di ró-mhaith.

“Tá’s agamsa go maith,” aduairt sí, “ca bhfuileann tú a’ dul.
‘na lithéid seo d’áit; agus ba mhaith an scéal,” aduairt sí, “da
bhféadathá ar sheift éigint an bhean san a bhuachtaint mar tá an
dúthaig bodhar ag an rudaire sin leis an inín, agus tá seó fear
tagaithe fé dhéin í fháil agus na cínn buinte dhíobh nuair a théid
siad ann.  Tá cleas éigint,” aduairt sí, “le déanamh ann, agus ní
thagann le héinne acu an cleas so a dhéanamh.  Ach má thiocfaig
leat é dhéanamh túrfair leat an iníon, agus mara dtiocfaig fágfair
ann do cheann!”

“Is olc é!” aduairt Ó Donachú.

“A’ bhfuil aon ábhar airgid agat i gcóir a’ bhóthair?” aduairt sí.

“Ó, tá, fuíollach!” ar sisean.

“Tá a lán!” ar sise.  “Bhí giní guilithe agat, agus ar nóin do
thugais an giní don phíobaire.  Ní fhéatadh bheith agat anois ach
an leathghiní.  Ach ar aon tslí,” aduairt sí, “ná bíodh aon chuir trí
chéile ort ‘na thaobh san.”  Do shín sí chuige spaga muar airgid,
d’ór bhreá go léir.  “Féatair imeacht ort anois,” aduairt sí, “ar
maidin, agus go n-eiríg do chúrsa leat!”

Nuair a tháinig a’ mhaidean do bhí gach feiste le cuir orthu.
D’fhágadar slán ag muíntir a’ tí, agus bhí ráite ag an gcailín leis:
“Ná bíodh aon spáráil ar airgead agat má chíonn tú aon saghas ruda
go ndéanfair aon iúna dhe.”

Ní rabhdar dultha abhfad ón dtig i n-aochor – bhíodh a’ buachaill
á throid i gcónaí – nuair a thairrig Ó Donachú amach an sparán
muar óir agus do thiospeáin don bhuachaill é.  “Th’anam ‘on
sliabh!” aduairt sé, “bíonn tú a’ gabháil dom, agus d’ithis ar fad
me i dtaobh an ghiní a thúirt don phíobaire.  Féach a bhfuil
anois agam!”

“Ó, isé is feárr ná a chéile,” arsan buachaill; “ach táim á fhulár-
amh ort greim a choinneáilt anois air.”

D’imíodar orthu, agus ní rabhdar dultha ró-fhada i n-aochor
nuair a chonaiceadar fear agus gunna aige: an gunna leogaithe anuas
ar a’ gclaí; agus i gcónaí nuair a bhíodh sé a’ faire ar a’ ruchar a
chathamh do thagadh trithamh gáirí air, agus ní chathadh.  D’fhan-
adar a’ féachaint air ar feag tamaill.

“Caidé an saghas duine thu,” aduairt Ó Donachú, “nú cad air go
bhfuileann tú a’ faire?”

“Táim a’ faire ar a lithéid seo,” ar sisean – “capall bán atá ag
Ó Donachú an Ghleanna.  Níl Ó Donachú ná éinne dá mhuíntir sa
bhaile.  Tá an capall istig i ngarraí ann is do thit sé isteach i gclais.
Tá a dhrom fé agus a cheithre cosa anáirde.  Tá fiach dubh a’ teacht
féna dhéin: samhlaíonn sé go bhfuil sé marbh.  Agus i gcónaí nuair
a thagann an fiach dubh crothann sé a chosa agus eiríonn an fiach
dubh airís; agus ní fhéadaim gan gáire,” aduairt sé, “nuair a bhím
chun cathamh leis a’ bhfiach dubh, nuair a chím an chuma go
gcrothann an capall na cosa!”

“Caith leis ar aon tslí,” aduairt Ó Donachú.

Sea.  Do stop na gáirí agus do chaith sé leis.
“Cad a dhinis,” aduairt sé, “nú ar mharaís?”

“Do mharaíos,” aduairt sé, “an fiach dubh; agus rud a b’fheárr
ná san, d’eirig an capall le fuaim an uruchair.”

“Á, is feárr ná san é,” aduairt Ó Donachú.  “Agus a’ bhfuil aon
tslí mhartha agat anois,” aduairt Ó Donachú leis, “ach bheith ansan
a’ faire ar nithe don tsaghas san?”

