Letters and fragments of letters to Risteárd Pléimeann

Caisleán Ua Liatháin

A Risteáird a chara,

Táim ag dul i bhfeabhs agus tá feabhas ag dul ar an bhfeabhas gach aon la, baochas le Dia. agus l guí na gcómharsan

Do chara go dilis

Peadar Ua Laoghaire

Caisleán Ua Liatháin

Dardaoin Corp Chríost, 1919

A Athair R. a chara

Tháinig “An Branar”. Tá sé go hana-mhaith. Do léas an focal adeir Tórna ann i dtaobh na “hAislinge”. Ba mhithid do dhuine éigin rud éigin mar e do rá. Níl aon rud in aon teangain eile leath chómh hálainn ná chómh ceólmhar leis an “Aisling”. Na daoine a bhíonn ag cáineadh na “hAislinge”. Is cuma iad nú daoine ná tuigeann ceól ag cáineadh ceóil!

An bhféadfá cuímhneamh ar aon duain bheag naofa eile do chuirfinn i nGaelainn do sna daoinibh óga? D’fhéadfainn rud den tsórd san a dhéanamh ag siúl an bhóthair. Ba mhaith liom, áfach, eólas ’ fháil ar cheól an Bhéarla. Ach ní thuigim an “sol fá”. Níorbh fholáir dom an [drawing of a blank musical stave] a dh’fháil fén gceól. Táim ag brath ar dhul go Dún Laeire ar feadh tamaill sara fada agus ansan d’fhéadfadh mo chluas an ceól ’ fháil as do bhéal amach.

Ag súil go bhfuilir go hana-mhaith,

Is me t’oide is do character

Peadar Ua Laoghaire.

PUL’s reply on the reverse of Fleming’s letter of 7 June 1919.

Is ana-mhaith an rud Cíochóté ’ bheith ag teacht!

Is go cneasta a thugais an cuireadh dhom”.

Is é rud a bhí it aigne measaim ná an rud adeir lucht Béarla, “It was kind of you to give me the invitation” nú rud éigin mar sin. “Ba mhaith uait an cuireadh ’ thabhairt dom”, a déarfíú as Gaelainn, nú “b’ana-mhaith uait” nú “ba rómhaith uait”.

Ach dá mbeadh caoi agat ar theacht agus ná tiocfá déarfainnse:—

Is olc uait gan teacht!” Níor airíos riamh “cineálta” amach à beal aon duine! “Is maith uait é” nú “Is olc uait é” is ea adeirtear. Do dhein “scoláirthí” na haoise seo ’ ghoibh thorainn mórán díobhála. Na balbháin gan chiall gan eólas!

Caisleán Ua Liatháin

Iúil a h11. 1919

A Athair Risteárd, a chara,

Táimíd ag brath ar bheith i nDún Laeire an tseachtain seo chúinn le cúnamh Dé, Dé Céadaoin nú Déardaoin. Tá roinnt nithe agam le rá i dtaobh “Cad é mar —” do mheasas na nithe atá agam le rá do chur [ar] na leathanachaibh folmha atá sa leitir seo do chuiris chúm, ach duart liom féin go mbeidh uain mo dhóthain agam ar iad do rá óm bhéal nuair a bheidh mé i nDún Laeire agus tusa ar m’aghaidh amach. Tá a lán puíntí deasa eile, leis, sa leitir chéanna. Do chara

Peadar Ua Laoghaire

Caisleán Ua Liatháin

Cae. Chorcaí. 12. XII. 1919

A Athair a chara

Do thit ceann de sna géagaibh de speacla1 Cháit agus duairt sí liom scrí’ chútsa agus a iarraidh ort géag nua ’ chur air. Cuirfidh sí féin chút é.

Mórán de Nollaigibh maithe chút

Do chara agus t’oide

Peadar

Caisleán Ua Liatháin, Eanair a 8 1920.

A Athair a chara,

Scannradh saolta go fíor ab ea bás chómh hobann! Ach tá sé daingean im aigne go mbíonn lámh Dé ar anam an duine agus go gcimeádann Dia greim ar an anam go dti go mbíonn an t-anam ollamh chun gluaiste. Do cheannaigh Dia an t-anam san ródhaor chun scarúint go bog leis. Ach cuireann an scannradh imníomh ar an gcuid eile againn. Go ndeinidh Dia trócaire ar an anam bocht!

Ach do cuir do leitir áthas thar bárr orm. Ní raibh aon choinne agam go mairfinn le “hAodh Rua” a dh’fheiscint i gcló, ach de réir mar adeirirse tá súil agam go bhfeicfead é. Mórán de bhliantaibh nua fé mhaise agus fé áthas chút!

Do chonac beartán éigin tagaithe anso ód mháthair agus ní fheacaís riamh ach na sceidimíní2 a bhí ar siúl ar fuaid an tí nuair a hoscladh an beartán! Fuaras féin stracfhéachaint de radharc ar chuid de sna nithibh a tháinig amach as. Bhíodar go hana-dheas.

Níor dheineas puínn oibre le tamall mar gheall ar an bhfuacht. Ach táim go maith im shláinte.

T’oide agus do chara

Seana-Pheadair

A Athair a chara

Sin chút iad agus ní bhfaighidh an mícroscóp ab fheárr a deineadh riamh aon lúb ar lár anois iontu!

Castleyons, Co. Cork

A Athair Risteárd, a chara ghil, tá sé curtha dhíom agam, baochas le Dia! Saghas éigin lagachair ab ea é. Bhíos díreach mar a bheadh duine go mbeadh a bhalla beatha go léir ar meisce. Tháinig dochtúir maith chúm agus d’imir sé a chuid

[Incomplete, followed by the following note]

Do scrío’s an méid sin thuas ó chiainibh.

Táim baoch ó chroí díot mar gheall ar na guíonna breátha!

Níor chuas in áirde ar an altóir ón tarna Domhnach den Fheabhra, mar gheall ar an meisce in sna cosaibh.

1??

2??

Advertisements

About dj1969

at the conservative end of the libertarian spectrum
This entry was posted in Contents. Bookmark the permalink.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s