“Níl aon ghreim orm ag éinne,” aduairt sé.  “D’imeoinn le pé
duine a thúrfadh pá dhom; agus níl an ruchar san a chathas riamh
ná gur mharaíos leis.”

“Caidé an pá bheadh uait?” aduairt Ó Donachú.

“Ní iarrfad puínn i n-aochor,” aduairt sé: “leath a bhfuil d’airgead
agat.”

“Geóir,” aduairt Ó Donachú.  Do tharraig sé amach an sparán
óir agus do roinneadar ansan le chéile é ‘na dhá leath chearta.  Ach
airiú ‘se! B’shidé an uair a tháinig an fhearg ar a’ seana-bhuachaill,
nuair a chonaic sé an méid sin don ór imithe!

D’imig fear a’ ghunna i n-aonacht leo agus bhíodar a’ cuir díobh
fan bhóthair, agus an bóthar go fada rómpu.  Chonaic sé fear eile
istig i bpáirc mhuar: giorré roimis amach, agus é a’ fiach an ghiorré
tímpal na páirce.  Bhí cos leis ceangailthe le crios, agus é i ndiaig
an ghiorré ar leathchois! D’fhan sé chun gur thánadar i n-aice an
bhóthair chuige.  Do stop sé an fear.

“Cad tá ar siúl agatsa?” aduairt sé.

“A lithéid seo,” aduairt sé.  “Táim i ndiaig an ghiorré sin ansan,
á fhiach.  Is cuma liom cad a bhíonn ar siúl agam ach rud éigint
go bhfaighinn cead reatha dhéanamh ion.”

“Agus canathaobh ná leogann tú fút an chos eile?” aduairt
Ó Donachú.

“Ach airiú! Ar nóin,” aduairt sé, “ní bheadh aon spórt agam air
ansan.  Níor bh’aon mhoíll dom breith air dá mbeadh an dá chois
fúm!”

“Agus a’ bhfuil aon chúram ort ach a’ gabháil dó?” aduairt
Ó Donachú.

“Aon bhlúire eile,” aduairt sé, “agus d’fhéatainn dul le haon
fhear a thúrfadh mo phá dhom.”

“A’ muar an pá bheadh uait?” aduairt sé.

“Ní muar,” aduairt an fear – Cos fé Chrios do b’ainm dó.  “Ní
iarrfa mé ort anois,” aduairt sé, “ach leath a bhfuil d’airgead agat.”

Thairrig Ó Donachú amach an sparán airís agus do dhin dhá
leath don airgead ‘dir é féin agus an Cos fé Chrios.  Do ghoil a’ seana-
bhuachaill nuair a chonaic sé an cor a bhí ag an airgead á fháil,
agus ní leogfadh náire dho bheith a’ troid le hÓ Donachú os côir
na beirte eile.

D’imíodar orthu agus níor bh’fhada chun gur casag iad i n-áit
go raibh muileann – muileann muar a bhíodh a’ meilth agus a’
scillig i n-aonacht.  Do bhí fear ansan a’ casa an mhuilinn, agus le
séide a shrón a b’ea chasadh sé an roth muar so.  Do bhí poll don
chuínncín stupaithe aige agus gan aige chun séide tríd ach an poll
eile, nú an taobh.  D’fhanadar a’ féachaint air.

“Caidé an saghas duine thu?” aduairt Ó Donachú.

“Ó, fear athá a’ déanamh an ghnótha so,” aduairt sé – “a’ casa
an mhuilinn.”

“Agus canathaobh,” aduairt sé, “ná tógann tú an corc as a’ dtaobh
eile dod chuínncín agus d’fhéadfá é chasa ní b’fheárr?”

“Á, dá ndininn é sin,” aduairt sé, “do leagfainn a’ muileann!”

“A’ gcaithfir fanúint á chasa i gcónaí?” aduairt sé.

“D’fhanfainn,” aduairt an fear, “dá bhfaighinn mo phá; agus
chó maith san,” aduairt sé, “féatad imeacht le pé duine a thúrfaig
pá maith dhom.”

“A’ muar a’ pá bheadh uait?’ aduairt Ó Donachú.

“Ní bheadh puínn páig uaim,” aduairt sé.  “Ní iarrfainn ort ach
leath a bhfuil d’airgead agat.”

“Tá sé chó maith agat gluaiseacht ort,” aduairt sé; “túrfadsa
dhuit é.”

Do roinn sé airís leis seo, agus má roinn do thit a’ lug ar a’ lag ar
fad ag an seana-bhuachaill nuair a chonaic sé an t-airgead luíodaithe.

Bhíodar a’ cuir díobh riamh is choíche, agus le titim oíche do
shroiseadar tig Rudaire Chairibre.  Bhí fáilthe rómpu agus do
cuireag gach treo dá fheabhas orthu: é féin agus a bhuachaillí.

B’é an seana-bhuachaill an chéad duine acu eirig ar maidin, agus
do bhuail amach a’ féachaint tímpal air.  Ní raibh piuc lasmú ach
cínn daoine anáirde ar sparraí.  Do rith sé isteach a’ triall ar
Ó Donachú.

“B’fhearra dhuit eirí as san,” aduairt sé, “chun go mbeimís a’
rith!”

“Caidí an rith a bheadh orainn?” aduairt Ó Donachú.

“Beig fhios agat,” aduairt sé, “ar neomat, nuair a chífir cad tá
amú.  Níl aon sparra ar a’ dtaobh amú don tig,” aduairt sé, “ná go
bhfuil ceann duine anáirde air, agus beig do cheann-sa anáirde air
chó maith!”

“Beig ár gcínn go léir ann,” aduairt Ó Donachú, “mara bhféatadsa
an rud a dhéanamh sa cheart, nú pé cleas athá le déanamh – buinfar
na cínn do nach éinne riamh againn!”

Sea.  Ní fhéadfí seasamh i n-aochor ansan leis an seana-
bhuachaill, dhin sé oiread san guil.  Sea.  D’eiríog ar maidin agus
do fuaradar bia agus deoch.

“A’ bhfuileann tú,” aduairt an Rudaire le hÓ Donachú, “tagaithe
fé dhéin mh’iníne d’fháil?”

“‘Sé a thug me,” ar sisean.

“A’ bhfuileann tú sásta,” aduairt sé, “leis a’ gcleas athá anso a
dhéanamh, nú mara ndinir, an ceann a bhuint díot?”

“Gan dearamad,” aduairt sé, “mara ndinim a’ cleas táim sásta mo
cheann a ghearra anuas ón gcolainn díom.”

“‘Sé seo an cleas,” aduairt sé.  “Tá tobar ‘na lithéid seo d’áit,
deich míle ón áit seo, agus caithfirse,” aduairt sé, “agus m’iníon dul
go dtí an tobar san.  Beiríg libh dhá chorn, corn an duine.  Peocu
agaibh is túisce thiocfaig thar n-ais anso,” aduairt sé – “má thagann
tusa thar n-ais roímpi le corn uisce caithfir í fháil le pósa; agus má
thagann sí siúd rôt buinfar an ceann díotsa.”

“Sásta leis!” aduairt Ó Donachú.

Do tháinig chútha an scriosaire mná, agus corn ‘na láimh aici,
agus do thosna sí a’ casa ar aon sáil amháin, agus do thug sí leathuair
a’ chluig a’ casa ar a’ sáil sin gan stop.  Bróg an Sciúirse do b’ainm
di.  Do tugag corn eile d’Ó Donachú, ach má tugamh:

“Airiú, caidé an rith a bheadh agatsa?” aduairt Cos fé Chrios.
“Déanfadsa dul a’ d’iarraig an bhraon uisce sin is fan ansan ar do
shuaineas duit féin, nú cad chuige go bhfuil buachaillí agat ach chun
oibre dhéanamh?”

Do riug Cos fé Chrios ar a’ gcorn, agus as go brách leis féin agus
Bróg an Sciúirse.  Ní rabhdar dultha abhfad i n-aochor nuair a bhí
Cos ag imeacht uaithi: ró-mhaith dhi sa rith.

“Ach airiú,” aduairt sí, “ní haon fhear tu.  Canathaobh ná fanann
tú agus beam a’ caint: déanfam cuideachta dá chéile!”

D’fhan, agus níor dhineadar an iomarca reatha as san amach,
chun gur shroiseadar a’ tobar.  Do bhí cloch, nú leac, anuas ar a’
dtobar.

“Is dócha,” aduairt sí, “gur ar a’ bhfear a théann an chloch so
thógaint.”

“Isea gan dearamad,” aduairt Cos fé Chrios.  Do thóg sé an
chloch, agus má thóg, chó luath a’s bhí sí tógtha aige thit sé ansúd i
n-aice ‘n tobair, fé dhraíocht.

Airiú, do rop sí a corn féin sa tobar agus as go brách léi.

Do bhí áit ‘na mbídís a’ faire ar an rith, ó thig an Rudaire:
árdán muar go mbíodh muarán daoine anáirde air féachaint conas a
gheódh an rith.  Bhíodar anáirde air, ar aon tslí, agus ba ghairid
go bhfeacadar a’ teacht an bhean – iníon an Rudaire – agus gan aon
tuairisc ar Chos.

“Sea, tá deire linn!” aduairt Ó Donachú.

“Airiú níl!” aduairt fear a’ ghunna.  “Cad a bhéarfadh go
mbeadh deire linn? Do bheadh Cos anso anois agat,” aduairt sé,
“mara mbeadh an rud imig air.  Do thit sé fé dhraíocht ag an
dtobar, agus tá dhá ghlasóig tagaithe anuas ar a dhá shúil agus ní
leogfaidís sin dó eirí, ná don draíocht imeacht de!”  Shocraig a
ghunna agus do chaith leis na glasóga.  Leis sin do léim Cos ‘na shuí,
agus i bhfuirm meisce chollata air.  Do sháig sé a chorn sa tobar,
agus gheallfainn dhuit ná raibh aon chrios ar a’ gcois ansan aige –
gur bhuin sé pé méid a bhí isna cosa astu, ach ní raibh aon radharc
aige ar iníon an Rudaire: bhí sí imithe ró-fhada uaig.  Do bhí sí
tagaithe i ngear páirce don áit go raibh ceann riain acu.

“Tá buaite aici!” aduaradar, “tá buaite aici!”  – agus ní raibh
aon radharc fáltha ar Chos uim an am san.

“Dridig uaim go fóill,” aduairt an fear so bhíodh a’ casa an
mhuilinn.  Dhrid sé amach ar imeall an stáitse, agus ní raibh aon
chorc aige i n-aon pholl don chuínncín! Do shéid sé, go láidir, agus
do chuir i ndiaig a cúil í chun gur chuir sé a drom i gcoinibh an chlaí!

Sea.  Bhí sí a’ teacht airís chó maith a’s d’fhéad sí, agus má bhí
ní raibh aon radharc fáltha ar Chos.  Do shéid sé airís í agus i
ndiaig a cúil léi chun gur chuir sé a drom i gcoinibh a’ chlaí; agus
leis sin do bhí Cos a’ teacht sa pháirc ba ghiorra dhi, agus ní raibh
moíll neomait air teacht suas le hiníon an Rudaire.  Níor ghá a theille
séide dhéanamh mar do bhuail sé roímpi amach agus do shín an
corn chun an Rudaire:

“Tá buaite agam uirthi!” aduairt sé.

“Tá go macánta,” aduairt an Rudaire.  “Caithfir an bhean fháil –
nú caithfig do mháistir í fháil.”

B’shin mar a bhí.  Do bhí ana-shaol ansan acu.  T’réis tamaill
do dineag an pósa, agus b’éigint d’Ó Donachú agus dá bhuachaillí
fanúint ansan acu ar feag mí, nú níos sia, b’fhéidir.  Do bailíog chuige
mála óir agus do cuireag a’ mála so ‘na dhá chuid anáirde ar a’ dá
chapall a bhí aige féin agus ag an mbúiste buachalla so.

D’imíodar orthu.  Do bhí Ó Donachú – a bhean ar a chúlaibh
aige agus an t-ór ar a bhéalaibh, agus ór ar a bhéalaibh ag an
mbuachaill.  Do thúrfadh Ó Donachú teille airgid don triúr buachaillí
seo a casag air ach ní ghlacfaidís uaig é.  Do stad gach éinne acu san
agus do scaoileadar uathu Ó Donachú, gach éinne san áit gur
casag air é.

Sea.  Do shrois Ó Donachú agus an bhean agus an seana-
bhuachaill Cíll Áirne, agus do thosnaíodar sa bhfeirm airís, ar obair,
agus ar nóin, do b’uiriste dhóibh é mar bhí fuíollach airgid anois acu.

Is minic nár mheasa rud eile ná an iomad de, agus do bhí ana-
dhúil ag Ó Donachú i siúlóid agus i gcathamh aimsire nuair a bhí
an t-airgead go léir aige.  Níor stad cos de chun gur chuaig sé féin
agus an bhean go Sasana.  Chuir sé aithne ar dhuine uasal i Sasana.
Bhídís i n-aonacht, agus b’sheo duine uasal go mbíodh fir coinithe
aige: cheithre feara fichead.  Ní raibh aon bhlúire cúraim orthu san
ach ag imirt liathróide – comáin acu; agus fiúamháin nuair a bheidís
a’ dul go dtí an pháirc ar maidin ag imirt na liathróide, le heagla go
mbeadh an iomad ualaig sa chomán dóibh chuirfí capall leis na
comáin isteach ar a’ bpáirc a’ triall orthu!

Do bhí an duine uasal agus Ó Donachú a’ féachaint orthu.

“A’ bhfeacaís riamh,” aduairt an duine uasal le hÓ Donachú,
“aon cheithre feara fichead imireodh liathróid leo san?”

“Táid siad go maith agat,” aduairt sé, “ach do gheóinn i nÉirinn
iad – fiú amháin do gheóinn i gCiarraí iad,” aduairt sé, “cheithre
feara fichead imireodh leo!”

Do ghluais an t-áiteamh eatarthu, agus do bhí úntaoibh ag
Ó Donachú á muíntir Chiarraí agus b’fhéidir nár mhiste dho é.
Do dhainginíodar geall le chéile ansan, é féin agus an duine uasal,
ar mhíle púnt: an imirt le déanamh i Sasana.  Chathfadh muíntir
Chiarraí dul go Sasana a’ déanamh na himeartha a lithéid seo do lá,
ar a lithéid sin d’uair a’ chluig.

Tháinig Ó Donachú abhaile, é féin agus a bhean, agus d’imi sé a’
lorg, féachaint cé imireodh an báire dho.  D’iarr sé ormsa is ortsa is
ar éinne go raibh aon mhaith ion ar chomán dul leis.  Ní leogfadh
eagla d’éinne acu dul ann, agus b’é deire tháinig air ná raghadh éinne
leis! Do thit a’ lug ar a’ lag aige ar fad ansan agus do buaileag
breoite é: galar dóchais.  Bhí sé túrtha suas chun báis – dochtúirí
agus sagairt tímpal air.

Do bhí lá na himeartha a’ dridiúint leis, agus fé mar a dhrid an
lá leis bhí sé a’ dul i n-olcas agus i nolc-as.

Tháinig lá na himeartha.  Do bhí na sluaite go léir bailithe i
Sasana, insa pháirc ‘na raibh an imirt le déanamh, ‘na mílthe, agus
iad a’ fithamh le muíntir na hÉireann chun dul a’ triall orthu.  Ní
rabhdar tagaithe ar maidin, agus do dhrid an lá amach agus ní
raibh éinne acu tagaithe.  Nuair a dhrid sé amach i ngear uair a’
chluig nú mar sin don am a bhí an imirt le déanamh, do tháinig
isteach sa pháirc marcach agus comán ceangailthe ar a chrios aige.
Níor stad cos de chun gur chuaig sé a’ triall ar an nduine uasal go
raibh an geall curtha aige, agus do shín chuige leitir ó Ó Donachú
á iarraig an imirt a chuir ar ath-lá.

“Ní chuirfead,” aduairt sé, “ná neomat ní thúrfainn dó! Mara
mbeig a chuid fear tagaithe anso is liomsa an geall.”

Níor bh’fhada ‘na dhiaig chun gur tháinig an tarna marcach,
agus comán ceangailthe ar a chrios aige.  Shín sé leitir eile chun an
duine uasail á iarraig air an imirt a chuir siar leathuair a’ chluig.

“Ní dhéanfad,” aduairt sé, “ná leath-neomait! Ach is liomsa an
geall mara mbeig a chuid fear anso aige.”

“Ní féidir iad a bheith ann,” aduaradar, “agus is dócha nuair nár
ráinig d’éinne acu teacht ach an triúr againn féin go bhfuil sé chó
maith againn iad d’imirt.”

“Ó, diníg, más maith libh é,” aduairt sé, agus é a’ gáirí úmpu.

Do chathadar díobh casóga agus do tháinig duine acu i lár na
páirce, fear eile a’ faire cúil, agus fear eile i gcóngar an bháire eile
féathaint a’ bhféatadh sé í chomáint tríothu.  Do cathag anáirde
an liathróid ‘na measc, agus fuair fear lár na páirce buille uirthi a
chuir anáirde san aer í.  Do bhíodar a’ rith tímpal air, féachaint cá
dtiocfadh sí chun tailimh.  Thairrig sé amach a bhosca snaoise, agus
do tharraig sé pins don tsnaois don té ba ghiorra dho agus do fhir
Shasana!

“Airiú, tóg uaim sa dial do chuid snaoise, nú an dó leat'” aduairt
sé, “a’ bhfuil aon chúram orm ach snaois?”

Nuair a tháinig liathróid chun tailimh do bhuail sé poc airís
uirthi fé dhéin an fhir a bhí i n-aice ‘n bháire, agus ní raibh aon
mhoíll ar a’ bhfear san báire a thógaint orthu.  Ní ró-fhada i n-aochor
a sheasaimh an imirt nuair a bhí buaite buileách glan orthu, agus
bosca snaoise age nach éinne don triúr a’ tairiscint snaoise do na
himearthóirithe eile!

Do chríochnaig an imirt, agus an geall buaite ag an dtriúr ar na
cheithre feara fichead.  “Is dócha,” aduairt duine acu, “nuair nár
fhéad Ó Donachú teacht, ná beig aon leisce ort an geall a leogaint
a’ triall air leis a’ dtriúr againn a tháinig – agus is muar is fiú nár
tháinig a theille dosna fir nuair ná raibh aon ghá leo.”

“Ó, go deimhin,” aduairt a’ duine uasal, “leogfadsa a gheall
chuige go macánta.”  Do chóirimh sé an dá mhíle púnt chútha, agus
abhaile leo.

Bhuail duine acu isteach go tig Í Dhonachú, agus ar éigint a
leogag isteach i n-aochor é: duarag leis go raibh sé a’ críochnú ar fad
anois bhí sé chó holc san.  Ní raibh éinne ach sagairt nú dochtúirí
le leogaint isteach.

“Raghadsa isteach, mhuise,” ar sisean.  “Cathfad é fhiscint.”

Do bhuail sé chuige isteach.

“Cad tá ort,” aduairt sé, “ná fágann a’ leabaig sin?”

Níor thug sé aon fhreagra air: ní fhéatadh a thúirt, bhí sé chó
lag san.

“Tá’s agamsa go maith cad tá ort,” aduairt sé.  “A lithéid seo:
do dheascaibh an ghíll a bhí curtha agat leis an nduine uasal i
Sasana.  Eirig amach as san,” aduairt sé, “agus ní gá dhuit aon náire
bheith ort aghaig a thúirt ar an nduine uasal san anois.  Do chuaig
triúr againn-ne anún agus d’imireamair na cheithre feara fichead.
Do chóirimh sé chúinn dhá mhíle púnt,” aduairt sé, “agus táimse á
chóireamh san chútsa anso ar a’ mbórd.”

Do chóirimh sé amach ar a’ mbórd chuige é.  “Agus bíodh a
bhaochas san agat anois,” aduairt sé, “ar na trí tubáin piucuarainn
a chuirteá amach gach aon Oíche Bheallthaine thíos anso i n-aice na
loiche.  Thagadh ár gcapaill-ne amach agus d’ithidís é sin, agus ní
iarraidís a theille lóin i gcathamh na bliana.  Sidé an chúis,” aduairt
sé, “gur chuamair fé dhéin na himeartha, agus gur thugamair an
geall chút – agus bí amú anois agus tóg do chuid airgid.  ‘Sé Dónal
na nGíleach atá á thúirt duit! Níl a bhac ort bheith go dána i
Sasana, agus geallfa mé dhuit ná cuirfig íseal ná uasal acu aon gheall
it choinibh ar imirt liathróide: ní leogfaig eagla dhóibh é.  Agus mar
an gcéanna ná bíodh aon dúil agat a theille geallthóireacht i n-aobhal
go ngeóir, mar b’fhéidir nách i gcónaí fhéataimísne cabhair ná cúnamh
a thúirt duit!”

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Uncategorized. Bookmark the permalink.

2 Responses to Ó Donnchú an Ghleanna: Audio

  1. pádraig Ó floinn says:

    Dave, molaim thú as leanúint ar aghaidh leis an obair atá ar siúl agat faoi láthair, leis na scéalta a chur ar fáil dóibh siúd go bhfuil suim acu ionntu.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s